|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1552 |
8.7.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1552 ÓN gCOMHAIRLE
an 29 Meitheamh 2026
lena gceaptar comhalta malartach, arna mholadh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,
Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),
Ag féachaint don togra ó rialtas na hEastóine,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, tá Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa. |
|
(2) |
An 24 Feabhra 2026, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2026/494 (2) lena gceaptar beirt chomhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún. |
|
(3) |
Tá suíochán comhalta mhalartaigh ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Katrin KRAUSE a cheapadh. |
|
(4) |
Mhol Rialtas na hEastóine, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, Katrin KRAUSE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach in údarás áitiúil, Harku Vallavolikogu liige (comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Harku), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, ceaptar Katrin KRAUSE, ar ionadaí do chomhlacht áitiúil í agus a bhfuil aici sainordú toghchánach, Harku Vallavolikogu liige (comhalta de Chomhairle Bardais Tuaithe Harku), mar chomhalta malartach de Choiste na Réigiún, ar bhonn sainordú náisiúnta éagsúil, ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. MOUSHOUTTAS
(1) IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.
(2) Cinneadh (AE) 2026/494 ón gComhairle an 24 Feabhra 2026 lena gceaptar beirt chomhaltaí agus ceathrar comhaltaí malartacha, arna moladh ag Poblacht na hEastóine, de Choiste na Réigiún (IO L, 2026/494, 3.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/494/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1552/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)