|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1549 |
7.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1549 ÓN gCOIMISIÚN
an 6 Iúil 2026
lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 654/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le feidhmiú chearta an Aontais chun rialacha trádála idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm agus a fhorghníomhú agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 3286/94 ón gComhairle lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Chomhphobail faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála (1), agus go háirithe Airteagal 7(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 7 Samhain 2020, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 (2) lena ndéantar foráil maidir le cur i bhfeidhm dleachtanna custaim breise ar allmhairí táirgí áirithe de thionscnamh na Stát Aontaithe isteach san Aontas. |
|
(2) |
Foráiltear le haithris 9 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún cur i bhfeidhm an Rialacháin a chur ar fionraí i gcás ina gcuirfidh na Stáit Aontaithe frithbhearta i gcoinne allmhairiú táirgí áirithe ón Aontas Eorpach ar fionraí, i ndáil le díospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta. |
|
(3) |
An 9 Márta 2021, tar éis comhthuiscint ar thángthas uirthi leis na Stáit Aontaithe go ndéanfaí gach beart a chur ar fionraí go frithpháirteach ar feadh tréimhse 4 mhí, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 (3) lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí lenar cuireadh cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí go dtí an 10 Iúil 2021. |
|
(4) |
An 8 Iúil 2021, tar éis comhthuiscint bhreise ar thángthas uirthi leis na Stáit Aontaithe chun gach beart a chur ar fionraí go frithpháirteach ar feadh tréimhse 5 bliana, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1123 (4) lenar cuireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí ón 11 Iúil 2021 go dtí an 10 Iúil 2026. |
|
(5) |
Ós rud é nach bhfuil bearta díoltais ath-fhorchurtha ag na Stáit Aontaithe, agus i bhfianaise nach bhfuil aon athrú substainteach ar na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla is bonn le díospóidí EDT maidir le mór-aerárthaí sibhialta, tá na coinníollacha a thug údar le bearta an Aontais a chur ar fionraí fós ann. Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur le tréimhse fionraí na mbeart a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/1646. |
|
(6) |
Ba cheart don Choimisiún, áfach, an fhionraíocht a choinneáil faoi athbhreithniú i bhfianaise forbairtí breise sa chaidreamh trádála leis na Stáit Aontaithe agus, i gcomhréir le hAirteagal 7(3) de Rialachán (AE) Uimh. 654/2014, féadfaidh sé gníomhaíochtaí breise a dhéanamh. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Bacainní Trádála a bunaíodh le Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear cur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ar fionraí leis seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 11 Iúil 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 6 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 27.6.2014, lch. 50, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/654/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 ón gCoimisiún an 7 Samhain 2020 maidir le bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 373, 9.11.2020, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1646/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/425 ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 84, 11.3.2021, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/425/oj).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1123 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2021 lena gcuirtear bearta beartais tráchtála a bhaineann le táirgí áirithe ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar fionraí, ar bearta iad a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1646 tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Trádála díospóid trádála a bhreithniú faoin gComhaontú um Réiteach Díospóidí (IO L 243, 9.7.2021, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1123/oj).
(5) Rialachán (AE) 2015/1843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar síos nósanna imeachta an Aontais i réimse an chomhbheartais tráchtála d’fhonn feidhmiú chearta an Aontais faoi rialacha trádála idirnáisiúnta a áirithiú, go háirithe na cearta sin a bunaíodh faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Trádála ( IO L 272, 16.10.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/1843/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1549/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)