European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1545

17.7.2026

CINNEADH (AE) 2026/1545 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Meitheamh 2026

lena leagtar síos na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2003/76/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint do Phrótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2, an chéad mhír, de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chuaigh an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach in éag an 23 Iúil 2002 i gcomhréir le hAirteagal 97 den Chonradh sin. Aistríodh sócmhainní agus dócmhainní uile an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) chuig an gComhphobal Eorpach an 24 Iúil 2002.

(2)

I gcomhréir le Prótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (‘an Prótacal’), atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, tá glanfhiúchas na sócmhainní agus na ndliteanas CEGC, mar a thaispeántar iad i gclár comhardaithe CEGC, le meas a bheith ina shócmhainní atá ceaptha le haghaidh taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach, dá ngairtear ‘CEGC faoi leachtú’, agus, ar thabhairt chun críche leachtú CEGC, dá ngairtear ‘sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach’ (dá ngairtear le chéile ‘na sócmhainní’).

(3)

Foráiltear leis an bPrótacal freisin go bhfuiltear chun leas a bhaint as an ioncam ó na sócmhainní, dá ngairtear ‘An Ciste Taighde um Ghual agus Cruach’ (CTGC), le haghaidh taighde, agus lena aghaidh sin amháin, lasmuigh den chlár réime taighde, sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach, i gcomhréir leis an bPrótacal agus leis na gníomhartha arna nglacadh ar bhonn an Phrótacail sin.

(4)

An 1 Feabhra 2003, ghlac an Chomhairle Cinneadh 2003/76/CE (2), lenar leagadh síos na rialacha maidir leis an bPrótacal a chur chun feidhme.

(5)

Ar feadh roinnt blianta, tá laghdú tapa ag teacht ar luach na n-ioncam ginte a shanntar chun tionscadail taighde maidir le gual agus cruach a mhaoiniú i ngeall ar rátaí úis ísle agus níl dóthain ioncaim á ghiniúint ag na sócmhainní chun leithdháileadh bliantúil reatha CTGC de EUR 111 mhilliún ar ghlaonna a chistiú, a bunaíodh le Cinneadh 2003/76/CE. Mar thoradh ar na caillteanais in 2022 agus 2023, maoiníodh glaonna in 2024 agus 2025 go hiomlán trí shócmhainní a dhíol.. Le haghaidh 2026 agus b’fhéidir le haghaidh na mblianta ina dhiaidh sin freisin, ní chumhdóidh aon bhrabús a dhéanfar ach amháin cuid den leithdháileadh bliantúil, agus ní mheastar gur leor é chun foráil a dhéanamh le haghaidh clár oibre fóinteach a chistiú.

(6)

Mar chuid dá iarrachtaí iomaíochas earnáil cruach an Aontais a neartú agus todhchaí na hearnála tionsclaíochta a chosaint, i dTeachtaireacht uaidh an 19 Márta 2025 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach maidir le Cruach agus Miotail’, d’fhógair an Coimisiún go molfadh sé athchóiriú foriomlán ar CTGC, chun infheistíochtaí i dtaighde cruach a shimpliú agus dlús breise a chur leo. Ba cheart le dlús na hoibre sin riachtanais na hearnála a léiriú.

(7)

Is dúshlán faoi láthair é an t-aistriú fuinnimh ó fhoinsí fuinnimh iontaise, go háirithe gual, go háirithe maidir leis an ngá atá le haistriú cóir a áirithiú, go háirithe do thionscail agus d’oibrithe i réigiúin atá spleách ar ghual. I measc na ndúshlán eile is iad astaíochtaí meatáin ó mhianaigh ghuail a mhaolú i gcomhthéacs Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a chur chun feidhme.

(8)

Ó mhí Lúnasa 2027, tá coinne leis nach mbeidh aon dliteanas ná infháltas ag CEGC faoi leathnú, rud a chiallaíonn gur féidir a leachtú a chur i gcrích.

(9)

Is féidir cuid de na sócmhainní a dhíol chun tionscadail taighde sna hearnálacha guail agus cruach a mhaoiniú, i bhfianaise easpa dhliteanais CTGC faoi leachtú.

(10)

I bhfianaise na n-athruithe airgeadais agus na mbreithnithe beartais le chéile, ba cheart méid an chláir taighde a shocrú ar bhealach lena n-áiritheofar gur féidir sócmhainní a úsáid agus a chur chun feidhme i gceart i gcomhréir le cuspóirí an Phrótacail agus le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais. Maidir le mais chriticiúil a áirithiú do mhéid an chláir taighde, ní féidir sin a bhaint amach trí úsáid a bhaint as ioncam amháin nó as cuid theoranta de shócmhainní atá fágtha. Éileofar leis na méideanna is gá le haghaidh an chláir taighde go n-úsáidfear sócmhainní uile. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith indéanta sócmhainní atá fágtha a úsáid chun tacaíocht fhiúntach a sholáthar, lasmuigh de chlár réime um thaighde an Aontais, do thionscadail taighde chomhoibríocha fhiúntacha a bhfuil an mhais chriticiúil acu chun breisluach an Aontais a chruthú sna hearnálacha guail agus cruach.

(11)

Sa Teachtaireacht uaidh an 26 Feabhra 2025 chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún dar teideal ‘An Comhaontú maidir le Tionsclaíocht Ghlan’ thacaigh an Coimisiúin leis an gcás gnó go ndéanfaidh infheistíochtaí móra san Aontas sna blianta amach romhainn, lena n-áireofar infheistíochtaí san tionscal cruach. Ar bhonn na dreasachta polaitiúla sin, ba cheart do CTGC rannchuidiú le haistriú tapa chuig teicneolaíochtaí níos glaine trí chuid de na hiarrachtaí móra taighde is gá a mhaoiniú, lena n-áirítear taighde ullmhúcháin le haghaidh infheistíochtaí móra agus tuilleadh taighde lena dtacaítear le hinfheistíochtaí mórscála a chur in úsáid.

(12)

I bhfianaise glaonna ó 2027 go 2033 de suas le EUR 120 milliún in aghaidh na bliana, agus glao in 2034 de mhéid a bheidh coibhéiseach leis na sócmhainní neamh-leithdháilte atá fós ar fáil, meastar go ndéanfar infheistíocht phríobháideach a ghiaráil chun iomaíochas a fheabhsú agus dlús a chur le dícharbónú agus aistriú tionsclaíoch glas na n-earnálacha guail agus cruach. Dá bhrí sin, ba cheart leithdháiltí bliantúla iomchuí a bhunú chun na glaonna sin a chumasú agus le gur féidir tacaíocht fhóinteach a thabhairt go dtí deireadh 2034.

(13)

Chun an glanioncam go léír ó na hinfheistíochtaí a shannadh agus chun an méadú ar an leithdháileadh le haghaidh 2027 ó EUR 111 mhilliún suas go EUR 120 milliún a éascú, is iomchuí an fráma ama ar leithdháileadh an ioncaim sin a ghiorrú, trí chláir chomhardaithe iata na sócmhainní i mbliain n a dhéanamh den leithdháileadh le haghaidh bhliain n+1 i mblianta 2026 go 2033 a dhéanamh, agus na leithdháiltí bliantúla arna mbunú cheana le Cinneadh 2003/76/CE á gcoinneáil ar bun an tráth céanna.

(14)

Tacaíonn an dá earnáil le dáileadhreatha na leithdháiltí buiséid idir taighde guail agus cruach, 27,2 % agus 72,8 %, faoi seach, agus tá sé fós iomchuí i bhfianaise a riachtanas agus a n-acmhainneachtaí ionsúcháin faoi seach.

(15)

A bheith in ann oiriúnú do riachtanais mhaoinithe taighde fhéideartha na hearnála guail nó cruach i gcás ionsú neamhleor na hearnála eile, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Cinneadh seo a leasú d’fhonn an céatadán maoiniúcháin a leithdháiltear ar thaighde a bhaineann le gual agus ar thaighde a bhaineann le cruach in 2034 a athrú más gá, chun úsáid iomlán na sócmhainní a chumasú. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (4). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart na doiciméid uile a fháil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle an tráth céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus ba cheart rochtain chórasach a bheith ag a saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2003/76/CE a aisghairm. Go dtí go mbeidh leachtú CEGC curtha i gcrích, áfach, is iomchuí cur i bhfeidhm Airteagal 1 den Chinneadh sin a choinneáil go dtí go mbeidh oibríochtaí airgeadais CEGC faoi leachtú curtha i gcrích,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Na bearta is gá chun Prótacal Uimh. 37 maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, a chur chun feidhme, beidh an Coimisiún freagrach as na bearta sin a leagan síos.

2.   Beidh an Coimisiún freagrach as oibríochtaí airgeadais ‘CEGC faoi leachtú’ agus, ar thabhairt chun críche leachtú CEGC, ‘sócmhainní an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach’ (dá ngairtear le chéile ‘na sócmhainní’) a bhainistiú.

Airteagal 2

1.   Bainisteoidh an Coimisiún na sócmhainní ar bhealach ina gcoimeádfar leithdháileadh bliantúil an Chiste Taighde um Ghual agus Cruach (‘CTGC’) suas le EUR 120 milliún le haghaidh na mblianta 2027 go 2033, agus an dá bhliain sin san áireamh, chun an taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach a mhaoiniú. Beidh na sócmhainní neamh-leithdháilte atá fágtha ina gcuid de leithdháileadh don bhliain 2034, leithdháileadh a bheidh cothrom le margadhluach na sócmhainní sin tráth an aistrithe chuig CTGC, agus dálaí an mhargaidh á gcur san áireamh. Úsáidfear an leithdháileadh sin chun taighde a mhaoiniú sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach in 2034 agus sna blianta ina dhiaidh sin.

2.   Díreofar na gníomhaíochtaí taighde le haghaidh cruach arphróisis déanta agus bailchríche cruach atá inbhuanaithe, ísealcharbóin; ar tháirgí ardghráid cruach agus margaí tosaigh a chruthú, ar chaomhnú na n-acmhainní, ar an ngeilleagair chiorclaigh, ar scileanna a fhorbairt, ar dhálaí oibre a fheabhsú, agus ar theicneolaíochtaí digiteacha a úsáid. Díreofar na gníomhaíochtaí taighde a bhaineann le tionscadail taighde guail ar bhainistiú an aistrithe chóir, lena n-áirítear trí athrú cuspóra na mianach guail a bhíodh ag feidhmiú roimhe seo nó na mianach guail atá i bpróiseas a ndúnta agus bonneagar gaolmhar, lena n-áirítear na réigiúin ina bhfuil siad lonnaithe, i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2021/523 (5), (AE) 2021/1056 (6) agus (AE) 2021/1229 (7) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus i gcomhréir le hAirteagal 4(2) den Chinneadh seo.

3.   Leithdháileadh bliantúil an mhéid a leagtar amach i mír 1, is éard a bheidh ann an glanioncam ó na hinfheistíochtaí, agus an méid airgid atá le giniúint trí chuid de na sócmhainní a dhíol.

Airteagal 3

1.   Gach bliain, tarraingeofar suas cuntas brabúis agus caillteanais, clár comhardaithe agus tuarascáil airgeadais chun na hidirbhearta infheistíochta agus na hoibríochtaí bainistíochta sócmhainní faoi Airteagal 2 a thaispeáint, agus sin a dhéanamh ar leithligh ó oibríochtaí airgeadais eile an Aontais.

Cuirfear na ráitis airgeadais dá dtagraítear i mír 1 i gceangal leis na ráitis airgeadais arna dtarraingt suas ag an gCoimisiún go bliantúil faoi Airteagal 318 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus faoi Airteagal 247 de Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   Beidh feidhm ag cumhachtaí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus na Cúirte Iniúchóirí maidir le rialú agus urscaoileadh mar a leagtar amach in CFAE agus i Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 maidir leis na hidirbhearta agus na hoibríochtaí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo.

Airteagal 4

1.   An glanioncam i mbuiséad ginearálta an Aontais a bheidh sa ghlanioncam ó infheistíochtaí dá bhforáiltear in Airteagal 2, agus sna méideanna airgid a ghintear trí chuid de na sócmhainní a dhíol. Cuirfear an t-ioncam sin agus na méideanna airgid sin in áirithe don chuspóir sonrach tionscadail taighde sna hearnálacha a bhaineann leis an tionscal guail agus cruach nach gcumhdaítear leis an gclir réime um thaighde a mhaoiniú. Cruthófar CTGC leis seo agus is é an Coimisiún a bhainisteoidh é.

2.   Dáilfear an glanioncam agus na méideanna airgid dá dtagraítear i mír 1 trí chláir oibre, agus leithdháilfear 27,2 % ar thaighde a bhaineann le gual agus 72,8 % ar thaighde a bhaineann le cruach.

Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 7 chun athrú a dhéanamh ar chéatadán an mhaoinithe a leithdháiltear ar thaighde a bhaineann le gual, agus ar thaighde a bhaineann le cruach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo i gcás inar gá chun gur féidir úsáid iomlán a bhaint as na sócmhainní in 2034.

3.   Déanfar an glanioncam agus na méideanna airgid atá curtha in áirithe faoi mhír 1 agus atá fós ar fáil an 31 Nollaig in aon bhliain ar leith, chomh maith leis na méideanna arna n-aisghabháil, a thabhairt anonn go huathoibríoch go dtí an bhliain dár gcionn.

4.   Leithreasuithe buiséadacha a chomhfhreagraíonn do chealú gealltanas, rachaidh na leithreasuithe sin in éag go huathoibríoch ag deireadh gach bliana airgeadais. Déanfar forálacha maidir le gealltanais arna scaoileadh de thoradh cealuithe a chur ar fáil do CTGC.

Airteagal 5

Déanfar an glanioncam agus na méideanna airgid atá ar fáil chun tionscadail taighde a mhaoiniú le haghaidh bhliain n+1 a thaifeadadh i gclár comhardaithe CEGC faoi leachtú bhliain n agus, ar thabhairt chun críche an leachtaithe, i gclár comhardaithe shócmhainní CTGC le haghaidh bhliain n, go dtí go leithdháilfear na sócmhainní atá fágtha in 2033 le haghaidh 2034.

Airteagal 6

Íocfaidh an Coimisiún caiteachas riaracháin a eascróidh as oibríochtaí leachtaithe, infheistíochta agus bainistíochta dá dtagraítear sa Chinneadh seo agus déanfaidh sé sin le buiséad ginearálta an Aontais.

Airteagal 7

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.   Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 4(2), an dara fomhír, a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 8 mbliana ón 6 Lúnasa 2026.

3.   Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 4(2), an dara fomhír, a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

4.   Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.   A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

6.   Gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 4(2), an dara fomhír, ní thiocfaidh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú aon mhí amháin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

Airteagal 8

Aisghairtear Cinneadh 2003/76/CE.

Mar sin féin, leanfaidh Airteagal 1 de Chinneadh 2003/76/CE d’fheidhm a bheith aige maidir le hoibríochtaí airgeadais CEGC faoi leachtú go dtí go gcuirfear an leachtú i gcrích.

Airteagal 9

Tiocfaidh an Cinneadh sin i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 29 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. MOUSHOUTTAS


(1)  Toiliú an 16 Meitheamh 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)  Cinneadh 2003/76/CE ón gComhairle an 1 Feabhra 2003 lena mbunaítear na bearta is gá chun an Prótacal a chur chun feidhme, Prótacal atá i gceangal leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach, maidir leis na hiarmhairtí airgeadais toisc Conradh CEGC a dhul in éag agus maidir leis an gCiste Taighde um Ghual agus Cruach (IO L 29, 5.2.2003, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2003/76(1)/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/1787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meitheamh 2024 maidir le laghdú ar astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/942 (IO L, 2024/1787, 15.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1787/oj).

(4)   IO L 123, 12.5.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_interinstit/2016/512/oj.

(5)  Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/523/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (IO L 231, 30.6.2021, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1056/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2021/1229 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Iúil 2021 maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir (IO L 274, 30.7.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1229/oj).

(8)  Rialachán (AE, Euratom) 2024/2509 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Meán Fómhair 2024 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(IO L, 2024/2509, 26.9.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2509/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1545/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)