European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1530

23.7.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 153/2026

an 30 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn XIII (Iompar) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1530]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2476 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2025 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 474/2006 a mhéid a bhaineann le liosta d’aeriompróirí atá faoi réir toirmeasc ar a n-oibriú nó atá faoi réir srianta oibríochtúla laistigh den Aontas (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/100 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 748/2012 agus (AE) Uimh. 1321/2014 a mhéid a bhaineann leis an bpróiseas athbhreithnithe aeracmhainneachta, leis an deimhniú aeracmhainneachta agus le tuairisciú ar tharluithe, agus lena gceartaítear Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 66zab (Rialachán (CE) 474/2006 ón gCoimisiún):

‘—

32025 R 2476: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2476 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2025 (IO L, 2025/2476, 9.12.2025).’

2.

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointí 66p (Rialachán (AE) Uimh. 748/2012 ón gCoimisiún) agus 66q (Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún):

‘—

32026 R 0100: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/100 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 (IO L, 2026/100, 19.1.2026).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2476 agus (AE) 2026/100 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/2476, 9.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2476/oj.

(2)   IO L, 2026/100, 19.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/100/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1530/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)