European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1514

23.7.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 141/2026

an 30 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1514]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2338 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2025 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/100 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonraítear próiseas an chinnidh chomhpháirtigh maidir le ceadanna stuamachta áirithe a chur i bhfeidhm de bhun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 14ae (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/100 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘, arna leasú le:

32025 R 2338: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2338 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2025 (IO L, 2025/2338, 21.11.2025).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2338 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/2338, 21.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2338/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1514/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)