|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1488 |
23.7.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 134/2026
an 30 Aibreán 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1488]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/312 ón gCoimisiún an 10 Feabhra 2026 lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí maltaideistrin mar shubstaint ghníomhach ísealriosca a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/321 ón gCoimisiún an 12 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1506 agus (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le coinníollacha formheasa na substainte gníomhaí hiodraisíd mhailéach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/372 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2026 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 1-deacánól, 1-naiftiolaicéataimíd, aigéad 1-naiftiolaicéiteach, 6-beinsioladainín, sulfáit alúmanaim, boscailid, dóidín, eisfeanvailéaráit, eoigeanól, feinpiorocsamáit, fluasafop-P, fluasanam, fluaimeatúrón, fluaipioram, flutolainil, geréiniól, malaitian, peanocsulam, pionocsaidein, próiheicseaidé-ón, prócuineaisíd, prósulfúrón, piritriní, piridibein, pirimeatanail, sintifein, spiorocsaimín, sulfar agus tíomól (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear na fleasca seo a leanas isteach i bpointe 13a (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 13zzzzzzzy (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1506 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
3. |
Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 13zzzzzzzzzzzzzzzq (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2313 ón gCoimisiún):
|
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2026/312, (AE) 2026/321 agus (AE) 2026/372 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2026/312, 11.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/312/oj.
(2) IO L, 2026/321, 13.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/321/oj.
(3) IO L, 2026/372, 23.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/372/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1488/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)