European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1485

23.7.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 139/2026

an 30 Aibreán 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1485]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/349 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2026 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse le haghaidh tuarascálacha a bhfuil dátaí tagartha ón 31 Nollaig 2025 go dtí an 30 Márta 2026 ag baint leo i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an pointe seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 1zzj (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2312 ón gCoimisiún):

‘1zzk.

32026 R 0349: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/349 ón gCoimisiún an 17 Feabhra 2026 lena leagtar síos faisnéis theicniúil le haghaidh ríomh forálacha teicniúla agus bunchistí dílse le haghaidh tuarascálacha a bhfuil dátaí tagartha ón 31 Nollaig 2025 go dtí an 30 Márta 2026 ag baint leo i gcomhréir le Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais, agus an gnó sin a shaothrú (IO L, 2026/349, 18.2.2026).’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/349 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacs atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Aibreán 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2026/349, 18.2.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/349/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1485/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)