|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1471 |
6.7.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1471 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Iúil 2026
lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 a mhéid a bhaineann le bearta idirthréimhseacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 (2) ón gCoimisiún rinneadh údarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis DSM 7134 a athnuachan ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha sa chatagóir ‘breiseáin zóiteicniúla’ agus san fheidhmghrúpa ‘cobhsaitheoirí fhlóra na stéige’. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 aisghaireadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 ón gCoimisiún freisin (3). |
|
(2) |
Déantar foráil maidir le bearta idirthréimhseacha de ghnáth nuair a dhéantar údarú breiseáin beatha a athnuachan, rud a chuireann ar a gcumas do pháirtithe leasmhara ullmhú d’aon mhodhnú ar théarmaí an údaraithe, i gcás nach gá an modhnú sin a chur i bhfeidhm láithreach ar chúiseanna sábháilteachta. Mar sin féin, fágadh ar lár go hearráideach in Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 foráil maidir le bearta idirthréimhseacha den sórt sin lena gceadófaí do pháirtithe leasmhara ullmhú don cheanglas nua arb é atá ann ainm nua an bhreiseáin atá san údarú athnuaite agus níorbh ghá an t-athrú ainm sin a chur i bhfeidhm láithreach ar aon chúis, lena n-áirítear ar chúiseanna sábháilteachta. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 a cheartú dá réir trí fhoráil a dhéanamh maidir le bearta idirthréimhseacha i ndáil leis an ullmhóid Enterococcus faecium DSM 7134 a chur ar an margadh agus a úsáid, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 lena húsáid le haghaidh cránacha. |
|
(4) |
Chun suaitheadh sa mhargadh agus iarmhairtí díobhálacha do na hoibreoirí lena mbaineann a chosc, nithe a d’fhéadfadh tarlú toisc gur fágadh ar lár bearta idirthréimhseacha i Rialachán (AE) 2026/103, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith aige ó dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103. |
|
(5) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103
I Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103, cuirtear an tAirteagal 2a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 2 a
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe Enterococcus faecium DSM 7134, mar a údaraítear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cránacha, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Eanáir 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Iúil 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha ina bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh cránacha, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 7 Iúil 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 7 Iúil 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.’.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 5 Feabhra 2026.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 3 Iúil 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/103 ón gCoimisiún an 15 Eanáir 2026 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus lactis DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (sealbhóir an údaraithe: Lactosan GmbH&Co.KG) agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 (IO L, 2026/103, 16.1.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/103/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1083/2014 ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2014 maidir leis an údarú ullmhóide arb é atá inti Enterococcus faecium DSM 7134 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh cránacha (IO L 298, 16.10.2014, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2014/1083/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1471/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)