European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1445

3.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1445 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meitheamh 2026

lena bhformheastar iarraidh na Ríochta Aontaithe ar rochtain chómhalartach faoin tSaoráid don Úcráin a bunaíodh le Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/792 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena mbunaítear an tSaoráid don Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 11(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis an tSaoráid don Úcráin, cuirtear tacaíocht airgeadais suas le EUR 50 billiún ar fáil don Úcráin le haghaidh na tréimhse 2024 go 2027 i bhfoirm tacaíocht neamh-inaisíoctha agus iasachtaí le haghaidh théarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine.

(2)

Tá an comhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta an Aontais fíor-riachtanach ar mhaithe le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine. Is príomh-chomhpháirtí de chuid an Aontais í an Ríocht Aontaithe maidir le tacú le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine. Is comhalta bunaidh í den Ardán Deontóirí don Úcráin a bhunaigh ceannairí G7 i mí na Nollag 2022 agus is comhalta dá Choiste Stiúrtha í.

(3)

An 5 Meitheamh 2025, chuir an Ríocht Aontaithe iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin ar rochtain chómhalartach le haghaidh gnólachtaí agus eintiteas ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus comórtais duaise na gclár tacaíochta don Úcráin lena mbaineann.

(4)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar an bhfaisnéis a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil agus rinne sé anailís ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoin tacaíocht idirnáisiúnta a chuirtear ar fáil don Úcráin, d’fhonn a chinneadh an é nach bhfuil tacaíocht na Ríochta Aontaithe srianta iarbhír agus go héifeachtach agus d’fhonn comparáid a dhéanamh idir an leibhéal tacaíochta a chuireann an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ar fáil, agus gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla á gcur san áireamh.

(5)

Ní chuireann an Ríocht Aontaithe srian le rannpháirtíocht i dtionscadail arna gcistiú san Úcráin, agus deonaíonn sí rochtain chomhionann ar na nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna a bhaineann lena tacaíocht don Úcráin do gach tír incháilithe faoin tSaoráid don Úcráin.

(6)

Ó mhí Feabhra 2022 go dtí mí an Mhárta 2026, tá GBP 17,6 billiún geallta ag an Ríocht Aontaithe don Úcráin, lena n-áirítear GBP 13,06 billiún de ghealltanais mhíleata agus GBP 4,6 billiún de ghealltanais neamh-mhíleata. Áirítear sna gealltanais neamh-mhíleata GBP 4,1 billiún d’iasachtú ráthaithe ón mBanc Domhanda, ar eisíocadh USD 3 bhilliún de go dtí seo agus a bhfuil sé sceidealaithe an chuid eile de a úsáid roimh dheireadh 2026. Tá GBP 2,26 billiún de thacaíocht mhíleata geallta ag an Ríocht Aontaithe don Úcráin mar chuid den tionscnamh ‘Iasachtaí lena nGéaraítear an tIoncam Urghnách don Úcráin’. Thairis sin, tá gealltanas poiblí tugtha ag an Ríocht Aontaithe GBP 3 bhilliún breise de chabhair mhíleata a thabhairt don Úcráin gach bliain go dtí 2031. Dá bhrí sin, ar an meán, 0,91 % de OTI na Ríochta Aontaithe atá sa tacaíocht iomlán don Úcráin. Tá sé sin inchomparáide le tacaíocht an Aontais don Úcráin (ó bhuiséad an Aontais agus ó bhuiséid na mBallstát le chéile) arb éard atá ann 1,11 % de OTI an Aontais.

(7)

Tá GBP 294 mhilliún geallta ag an Ríocht Aontaithe mar mhéid breise arna íoc i scairchaipiteal leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha chun tacú le gníomhaíochtaí infheistíochta san Úcráin agus tá GBP 250 milliún de chaipiteal breise geallta aici dá hInstitiúid Maoinithe Forbraíochta dhéthaobhach, British International Investments (BII), chun tacú le hinfheistíochtaí nua san Úcráin. Ina theannta sin, tá GBP 3,5 billiún d’acmhainneacht tugtha ag an Ríocht Aontaithe dá Gníomhaireacht um Chreidmheas Onnmhairiúcháin, UK Export Finance, chun iasachtaí agus ráthaíochtaí a fhrithghealladh i leith tionscadail san Úcráin.

(8)

Cuireann tacaíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe don Úcráin le slándáil na hEorpa, agus le comhroinnt dualgas idirnáisiúnta idir an tAontas agus a chomhpháirtithe a mhéid a bhaineann le tacaíocht don Úcráin.

(9)

Ar bhonn na faisnéise a chuir an Ríocht Aontaithe ar fáil, dá dtabharfaí rochtain chómhalartach don Ríocht Aontaithe ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna haghaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tSaoráid don Úcráin, threiseofaí cuspóirí comhroinnte polaitiúla agus eacnamaíocha an dá pháirtí, go háirithe i dtaca le téarnamh, atógáil agus nuachóiriú na hÚcráine, i gcomhréir le cuspóirí na Saoráide don Úcráin.

(10)

Chun éifeachtacht na cabhrach a thugtar don Úcráin a uasmhéadú, is iomchuí rochtain chómhalartach a dheonú don Ríocht Aontaithe go ceann tréimhse bliana.

(11)

Chuathas i gcomhairle leis an Úcráin an 21 Aibreán 2026 maidir le hiarraidh na Ríochta Aontaithe ar rochtain chómhalartach ar an tSaoráid don Úcráin, agus dheimhnigh sí go n-aontaíonn sí leis sin.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um an tSaoráid don Úcráin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Deonaítear rochtain chómhalartach don Ríocht Aontaithe ar nósanna imeachta um sholáthar agus um dhámhachtain deontas agus duaiseanna haghaidh gníomhaíochtaí arna maoiniú faoin tSaoráid don Úcráin, go ceann tréimhse bliana ón 23 Iúil 2026.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L, 2024/792, 29.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/792/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1445/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)