European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1428

2.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1428 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Iúil 2026

lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear ón tSín

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 128(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Tá feidhm ag Cinneadh 2002/994/CE ón gCoimisiún (2) maidir le gach táirge de bhunadh ainmhíoch ón tSín a bheartaítear lena chaitheamh ag an duine nó lena úsáid mar bheatha ainmhithe.

(2)

De bhun Airteagal 2(1) den Chinneadh sin, tá na Ballstáit le toirmeasc a chur ar theacht isteach na dtáirgí sin, agus foráiltear le hAirteagal 2(2) de maidir le dhá mhaolú ar an toirmeasc ginearálta sin.

(3)

Faoin gcéad mhaolú, tá na Ballstáit le hallmhairiú táirgí a liostaítear i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE a údarú i gcomhréir leis na coinníollacha sonracha sláinte ainmhithe agus sláinte poiblí is infheidhme maidir leis na táirgí lena mbaineann.

(4)

Faoin dara maolú, tá na Ballstáit le hallmhairí táirgí a liostaítear i gCuid II den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE a údarú, ar táirgí iad a bhfuil dearbhú ag gabháil leo ó údarás inniúil na Síne, dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh sin, ina luaitear go bhfuil tástáil cheimiceach déanta ar gach coinsíneacht, chun a áirithiú nach gcuireann na táirgí lena mbaineann sláinte ainmhithe nó sláinte an duine i mbaol.

(5)

Ar an gcaoi chéanna le glúcósaimín, faightear ciotósán go príomha trí chitin a hidrealú ó bhlaoscanna feithidí agus crústach. Tá ciotósán ina pholaisiúicríd atá comhdhéanta d’aonaid ghlúcósaimín. Tá an dá tháirge beartaithe lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe, mar is léir ó iontráil 13.2.8 i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (3). Ina theannta sin, liostaítear an dá tháirge mar tháirgí an-mhínphróiseáilte i bpointí 1(d) agus (e) de Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus, dá bhrí sin, tá siad faoi réir an cheanglais chéanna go gcuirfeadh cóireáil na n-amhábhar de bhunadh ainmhíoch a úsáidtear chun na táirgí sin a mhonarú deireadh le haon riosca sláinte ainmhithe nó poiblí. Mar sin féin, cé go liostaítear glúcósaimín i gCuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE, agus dá bhrí sin go n-údaraítear é lena theacht isteach san Aontas ón tSín gan an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh sin, ní liostaítear ciotósán ar an mbealach céanna faoi láthair.

(6)

Dá bhrí sin, is iomchuí an chéad mhaolú ar an toirmeasc ar allmhairiú táirgí áirithe isteach san Aontas ón tSín, dá bhforáiltear in Airteagal 2(2) de Chinneadh 2002/994/CE, a chur i bhfeidhm maidir le ciotósán freisin trína chur leis an liosta de tháirgí a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine nó lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe ón tSín a údaraítear lena dteacht isteach gan an dearbhú dá dtagraítear in Airteagal 3 den Chinneadh sin.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Cuid I den Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE a leasú dá réir.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Iúil 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)  Cinneadh 2002/994/CE ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2002 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le táirgí de bhunadh ainmhíoch a allmhairítear ón tSín (IO L 348, 21.12.2002, lch. 154, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2002/994/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/68/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Chuid I san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh 2002/994/CE:

‘CUID I

Liosta táirgí de bhunadh ainmhíoch a bheartaítear lena gcaitheamh ag an duine nó lena n-úsáid mar bheatha ainmhithe agus a údaraítear lena n-allmhairiú isteach san Aontas gan an dearbhú dá bhforáiltear in Airteagal 3:

táirgí iascaigh, seachas:

iad siúd a fhaightear ó dhobharshaothrú,

séaclaí scafa agus/nó próiseáilte,

cráifisc den speiceas Procambarus clarkii a ghabhtar i bhfionnuiscí nádúrtha trí oibríochtaí iascaireachta;

geilitín;

breiseáin bhia mar a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1);

substaintí atá le húsáid mar fhorbhianna nó i bhforbhianna mar a rialaítear faoi Threoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*2);

vitimín D3 a bheartaítear lena chaitheamh ag an duine, agus réamhtheachtaithe a úsáidtear chun iad a tháirgeadh, nuair a chomhlíonann siad na cóireálacha sonracha le haghaidh na dtáirgí an-mhínphróiseáilte sin (díorthaigh shaille) a leagtar amach i Roinn XVI d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Phairlimint na hEorpa agus ón gComhairle (*3);

bia peataí mar a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*4);

sulfáit chondróitine, glúcósaimín agus ciotósán a mheastar a bheith ina n-ábhair bheatha, mar a rialaítear faoi Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún (*5);

vitimín D3 atá le húsáid mar bhreiseán beathaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*6) agus réamhtheachtaithe a úsáidtear chun é a tháirgeadh, a bheartaítear lena n-úsáid i mbeatha le haghaidh ainmhithe feirmshaothraithe agus bia peataí mar a rialaítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009;

L-cistéin agus L-cistín atá le húsáid mar bhreiseáin bheathaithe i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.


(*1)  Rialachán (CE) Uimh. 1333/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le breiseáin bia (IO L 354, 31.12.2008, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1333/oj).

(*2)  Treoir 2002/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Meitheamh 2002 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le forbhianna (IO L 183, 12.7.2002, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2002/46/oj).

(*3)  Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha sonracha sláinteachais do bhia de bhunadh ainmhíoch (IO L 139, 30.4.2004, lch. 55, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2004/853/oj).

(*4)  Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 lena leagtar síos rialacha sláinte maidir le seachtháirgí ainmhithe agus táirgí díorthaithe nach bhfuil ceaptha mar bhia don duine agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1774/2002 (Rialachán maidir le seachtháirgí ainmhithe) (IO L 300, 14.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1069/oj).

(*5)  Rialachán (AE) Uimh. 68/2013 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2013 maidir leis an gCatalóg d’ábhair bheatha (IO L 29, 30.1.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/68/oj).

(*6)  Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj).’


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1428/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)