European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1425

3.7.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1425 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meitheamh 2026

lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le laghdú a dhéanamh ar an tionchar atá ag táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol (1), agus go háirithe Airteagal 6(5), an dara fomhír, agus Airteagal 13(4), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2019/904 leagtar síos spriocanna maidir leis an íosmhéid ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide a liostaítear i gCuid F den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir sin, lena n-áirítear buidéil TPE. Tá na Ballstáit chun sonraí a thuairisciú maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil TPE le haghaidh gach bliana féilire.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún (2), leagadh síos an mhodheolaíocht chun na spriocanna i ndáil le hábhar plaisteach athchúrsáilte a ríomh agus a fhíorú agus an fhormáid chun sonraí a thuairisciú maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna. Tá an mhodheolaíocht sin bunaithe ar shonraí arna nginiúint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún (3).

(3)

Is iad an athchúrsáil mheicniúil iarthomhaltais TPE agus an athchúrsáil ó lúba táirge i slabhraí iata rialaithe, agus iad sin amháin, na teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2022/1616. Chun gur féidir le modheolaíochtaí athchúrsála breise nach gcumhdaítear leis an Rialachán sin rannchuidiú leis na spriocanna a bhaint amach i ndáil le hábhar athchúrsáilte a leagtar síos i dTreoir (AE) 2019/904, is gá rialacha breise a bhunú maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte a dhíorthaítear ó na modheolaíochtaí athchúrsála breise sin a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú. Go sonrach, is gá cuntasaíocht mhaischothromaíochta, mar a thugtar uirthi, a thabhairt isteach, ar cuntasaíocht í a bhfuil breiseanna móra leis an modheolaíocht atá ann cheana ag teastáil ina leith. Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, agus an líon rialacha nua agus athruithe ar na rialacha atá ann cheana a bhfuil gá leo á gcur san áireamh, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 a aisghairm.

(4)

De réir mar a chuirtear leis na hiarrachtaí domhanda chun srian a chur leis an mborradh faoin truailliú plaisteach, meastar go dtiocfaidh forbairt ar fud an domhain ar mhargadh le haghaidh plaistigh athchúrsáilte, bíodh sin ó athchúrsáil mheicniúil nó athchúrsáil cheimiceach, agus ó na slabhraí soláthair gaolmhara. Tá gá le rialacha soiléire chun a áirithiú gur féidir ábhar athchúrsáilte a thuairisciú ar bhealach trédhearcach, infhíoraithe agus inchomparáide, sna modheolaíochtaí agus sna próisis athchúrsála uile atá ann cheana. Le rialacha an Aontais, ba cheart creat a chur ar fáil don chur chuige idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo, d’fhonn cothrom iomaíochta ar fud an domhain a áirithiú.

(5)

Is féidir le hathchúrsáil cheimiceach dramhaíl phlaisteach atá deacair nó dodhéanta a athchúrsáil go meicniúil a chóireáil agus is féidir feidhmíocht cháilíochta agus feidhmíocht theicniúil níos fearr a bhaint amach maidir le haschuir athchúrsáilte. Chun acmhainneacht iomlán an gheilleagair chiorclaigh a bhaint amach, ba cheart athchúrsáil cheimiceach a bheith ina comhlánú ar athchúrsáil mheicniúil, rud is fearr i gcoitinne ó thaobh an chomhshaoil de, i gcás ina mbaintear feidhmíocht leordhóthanach cháilíochta agus theicniúil amach léi maidir le haschuir athchúrsáilte.

(6)

Agus é mar chuspóir creat simplí intuartha a bhunú lena gcumasófar na modheolaíochtaí agus na próisis athchúrsála uile lenar féidir sochair chomhshaoil a ghiniúint don gheilleagar ciorclach maidir le plaistigh chun inmharthanacht eacnamaíoch a bhaint amach freisin, ba cheart na modheolaíochtaí agus na próisis athchúrsála uile a chumhdach le rialacha tuairiscithe an Aontais maidir le hábhar athchúrsáilte. Leis na rialacha sin, ba cheart aistriú thionscal ceimiceach an Aontais chuig ciorclaíocht a éascú freisin trí úsáid bunábhar malartach a spreagadh agus spleáchais ar ógh-acmhainní iontaise a laghdú.

(7)

Plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a fhaightear trí athchúrsáil mheicniúil ar teicneolaíocht athchúrsála oiriúnach í de réir bhrí Rialachán (AE) 2022/1616 nó trí theicneolaíochtaí athchúrsála eile ar teicneolaíochtaí athchúrsála oiriúnacha nó teicneolaíochtaí núíosacha iad de réir bhrí an Rialacháin sin, arb eol an cion den ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais san aschur ina leith agus nach n-úsáidtear aon dramhaíl phlaisteach eile seachas dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar ionchur ina leith, ba cheart é a chur san áireamh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2022/1616 chun sonraí maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna a ríomh, a thuairiscí agus a fhíorú.

(8)

Plaisteach athchúrsáilte ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a fhaightear trí aon mhodh athchúrsála eile, lena n-áirítear athchúrsáil cheimiceach a n-athraítear struchtúr ceimiceach an ábhair lena linn, nó a tháirgtear ó mheascán de dhramhaíl phlaisteach réamhthomhaltais agus iarthomhaltais, ba cheart é a chur san áireamh freisin maidir le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna atá le déanamh chun críocha Threoir (AE) 2019/904. I gcás ina dtéann dramhaíl phlaisteach trí phróiseas athchúrsála ina ndéantar na polaiméirí a dhianscaoileadh agus ina n-úsáidtear na substaintí a eascraíonn as sin, ar minic iad a bheith comhcheangailte d’amhábhair phríomhúla, chun polaiméirí nua agus, b’fhéidir, táirgí eile a tháirgeadh, is gá cuntasaíocht mhaischothromaíochta a chur i bhfeidhm toisc nach eol cion an ábhair incháilithe sna haschuir de ghnáth. Áirithítear le cuntasaíocht mhaischothromaíochta go mbíonn meáchan an ábhair a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais ag an ionchur cothrom le meáchan an ábhair a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais de réir na n-aschur agus na gcaillteanas uile.

(9)

Le linn athchúrsáil cheimiceach, bristear struchtúr ceimiceach an ionchuir dramhaíola plaistí iarthomhaltais, agus ní polaiméir fós an t-ábhar a eascraíonn as sin de ghnáth go dtí go n-athpholaiméirítear é. Dá bhrí sin, ba cheart ‘ábhar incháilithe’ a thabhairt ar ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais. Ag brath ar an gcéim laistigh den phróiseas athchúrsála, d’fhéadfadh stádas dramhaíola nó neamhdhramhaíola a bheith ag ‘ábhar incháilithe’.

(10)

I gcás ina gcuirtear cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm ag céim ar leith sa slabhra soláthair, ba cheart í a chur i bhfeidhm ag na céimeanna uile ina dhiaidh sin freisin toisc go dtugtar le tuiscint lena húsáid ag céim níos luaithe nach eol cion an ábhair incháilithe sna hionchuir aonair uile agus, dá bhrí sin, nárbh eol é san aschur.

(11)

Ag céimeanna sa slabhra soláthair ina bhfuil idir ábhair ionchuir agus ábhair aschuir araon comhdhéanta de pholaiméirí, amhail tar éis athpholaiméiriú i gcás athchúrsáil cheimiceach, bheadh aschuir arb eol a gcion mar thoradh ar mheascadh ábhar arb eol a gcion. Ag na céimeanna sin, dá bhrí sin, ní bhíonn gá le hath-leithdháileadh breise méideanna sannta ábhair incháilithe agus níor cheart é a cheadú.

(12)

De bhun Threoir (AE) 2019/904, ní mór do na Ballstáit faisnéis maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil TPE a thuairisciú don Choimisiún chun a léiriú gur baineadh amach an sprioc maidir leis an ábhar sin (an ‘sprioc’). Cé go dtagraíonn ábhar athchúrsáilte don mhéid ábhair athchúrsáilte, sloinntear an sprioc mar chéatadán, is é sin, mar chion an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE. Chun a léiriú gur bhain siad an sprioc amach, ba cheart do na Ballstáit ní hamháin suim mheáchan an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a thuairisciú, ach suim mheáchan chodanna plaisteacha uile na mbuidéal féin a thuairisciú freisin ionas gur féidir cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte a ríomh.

(13)

Ós rud é gurb é cuspóir na spriocanna glacadh an phlaistigh athchúrsáilte sa mhargadh a chur chun cinn, arb é is aidhm dóibh úsáid chiorclach plaisteach a áirithiú, is iomchuí gan ach codanna plaisteacha a chur san áireamh agus meáchan na mbuidéal deochanna á ríomh. Ós rud é go meastar gurb é 5 % ar a mhéad dá mheáchan a bhíonn sna codanna neamhphlaisteacha de ghnáth-bhuidéal deochanna, mar shampla i bhfoirm lipéad páipéir, meastar nach mbíonn aon tionchar ar an measúnú mór ag eisiamh na gcodanna neamhphlaisteacha de bhuidéil TPE ón ríomh i dtaobh bhaint amach na sprice.

(14)

Sonraítear le Treoir (AE) 2019/904 go bhfuil caipíní agus cláir ina gcuid de bhuidéil TPE. Mar sin féin, chun an sprioc i ndáil le hábhar plaisteach athchúrsáilte a ríomh agus a fhíorú, ba cheart lipéid agus clúdaigh a mheas mar chodanna de bhuidéil TPE freisin. Ar an gcéad dul síos, is éard atá i mbuidéal TPE, san fhormáid ina ndíoltar é go coitianta le tomhaltóirí, a chorp, a chaipín, a chlár, agus lipéad nó clúdach. Úsáidtear lipéid agus clúdaigh chun faisnéis a chur in iúl do thomhaltóirí, lena n-áirítear é sin a dhéanamh chun críoch brandála agus fógraíochta. Cé gur minic a théann clúdaigh 360 céim timpeall an bhuidéil, is minic nach gcumhdaíonn lipéid eile ach cuid níos lú den bhuidéal. Ar an dara dul síos, is minic a cheanglaítear lipéid agus clúdaigh den bhuidéal ag an gcéim táirgthe chéanna le caipíní agus cláir. Dá bhrí sin, ba cheart meáchan na lipéad agus na gclúdach a chuimsiú i meáchan na mbuidéal TPE, agus ba cheart aon phlaisteach athchúrsáilte atá sna lipéid agus sna clúdaigh a chuimsiú i meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE.

(15)

Chun an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh agus a fhíorú, ba cheart an téarma ‘plaisteach athchúrsáilte’ a shainmhíniú sa chaoi nach gcuimseofar ach ábhar a dhíorthaítear ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais. Tá an t-idirdhealú sin tábhachtach toisc go bhfuil dreasachtaí margaidh leordhóthanacha ann cheana féin chun dramhaíl phlaisteach réamhthomhaltais a athchúrsáil. Maidir le dramhaíl phlaisteach a eascraíonn as pacáistíocht táirgí a chuirtear ar an margadh ach a bhfuil a ndáta éaga caite sula ndíoltar le tomhaltóirí iad, ba cheart í a mheas mar dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais. Os a choinne sin, níor cheart ábhair phlaisteacha agus dramhaíl phlaisteach a ghintear le linn próisis mhonaraíochta, lena n-áirítear an phróiseáil thánaisteach, an tástáil, an stóráil agus na haistrithe uile sula gcuirtear an táirge ar an margadh, a mheas mar dhramhaíl iarthomhaltais.

(16)

Maidir leis an bplaisteach athchúrsáilte a úsáidtear chun baint amach na sprice a ríomh agus a fhíorú, ba cheart é a fháil ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh (lena n-áirítear dramhaíl shórtáilte) ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá sé fíor-riachtanach ardchaighdeáin chomhshaoil a chaomhnú le haghaidh athchúrsála chun an breisluach comhshaoil a bhaineann le hábhar athchúrsáilte a chur chun cinn a chaomhnú agus chun cásanna a sheachaint ina mbaineann cleachtais neamhleora bailithe agus bainistithe dramhaíola chomh maith le hastaíochtaí truailleán an bonn de na tairbhí inbhuanaitheachta a bhaineann le hábhair athchúrsáilte a chur in ionad ógh-ábhar.

(17)

Déantar idirdhealú i Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) idir na tíortha a bhfuil feidhm ag an gCinneadh ón gComhairle um Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha atá Beartaithe le haghaidh Oibríochtaí Aisghabhála maidir leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (‘Cinneadh ECFE’) (5) maidir leo agus na tíortha nach bhfuil feidhm aige maidir leo. Ón 21 Samhain 2026 ar aghaidh, beidh toirmeasc ar dhramhaíl phlaisteach a onnmhairiú chuig tíortha nach tíortha ECFE iad go dtí an 21 Bealtaine 2029 faoin Rialachán sin agus beidh an deis ag tíortha nach tíortha ECFE iad iarratas a dhéanamh ar mhaoluithe tar éis an dáta sin.

(18)

I bhfianaise na leibhéal éagsúil caighdeán agus acmhainneachtaí bonneagair maidir le bainistiú dramhaíola plaistí i dtíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo, agus i bhfianaise éiginnteacht thionchar an toirmisc ar shreafaí trádála dramhaíola plaistí, ba cheart tús a chur le plaisteach athchúrsáilte ó thíortha a bhfuil feidhm ag Cinneadh ECFE maidir leo a áireamh sa sprioc shainordaitheach maidir le hábhar athchúrsáilte le haghaidh buidéil TPE ón 21 Samhain 2027 agus ón dáta sin amháin. Faoin dáta sin, ba cheart don Choimisiún a mheasúnú a sholáthar agus a chinneadh a ghlacadh de bhun Airteagal 45(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/1157, tar éis dó measúnú a dhéanamh ar argóintí na dtríú tíortha dá ndéantar difear. Leis an tráthchlár sin, beidh na Ballstáit in ann a mbailiú agus a dtuairisciú sonraí a choigeartú freisin.

(19)

Maidir le dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh (lena n-áirítear dramhaíl shórtáilte) i dtíortha nach bhfuil feidhm ag cinneadh ECFE maidir leo, níor cheart cead a thabhairt í a áireamh i dtreo na sprice ach amháin má thugtar comhaontuithe nó socruithe leis an Aontas i gcrích lena n-áirithítear bainistiú dramhaíola plaistí atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. Tá an ceanglas sin sa bhreis ar cheanglais dhlíthiúla eile is infheidhme de chuid an Aontais, amhail na ceanglais sin a bhunaítear faoi Rialachán (AE) 2022/1616, agus tá sé gan dochar dóibh.

(20)

D’ainneoin na rialacha a leagtar síos maidir le ríomh na spriocanna i dtaca le hábhar athchúrsáilte, is féidir plaisteach athchúrsáilte a allmhairiú chun buidéil deochanna phlaisteacha a mhonarú i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme de chuid an Aontais.

(21)

Le Rialachán (AE) 2022/1616, bunaítear slabhra tuairiscithe ar feadh céimeanna monaraíochta comhleanúnacha lena n-áirítear tuairisciú ar chéatadán an phlaistigh athchúrsáilte i ngach baisc ábhair ina bhfuil plaisteach athchúrsáilte agus atá beartaithe lena theacht i dteagmháil le bianna. Chun an t-ualach riaracháin ar oibreoirí eacnamaíocha a choinneáil beag, ba cheart an fhaisnéis sin a úsáid freisin chun an t-ábhar athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh, fiú má tá éagsúlacht bheag idir na sainmhínithe ar ‘phlaisteach’ agus ar ‘phlaisteach athchúrsáilte’ is infheidhme maidir le Rialachán (AE) 2022/1616 agus na sainmhínithe sin is infheidhme maidir leis an gCinneadh seo. Tá an fhaisnéis a sholáthraítear faoi Rialachán (AE) 2022/1616 le comhlánú le faisnéis faoi thionscnamh an ábhair chun raon feidhme geografach an Chinnidh seo a léiriú. Ba cheart do na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil TPE ar an margadh meáchan an phlaistigh athchúrsáilte sna buidéil sin a ríomh bunaithe ar an gcéatadán den ábhar plaisteach athchúrsáilte a léirítear mar aon leis na dearbhuithe comhlíontachta faoi Rialachán (AE) 2022/1616.

(22)

Chun críocha Airteagal 13(1), pointe (e) de Threoir (AE) 2019/904, tá an cion an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéal TPE le ríomh nuair a chuirtear ar an margadh i mBallstát é (‘an pointe ríomha deiridh’). Faoi láthair, ní féidir an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte a thomhas go hanailíseach ar bhealach iontaofa ag an bpointe ríomha deiridh. Dá bhrí sin, is gá an t-ábhar plaisteach athchúrsáilte a chinneadh ag céimeanna níos luaithe sa slabhra soláthair, trí phointí ríomha breise, chun go bhféadfar ríomh cruinn a dhéanamh ag an bpointe ríomha deiridh. Bíonn gá le pointe ríomha nuair a athraíonn ábhar a fuarthas go páirteach ar a laghad ó ábhar incháilithe a chomhdhéanamh ceimiceach nó fisiceach, go háirithe nuair a mheasctar an t-ábhar sin le hábhar eile, amhail ógh-pholaiméirí, ógh-bhreiseáin nó ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach nach dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais í. Ag pointí ríofa éagsúla feadh conaire athchúrsála, d’fhéadfadh feidhm a bheith ag modhanna éagsúla chun meáchan an ábhair incháilithe nó méideanna sannta sna haschuir a ríomh ag brath ar chéim an phróisis agus ar an modh athchúrsála a chuirtear i bhfeidhm.

(23)

Níor cheart cead a thabhairt d’oibreoirí eacnamaíocha sa slabhra soláthair plaisteach athchúrsáilte a chuireann cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm a gcuntas ar mhéideanna sannta ábhair incháilithe a rótharraingt aon tráth, rud a chiallaíonn nár cheart iarmhéid diúltach a bheith sa chuntas. Thabharfadh iarmhéid diúltach méideanna sannta le tuiscint go bhfuil níos mó ábhar incháilithe díolta ag na hoibreoirí eacnamaíocha ná mar atá táirgthe nó ceannaithe acu.

(24)

Chun cuntasaíocht mhaischothromaíochta a chur i bhfeidhm, is gá rialacha a bhunú maidir leis an gcaoi ar féidir an t-ábhar ionchuir incháilithe a leithdháileadh ar na haschuir i gcás próisis il-aschuir. Léiríonn na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh seo an cur chuige ar a dtugtar ‘úsáid breosla eisiata’, rud a chiallaíonn gur cheart d’oibreoirí eacnamaíocha ag gach pointe ríomha ábhar incháilithe a phróiseáiltear go breoslaí nó caillteanais ó ríomh an ábhair athchúrsáilte a asbhaint, chun Airteagal 3(17) de Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a chomhlíonadh. Tá feidhm aige sin freisin maidir le haschuir dhé-úsáide, i.e. aschuir idirmheánacha is féidir a phróiseáil a thuilleadh go táirgí breosla agus táirgí neamhbhreosla araon, atá i bhfoirm ghásach nó leachtach. Níor cheart sciar coibhneasta an ábhair incháilithe in aschuir dhé-úsáide a bheidh ina bhreosla a áireamh mar ábhar athchúrsáilte. Ba cheart aschuir dhé-úsáide i bhfoirm sholadach, amhail gualán, a chur as an áireamh go hiomlán i dtaobh ríomh an ábhair athchúrsáilte toisc go meastar nach bpróiseálfar iad go táirgí ardluacha neamhbhreosla sa chleachtas ar scála ábhartha amach anseo.

(25)

Chun cur le trédhearcacht an phróisis, cuirtear inrianaitheacht cheimiceach i bhfeidhm, rud a chiallaíonn gur cheart an riail maidir le leithdháileadh i dtaca le ‘húsáid breosla eisiata’ a chomhlánú le forálacha breise chun a áirithiú nach mó an méid sannta d’ábhar incháilithe ná an méid d’ábhar incháilithe is féidir a bheith i dtáirge go teoiriciúil.

(26)

Níor cheart méideanna sannta ábhair incháilithe a aistriú ar fud saoráidí éagsúla cuideachta ná ar fud cuideachtaí éagsúla toisc go gcuirfeadh sé sin castacht le ríomh agus fíorú na méideanna sannta. Níor cheart, áfach, é sin a bheith ina chosc ar ábhar lena mhéideanna sannta a bhogadh go fisiceach idir saoráidí éagsúla cuideachta nó idir cuideachtaí éagsúla gan a méideanna sannta a ath-leithdháileadh, ar choinníoll go bhfuil an doiciméadacht is gá ag gabháil leis an ábhar chun comhlíontacht an Chinnidh seo a áirithiú, agus go háirithe chun inrianaitheacht a áirithiú agus an bonn leis an ríomh a thabhairt i gcás meascadh ina dhiaidh sin le hábhair eile.

(27)

Chun a áirithiú go mbainfear amach na sochair chomhshaoil a bhaineann le spriocanna íosta maidir le hábhar plaisteach athchúrsáilte a chomhlíonadh agus chun cosc a chur le imchéimniú a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de na sochair sin, ba cheart do na Ballstáit forálacha a thabhairt isteach chun na sonraí agus an fhaisnéis a bhailíonn siad ó na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil TPE ar an margadh a fhíorú. Ba cheart d’oibreoirí eacnamaíocha, le haghaidh gach baisce ábhair ina bhfuil méideanna sannta ábhair incháilithe, dearbhú a tháirgeadh agus a sholáthar dá gcustaiméirí ina n-áirítear faisnéis ábhartha maidir leis na méideanna sannta. Níor cheart d’oibreoirí eacnamaíocha nach dtugann aon athrú ábhartha isteach ach an dearbhú a fhaigheann siad óna soláthróirí a tharchur. Ina theannta sin, ba cheart oibreoirí a phróiseálann ábhar nach bhfuil comhdhéanta de pholaiméirí, ag céim an ionchuir agus ag céim an aschuir araon, a bheith faoi réir fíorú tríú páirtí. Ba cheart leis an bhfíorú sin an fhaisnéis uile is ábhartha maidir le leithdháileadh ábhair incháilithe faoi chuntasaíocht mhaischothromaíochta a chumhdach, amhail méideanna a bhaineann go sonrach le próiseas agus catagóiriú ionchur agus aschur, cuair fiuchphointe, agus fianaise go bhfuil ábhar incháilithe fós ar an gconair athchúrsála. Ba cheart na deimhnithe arna n-eisiúint ag fíoraitheoirí ag an gcéim dheireanach i bpróiseas athchúrsála ceimicí a thabhairt ar aghaidh feadh an tslabhra soláthair, suas go dtí na líontóirí de ghnáth, chun é a chur ar a gcumas do na Ballstáit iad a bhailiú ó na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil deochanna ar an margadh.

(28)

I gcás ina dtarlaíonn próiseáil ábhar ina bhfuil méideanna sannta i dtríú tír agus ina n-allmhairítear an t-ábhar a eascraíonn as sin, ba cheart do na Ballstáit cruinneas na faisnéise a ghabhann leis an ábhar a fhíorú chun a áirithiú gur comhlíonadh rialacha an Chinnidh seo.

(29)

Tá dlúthnasc idir na rialacha maidir le ríomh agus fíorú na sprice agus an fhormáid chun sonraí agus faisnéis faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte a thuairisciú toisc go dtagraítear leo don phlaisteach athchúrsáilte céanna sna buidéil chéanna. Chun comhleanúnachas a áirithiú, ba cheart na rialacha maidir leis an sprioc a ríomh agus a fhíorú agus an fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú a leagan síos in aon ghníomh dlí amháin.

(30)

San fhormáid chun sonraí agus faisnéis a thuairisciú cuirtear san áireamh na modhanna tomhais agus na formáidí tuairiscithe le haghaidh pacáistíochta agus dramhaíl ó phacáistíocht a leagtar amach i gCinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún (7), atá bunaithe ar mheáchan agus ar ábhar freisin.

(31)

Is seirbhís phoiblí dhigiteach trasteorann é an faireachán ar ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil TPE de réir bhrí Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8). Leis an gCinneadh seo, tugtar isteach ceanglais cheangailteacha nua a dhéanann difear don tseirbhís phoiblí dhigiteach thuasluaite sin, agus, dá bhrí sin, tá sé faoi réir na hoibleagáide maidir le measúnú idir-inoibritheachta a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2024/903. Dá réir sin, rinneadh measúnú idir-inoibritheachta, agus tá an tuarascáil a thiocfaidh as sin le foilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach.

(32)

Ba cheart dramhaíl phlaisteach a phróiseáil tríd an modh athchúrsála is mó lena laghdaítear an tionchar diúltach ar an gcomhshaol, agus cáilíocht riachtanach an ábhair athchúrsáilte agus inmharthanacht eacnamaíoch na dteicneolaíochtaí éagsúla á gcur san áireamh. Agus an méid sin á chur san áireamh, is fearr modheolaíochtaí athchúrsála meicniúla ná modheolaíochtaí athchúrsála ceimicí i gcoitinne ó thaobh an chomhshaoil de, agus níor cheart, i bprionsabal, dramhaíl is féidir a athchúrsáil go meicniúil a dhul isteach in athchúrsáil cheimiceach más féidir leis an athchúrsáil mheicniúil ábhair athchúrsáilte ina bhfuil saintréithe cáilíochta nó feidhmíochta comhchosúla a tháirgeadh. Déanann an Coimisiún faireachán ar fhorbairt na dteicneolaíochtaí athchúrsála atá ar fáil, agus a bhfeidhmíocht eacnamaíoch agus chomhshaoil á cur san áireamh. Chun forbairtí teicneolaíocha ábhartha san earnáil athchúrsála a chur san áireamh, lena n-áirítear rolladh amach modheolaíochtaí athchúrsála ceimicí ar scála iomlán tráchtála ach gan bheith teoranta dó sin, ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh dá réir sin ar an modheolaíocht, lena n-áirítear na rialacha maidir le leithdháileadh méideanna sannta, a bhunaítear sa Chinneadh seo, agus ba cheart dó breithniú a dhéanamh ar í a ailíniú leis na forálacha a leagtar amach in Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), i gcás inarb iomchuí.

(33)

Chun a áirithiú go mbainfear amach go héifeachtach cuspóirí an Aontais maidir le geilleagar ciorclach iomaíoch, agus a bheartais bainistithe dramhaíola, agus chun infheistíochtaí i ndí-iontaisiú thionscal na gceimiceán a chur chun cinn, mar a léirítear sa Phlean Gníomhaíochta maidir le Tionscal na gCeimiceán, leis an modheolaíocht chun ábhar plaisteach athchúrsáilte arna forbairt de bhun dhlíthe an Aontais amhail Airteagal 7(8) de Rialachán (AE) 2025/40 a ríomh, a fhíorú agus a thuairisciú, ba cheart an bunús dlí sonrach agus na cuspóirí sonracha a chur san áireamh, agus saintréithe na n-ábhar ábhartha agus na dteicneolaíochtaí athchúrsála a léiriú. Dá bhrí sin, an mhodheolaíocht a bhunaítear sa Chinneadh seo chun ábhar athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chinneadh, ba cheart feidhm a bheith aici maidir leis an gcatagóir táirgí sin, agus maidir leis an gcatagóir sin amháin. Tá na bearta dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste a leagtar síos le hAirteagal 39 de Threoir 2008/98/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Sainmhínithe

Chun críocha an Chinnidh seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘plaisteach athchúrsáilte’ plaisteach ar dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais é sula ndearnadh athchúrsáil air, agus a táirgeadh trí athchúrsáil (lena n-áirítear sórtáil), mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (17), de Threoir 2008/98/CE, san Aontas. Ón 21 Samhain 2027 ar aghaidh, cumhdófar leis freisin dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a athchúrsáladh (lena n-áirítear dramhaíl shórtáilte):

(a)

i dtríú tír a bhfuil feidhm ag cinneadh ECFE maidir léi, mura rud é gurb é conclúid an mheasúnaithe a rinneadh agus an chinnidh a glacadh de bhun Airteagal 45(5) agus (6) de Rialachán (AE) 2024/1157 nach gcomhlíonann sí na ceanglais maidir le dramhaíl phlaisteach a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

(b)

i dtríú tír a bhfuil comhaontuithe nó socruithe tugtha i gcrích ag an Aontas léi chun a áirithiú go bhfaighfear an plaisteach athchúrsáilte ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a cóireáladh i ngach suiteáil ábhartha ar bhealach atá coibhéiseach le caighdeáin an Aontais a bhaineann le ceanglais maidir le sláinte an duine agus cosaint an chomhshaoil faoi reachtaíocht an Aontais, go háirithe i dTreoir 2008/98/CE agus i Rialachán (AE) 2025/40, de réir mar is ábhartha. Beidh creat cuimsitheach bainistithe dramhaíola ag an tír freisin lena gcumhdófar a críoch iomlán agus lena léireofar a cumas agus a toilteanas bainistiú dramhaíola atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a ráthú, agus na critéir seo a leanas go háirithe á gcur san áireamh:

(i)

na bearta a cuireadh chun feidhme agus na cinn atá beartaithe chun a áirithiú go ndéantar dramhaíl a bhainistiú ar bhealach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol laistigh dá chríoch, amhail córas freagrachta leathnaithe táirgeora nó córas coibhéiseach a thabhairt isteach lena gcuirtear chun feidhme an prionsabal ‘costas an truaillithe ar an truaillitheoir’;

(ii)

na bearta a cuireadh chun feidhme agus na cinn atá beartaithe chun cion an phlaistigh a athchúrsáiltear ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais a mhéadú, agus na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar na bearta sin;

(iii)

na bearta a cuireadh chun feidhme agus na cinn atá beartaithe chun cion an phlaistigh a athchúrsáiltear ó dhramhaíl phlaisteach iarthomhaltais atá ionchorpraithe i dtáirgí a chuirtear ar an margadh náisiúnta a mhéadú, agus na táscairí chun faireachán a dhéanamh ar na bearta sin;

(2)

ciallaíonn ‘dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais’ dramhaíl a gineadh ó tháirgí plaisteacha:

(a)

a cuireadh ar mhargadh an Aontais;

(b)

a cuireadh ar an margadh nó a soláthraíodh lena dáileadh, lena tomhailt nó lena húsáid i dtríú tír le linn gníomhaíocht tráchtála, bíodh sin ar íocaíocht nó saor in aisce.

(3)

ciallaíonn ‘buidéal deochanna’ buidéal deochanna plaisteach aon úsáide ina bhfuil toilleadh nach mó ná trí lítear, lena n-áirítear a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann dóibh, ach gan na buidéil seo a leanas a áireamh:

(a)

na buidéil deochanna ghloine nó mhiotail a ndearnadh a gcaipíní agus a gcláir as plaisteach;

(b)

na buidéil deochanna atá ceaptha agus a úsáidtear le haghaidh bia chun críoch speisialta míochaine, mar a shainmhínítear in Airteagal 2(2), pointe (g) de Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus atá i bhfoirm leachtach;

(4)

Ciallaíonn ‘buidéal TPE’ buidéal deochanna a mhonaraítear as teireataláit phoileitiléine agus arb í an phríomh-chomhpháirt de í;

(5)

ciallaíonn ‘oibreoir eacnamaíoch’ aon cheann de na hoibreoirí seo a leanas, ar cuid den slabhra soláthair iad a fhágann go gcuirtear buidéil deochanna ar an margadh nó oibreoirí a chuireann buidéil deochanna ar an margadh:

(a)

athchúrsálaí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), pointe (16), de Rialachán (AE) 2022/1616;

(b)

tiontaire mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), pointe (17), de Rialachán (AE) 2022/1616;

(c)

oibreoir gnó bia mar a shainmhínítear in Airteagal 3(3) de Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11);

(d)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá bunaithe san Aontas agus a chuireann táirge ó thríú tír ar an margadh i mBallstát;

(e)

aon duine nádúrtha nó dlítheanach a dhéileálann ar bhonn gairmiúil le bailiú nó cóireáil dramhaíola nó leis an dá rud.

(6)

ciallaíonn ‘teicneolaíocht athchúrsála’ teicneolaíocht athchúrsála mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), pointe (1), de Rialachán (AE) 2022/1616;

(7)

ciallaíonn ‘ábhar incháilithe’ dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais agus ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais;

(8)

ciallaíonn ‘slabhra soláthair’ an tsraith próiseas nó gníomhaíochtaí a bhaineann le táirgeadh agus dáileadh buidéal deochanna;

(9)

ciallaíonn ‘pointe ríomha’ pointe sa slabhra soláthair ag a gcinntear ábhar an ábhair incháilithe i gcás ábhar ar leith;

(10)

ciallaíonn ‘baisc’ baisc mar a shainmhínítear in Airteagal 2(3), pointe (20), de Rialachán (AE) 2022/1616;

(11)

ciallaíonn ‘cuntasaíocht mhaischothromaíochta’ tacar rialacha ríomha a úsáidtear chun an méid sannta a chinneadh ar fud slabhra soláthair agus sna haschuir, i gcás ina n-úsáidtear an t-ábhar incháilithe in éineacht le hábhar eile mar ionchur sa phróiseas;

(12)

ciallaíonn ‘méid sannta’ meáchan an ábhair incháilithe a théann isteach i bpróiseas agus a leithdháiltear ar aschuir an phróisis ar feadh tréimhse ar leith;

(13)

ciallaíonn ‘catagóir aschuir’ grúpáil aschur in aon cheann de na catagóirí seo a leanas:

 

aschuir seachas caillteanais, a athphróiseáiltear nó a athphróiseálfar go hábhair seachas breoslaí, lena n-áirítear plaisteach (‘neamhbhreoslaí’);

 

aschuir, seachas caillteanais, ar breoslaí iad, lena n-áirítear aschuir a ídítear chun fuinneamh a sholáthar don phróiseas féin, nó a athphróiseálfar go hábhair atá le húsáid mar bhreoslaí (‘breoslaí’);

 

aschuir, seachas caillteanais, is féidir a athphróiseáil go breoslaí nó go hábhair seachas breoslaí (‘aschuir dhé-úsáide’);

 

aschuir a dhiúscraítear de réir bhrí Airteagal 3(19) de Threoir 2008/98/CE (‘caillteanais’);

(14)

ciallaíonn ‘saoráid’ monarcha mhonaraíochta amháin nó níos mó ag an láithreán céanna, faoi rialú bainistíochta an oibreora eacnamaíoch chéanna, ina mbainistítear gníomhaíochtaí, táirgí agus seirbhísí, lena n-áirítear an bonneagar, an trealamh agus na hábhair ghaolmhara uile;

(15)

ciallaíonn ‘fíorú’ an próiseas trína bhfianaíonn fíoraitheoir go gcomhlíonann oibreoir eacnamaíoch na ceanglais maidir le ríomh na sonraí i dtaca le hábhar athchúrsáilte buidéal deochanna;

(16)

ciallaíonn ‘fíoraitheoir’ comhlacht um measúnú comhréireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12), agus atá creidiúnaithe i gcomhréir leis an Rialachán sin;

(17)

ciallaíonn ‘conair athchúrsála’ próiseas, lena n-áirítear a chéimeanna éagsúla, lena gcaomhnaítear an acmhainneacht ábhar incháilithe a phróiseáil go neamhbhreosla;

(18)

ciallaíonn ‘athchúrsáil mheicniúil’ teicneolaíocht athchúrsála lena n-aisghabhtar dramhaíl phlaisteach a bhailítear trí phróisis mheicniúla agus fhisiceacha, lena n-áirítear sórtáil, meilt, níochán, ábhair a dheighilt, triomú, easbhrú agus athchriostalú chun plaisteach a tháirgeadh gan struchtúr ceimiceach ionchur na dramhaíola plaistí a athrú;

(19)

ciallaíonn ‘fiuchphointe uasta inghlactha’, i gcás ina gcuirfear an t-ábhar incháilithe nó codanna de isteach in aon scoilteoir gaile amháin, fiuchphointe uasta inghlactha an scoilteora gaile sin nó, i gcás ina bpróiseálfaidh scoilteoirí gaile éagsúla an t-ábhar incháilithe nó codanna de, meán ualaithe na bhfiuchphointí uasta inghlactha de chuid na scoilteoirí gaile aonair uile.

Airteagal 2

An mhodheolaíocht chun cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh

1.   Déanfar cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh trí mheáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i mBallstát i mbliain ar leith a roinnt ar mheáchan an phlaistigh i mbuidéal TPE a chuirtear ar mhargadh an Bhallstáit sin sa bhliain sin. Is ina chéatadán a shloinnfear an cóimheas a gheofar leis an ríomh sin.

2.   Déanfar na ríomhanna dá dtagraítear i mír 1 trí úsáid a bhaint as foirmlí 1-3 a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 3

An mhodheolaíocht chun meáchan an phlaistigh i mbuidéil TPE a chinneadh

1.   Is é meáchan an phlaistigh i mbuidéil TPE suim mheáchan an phlaistigh i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain ar leith. Baileofar na sonraí le haghaidh na mbuidéal TPE sin i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   Féadfar meáchan an phlaistigh i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i mBallstát a choigeartú chun onnmhairí nó aistrithe buidéal TPE go Ballstáit eile a chur san áireamh. Déanfar an coigeartú trí fhoirmlí 4-9 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm.

Airteagal 4

An mhodheolaíocht chun meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéal TPE a chinneadh

1.   Is é meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE suim mheáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i mBallstát in aon bhliain ar leith. Baileofar na sonraí le haghaidh na mbuidéal TPE sin i gcomhréir le hAirteagal 5.

2.   I gcás ina ndéantar meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh a choigeartú i gcomhréir le hAirteagal 3(2), déanfar meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a choigeartú freisin chun onnmhairí nó aistrithe buidéal TPE go Ballstáit eile a chur san áireamh. Déanfar an coigeartú trí fhoirmle 4 a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chur i bhfeidhm.

Airteagal 5

Oibleagáid sonraí a bhailiú ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil TPE ar an margadh

1.   Baileoidh na Ballstáit sonraí ó oibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil TPE ar a margadh, maidir le meáchan an phlaistigh agus an phlaistigh athchúrsáilte atá sna buidéil sin, agus déanfaidh siad na torthaí a shuimiú ar leithligh le haghaidh plaistigh agus plaisteach athchúrsáilte.

2.   Áiritheoidh na Ballstáit go ríomhfaidh oibreoirí eacnamaíocha meáchan an phlaistigh athchúrsáilte dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na gcodanna éagsúla de na buidéil TPE agus go ndéanfaidh siad na torthaí a shuimiú, agus úsáid á baint as an modheolaíocht a leagtar amach sa dara fomhír.

I gcás nach n-úsáidtear aon dramhaíl phlaisteach eile seachas dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar ionchur agus ina bhfaightear an plaisteach athchúrsáilte uile trí cheann de na teicneolaíochtaí athchúrsála seo a leanas a chur i bhfeidhm

(a)

athchúrsáil mheicniúil a liostaítear mar theicneolaíocht athchúrsála oiriúnach de bhun Rialachán (AE) 2022/1616;

(b)

aon teicneolaíocht athchúrsála eile ar teicneolaíocht athchúrsála oiriúnach nó teicneolaíocht núíosach í de bhun Rialachán (AE) 2022/1616, ar eol cion an ábhair incháilithe san aschur ina leith,

déanfar céatadán an phlaistigh athchúrsáilte, mar a luaitear sa dearbhú de bhun Iarscríbhinn V, Cuid C, a ghabhann leis an dearbhú comhlíontachta a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616, a iolrú faoi mheáchan na coda ar leith den bhuidéal.

3.   I gcás nach bhfuil an mhodheolaíocht a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo infheidhme, úsáidfear an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 6.

4.   Maidir le plaisteach athchúrsáilte dá dtagraítear i mír 1 a fhaightear go páirteach trí aon cheann de na teicneolaíochtaí athchúrsála a leagtar amach i mír 2, pointí (a) agus (b), a chur i bhfeidhm, agus go páirteach trí mhodheolaíochtaí athchúrsála eile, áiritheoidh na Ballstáit go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha atá bunaithe ina gcríoch an mhodheolaíocht a leagtar síos in Airteagal 6 i bhfeidhm ag gach céim sa slabhra soláthair ag tosú ón gcéim ina measctar modheolaíochtaí athchúrsála. Sula ndéanfar an meascadh, beidh feidhm ag an modheolaíocht a leagtar síos i míreanna 2 agus 3, faoi seach.

Airteagal 6

Meáchan an ábhair incháilithe a ríomh

1.   Bunófar pointí ríomha nuair a athraítear comhdhéanamh ceimiceach nó fisiceach an ábhair a eascraíonn, go hiomlán nó go páirteach, as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais, lena n-áirítear cásanna ina measctar é le haon ábhar eile. Déanfar meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéal TPE a ríomh tráth a chuirfear ar an margadh é, bunaithe ar na sonraí a fhaightear ag na pointí ríomha le haghaidh gach ceann dá chodanna.

2.   I gcás, ag pointe ríomha, inar eol cion an ábhair incháilithe sna haschuir, agus i gcás nár cuireadh aon chuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm roimhe sin, déanfar meáchan an ábhair incháilithe a ríomh le haghaidh gach baisce de gach aschur trí chéatadán an ábhair incháilithe san aschur a iolrú faoi mheáchan na baisce.

3.   I gcás, ag pointe ríomha, nach bhfuil feidhm ag mír 2 den Airteagal seo, úsáidfear cuntasaíocht mhaischothromaíochta i gcomhréir le hAirteagal 7.

Airteagal 7

Cuntasaíocht mhaischothromaíochta

1.   Cinnfear na méideanna sannta ar bhonn sonraí oibríochtúla a bhaineann go sonrach leis an bpróiseas agus atá ionadaíoch don tréimhse faoi bhreathnú, i gcomhréir le míreanna 2 go 5.

2.   Cinnfear ríomh mheáchan an ábhair incháilithe sna hionchuir bunaithe ar cheann de na foinsí seo a leanas:

(a)

na dearbhuithe a fuarthas ó oibreoirí eacnamaíocha seachas an t-oibreoir eacnamaíoch ag an bpointe ríomha i gcomhréir le hAirteagal 8(3), i gcás ina soláthraíonn na hoibreoirí eacnamaíocha eile sin an t-ábhar incháilithe;

(b)

doiciméadacht inmheánach an oibreora eacnamaíoch ag an bpointe ríomha.

3.   I gcás inarb é an pointe ríofa an chéad phointe ríofa ar chonair athchúrsála ar a ndéantar an t-ábhar incháilithe uile a phróiseáil ina bhreoslaí nó ina chaillteanais nó ina dtéann sé isteach i scoilteoir gaile agus i gcás ina bhfuil an t-ábhar incháilithe ionchuir i bhfoirm leachtach, beidh feidhm ag mír 4.

I gcás inar leacht é an t-ábhar incháilithe ionchuir agus ina dtéann sciar de, seachas iomlán an leachta, isteach i scoilteoir gaile ag pointe ríofa níos déanaí, agus ina ndéantar tuilleadh próiseála ar sciar de chun próipiléin a dhéanamh den sciar sin gan dul isteach i scoilteoir gaile, beidh feidhm ag mír 4 suas go dtí an pointe a scartar an t-ábhar a úsáidtear chun próipiléin a tháirgeadh gan dul isteach i scoilteoir gaile (an ‘sruth próipiléine’) ón ábhar a rachaidh isteach i scoilteoir gaile (an ‘sruth scoilteora gaile’).

(a)

Maidir leis an sruth próipiléine, beidh sciar na méideanna sannta san ábhar aschuir cothrom le sciar an ábhair incháilithe san ábhar ionchuir. I bpointí ríomha ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag mír 5.

(b)

Maidir leis an sruth scoilteora gaile, beidh feidhm ag mír 4 maidir leis na céimeanna atá fágtha.

Sna cásanna eile uile, beidh feidhm ag mír 5.

4.   Cinnfear meáchan an ábhair incháilithe a chuirtear isteach i scoilteoir gaile i gcomhréir leis na céimeanna seo a leanas:

(a)

an fiuchphointe uasta inghlactha a bhunú;

(b)

meáchan an ábhair ionchuir incháilithe a ghalaítear ag an bhfiuchphointe uasta inghlactha a chinneadh, i gcomhréir le modh caighdeánach tástála le haghaidh dháileadh fiuchraoin na gcodán peitriliam trí chrómatagrafaíocht gháis, amhail EN 15199-3:2021 agus EN 15199-4:2021 nó a gcoibhéis;

(c)

meáchan an ábhair ionchuir iomláin, a d’fhéadfadh a bheith ina chumasc d’ábhar incháilithe agus neamh-incháilithe, a ghalaítear ag an bhfiuchphointe uasta inghlactha a chinneadh, i gcomhréir le modh caighdeánach tástála le haghaidh dháileadh fiuchraoin na gcodán peitriliam trí chrómatagrafaíocht gháis, amhail EN 15199-3:2021 agus EN 15199-4:2021 nó a gcoibhéis;

(d)

má théann an sciar den ábhar ionchuir iomlán nach ngalaítear ag an bhfiuchphointe uasta inghlactha trí chéim phróiseála tar éis an phointe ríomha seo agus sula dtéann sé isteach sa scoilteoir gaile ina n-athraítear cuar fiuchphointe an ábhair ionchuir, déanfar na céimeanna seo a leanas i ngach céim phróiseála den sórt sin:

(i)

meáchan an ábhair incháilithe sna haschuir a ghalaítear ag an bhfiuchphointe uasta inghlactha a chinneadh, i gcomhréir le modh caighdeánach tástála le haghaidh dháileadh fiuchraoin na gcodán peitriliam trí chrómatagrafaíocht gháis, amhail EN 15199-3:2021 agus EN 15199-4:2021 nó a gcoibhéis, agus an meáchan sin a chur leis an meáchan arna chinneadh i bpointe (b);

(ii)

meáchan na n-aschur a ghalaítear ag an bhfiuchphointe uasta inghlactha a chinneadh, i gcomhréir le modh caighdeánach tástála le haghaidh dháileadh fiuchraoin na gcodán peitriliam trí chrómatagrafaíocht gháis, amhail EN 15199-3:2021 agus EN 15199-4:2021 nó a gcoibhéis, agus an meáchan sin a chur leis an meáchan arna chinneadh i bpointe (c);

(e)

cóimheas an mheáchain arna chinneadh i gcomhréir le pointe (b) agus arna choigeartú i gcomhréir le pointe (d) agus an ualaigh arna chinneadh i gcomhréir le pointe (c) agus arna choigeartú i gcomhréir le pointe (d) a ríomh nó a mheas go bhfuil an cóimheas cothrom leis an gcóimheas idir meáchan an ábhair ionchuir incháilithe agus meáchan an ábhair ionchuir iomláin i gcás ina soláthraíonn an t-oibreoir eacnamaíoch fianaise infhíoraithe nach bhfuil an chéim i bpointe (b) ná i bpointe (d)(i) indéanta go teicniúil;

(f)

meáchan an ábhair a chuirtear isteach sa scoilteoir gaile nó sna scoilteoirí gaile sin is ábhartha maidir le pointe (a) a chinneadh, ar bhonn fianaise infhíoraithe a sholáthraíonn an t-oibreoir eacnamaíoch;

(g)

an cóimheas arna chinneadh i bpointe (e) a iolrú faoi mheáchan an ábhair arna chinneadh i bpointe (f), arb é an toradh a bheidh air meáchan an ábhair incháilithe a mheastar a théann isteach sa scoilteoir gaile nó sna scoilteoirí gaile;

(h)

is ag aschur an scoilteora gaile nó na scoilteoirí gaile a bheidh an chéad phointe ríomha eile ina gcinnfear sannadh an ábhair ionchuir incháilithe a théann isteach sa scoilteoir gaile nó sna scoilteoirí gaile do na haschuir éagsúla.

5.   Déanfar na bearta seo a leanas:

(a)

leithdháilfear meáchan an ábhair ionchuir incháilithe ar na haschuir éagsúla sa chaoi go mbeidh an sciar coibhneasta d’ábhar incháilithe i ngach aschur cothrom leis an sciar coibhneasta den ábhar incháilithe san ionchur;

(b)

aicmeofar gach aschur de réir a chatagóire aschuir;

(c)

i gcás gach aschuir, déanfar meáchan an ábhair ionchuir incháilithe leithdháilte a iolrú faoi fhachtóir dé-úsáide, is é sin an sciar den aschur atá fágtha ar an gconair athchúrsála, chun méid sannta an aschuir sin a fháil, mar a leanas:

(i)

i gcás aschuir de chuid na catagóire aschuir ‘neamhbhreoslaí’, beidh an fachtóir dé-úsáide cothrom le 1;

(ii)

i gcás aschuir de chuid na catagóire aschuir ‘breoslaí’ agus ‘caillteanais’, beidh an fachtóir dé-úsáide cothrom le 0;

(iii)

i gcás aschuir de chuid na catagóire aschuir ‘aschuir dhé-úsáide’, beidh an fachtóir dé-úsáide:

(1)

cothrom le 0 i gcás ina bhfuil an t-aschur soladach;

(2)

cothrom leis an sciar a soláthraíonn an t-oibreoir eacnamaíoch fianaise infhíoraithe ina leith go bhfanann sé ar an gconair athchúrsála i gcás ina bhfuil an t-aschur leachtach nó gásach.

6.   Tar éis dó méideanna sannta a dháileadh de bhun mhíreanna 2 go 5, féadfaidh an t-oibreoir eacnamaíoch na méideanna sannta a ath-leithdháileadh i measc na n-aschur éagsúil faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:

(a)

ní leithdháiltear méideanna sannta ach amháin ar aschuir ar féidir a chruthú ina leith go bhfuil próiseas ceimiceach indéanta ann a fhágann gur féidir ionchur incháilithe a chlaochlú go réalaíoch ina aschuir den sórt sin.

(b)

ní mó an méid sannta d’aschur sonrach ná an sciar de chodanna sin an aschuir is féidir a theacht ón ábhar ionchuir incháilithe úsáidte;

(c)

ní polaiméirí iad na hionchuir ná na haschuir san am céanna.

7.   3 mhí atá san uastréimhse inar féidir cuntasaíocht mhaischothromaíochta a dhéanamh. Féadfar cuntas deimhneach méideanna sannta a thabhairt anonn go dtí an chéad tréimhse eile. Ní cheadófar cuntas diúltach méideanna sannta tráth ar bith.

8.   Cuirfear cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm maidir le gach saoráid. Ní aistreofar méideanna sannta idir saoráidí éagsúla cuideachta ná idir cuideachtaí éagsúla.

9.   Beidh meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a mbailíonn na Ballstáit sonraí ó oibreoirí eacnamaíocha ina leith i gcomhréir le hAirteagal 5(1) cothrom leis na méideanna sannta a leithdháileadh ar an ábhar a úsáidtear sna buidéil TPE a chuirtear ar an margadh.

Airteagal 8

Fíorú

1.   Fíoróidh na Ballstáit na sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de réir cur chuige rioscabhunaithe, gan beann ar an áit inar gineadh nó inar athchúrsáladh an dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais.

2.   Ní thuairisceoidh na Ballstáit ach sonraí a ríomhtar, a bhailítear agus a fhíoraítear i gcomhréir leis an gCinneadh seo. Is iad na Ballstáit atá freagrach as fíorú na sonraí a thuairiscíonn siad don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 9.

3.   Soláthróidh oibreoirí eacnamaíocha dearbhú a bhaineann le hábhar athchúrsáilte, a ghabhann le gach baisc ábhair a sholáthraítear dá gcustaiméirí, arna eisiúint i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn V, codanna A, B agus C, de réir mar is ábhartha. Coimeádfaidh oibreoirí eacnamaíocha na dearbhuithe a fhaightear óna soláthróirí go ceann 5 bliana ar a laghad. Oibreoirí eacnamaíocha nach n-athraíonn comhdhéanamh ceimiceach ná fisiceach an ábhair ná nach meascann é le haon ábhar eile, ní cheanglófar orthu dearbhú a ghiniúint, ach ceanglófar orthu na dearbhuithe a fhaightear óna soláthróirí a chur ar aghaidh chuig a gcustaiméirí, agus é sin amháin.

4.   Maidir le sonraí a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 5(3) nó 5(4), beidh feidhm ag míreanna 5 go 10 den Airteagal seo.

5.   Oibreoirí eacnamaíocha a phróiseálann ábhar nach bhfuil comhdhéanta de pholaiméirí ag céim an ionchuir agus ag céim an aschuir araon, agus a ríomhann sonraí i gcomhréir le hAirteagal 6(3), comhlíonfaidh siad na ceanglais uile seo a leanas:

(a)

córas a bheith acu chun an fhianaise uile a bhaineann leis na ríomhanna a dhéanann siad nó a mbraitheann siad orthu a choinneáil slán agus chun athbhreithniú a dhéanamh uirthi;

(b)

córas feidhmiúil a bheith acu chun méideanna sannta a ríomh i gcomhréir le hAirteagal 6(3);

(c)

an fhianaise uile is gá a choimeád ar feadh 5 bliana ar a laghad, nó níos faide ná sin i gcás inar ceanglas de chuid an Bhallstáit ábhartha é sin, chun a léiriú go bhfuil an Cinneadh seo agus Treoir (AE) 2019/904 á gcomhlíonadh;

(d)

freagracht a ghlacadh as aon fhaisnéis a ullmhú a bhaineann le fíorú na fianaise dá dtagraítear i bpointe (c);

(e)

beidh siad faoi réir fíorú bliantúil ar leibhéal saoráide arna dhéanamh ag fíoraitheoir i gcomhréir le mír 6 den Airteagal seo.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (e), déanfar an fíorú gach 3 bliana i gcás micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí Mholadh 2003/361/CE ón gCoimisiún (13).

6.   Roghnóidh agus ceapfaidh an fíoraitheoir foireann fíorúcháin. Déanfar an fíorú ar chomhlíontacht na rialacha a leagtar síos in Airteagal 5(3) agus (4) ar an láthair agus i gcomhréir leis an gcaighdeán is infheidhme, ar foilsíodh an tagairt dó in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 765/2008, agus cuimseofar ann na gnéithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

sainaithint na ngníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an oibreoir eacnamaíoch ar gníomhaíochtaí iad atá ábhartha chun an sprioc a bhaint amach;

(b)

sainaithint chórais ábhartha an oibreora eacnamaíoch agus a eagrúchán foriomlán i ndáil leis na spriocanna a bhaint amach agus seiceálacha ar chur chun feidhme éifeachtach na gcóras rialaithe ábhartha;

(c)

anailís ar na rioscaí a bhféadfadh míráiteas ábhartha a bheith mar thoradh orthu, bunaithe ar eolas gairmiúil an iniúchóra agus ar an bhfaisnéis a chuireann an t-oibreoir eacnamaíoch isteach, ina gcuirtear próifíl riosca fhoriomlán na ngníomhaíochtaí san áireamh, ag brath ar leibhéal riosca an oibreora eacnamaíoch agus an tslabhra soláthair, go háirithe na rioscaí ag na céimeanna réamhtheachtacha agus iartheachtacha is gaire;

(d)

plean fíorúcháin a chomhfhreagraíonn don anailís riosca agus do raon feidhme agus do chastacht ghníomhaíochtaí an oibreora eacnamaíoch, agus lena sainítear na modhanna samplála a bheidh le húsáid i ndáil le gníomhaíochtaí an oibreora sin;

(e)

an plean fíorúcháin a chur chun feidhme trí fhianaise a bhailiú i gcomhréir leis na modhanna samplála sainmhínithe dá dtagraítear i bpointe (d), lena n-áirítear an fhianaise ábhartha bhreise uile;

(f)

iarraidh ar an oibreoir aon ghné de rianta iniúchta atá in easnamh, míniú ar athruithe nó an t-athbhreithniú ar mhaímh nó ar ríomhanna a sholáthar;

(g)

liosta de na hionchuir uile in aghaidh na saoráide atá ábhartha maidir leis na spriocanna a bhaint amach, chomh maith le tuairisc ar an ábhar ábhartha a láimhseáiltear agus mionsonraí a sholáthróirí uile;

(h)

liosta de na haschuir uile in aghaidh na saoráide atá ábhartha do bhaint amach na spriocanna, chomh maith le tuairisc ar an ábhar ábhartha a láimhseáiltear agus mionsonraí a chustaiméirí uile;

(i)

an fhaisnéis ábhartha uile maidir le leithdháileadh ábhair incháilithe ar na haschuir de bhun Airteagal 7;

(j)

aon neamhréireacht idir córas leabharchoimeádta agus ionchuir, aschuir agus iarmhéideanna.

7.   Beidh an inniúlacht, an taithí agus na scileanna cineálacha agus sonracha is gá ag an bhfoireann fíorúcháin chun na gníomhaíochtaí fíorúcháin a dhéanamh, agus raon feidhme an iniúchta á chur san áireamh.

8.   Comhlíonfaidh an fíoraitheoir agus a fhoireann na ceanglais seo a leanas:

(a)

cloífidh siad le prionsabail na heitice gairmiúla, lena gcuimsítear ionracas, oibiachtúlacht, inniúlacht ghairmiúil agus dícheall cuí;

(b)

beidh tuiscint chuimsitheach acu ar na heintitis a bhfuil a ríomhanna agus a ndearbhuithe bliantúla á n-iniúchadh;

(c)

léireoidh siad inniúlacht maidir le meastóireacht a dhéanamh ar iontaofacht na sonraí foluiteacha agus na faisnéise foluití;

(d)

beidh siad neamhspleách ar an oibreoir eacnamaíoch atá faoi réir an fhíoraithe.

9.   Beidh na saintréithe uile seo a leanas sna deimhnithe a eisítear i gcomhthéacs an fhíoraithe:

(a)

cuimseofar iontu, ar a laghad, na gnéithe a leagtar amach in Iarscríbhinn IV;

(b)

beidh siad bailí go ceann bliana, seachas i gcás micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide de réir bhrí na hIarscríbhinne a ghabhann le Moladh 2003/361/CE, a mbeidh siad bailí go ceann 3 bliana ina leith;

(c)

beidh siad aitheanta ag na Ballstáit uile.

10.   Oibreoirí eacnamaíocha a phróiseálann ábhar nach bhfuil comhdhéanta de pholaiméirí ag céim an ionchuir nó ag céim an aschuir, soláthróidh siad cóip den deimhniú dá dtagraítear i mír 9 dá ngarchustaiméirí.

Oibreoirí eacnamaíocha a phróiseálann ábhar atá comhdhéanta de pholaiméirí ag céim an ionchuir agus ag céim an aschuir araon agus a bhfuil cóip de dheimhniú amháin nó níos mó dá dtagraítear i mír 9 faighte acu, cuirfidh siad cóip de na deimhnithe sin ar aghaidh chuig a ngarchustaiméirí.

Gheobhaidh na Ballstáit, ó na hoibreoirí eacnamaíocha a chuireann buidéil TPE ar an margadh, an dearbhú dá dtagraítear i mír 3 mar aon leis na deimhnithe a fuair na hoibreoirí eacnamaíocha sin óna soláthróirí.

Airteagal 9

Bailiú agus tuairisciú sonraí a dhéanfaidh na Ballstáit

1.   Gach bliain ríomhfaidh na Ballstáit meáchan an phlaistigh i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 3, meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 4 agus cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte a eascraíonn as sin i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 2.

2.   Is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo a thuairisceoidh na Ballstáit na sonraí dá dtagraítear i mír 1 agus is san fhormáid a leagtar síos in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo a chuirfidh na Ballstáit isteach an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 13(2) de Threoir (AE) 2019/904 a mhéid a bhaineann leis na sonraí sin.

Airteagal 10

Clásal athbhreithnithe

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an gCinneadh seo faoin 1 Eanáir 2030 ar a dhéanaí.

Airteagal 11

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Chinneadh seo.

Airteagal 12

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 30 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 155, 12.6.2019, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2019/904/oj).

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2023 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide (IO L, 2023/2683, 1.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2683/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).

(5)  ECFE, Cinneadh ón gComhairle maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíola atá beartaithe le haghaidh Oibríochtaí Aisghabhála, ECFE/LEGAL/0266.

(6)  Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe, (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).

(7)  Cinneadh 2005/270/CE ón gCoimisiún an 22 Márta 2005 lena mbunaítear na formáidí a bhaineann leis an gcóras bunachair sonraí de bhun Threoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, IO L 86, 5.4.2005, lch. 6, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/270/oj.

(8)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj.

(9)  Rialachán (AE) 2025/40 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le pacáistíocht agus dramhaíl ó phacáistíocht, lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1020 agus Treoir (AE) 2019/904, agus lena n-aisghairtear Treoir 94/62/CE (IO L, 2025/40, 22.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/40/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 609/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le bia a cheaptar lena úsáid mar bhia do naíonáin agus do leanaí óga, maidir le bia chun críocha speisialta míochaine, agus maidir le hionadach ar an aiste bia iomlán chun meáchan a rialú agus lena n-aisghairtear Treoir 92/52/CEE ón gComhairle, Treoir 96/8/CE ón gCoimisiún, Treoir 1999/21/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/125/CE ón gCoimisiún, Treoir 2006/141/CE ón gCoimisiún, Treoir 2009/39/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 41/2009 ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 953/2009 ón gCoimisiún (IO L 181, 29.6.2013, lch. 35, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/609/oj).

(11)  Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail agus ceanglais ghinearálta maidir le dlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2002/178/oj).

(12)  Rialachán (CE) Uimh. 765/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 lena leagtar amach na ceanglais maidir le creidiúnú agus maidir le faireachas margaidh a bhaineann le táirgí a mhargú, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 339/93 (IO L 218, 13.8.2008, lch. 30, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/765/oj).

(13)  Moladh 2003/361/CE ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2003 maidir le micrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide a shainmhíniú, IO L 124, 20.5.2003, lch. 36, ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2003/361/oj.


IARSCRÍBHINN I

Na foirmlí chun cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a ríomh

Déanfar cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 2 a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:

1.

RC = R/W x 100 %

I gcás:

ina gciallaíonn RC cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 2

ina gciallaíonn R meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 4

ina gciallaíonn W meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh dá dtagraítear in Airteagal 3

Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:

2.

R= R_b + R_c + R_l

I gcás:

ina gciallaíonn R_b meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcoirp na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh

ina gciallaíonn R_c meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcaipíní/cláir na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh

ina gciallaíonn R_l meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i lipéid/clúdaigh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh.

Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a ríomh tríd an bhfoirmle seo a leanas a chur i bhfeidhm:

3.

W= W_b + W_c + W_l

I gcás:

ina gciallaíonn W_b meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcoirp na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh

ina gciallaíonn W_c meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcaipíní/cláir na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh

ina gciallaíonn W_l meáchan an phlaistigh a úsáidtear i lipéid/clúdaigh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh.

Má dhéanann Ballstát meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 3(2) agus meáchan an phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh i gcomhréir le hAirteagal 4(2) a choigeartú chun onnmhairí nó aistrithe buidéal TPE go Ballstáit eile a chur san áireamh, úsáidfear na foirmlí seo a leanas:

4.

R = R_MS – R_out_to_other_MS – R_exported

I gcás:

ina gciallaíonn R_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (lena n-áirítear buidéil TPE a allmhairítear nó a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus buidéil TPE a onnmhairítear nó a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát)

ina gciallaíonn R_out_to_other_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn R_ exported meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh, i.e. a aistríodh amach as an Aontas chuig tríú tíortha, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát.

5.

R_MS = R_man_in_MS + R_in_from_other_MS + R_imported

I gcás:

ina gciallaíonn R_man_in_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn R_in_from_other_MS meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn R_ imported meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh, i.e. a aistríodh isteach san Aontas ó thríú tíortha, agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

6.

W= W_MS – W_out_to_other_MS – W_exported

I gcás:

ina gciallaíonn W_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (lena n-áirítear buidéil TPE a allmhairítear nó a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus buidéil TPE a onnmhairítear nó a aistrítear amach chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát)

ina gciallaíonn W_out_to_other_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear amach chuig Ballstáit eile, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn W_ exported meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh, i.e. a aistríodh amach as an Aontas chuig tríú tíortha, tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát

7.

W_MS = W_man_in_MS + W_in_from_other_MS + W_imported

I gcás:

ina gciallaíonn W_man_in_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn W_in_from_other_MS meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear isteach ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

ina gciallaíonn W_ imported meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh, i.e. a aistríodh isteach san Aontas ó thríú tíortha, agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát

Ós rud é gurb éard atá i mbuidéal TPE a chorp, a chaipín, a chlár, a lipéad agus a chlúdach, más ann do lipéad nó do chlúdach, déanfar na téarmaí sa suimiúchán i bhfoirmlí 4 go 7 a ríomh trí na foirmlí seo a leanas a chur i bhfeidhm:

8.

R_x = R_x_b + R_x_c + R_x_l

I gcás:

ina bhfuil ‘MS’, nó ‘man in MS’, nó ‘in from other MS’, nó ‘imported’, nó ‘out to other MS’, nó ‘exported’ le cur in ionad x

ina gciallaíonn R_x aon cheann de na téarmaí sa suimiúchán ar an taobh deas den chothromóid i bhfoirmlí 4 agus 5

ina gciallaíonn R_x_b meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcorp R_x

ina gciallaíonn R_x_c meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i gcaipín/clár R_x

ina gciallaíonn R_x_l meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i lipéad/clúdach R_x

9.

W_x = W_x_b + W_x_c + W_x_l

I gcás:

ina bhfuil ‘MS’, nó ‘man in MS’, nó ‘in from other MS’, nó ‘imported’, nó ‘out to other MS’, nó ‘exported’ le cur in ionad x

ina gciallaíonn W_x aon cheann de na téarmaí sa suimiúchán ar an taobh deas den chothromóid i bhfoirmlí 6 agus 7

ina gciallaíonn W_x_b meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcorp W_x

ina gciallaíonn W_x_c meáchan an phlaistigh a úsáidtear i gcaipín/clár W_x

ina gciallaíonn W_x_l meáchan an phlaistigh a úsáidtear i lipéad/clúdach W_x


IARSCRÍBHINN II

AN FHORMÁID INA dTUAIRISCEOFAR NA SONRAÍ

1.   An fhormáid ina dtuairisceofar na sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 3

Tábla 1

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3 (ina thonaí)

 

 

Buidéil TPE

 

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (1)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear gach ceann de (2) W_man in MS, (3) W_in from other MS agus (4) W_imported ]

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (2)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ]

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh (3)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ]

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh agus a chuirtear ar an margadh (4)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) W_MS ]

 

 

 

 

 

 

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (5)

 

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (6)

 

 

 

Meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna choigeartú (7)

 

 

 

Nótaí:

Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú

(1)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). W_MS

(2)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). W_man in MS

(3)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). W_in from other MS

(4)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). W_imported

(5)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). W_out to other MS

(6)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). W_exported

(7)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(2). W

2.   An fhormáid ina dtuairisceofar na sonraí arna ríomh trí bhíthin na modheolaíochta a leagtar amach in Airteagal 4

Tábla 2

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil PET a chuirtear ar an margadh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4 (ina thonaí) agus cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte (ina chéatadán)

 

 

Buidéil TPE

 

TÍR:

 

BLIAIN TAGARTHA:

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (1)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear gach ceann de (2) R_man in MS, (3) R_in from other MS agus (4) R_imported ]

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a mhonaraítear agus a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát (2)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ]

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear ó Bhallstáit eile agus a chuirtear ar an margadh (3)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ]

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a allmhairíodh agus a chuirtear ar an margadh (4)

[sainordaitheach mura dtuairiscítear (1) R_MS ]

 

 

 

 

 

 

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a aistrítear chuig Ballstáit eile tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (5)

 

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a onnmhairíodh tar éis iad a bheith curtha ar an margadh sa Bhallstát (6)

 

 

 

Meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh arna choigeartú (7)

 

 

 

Cion an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE, arna shloinneadh mar chéatadán (8)

 

 

 

Nótaí:

Boscaí faoi scáthdhathú dorcha: Ar bhonn deonach a dhéantar an tuairisciú

(1)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(1). R_MS

(2)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3(1). R_man in MS

(3)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2). R_in from other MS

(4)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2). R_imported

(5)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2). R_out to other MS

(6)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2). R_exported

(7)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(2). R

(8)

Arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 2. RC


IARSCRÍBHINN III

AN FHORMÁID INA mBEIDH AN TUARASCÁIL MAIDIR LE SEICEÁIL CÁILÍOCHTA

1.   FAISNÉIS GHINEARÁLTA

1.1.

Ballstát:

 

1.2.

An eagraíocht a chuireann isteach na sonraí agus an tuarascáil maidir le seiceáil cáilíochta:

 

1.3.

Ainm an teagmhálaí:

 

1.4.

Seoladh ríomhphoist an teagmhálaí:

 

1.5.

Uimhir theileafóin an teagmhálaí:

 

1.6.

Bliain tagartha:

 

1.7.

Dáta/leagan seachadta:

 

1.8.

Nasc chuig foilsiú na sonraí a rinne an Ballstát (más ann dó)

 

2.   TUAIRISC AR NA HINSTITIÚIDÍ A BHFUIL BAINT ACU LEIS AN MBAILIÚ SONRAÍ

Ainm na hinstitiúide

Tuairisc ar an ról agus ar na príomhfhreagrachtaí

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

3.   TUAIRISC AR NA MODHANNA A ÚSÁIDTEAR

3.1.   Tuairisc ar raon feidhme ríomh an ábhair phlaistigh athchúrsáilte i mbuidéil TPE mar a thrasuitear é sa dlí náisiúnta

Tuairisc ar an leibhéal ar a ríomhtar baint amach na sprice a leagtar síos in Airteagal 6(5), pointe (a), de Threoir (AE) 2019/904. Mar shampla, d’fhéadfadh ceanglais shainordaitheacha a bheith mar sprioc le haghaidh gach buidéil TPE aonair a chuirtear ar an margadh, nó mar mheán le haghaidh na mbuidéal TPE a chuireann gach oibreoir eacnamaíoch ar an margadh, nó mar mheán le haghaidh na mbuidéal TPE a chuirtear ar an margadh sa Bhallstát.

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

3.2.   Na modheolaíochtaí agus foinsí chun sonraí a bhailiú agus a thiomsú

Tuairisc ar na modheolaíochtaí agus na foinsí a cuireadh i bhfeidhm chun na sonraí a bhailiú agus a thiomsú i gcás na n-uirlisí uile a úsáidtear chun sonraí a bhailiú.

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

3.3.   Toimhdí breise

Tuairisc ar aon toimhde bhreise nó ar aon toisc choigeartaithe bhreise a úsáideadh chun iad a ríomh, an cur chuige a úsáideadh chun iad a mheas agus aon fhianaise thacaíochta.

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

4.   CÓRAS FÍORÚCHÁIN AGUS RIALAITHE SONRAÍ

4.1.   Sonraí faoi mheáchan an phlaistigh agus an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a fhíorú

Nósanna imeachta um fhíorú agus rialú

 

Arna gcur i bhfeidhm maidir le sonraí faoi mheáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (cuireadh/níor cuireadh)

 

Arna gcur i bhfeidhm maidir le sonraí faoi mheáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (cuireadh/níor cuireadh)

Barúlacha breise, más ábhartha

Seiceálacha ar iomláine na sonraí

 

 

 

 

 

Cros-seiceálacha

 

 

 

 

 

Seiceálacha i dtaca le hamshraith

 

 

 

 

 

Seiceálacha iniúchóireachta

 

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

4.2.   Tuairisc ar na príomhthosca a dhéanann difear do chruinneas na sonraí a thuairiscítear faoi bhuidéil TPE a chuirtear ar an margadh agus faoin bplaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh

Tosca a d’fhéadfadh difear a dhéanamh d’iontaofacht na sonraí

 

Buidéil TPE a chuirtear ar an margadh (d’fhéadfadh/ní fhéadfadh)

 

Plaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh (d’fhéadfadh/ní fhéadfadh)

Tuairisc ar an gcaoi a ndéantar difear do chruinneas na sonraí

Tuairisc ar na modheolaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun tionchar sonraí míchruinne a íoslaghdú

Earráidí sa tsampláil (1) (e.g. comhéifeachtaí éagsúlachta)

 

 

 

 

 

 

Earráidí sa chumhdach (2) (e.g. rialacha de minimis, an cumhdach réigiúnach)

 

 

 

 

 

 

Earráidí tomhais (3) (e.g. aonad tomhais)

 

 

 

 

 

 

Ionstraimí tástála an bhailithe sonraí (4) (e.g. tástáil na gceistneoirí)

 

 

 

 

 

 

Earráidí sa phróiseáil (5) (e.g. sainaithint earráidí, ceartú earráidí)

 

 

 

 

 

 

Earráidí ó neamhfhreagairt (6)

 

 

 

 

 

 

Earráidí toimhdean na samhla (7)

 

 

 

 

 

 

Eile (sonraigh)

 

 

 

 

 

 

4.3.   Míniú ar raon feidhme agus bailíocht na suirbhéanna chun sonraí a bhailiú maidir le buidéil TPE a chuirtear ar an margadh agus maidir le plaisteach athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

4.4.   Difríochtaí sna sonraí a tuairiscíodh le haghaidh na mblianta tagartha roimhe sin

Athruithe móra modheolaíochta i dtaca leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh na bliana reatha i ndáil leis an modh ríofa a úsáideadh le haghaidh blianta tagartha roimhe sin, más ann dóibh (go háirithe athbhreithnithe cúlghabhálacha, cineál na n-athbhreithnithe sin agus tásc lena léirítear an gá neamhleanúnachas sa tsraith a lua le haghaidh bliain áirithe)

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

4.5.   Míniú ar an difríocht sa tonnáiste

Déanfar an roinn seo a líonadh isteach má léiríonn na sonraí tuairiscithe éagsúlacht is mó ná 10 % i dtaca leis na sonraí a cuireadh isteach le haghaidh na bliana tagartha roimhe sin.

Na cúiseanna leis an difríocht nó an bhunchúis leis na difríochtaí i meáchan buidéal TPE a chuirtear ar an margadh nó i meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh.

Éagsúlachtaí i meáchan an phlaistigh a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh

Éagsúlacht (%)

An phríomhchúis leis an éagsúlacht

 

 

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

Éagsúlachtaí i meáchan an phlaistigh athchúrsáilte a úsáidtear i mbuidéil TPE a chuirtear ar an margadh

Éagsúlacht (%)

An phríomhchúis leis an éagsúlacht

 

 

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

5.   RÚNDACHT

Cúiseanna leis an iarraidh gan na sonraí tuairiscithe nó faisnéis áirithe a sholáthraítear sa tuarascáil sin a fhoilsiú, mar aon le liosta na gcodanna sonracha a iarradh gan iad a fhoilsiú.

 

(Cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)


IARSCRÍBHINN IV

FOIRM SHAMPLACH LE hAGHAIDH DEIMHNITHE

Deimhniú gur comhlíonadh Cinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún

An t-oibreoir eacnamaíoch atá cláraithe faoin uimhir inmheánach XXX, comhlíonann sé na ceanglais uile a leagtar síos in Airteagal 8 (5) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún, lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ríomh, fíorú agus tuairisciú sonraí faoi ábhar plaisteach athchúrsáilte i mbuidéil deochanna phlaisteacha aon úsáide agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2683 ón gCoimisiún, ag na láithreáin a liostaítear i gclárlann an fhíoraitheora seo.

Níor aimsíodh aon fhianaise nár comhlíonadh na rialacha a leagtar síos in Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425ón gCoimisiún idir xx/xx/20xx agus xx/xx/20xx

Tréimhse bhailíochta: [xx/xx/20xx – xx/xx/20xx]

Ainm an fhíoraitheora:

Seoladh an fhíoraitheora:

[Síniú an fhíoraitheora]


IARSCRÍBHINN V

Cuid A: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh isteach ag pointe tionscnaimh na dramhaíola

1.

Oibreoir eacnamaíoch

1.1

Ainm:

 

1.2

Seoladh na Ceanncheathrún:

 

1.3

Seoladh an láithreáin táirgthe:

 

1.4

Dáta:

 

2.

Ábhar

2.1.

Ainm nó sonraíocht an ábhair/Trádainm:

 

2.2.

Tír thionscnaimh:

 

2.3.

Cód tráchtearra a úsáidtear le haghaidh allmhairiú (más ó allmhairiú a thagann an t-ábhar lena mbaineann an dearbhú seo):

 

2.4.

Uimhir bhaisce:

 

2.5.

Meáchan iomlán [ina kg]:

 

2.6.

Meáchan na dramhaíola plaistí iarthomhaltais mar a shainítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [ina kg]:

 

2.7.

Céatadán na dramhaíola plaistí iarthomhaltais mar a shainítear in Airteagal 1(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [= cóimheas de 2,6 agus 2,5]:

 

Cuid B: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh ag athchúrsálaithe, tiontairí, oibreoirí gnólachtaí bia agus allmhaireoirí le haghaidh ábhar NACH bhfuil feidhm ag Airteagal 5(2) pointí (a) agus (b) maidir leis

1.

Oibreoir eacnamaíoch

1.1.

Ainm:

 

1.2.

Seoladh na Ceanncheathrún:

 

1.3.

Seoladh an láithreáin táirgthe:

 

1.4.

Dáta:

 

2.

Ábhar

2.1.

Ainm nó sonraíocht an ábhair/Trádainm:

 

2.2.1

An ndearnadh bunábhar don chéim seo nó do chéimeanna roimhe seo sa slabhra soláthair a allmhairiú ó thríú tíortha?

☐Rinneadh

☐Ní dhearnadh

2.2.2

Má rinneadh, cé na tríú tíortha lena mbaineann?

 

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

2.2.3

Má rinneadh, cóid tráchtearraí a úsáidtear le haghaidh allmhairí:

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

2.3.

Uimhir bhaisce:

 

2.4.

Meáchan iomlán [ina kg]:

 

2.5.

Meáchan an ábhair a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), a ndearnadh na céimeanna athchúrsála uile (lena n-áirítear sórtáil) ina leith i dtíortha atá faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún, agus a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [ina kg]:

 

2.6.

An céatadán den ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2), a ndearnadh na céimeanna athchúrsála uile (lena n-áirítear sórtáil) ina leith i dtíortha atá faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún, agus a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [= cóimheas de 2,5 agus 2,4]:

 

3.

Teicneolaíochtaí athchúrsála

3.1.

Teicneolaíochtaí athchúrsála a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an ábhar

Teicneolaíocht athchúrsála:

An sciar den ábhar mar thoradh ar an teicneolaíocht sin:

 

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

 

3.2.

An dtagann an t-ábhar faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2022/1616 ón gCoimisiún an 15 Meán Fómhair 2022 maidir le hábhair phlaisteacha athchúrsáilte agus earraí plaisteacha athchúrsáilte atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bianna agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 282/2008 (1)?

☐Tagann

☐Ní thagann

Má thagann: Ábhar athchúrsáilte reatha/iarbhír mar a dhearbhaítear sa dearbhú comhlíontachta ar leith de bhun Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616:

 

3.3.

An dtagann an t-ábhar faoi raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 10/2011 ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2011 maidir le hábhair phlaisteacha agus earraí plaisteacha atá beartaithe lena dteacht i dteagmháil le bia (2)?

☐Tagann

☐Ní thagann

4.

Cuntasaíocht mhaischothromaíochta

4.1.

Ar cuireadh cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm maidir leis an ábhar ag an gcéim sin nó ag na céimeanna roimhe sin?

☐Cuireadh

☐Níor cuireadh

4.2.

Má cuireadh, líon isteach an tábla thíos leis an bhfaisnéis maidir le deimhniú/deimhnithe an oibreora eacnamaíoch/na n-oibreoirí eacnamaíocha a rinne idirghabháil sa chéim seo (más infheidhme) nó sa chéim roimhe sin sa slabhra soláthair a deimhníodh de bhun Airteagal 8(5) de Chinneadh Cur Chun Feidhme XX ón gCoimisiún

Uimhir clárlainne fíorúcháin an oibreora eacnamaíoch/na n-oibreoirí eacnamaíocha ag a bhfuil deimhniú:

Céannacht an fhíoraitheora:

Deimhniú bailí go dtí:

 

 

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

 

 

(1)  IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj

(2)  IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj

Ceangaltáin éigeantacha:

Cóip den dearbhú comhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2022/1616 nó de bhun Rialachán (AE) Uimh. 10/2011, de réir mar is infheidhme

Má cuireadh cuntasaíocht mhaischothromaíochta i bhfeidhm, cóipeanna de dheimhniú/deimhnithe an oibreora eacnamaíoch/na n-oibreoirí eacnamaíocha de bhun Airteagal 8(9) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún.

Cuid C: Dearbhú maidir le hábhar athchúrsáilte atá le líonadh isteach ag athchúrsálaithe, tiontairí, oibreoirí gnólachtaí bia agus allmhaireoirí le haghaidh ábhar a bhfuil feidhm ag Airteagal 5(2) pointe (a) nó (b) maidir leis (forlíontán a ghabhann leis an dearbhú comhlíontachta ar leith a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (AE) 2022/1616)

1.

Oibreoir eacnamaíoch

1.1.

Ainm:

 

1.2.

Seoladh na Ceanncheathrún:

 

1.3.

Seoladh an láithreáin táirgthe:

 

1.4.

Dáta:

 

2.

Ábhar

2.1

Uimhir bhaisce:

 

2.2.1

An ndearnadh bunábhar don chéim seo nó do chéimeanna roimhe seo sa slabhra soláthair a allmhairiú ó thríú tíortha?

☐Rinneadh

☐Ní dhearnadh

2.2.2.

Má rinneadh, cé na tríú tíortha lena mbaineann?

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

2.2.3

Má rinneadh, cóid tráchtearraí a úsáidtear le haghaidh allmhairí:

 

(cuir rónna leis de réir mar is iomchuí)

2.3.

Meáchan iomlán [ina kg]:

 

2.4.

Meáchan an ábhair a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) agus a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [ina kg], a ndearnadh na céimeanna athchúrsála uile (lena n-áirítear sórtáil) ina leith i dtíortha atá faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún:

 

2.5.

An céatadán den ábhar a eascraíonn as dramhaíl phlaisteach iarthomhaltais mar a shainmhínítear in Airteagal 1(2) agus a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún, a ndearnadh na céimeanna athchúrsála uile (lena n-áirítear sórtáil) ina leith i dtíortha atá faoi raon feidhme Airteagal 1(1) de Chinneadh Cur Chun Feidhme 2026/1425 ón gCoimisiún [= cóimheas de 2,4 agus 2,3]:

 


(1)   IO L 243, 20.9.2022, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/1616/oj

(2)   IO L 12, 15.1.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/10/oj


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1425/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)