European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1411

23.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1411 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meitheamh 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh san Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí faoi choimirce Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a bhaineann le tograí mhí an Mheithimh 2026 le haghaidh rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle (1), d’aontaigh an tAontas do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip (CEE-NA) maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha agus maidir leis na coinníollacha i dtaca le ceaduithe arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’).

(2)

Trí bhíthin Chinneadh 2000/125/CE ón gComhairle (2), d’aontaigh an tAontas don Chomhaontú a bhaineann le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’).

(3)

Le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), leagtar síos forálacha riaracháin agus ceanglais theicniúla maidir le cineálcheadú agus cur ar an margadh gach feithicle nua, gach córais nua, gach comhpháirte nua agus gach aonaid theicniúil ar leithligh nua. Leis an Rialachán, sin déantar rialacháin arna nglacadh faoi Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 (‘rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe’) a ionchorprú i gcóras cineálcheadaithe an Aontais, mar cheanglais maidir le cineálcheadú nó mar roghanna malartacha ar rialacha an Aontais.

(4)

De bhun Airteagal 1 de Chomhaontú Athbhreithnithe 1958 agus Airteagal 6 den Chomhaontú Comhthreomhar, tá an Fóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29) in ann tograí a ghlacadh le haghaidh leasuithe ar rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, ar rialacháin theicniúla dhomhanda ó na Náisiúin Aontaithe (RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe) agus ar rúin ó na Náisiúin Aontaithe, agus tograí a ghlacadh le haghaidh rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe, RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe agus rúin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le ceadú feithiclí. Thairis sin, de bhun na bhforálacha sin, tá WP.29 in ann tograí a ghlacadh le haghaidh údaruithe chun leasuithe ar RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt nó chun RTDanna nua ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt, agus f tá sé in ann tograí a ghlacadh chun síneadh a chur leis na sainorduithe le haghaidh RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe.

(5)

Ón 23 go dtí an 26 Meitheamh 2026, le linn an 199ú seisiún den Fhóram Domhanda um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí, tá WP.29 leis an méid seo a leanas a ghlacadh: tograí le haghaidh leasuithe ar Rialacháin Uimh. 10, 11, 12, 13, 13-H, 14, 16, 17, 18, 21, 24, 26, 28, 29, 34, 35, 39, 43, 45, 46, 48, 49, 51, 55, 58, 61, 64, 66, 67, 68, 73, 75, 79, 83, 85, 89, 90, 93, 94, 95, 97, 100, 102, 106, 107, 108, 109, 110, 115, 116, 117, 121, 122, 125, 127, 129, 130, 131, 133, 134, 135, 137, 138, 139, 140, 141, 142, 143, 144, 145, 148, 151, 152, 153, 154, 156, 157, 158, 159, 160, 161, 162, 163, 165, 166, 167, 168, 169, 170, 171, 172, 173, 174, 176, 177, 178, 179 agus 180 ó na Náisiúin Aontaithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hidrigin leachtach; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais tiomána uathoibrithe; togra le haghaidh rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le scríobchaitheamh; tograí le haghaidh leasuithe ar RTD Uimh. 9, agus 13 ó na Náisiúin Aontaithe; agus togra le haghaidh RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córas tiomána uathoibrithe.

(6)

Níl feidhm ag Rialachán Uimh. 35 ná ag Rialachán Uimh. 68 ó na Náisiúin Aontaithe chun críche cineálcheadaithe an Aontais.

(7)

Chun taithí phraiticiúil agus forbairtí teicneolaíochta a chur san áireamh le linn an phróisis cineálcheadaithe, maidir leis na ceanglais le haghaidh sainghnéithe nó gnáthghnéithe a chumhdaítear le Rialacháin Uimh. 10, 11, 12, 13, 13-H, 14, 16, 17, 18, 21, 24, 26, 28, 29, 34, 39, 43, 45, 46, 48, 49, 51, 55, 58, 61, 64, 66, 67, 73, 75, 79, 83, 85, 89, 90, 93, 94, 95, 97, 100, 102, 106, 107, 108, 109, 110, 115, 116, 117, 121, 122, 125, 127, 129, 130, 131, 133, 134, 135, 137, 138, 139, 140, 141, 142, 143, 144, 145, 148, 151, 152, 153, 154, 156, 157, 158, 159, 160, 161, 162, 163, 165, 166, 167, 168, 169, 170, 171, 172, 173, 174, 176, 177, 178, 179 agus 180 ó na Náisiúin Aontaithe, agus le RTD Uimh. 9 agus 13 ó na Náisiúin Aontaithe, ní mór iad a leasú nó a fhorlíonadh.

(8)

Chun an dul chun cinn teicneolaíoch a éascú agus chun uathoibriú agus dícharbónú a chur chun cinn, ní mór rialacháin nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hidrigin leachtach, córais tiomána uathoibrithe agus scríobchaitheamh, agus RTD nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le córais tiomána uathoibrithe a ghlacadh.

(9)

Beidh éifeachtaí dlíthiúla don Aontas ag na rialacháin ó na Náisiúin Aontaithe, má ghlactar iad. In éineacht le RTDanna ó na Náisiúin Aontaithe, tá siad in ann siad tionchar cinntitheach a imirt ar inneachar rialacha an Aontais i réimse an chineálcheadaithe feithiclí.

(10)

Dá bhrí sin, an seasamh atá le glacadh in WP.29 maidir le glacadh na dtograí, is gá é a bhunú. Thairis sin, is gá an seasamh atá le glacadh maidir le huainiú thoghadh an dara leaschathaoirleach ar WP.29 a bhunú i gcás ina dtiocfaidh an cheist sin chun cinn ag an gcruinniú,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Vótálfaidh an tAontas i bhfabhar na ndoiciméid oibre ó na Náisiún Aontaithe a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo sa 199ú seisiún de Fhóram Domhanda CEE-NA um Chomhchuibhiú Rialachán maidir le Feithiclí (WP.29).

I gcás ina dtiocfadh an cheist chun cinn ag an 199ú seisiún maidir leis an dara leaschathaoirleach ar WP.29 a thoghadh, is é seasamh an Aontais toradh na vótála ag an 198ú seisiún i mí an Mhárta 2026 a dheimhniú, is é sin an toghchán a chur siar go dtí an seisiún deireanach de WP.29 in 2026.

Airteagal 2

Féadfar mionathruithe teicniúla ar an seasamh a leagtar amach in Airteagal 1 a chomhaontú gan cinneadh eile ón gComhairle.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Meitheamh 2026

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)  Cinneadh 97/836/CE ón gComhairle an 27 Samhain 1997 d’fhonn go n-aontóidh an Comhphobal Eorpach do Chomhaontú Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le glacadh saintreoracha teicniúla aonfhoirmeacha i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha, agus maidir leis na coinníollacha i dtaca le ceaduithe arna ndeonú ar bhonn na saintreoracha sin a aithint go frithpháirteach (‘Comhaontú Athbhreithnithe 1958’) (IO L 346, 17.12.1997, lch. 78, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1997/836/oj).

(2)  Cinneadh 2000/125/CE ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 i ndáil le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le rialacháin theicniúla dhomhanda a leagan síos i dtaca le feithiclí rothacha, agus trealamh agus páirteanna is féidir a fheistiú agus/nó a úsáid ar fheithiclí rothacha (‘an Comhaontú Comhthreomhar’) (IO L 35, 10.2.2000, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/125/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/858/oj).


IARSCRÍBHINN

Rialachán Uimh.

Teideal na míre ar chlár oibre

Cód tagartha an doiciméid (1)

10

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 10 ó na Náisiúin Aontaithe (Comhoiriúnacht Leictreamaighnéadach)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2026/16, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRE-94-56-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/158

11

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 11 ó na Náisiúin Aontaithe (Laistí agus insí dorais)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn IX

ECE/TRANS/WP.29/2026/59

12

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 12 ó na Náisiúin Aontaithe (Meicníocht stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn X

ECE/TRANS/WP.29/2026/60

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 77, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-24-08

ECE/TRANS/WP.29/2026/73

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 13 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 77, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-24-08

ECE/TRANS/WP.29/2026/74

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 14 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 77, bunaithe ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-24-08

ECE/TRANS/WP.29/2026/75

13

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 15 ar Rialachán Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Coscánú Feithiclí Troma)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 77, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/2026/7 agus GRVA-24-08

ECE/TRANS/WP.29/2026/7/Rev.1

13-H

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 13-H ó na Náisiúin Aontaithe (Coscáin feithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(c), bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/2026/8 agus GRVA-24-23

ECE/TRANS/WP.29/2026/8/Rev.1

14

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 14 ó na Náisiúin Aontaithe (Daingnithe creasa)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XI

ECE/TRANS/WP.29/2026/61

16

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 16 ó na Náisiúin Aontaithe (Criosanna sábháilte)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XII

ECE/TRANS/WP.29/2026/62

17

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 10 agus Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 11 ar Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe (Neart na suíochán, a ndaingnithe agus a dTacaí cinn)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn IV.A

ECE/TRANS/WP.29/2026/47

17

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 12 ar Rialachán Uimh. 17 ó na Náisiúin Aontaithe (Neart na suíochán, a ndaingnithe agus a dTacaí cinn)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 19, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn IV.B

ECE/TRANS/WP.29/2026/48

18

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 18 ó na Náisiúin Aontaithe (Cosaint ar Úsáid Neamhúdaraithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-46-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/101

21

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 21 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistis inmheánacha)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XIII

ECE/TRAS/WP.29/2026/63, WP.29-199-06

24

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 12 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 24 ó na Náisiúin Aontaithe (Truailleáin infheicthe, tomhas chumhacht na n-inneall C.I. (Deatach díosail))

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/18

ECE/TRANS/WP.29/2026/144

26

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 26 ó na Náisiúin Aontaithe (Starráin Sheachtracha ar Ghluaisteáin Paisinéirí)

(ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-43-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2026/102

28

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 28 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis rabhaidh Inchloiste)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/23 arna leasú le GRBP-82-13

ECE/TRANS/WP.29/2026/88

29

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 29 ó na Náisiúin Aontaithe (Cábáin feithiclí tráchtála)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XIV

ECE/TRANS/WP.29/2026/64

34

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Sraith Leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 34 ó na Náisiúin Aontaithe (Rioscaí Dóiteáin a Chosc)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-44-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/103

39

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 39 ó na Náisiúin Aontaithe (Luasmhéadar agus Odaiméadar)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-66-Rev.2

ECE/TRANS/WP.29/2026/105

43

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhfaidh le Sraith Leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 43 ó na Náisiúin Aontaithe (Gloiniú Sábháilteachta)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/2

ECE/TRANS/WP.29/2026/106

45

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 14 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 45 ó na Náisiúin Aontaithe (Glantóirí ceannlampa)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/22 arna leasú le GRE-93-31-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/159

46

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 de Rialachán Uimh. 46 ó na Náisiúin Aontaithe (Amharc Neamhdhíreach)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-65

ECE/TRANS/WP.29/2026/107

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 24 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/21/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/160

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/21/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/161

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 9 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 24 agus 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/21/Rev.1 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/24 arna leasú le GRE-93-32

ECE/TRANS/WP.29/2026/162

48

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 48 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil Gaireas Soilsiúcháin agus Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, míreanna 24 agus 37, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/21/Rev.1 agus ECE/TRANS/WP.29/GRE/2025/23 arna leasú le GRE-93-30-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/163

49

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 07 ar Rialachán Uimh. 49 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó innill adhainte comhbhrú agus ó innill adhainte deimhní (GPL agus CNG))

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/16, arna leasú le GRPE-94-29

ECE/TRANS/WP.29/2026/145

51

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 51 ó na Náisiúin Aontaithe (Torann ó fheithiclí de chatagóirí M agus N)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 22. agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/20, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/25, ECE/TRANS/WP.29/GRBPE/2026/4, GRBP-82- 07, GRBP-82-15-Rev.1, GRBP-82-22, GRBP-83-09-Rev.1 arna gcomhdhlúthú in GRBP-83-41

ECE/TRANS/WP.29/2026/89

55

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 55 ó na Náisiúin Aontaithe (Cúpláin Mheicniúla)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/21 nár leasaíodh

ECE/TRANS/WP.29/2026/108

58

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 58 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Fobharra Cosanta ar Cúl)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/22 arna leasú le mír 34

ECE/TRANS/WP.29/2026/109

61

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 61 ó na Náisiúin Aontaithe (Starráin Sheachtracha Feithiclí Tráchtála)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-64

ECE/TRANS/WP.29/2026/110

64

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 64 ó na Náisiúin Aontaithe (Aonad spártha le haghaidh úsáid shealadach, boinn féintacaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/2 arna leasú le GRBP-83-10

ECE/TRANS/WP.29/2026/90

66

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Sraith Leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 66 ó na Náisiúin Aontaithe (Neart an Fhorstruchtúir)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-63

ECE/TRANS/WP.29/2026/111

67

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 67 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a úsáideann Gás Peitriliam Leachtaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRS2G-130-62

ECE/TRANS/WP.29/2026/112

73

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 73 ó na Náisiúin Aontaithe (Fobharraí Cosanta Taoibh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/26 nár leasaíodh

ECE/TRANS/WP.29/2026/113

73

Togra le haghaidh fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 73 ó na Náisiúin Aontaithe (Fobharraí Cosanta Taoibh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar GRSG-131-26

ECE/TRANS/WP.29/2026/165

75

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 75 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh gluaisrothar/móipéidí)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/7 arna leasú le GRBP-83-23

ECE/TRANS/WP.29/2026/91

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 60, bunaithe ar GRVA-24-25

ECE/TRANS/WP.29/2026/76

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 16 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 60 agus 63, bunaithe ar GRVA-24-40 agus GRVA-24-25

ECE/TRANS/WP.29/2026/77

79

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 60 agus 63, bunaithe ar GRVA-24-40 agus GRVA-24-25

ECE/TRANS/WP.29/2026/78

79

Togra le haghaidh shraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh Stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 35(b), 60 agus 63, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/10 arna leasú le GRVA-24-22, GRVA-24-25 agus GRVA-24-40

ECE/TRANS/WP.29/2026/9/Rev.1

79

Togra le haghaidh Ceartúchán ar Rialachán Uimh. 79 ó na Náisiúin Aontaithe (Trealamh stiúrtha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/25, bunaithe ar GRVA-24-25

ECE/TRANS/WP.29/2026/135

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 08 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/93, mír 16., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2025/23, GRPE-93-12, GRPE-93-14 agus le linn an tseisiúin arna leasú le hIarscríbhinn IV, agus ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, mír XX., bunaithe ar GRPE-94-18-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/147

83

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 09 ar Rialachán Uimh. 83 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí ó fheithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/7, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/11, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/12, GRPE-94- 24-Rev.1, GRPE-94-30, GRPE-94-51 agus GRPE-94-65

ECE/TRANS/WP.29/2026/148

85

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 14 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 85 ó na Náisiúin Aontaithe (An ghlanchumhacht a thomhas)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/19

ECE/TRANS/WP.29/2026/149

89

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh leis an tsraith bhunaidh leasuithe ar Rialachán Uimh. 89 ó na Náisiúin Aontaithe (Teorantóirí luais)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6 arna leasú le GRVA-24-37

ECE/TRANS/WP.29/2026/79

90

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 13 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 90 ó na Náisiúin Aontaithe (Páirteanna coscánaithe ionadacha)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/80

93

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 93 ó na Náisiúin Aontaithe (Fobharraí Cosanta Tosaigh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/27

ECE/TRANS/WP.29/2026/114

94

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 94 ó na Náisiúin Aontaithe (Cosaint ar imbhualadh tosaigh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XV

ECE/TRAS/WP.29/2026/65, WP.29-199-06

95

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 ar Rialachán Uimh. 95 ó na Náisiúin Aontaithe (Cosaint ar imbhualadh taobhach)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XVI

ECE/TRANS/WP.29/2026/66

97

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 10 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh. 97 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Aláraim (Feithicle))

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-61

ECE/TRANS/WP.29/2026/115

100

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 03 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 agus Fhorlíonadh 06 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn V.A

ECE/TRANS/WP.29/2026/49

100

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 05 ar Rialachán Uimh. 100 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí a bhfuil gléasra cumhachta leictreach iontu)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 26, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn V.B

ECE/TRANS/WP.29/2026/50

102

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 102 ó na Náisiúin Aontaithe (Feistí Cúplála Dúnta)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/3

ECE/TRANS/WP.29/2026/116

106

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 22 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 106 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn le haghaidh feithiclí talmhaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/8 arna leasú le GRBP-83-19-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/92

107

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 10 ar Rialachán Uimh. 107 ó na Náisiúin Aontaithe (Déanmhas Ginearálta Busanna)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar GRSG-130-60

ECE/TRANS/WP.29/2026/118

108

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 108 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn atráchtaithe le haghaidh gluaisteáin paisinéirí agus a leantóirí)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/9 arna leasú le GRBP-83-13-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/93

109

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 109 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn atráchtaithe le haghaidh feithiclí tráchtála agus a leantóirí)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/12 arna leasú le GRBP-83-21-Rev.2

ECE/TRANS/WP.29/2026/94

110

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 06 de Rialachán Uimh. 110 ó na Náisiúin Aontaithe (feithiclí gáis nádúrtha chomhbhrúite (CNG) agus gáis nádúrtha leachtaithe (LNG))

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/4

ECE/TRANS/WP.29/2026/117

115

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 11 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 115 ó na Náisiúin Aontaithe (córais aisfheistithe gáis peitriliam leachtaithe agus gáis nádúrtha comhbhrúite)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/20, arna leasú le GRPE-94-34 agus le linn an tseisiúin

ECE/TRANS/WP.29/2026/150

116

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 116 ó na Náisiúin Aontaithe (Cosaint ar Úsáid Neamhúdaraithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/5

ECE/TRANS/WP.29/2026/119

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn, friotaíocht rollta, torann rollta agus fliuchghreim)

(ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír.22., agus ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/28, GRBP82-27, ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/6 agus GRBP-83-20-Rev.2 arna gcomhdhlúthú in GRBP82-48-Rev.1)

ECE/TRANS/WP.29/2026/143

117

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 18 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 117 ó na Náisiúin Aontaithe (Boinn, friotaíocht rollta, torann rollta agus fliuchghreim)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír XX., bunaithe ar GRBP-83-43

ECE/TRANS/WP.29/2026/167

121

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 121 ó na Náisiúin Aontaithe (Sainaithint Rialaitheoirí, Leideoirí agus Táscairí)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/120

122

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 122 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Téimh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/7

ECE/TRANS/WP.29/2026/121

125

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 125 ó na Náisiúin Aontaithe (Réimse Radhairc Chun Tosaigh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/8

ECE/TRANS/WP.29/2026/122

127

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh, Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01, Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/40

ECE/TRANS/WP.29/2026/51

127

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 de Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, míreanna 28 agus 30, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/28 agus ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/40

ECE/TRANS/WP.29/2026/52

127

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 de Rialachán Uimh. 127 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, míreanna 28, 30 agus 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/29, ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/40 agus ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XVII

ECE/TRANS/WP.29/2026/53

129

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 04 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe srianta sábháilteachta linbh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 31, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/31

ECE/TRANS/WP.29/2026/54

129

Togra le haghaidh shraith leasaithe 05 ar Rialachán Uimh. 129 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais fheabhsaithe srianta sábháilteachta linbh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn VI

ECE/TRANS/WP.29/2026/55

130

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 130 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas rabhaidh imeacht ó lána)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/81

131

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 131 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Uathchoscánaithe Éigeandála)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 35(a) agus 72, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6 agus ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/9

ECE/TRANS/WP.29/2026/82

133

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 133 ó na Náisiúin Aontaithe (In-athchúrsáilteacht mótarfheithiclí)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/21

ECE/TRANS/WP.29/2026/151

134

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí hidrigine agus feithiclí breosla-chille)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn VII.A

ECE/TRANS/WP.29/2026/56

134

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 03 ar Rialachán Uimh. 134 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí hidrigine agus feithiclí breosla-chille)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 36, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn VI

ECE/TRANS/WP.29/2026/57

135

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 135 ó na Náisiúin Aontaithe (Tuairt thaobhach in aghaidh cuaille)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XVIII

ECE/TRANS/WP.29/2026/67

137

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 04 ar Rialachán Uimh. 137 ó na Náisiúin Aontaithe (Tuairt tosaigh agus béim ar chórais um shrianadh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XIX

ECE/TRANS/WP.29/2026/68

138

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 138 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí Ciúine Iompair ar Bhóthar)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/24 arna leasú le GRBP-82-14

ECE/TRANS/WP.29/2026/95

139

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 139 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Cúnta Coscánaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/83

140

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 8 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 140 ó na Náisiúin Aontaithe (Rialú Cobhsaíochta Leictreonach)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(c), bunaithe ar: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6 agus ar dhoiciméad neamhfhoirmiúil GRVA-24-37

ECE/TRANS/WP.29/2026/168

141

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 141 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas Faireacháin Bhrú na mBonn)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/21 arna leasú le GRBP-82-11-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/96

142

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 142 ó na Náisiúin Aontaithe (Suiteáil bonn)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/3 arna leasú le GRBP-83-11-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/97

143

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 143 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Aisfheistithe Tromshaothair Débhreosla)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/22

ECE/TRANS/WP.29/2026/152

144

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh. 144 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Glaonna Éigeandála i gcás Timpiste)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/9

ECE/TRANS/WP.29/2026/123

145

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 145 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais ancaireachta Isofix, ancaireachtaí ar teaghrán uachtaracha Isofix agus ionaid suí i-Size)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XX

ECE/TRANS/WP.29/2026/69

148

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 148 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis Solaschomharthaíochta)

ECE/TRANS/WP.29/GRE/93, mír 24, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRE/2024/21/Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/164

151

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 151 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Faisnéise Caochspota)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/10

ECE/TRANS/WP.29/2026/124

152

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 152 ó na Náisiúin Aontaithe (Ardchóras coscánaithe éigeandála le haghaidh feithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 35(a), 72 agus 73, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/9 agus GRVA-24-04

ECE/TRANS/WP.29/2026/84

153

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 153 ó na Náisiúin Aontaithe (Sláine an chórais breosla agus sábháilteacht an ghléasra cumhachta leictrigh i gcás imbhualadh deiridh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XXI

ECE/TRANS/WP.29/2026/70

154

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 04 ar Rialachán Uimh. 154 ó na Náisiúin Aontaithe (WLTP)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/9, ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/13, GRPE-94- 33-Rev.1, GRPE-94-66

ECE/TRANS/WP.29/2026/153

156

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhann le Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (Nuashonrú ar bhogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 49, bunaithe ar:

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/7

ECE/TRANS/WP.29/2026/169

157

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 5 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 157 ó na Náisiúin Aontaithe (Córas uathoibrithe coimeádta lána)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/85

158

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 158 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis le haghaidh Modhanna i gcomhair Radharc nó Brath Tosaigh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/11

ECE/TRANS/WP.29/2026/125

159

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 3 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 159 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais faisnéise i dtaobh gluaiseacht ar aghaidh)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/12

ECE/TRANS/WP.29/2026/126

160

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 02 ar Rialachán Uimh. 160 ó na Náisiúin Aontaithe (Taifeadán Sonraí Teagmhais)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 34, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/48 arna leasú le hiarscríbhinn II a ghabhann leis an tuarascáil

ECE/TRANS/WP.29/2026/127

161

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 6 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 161 ó na Náisiúin Aontaithe (Gairis i gcoinne Úsáid Neamhúdaraithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/13

ECE/TRANS/WP.29/2026/128

162

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 7 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 162 ó na Náisiúin Aontaithe (Baic dhúisithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/14

ECE/TRANS/WP.29/2026/129

163

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 4 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 163 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Aláraim Feithicle)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/15

ECE/TRANS/WP.29/2026/130

165

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 165 ó na Náisiúin Aontaithe (Rabhadh Cúlaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/80, mír 22, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/22 arna leasú le GRBP-82-12

ECE/TRANS/WP.29/2026/98

166

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 166 ó na Náisiúin Aontaithe (Úsáideoirí Soghonta Bóithre i nDlúthghaireacht ag Tosach Feithicle agus ar Thaobh Feithicle)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/16

ECE/TRANS/WP.29/2026/131

167

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe (Radharc Díreach Úsáideoirí Soghonta Bóithre)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/17

ECE/TRANS/WP.29/2026/132

167

Forlíonadh 3 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 167 ó na Náisiúin Aontaithe (Radharc Díreach Úsáideoirí Soghonta Bóithre)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar GRSG-131-42

ECE/TRANS/WP.29/2026/166

168

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 168 ó na Náisiúin Aontaithe (Astaíochtaí Domhanda Fíorthiomána)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/15 agus GRPE-94-16

ECE/TRANS/WP.29/2026/154

169

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 169 ó na Náisiúin Aontaithe (Taifeadán Sonraí Teagmhais le haghaidh Feithiclí Tromshaothair)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/109, mír 25, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2025/49 nár leasaíodh

ECE/TRANS/WP.29/2026/133

170

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 170 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais srianta sábháilteachta linbh le haghaidh iompar níos sábháilte leanaí i mbusanna agus i gcóistí)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 38, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn VIII

ECE/TRANS/WP.29/2026/58

171

Togra le haghaidh sraith leasuithe 02 nua ar Rialachán Uimh. 171 ó na Náisiúin Aontaithe (CCRT)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, míreanna 35(a) agus 57, bunaithe ar an méid seo a leanas: ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/4 (arna leasú le GRVA-24-17/Rev.2) agus, ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRAS/WP.29/2026/86, WP.29-199-09

172

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 172 ó na Náisiúin Aontaithe (Feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/11 arna leasú le GRBP-83-17

ECE/TRANS/WP.29/2026/99

172

Togra le haghaidh shraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 172 ó na Náisiúin Aontaithe (Feidhmíocht greama sneachta agus aicmiú boinn tarraingthe le haghaidh boinn atráchtaithe)

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, mír.XX., bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2026/10 arna leasú le GRBP-83-15-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/100

173

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh le sraith leasaithe 01 ar Rialachán Uimh. 173 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais srianta paisinéirí a shuiteáil)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XXIII

ECE/TRAS/WP.29/2026/71, WP.29-199-06

174

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 174 ó na Náisiúin Aontaithe (Meabhrúcháin criosanna sábháilte)

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 43, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn XXIII

ECE/TRANS/WP.29/2026/72

176

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 2 a ghabhfaidh leis an leagan bunaidh de Rialachán Uimh. 176 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Chúnta Réimse Radhairc)

ECE/TRANS/WP.29/GRSG/110, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSG/2026/18

ECE/TRANS/WP.29/2026/134

177

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le sraith leasuithe 01 ar Rialachán Uimh. 177 ó na Náisiúin Aontaithe (DEVP)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/23, GRPE-93- 31 agus GRPE-94-54

ECE/TRANS/WP.29/2026/155

178

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 178 ó na Náisiúin Aontaithe (Córais Éigeandála le Fanacht i Lána le haghaidh feithiclí M1 agus N1)

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/24, mír 35(a), bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/2026/6

ECE/TRANS/WP.29/2026/87

179

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 179 ó na Náisiúin Aontaithe (Tomhas Saotharlainne ar Astaíochtaí Coscáin d’Fheithiclí Saothair Éadroim)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/25 agus GRPE-94-35

ECE/TRANS/WP.29/2026/156

180

Togra le haghaidh Fhorlíonadh 1 a ghabhfaidh le Rialachán Uimh. 180 ó na Náisiúin Aontaithe (Faireachán Ar Bord)

ECE/TRANS/WP.29/GRPE/94, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRPE/2026/10, GRPE-93- 37-Rev.2 agus GRPE-94-61-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/157

Rialachán nua

Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le hidrigin leachtach

ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 41, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/41 arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil GRSP-78-15-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/136

Rialachán nua

Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le mótarfheithiclí a cheadú i dtaca lena gCórais Tiomána Uathoibrithe

ECE/TRANS/WP.29/GRVA/25, mír 22, agus ECE/TRANS/WP.29/1190, mír 13, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRVA/3, arna leasú le doiciméad neamhfhoirmiúil WP.29-198-09)

ECE/TRAS/WP.29/2026/137, WP.29-199-07

Rialachán nua

Togra le haghaidh Rialachán nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis na forálacha aonfhoirmeacha i ndáil le boinn a cheadú i dtaca le feidhmíocht scríobchaithimh

ECE/TRANS/WP.29/GRBP/83, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRBP/2025/27 arna leasú le GRBP-83-32-Rev.1, GRBP-83-49, GRBP-83-53 agus GRBP-83-55-Rev.1

ECE/TRANS/WP.29/2026/138

(1)  Tá na doiciméid uile dá dtagraítear sa tábla le fáil ag: https://unece.org/sites/default/files/2026-04/ECE-TRANS-WP.29-1191e_advanced%20copy.pdf, https://unece.org/info/Transport/Vehicle-Regulations/events/412348

Nóta: Tá ceartúcháin eagarthóireachta ar na doiciméid oifigiúla a liostaítear thuas in WP.29-199-10, lena nglacadh freisin.

Nithe ilghnéitheacha

Teideal na míre ar chlár oibre

Cód tagartha an doiciméid

Treoraíocht

Togra le haghaidh leasuithe ar an Doiciméad Léirmhíniúcháin le haghaidh Rialachán Uimh. 156 ó na Náisiúin Aontaithe (Nuashonrú ar bhogearraí agus córas bainistithe nuashonraithe bogearraí)

ECE/TRANS/WP.29/2026/46

RTD 9

Togra le haghaidh ceartúchán ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 9 ó na Náisiúin Aontaithe (Sábháilteacht coisithe) ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 30 Bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/2025/39

ECE/TRANS/WP.29/2026/140

RTD 13

Togra le haghaidh leasú 2 ar Rialachán Teicniúil Domhanda Uimh. 13 ó na Náisiúin Aontaithe (Feithiclí Hidrigine agus Feithiclí Breosla-Chille) (ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, mír 8, bunaithe ar ECE/TRANS/WP.29/GRSP/78, Iarscríbhinn III)

ECE/TRANS/WP.29/2026/141

RTD nua

Togra le haghaidh Rialachán Teicniúil Domhanda nua ó na Náisiúin Aontaithe maidir le Córais Tiomána Uathoibrithe

ECE/TRAS/WP.29/2026/139, WP.29-199-08

Tuarascáil

Togra le haghaidh na Tuarascála Deiridh maidir le Rialachán Teicniúil Domhanda ó na Náisiúin Aontaithe a fhorbairt i ndáil le Córas Tiomána Uathoibrithe

ECE/TRAS/WP.29/2026/142, WP.29-199-08

Údarú

Údarú le haghaidh Chéim 3 den Mheitheal Neamhfhoirmiúil maidir le Sábháilteacht Feithiclí Leictreacha

ECE/TRANS/WP.29/2026/65


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1411/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)