European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1407

30.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1407 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Meitheamh 2026

maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4366)

(Is é an téacs Liotuáinise amháin atá barántúil)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2009/132/CE ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2009 lena gcinntear raon feidhme Airteagal 143(b) agus (c) de Threoir 2006/112/CE a mhéid a bhaineann le díolúine ó cháin bhreisluacha ar allmhairiú deiridh earraí áirithe (1), agus go háirithe Airteagal 53, an chéad mhír, di,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 ón gComhairle an 16 Samhain 2009 lena mbunaítear córas Comhphobail faoiseamh ó dhleachtanna custaim (2), agus go háirithe Airteagal 76, an chéad mhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 24 Feabhra 2022, chuir an Rúis tús le hionradh iomlán gan chúis gan údar ar an Úcráin. Dá thoradh sin, theith na milliúin daoine as an Úcráin, agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle (3) bunaíodh gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin agus tugadh isteach cosaint shealadach. An sruth isteach de dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, is dúshlán é fós do na Ballstáit lena mbaineann ó thaobh cúnamh daonnúil leordhóthanach a áirithiú agus freastal ar phríomhriachtanais na ndaoine sin.

(2)

An 24 Feabhra 2022, d’iarr an Úcráin cúnamh i gcomhréir le hAirteagal 16(1) de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) maidir le soláthairtí cosanta sibhialta. Mar léiriú dlúthpháirtíochta agus tacaíochta, thug na Ballstáit agus an comhphobal idirnáisiúnta freagra trí earraí cabhrach daonnúla a sholáthar lena ndáileadh ar dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise agus ag teacht isteach san Aontas agus ar dhaoine atá thíos leis an bhfogha míleata faoin Úcráin.

(3)

Le Cinneadh (AE) 2022/1108 ón gCoimisiún (5), deonaíodh, i ndáil le Ballstáit áirithe, faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó cháin bhreisluacha (‘CBL’) maidir le hallmhairiú earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin. Le Cinneadh (AE) 2023/829 ón gCoimisiún (6) cuireadh síneadh leis na bearta sin, i ndáil le Ballstáit áirithe, go dtí an 31 Nollaig 2023. Cuireadh síneadh leis na bearta sin ina dhiaidh sin, i ndáil le Ballstáit áirithe, go dtí an 31 Nollaig 2024 le Cinneadh (AE) 2024/775 ón gCoimisiún (7), agus dá éis sin le Cinneadh (AE) 2025/676 ón gCoimisiún (8) lenar cuireadh síneadh leis na bearta sin go dtí an 31 Nollaig 2025 i ndáil leis an bPolainn agus leis an Liotuáin.

(4)

I mí Mheán Fómhair 2025, na Ballstáit a bhfuil feidhm ag Cinneadh (AE) 2025/676 maidir leo, chuaigh an Coimisiún i gcomhairle leo i dtaca leis an ngá atá le síneadh a chur le bailíocht na mbeart. An 10 Nollaig 2025, d’iarr an Liotuáin go gcuirfí síneadh leis na bearta. Thug an Liotuáin údar lena hiarraidh trína mhíniú go soláthraítear le Cinneadh (AE) 2025/676 bunús dlí chun Airteagal 101a de Threoir 2006/112/CE a chur i bhfeidhm, lena gceadaítear do na Ballstáit soláthairtí (intíre) agus éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal a chumhdaítear leis an gCinneadh sin a dhíolmhú agus díolúine CBL á deonú acu ar allmhairiú an chineáil chéanna earraí.

(5)

Tá an ghéarchéim dhaonnúil, a bhfuil ionradh iomlán na Rúise gan chúis gan údar ar an Úcráin ina chúis léi, fós ar siúl agus d’fhéadfadh cúnamh a bheith ag teastáil ó dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata faoin Úcráin agus ó daoine atá fós san Úcráin. Tá iarmhairtí móra ag an staid éagobhsaí sin ní hamháin don Úcráin ach do Bhallstáit áirithe freisin. Dá bhrí sin, tubaiste atá inti a chuireann isteach ar Bhallstát amháin nó níos mó dá dtagraítear in Airteagal 74(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagal 51, an chéad mhír, pointe (a), de Threoir 2009/132/CE.

(6)

Is iomchuí, dá bhrí sin, a údarú don Liotuáin faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE ag eagraíochtaí Stáit, agus ag eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na Liotuáine, nó thar a gceann sin. Chun freagairt don iarraidh ón Liotuáin i leith cúnamh a thabhairt do dhaoine a d’fhan san Úcráin agus a bhfuil tionchar tromchúiseach ag fogha míleata na Rúise faoin Úcráin orthu, is gá freisin údarú a thabhairt na hearraí sin a aistriú a thuilleadh chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na hÚcráine chun na hearraí sin a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin. Is iomchuí, ina theannta sin, a údarú don Liotuáin faoiseamh a dheonú ó dhleachtanna allmhairiúcháin is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 74 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolúine a dheonú ó CBL is inmhuirearaithe ar earraí arna n-allmhairiú chun na gcríoch a leagtar amach in Airteagal 51 de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairíonn gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí iad, nó ina ndéantar sin thar a gceann, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar fóirithint tubaistí do dhaoine atá thíos le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin. Ó bhí 2024 ann, tá laghdú mór tagtha ar úsáid na mbeart. Measann an Coimisiún, dá bhrí sin, gurb iomchuí síneadh na mbeart sin a theorannú do thréimhse 3 mhí.

(7)

Chun faireachán a dhéanamh ar allmhairithe earraí dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL, ba cheart don Liotuáin an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál, cainníochtaí agus luach na n-earraí éagsúla a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL lena ndáileadh nó lena gcur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, faoi na heagraíochtaí a d’fhormheas siad chun na hearraí sin a dháileadh nó a chur ar fáil agus faoi na bearta a rinneadh chun cosc a chur ar úsáid na n-earraí chun críocha seachas aghaidh a thabhairt ar riachtanais na ndaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin.

(8)

D’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar na coinníollacha a leagtar síos sa Chinneadh seo, go gcoiscfear neamhrialtachtaí agus go ndéanfar leasanna airgeadais an Aontais agus na mBallstát a chosaint, ba cheart don Liotuáin a áirithiú go gcuirfear bainistiú riosca agus bearta rialaithe ábhartha custaim i bhfeidhm maidir le scaoileadh i saorchúrsaíocht agus maidir le húsáid agus aistriú earraí chuig an Úcráin ina dhiaidh sin, ar earraí iad dá ndeonaítear faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin nó díolúine ó CBL. Ba cheart bearta arna nglacadh a thuairisciú don Choimisiún laistigh den sprioc-am a leagtar síos sa Chinneadh seo.

(9)

Agus na mórdhúshláin atá le sárú ag an Liotuáin á gcur san áireamh, ba cheart faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL a dheonú i ndáil le hallmhairithe arna ndéanamh ón 1 Eanáir 2026. Ba cheart an faoiseamh agus an díolúine a bheith i bhfeidhm go dtí an 31 Márta 2026.

(10)

An 5 Feabhra 2026, chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 76, an chéad mhír, de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus i gcomhréir le hAirteagal 53, an chéad mhír, de Threoir 2009/132/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar iad ó cháin bhreisluacha (CBL) ar na hallmhairí mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:

(a)

beartaítear ceann de na húsáidí seo a leanas a bhaint as na hearraí:

(i)

dáileadh saor in aisce atá á dhéanamh ag na comhlachtaí agus na heagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c) chun tairbhe na ndaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin;

(ii)

cuirtear ar fáil saor in aisce iad chun tairbhe na ndaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin, cé go mbíonn siad fós ina maoin de chuid na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí dá dtagraítear i bpointe (c);

(b)

comhlíontar leis na hearraí na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 75, 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus in Airteagail 52, 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE;

(c)

déantar na hearraí a allmhairiú lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, agus is eagraíochtaí Stáit, lena n-áirítear comhlachtaí Stáit, comhlachtaí poiblí agus comhlachtaí eile arna rialú ag an dlí poiblí, a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é, nó is eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla eile atá formheasta ag údaráis inniúla na Liotuáine a bhfuil sé beartaithe na hearraí a úsáid iontu a dhéanann an t-allmhairiú sin, nó is thar a gceann a dhéantar é.

2.   Faoi réir réamhfhógra a thabhairt d’údaráis inniúla na Liotuáine a dheonaíonn an faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus an díolúine ó CBL, féadfaidh eagraíochtaí a thairbhíonn den fhaoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus den díolúine ó CBL i gcomhréir le mír 1 na hearraí dá dtagraítear sa mhír sin, ar earraí iad ar deonaíodh an faoiseamh sin ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine ó CBL ina leith, a aistriú chuig eagraíochtaí de chuid Stát na hÚcráine nó chuig eagraíochtaí carthanachta nó daonchairdiúla atá formheasta ag údaráis inniúla na hÚcráine, chun na hearraí sin a dháileadh saor in aisce ar dhaoine atá i ngátar san Úcráin.

3.   Faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 75 go 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 52 go 57 de Threoir 2009/132/CE a chomhlíonadh, ligfear earraí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus díolmhófar ó CBL ar allmhairí iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2(1), pointe (a), de Threoir 2009/132/CE, i gcás ina n-allmhairíonn gníomhaireachtaí fóirithinte tubaistí iad, nó ina ndéantar sin thar a gceann, lena scaoileadh i saorchúrsaíocht, chun freastal ar a gcuid riachtanas le linn na tréimhse a mbeidh siad ag soláthar fóirithint tubaistí do dhaoine atá thíos le fogha míleata na Rúise faoin Úcráin.

Airteagal 2

1.   Déanfaidh an Liotuáin, ar bhonn míosúil, an 15ú lá den mhí i ndiaidh na míosa tuairiscithe, faisnéis a thuairisciú don Choimisiún maidir le cineál, cainníochtaí agus luach na n-earraí a lig sí isteach saor ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus ó CBL i gcomhréir le hAirteagal 1.

2.   Faoin 31 Iúil 2026, cuirfidh an Liotuáin an fhaisnéis seo a leanas in iúl don Choimisiún:

(a)

liosta de na heagraíochtaí a d’fhormheas údaráis inniúla na Liotuáine dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c);

(b)

an fhaisnéis chomhdhlúite seo a leanas maidir leis na hearraí a ligeadh isteach saor ó dhleachtanna agus ó CBL i gcomhréir le hAirteagal 1:

(i)

uimhir an dearbhaithe custaim;

(ii)

dáta glactha an dearbhaithe custaim;

(iii)

an cód nós imeachta custaim;

(iv)

an tír cinn scríbe ina raibh sé beartaithe na hearraí a úsáid;

(v)

an cód Ainmníochta Comhcheangailte;

(vi)

cód Tharaif Chomhtháite na gComhphobal Eorpach (TARIC);

(vii)

an ghlanmhais;

(viii)

an t-aonad forlíontach, más infheidhme;

(ix)

luach na n-earraí;

(x)

an ráta dleachta;

(xi)

an ráta CBL;

(xii)

an méid dleachtanna agus CBL neamhbhailithe;

(xiii)

tionscnamh na n-earraí;

(xiv)

teidil na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (c);

(c)

na bearta a glacadh chun a áirithiú go gcomhlíontar Airteagail 78, 79 agus 80 de Rialachán (CE) Uimh. 1186/2009 agus Airteagail 55, 56 agus 57 de Threoir 2009/132/CE agus, de réir mar is iomchuí, bearta bainistithe riosca agus rialaithe custaim arna nglacadh de bhun Airteagal 46 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), maidir leis na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Chinnidh seo.

Airteagal 3

Beidh feidhm ag Airteagal 1 maidir le hallmhairithe isteach sa Liotuáin ón 1 Eanáir 2026 go dtí an 31 Márta 2026.

Airteagal 4

Is chuig Poblacht na Liotuáine a dhírítear an Cinneadh seo.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Maroš ŠEFČOVIČ

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 292, 10.11.2009, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2009/132/oj.

(2)   IO L 324, 10.12.2009, lch. 23, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1186/oj.

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/382 ón gComhairle an 4 Márta 2022 lena mbunaítear gurb ann d’insreabhadh ollmhór daoine easáitithe ón Úcráin de réir bhrí Airteagal 5 de Threoir 2001/55/CE, agus a bhfuil d’éifeacht aige cosaint shealadach a thabhairt isteach (IO L 71, 4.3.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/382/oj).

(4)  Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/1313/oj).

(5)  Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2022/1108 an 1 Iúil 2022 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus díolúine CBL ar allmhairiú arna dheonú le haghaidh earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L 178, 5.7.2022, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1108/oj).

(6)  Cinneadh ón gCoimisiún (AE) 2023/829 an 17 Aibreán 2023 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le tabhairt nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ón bhfogha míleata san Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L 104, 19.4.2023, lch. 25, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/829/oj).

(7)  Cinneadh (AE) 2024/775 ón gCoimisiún an 4 Márta 2024 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L, 2024/775, 6.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/775/oj).

(8)  Cinneadh (AE) 2025/676 ón gCoimisiún an 3 Aibreán 2025 maidir le faoiseamh ó dhleachtanna allmhairiúcháin agus le díolúine ó CBL ar allmhairiú arna ndeonú le haghaidh earraí atá le dáileadh nó le cur ar fáil saor in aisce do dhaoine atá ag teitheadh ó fhogha míleata na Rúise faoin Úcráin agus do dhaoine atá i ngátar san Úcráin (IO L, 2025/676, 7.4.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/676/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1407/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)