|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1398 |
26.6.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1398 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Meitheamh 2026
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a mhéid a bhaineann le comhlachtaí rialaithe áirithe a aithint i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle mar chomhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 46(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún (2), tá an liosta de na húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe a aithnítear i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (AE) 2018/848 mar údaráis agus comhlachtaí atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh agus deimhnithe orgánacha a eisiúint i dtríú tíortha chun táirgí orgánacha a allmhairiú isteach san Aontas i gcomhréir le hAirteagal 45(1), pointe (b)(i), den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le hAirteagal 46(2) de Rialachán (AE) 2018/848 leagtar síos na critéir nach mór do na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe a chomhlíonadh chun go n-aithneofar iad i gcomhréir le hAirteagal 46(1) den Rialachán sin. Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún (3), leagtar síos na ceanglais nós imeachta atá le comhlíonadh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin agus a n-iarraidh ar aitheantas á chur faoi bhráid an Choimisiúin acu, iarraidh arb é atá inti sainchomhad teicniúil. |
|
(3) |
Tá na hiarrataí ar aitheantas ó na comhlachtaí rialaithe ‘Baltic Testing India Private Limited’, ‘KAYOS ULUSLARARASI SERTİFİKASYON VE DENETİM HİZMETLERİ LİMİTED ŞİRKETİ’, ‘LETIS AUDIT & CERTIFICATION S.A.’, ‘MS Agroland Services Private Limited’, ‘VCERT QUALITY CERTIFICATION PRIVATE LIMITED’, agus ‘ZENITH CERTIFICATIONS PRIVATE LIMITED’ faighte ag an gCoimisiún, agus tá scrúdú déanta aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, tá an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go raibh údar leis na comhlachtaí rialaithe sin a aithint, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh catagóirí táirgí áirithe i dtríú tíortha áirithe. |
|
(4) |
Ina theannta sin, tá na hiarrataí ar raon feidhme a n-aitheantais a leathnú chun catagóirí áirithe táirgí agus tríú tíortha áirithe ó na comhlachtaí rialaithe ‘bio.inspecta AG’, ‘Control Union Certifications B.V.’, ‘Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)’, ‘IBD Certificações Ltda’, ‘IMOcert Latinoamérica Ltda.’, ‘IMO Control Private Limited’, ‘INDOCERT’, ‘Lacon Quality Certification Private Limited’, ‘ONECERT INTERNATIONAL PRIVATE LIMITED’, agus ‘Organizacion Internacional Agropecuaria S.A.’ a chumhdach faighte ag an gCoimisiún, agus tá scrúdú déanta aige orthu i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698. Ar bhonn na faisnéise atá i sainchomhaid theicniúla na gcomhlachtaí rialaithe sin, tá an Coimisiún tagtha ar an gconclúid go raibh údar leis na comhlachtaí rialaithe sin a aithint, ar feadh tréimhse éiginnte, le haghaidh na gcatagóirí táirgí a iarradh agus na dtríú tíortha a iarradh. |
|
(5) |
Tá iarrataí faighte ag an gCoimisiún ó ‘Bio Latina Certificadora’, agus ‘Southern Cross Certified Australia Pty Ltd’ chun raon feidhme a n-aitheantais a laghdú trí thríú tíortha áirithe, catagóirí áirithe táirgí nó an dá rud a bhaint. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme aitheantais na gcomhlachtaí rialaithe sin a thabhairt cothrom le dáta dá réir sin. |
|
(6) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 a leasú dá réir. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 25 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/848/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 ón gCoimisiún an 19 Lúnasa 2021 lena leagtar síos rialacha áirithe a bhaineann leis an deimhniú a eisíodh d’oibreoirí, do ghrúpaí oibreoirí agus d’onnmhaireoirí i dtríú tíortha a bhfuil baint acu le táirgí orgánacha agus táirgí atá á dtiontú a allmhairiú isteach san Aontas agus lena mbunaítear an liosta d’údaráis rialaithe aitheanta agus de chomhlachtaí rialaithe aitheanta i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 297, 20.8.2021, lch. 24, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/1378/oj).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1698 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le ceanglais nós imeachta maidir le húdaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe atá inniúil chun rialuithe a dhéanamh ar oibreoirí agus ar ghrúpaí oibreoirí arna ndeimhniú mar oibreoirí orgánacha a aithint agus ar tháirgí orgánacha i dtríú tíortha agus le rialacha maidir lena maoirseacht agus na rialuithe agus na gníomhaíochtaí eile atá le déanamh ag na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe sin (IO L 336, 23.9.2021, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/1698/oj).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear an tríú mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1378 mar a leanas:
|
(1) |
tar éis na hiontrála le haghaidh Agricert – Certificação de Produtos Alimentares Lda: ‘Baltic Testing India Private Limited
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Bio Latina Certificadora: ‘Bio Latina Certificadora
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(3) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh bio.inspecta AG: ‘bio.inspecta AG
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(4) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Control Union Certifications B.V.: ‘Control Union Certifications B.V.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(5) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS): ‘Florida Certified Organic Growers and Consumers, Inc. (FOG), DBA as Quality Certification Services (QCS)
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(6) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh IBD Certificações Ltda: ‘IBD Certificações Ltda
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(7) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh IMOcert Latinoamérica Ltda.: ‘IMOcert Latinoamérica Ltda.
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(8) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh IMO Control Private Limited: ‘IMO Control Private Limited
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(9) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh INDOCERT: ‘INDOCERT
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(10) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis na hiontrála le haghaidh Japan Organic and Natural Foods Association: ‘KAYOS ULUSLARARASI SERTİFİKASYON VE DENETİM HİZMETLERİ LİMİTED ŞİRKETİ
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(11) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Lacon Quality Certification Private Limited: ‘Lacon Quality Certification Private Limited
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(12) |
tar éis na hiontrála le haghaidh Lacon Quality Certification Private Limited, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘LETIS AUDIT & CERTIFICATION S.A.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(13) |
tar éis na hiontrála maidir le Metrocert S.C., cuirtear isteach an iontráil seo a leanas: ‘MS Agroland Services Private Limited
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(14) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh OneCert International Private Limited: ‘ONECERT INTERNATIONAL PRIVATE LIMITED
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(15) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh Organizacion Internacional Agropecuaria S.A.: ‘Organizacion Internacional Agropecuaria S.A.
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(16) |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála le haghaidh South Cross Certified Australia Pty Ltd: ‘Southern Cross Certified Australia Pty Ltd
|
|||||||||||||||||||||||||||
|
(17) |
cuirtear an iontráil seo a leanas isteach tar éis na hiontrála le haghaidh Tse-Xin Organic Certification Corporation: ‘VCERT QUALITY CERTIFICATION PRIVATE LIMITED
ZENITH CERTIFICATIONS PRIVATE LIMITED
|
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1398/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)