European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1394

22.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1394 ÓN gCOMHAIRLE

an 22 Meitheamh 2026

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2023/2147 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2023/2147 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2023 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn de chobhsaíocht agus d’aistriú polaitiúil na Súdáine (1), agus go háirithe Airteagal 13 de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 9 Deireadh Fómhair 2023, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2023/2147.

(2)

An 28 Aibreán 2026, chuir Coiste Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arna bhunú de bhun Rún 1591(2005) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe ceathrar le liosta na ndaoine atá faoi réir bearta sriantacha.

(3)

An 7 Bealtaine 2026, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 (2) lenar cuireadh triúr as an gceathrar sin le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 ón gComhairle (3).

(4)

An 22 Meitheamh 2026, ghlac an Chomhairle Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 (4) lenar cuireadh an ceathrú duine le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 747/2014.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart an iontráil le haghaidh an ceathrú duine sin a bhaint de liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2023/2147 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2023/2147, faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’, scriostar an iontráil seo a leanas:

‘14.

Algony Hamdan DAGALO MUSA’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 22 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. PANAYIOTOU


(1)   IO L, 2023/2147, 11.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2023/2147/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1051 ón gComhairle an 7 Bealtaine 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (IO L, 2026/1051, 7.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1051/oj).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 an 10 Iúil 2014 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 131/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 1184/2005 (IO L 203, 11.7.2014, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2014/747/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1393 ón gComhairle an 22 Meitheamh 2026 lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 747/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSúdáin (IO L, 2026/1393, 22.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1393/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1394/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)