European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1387

18.6.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1387 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Meitheamh 2026

lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin

(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 4305)

(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)

Téacs atá ábhartha maidir le LEE

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is galar víreasach tógálach ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag a bhíonn ar ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag in ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach, tá riosca tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál gabhair nó den chineál caorach.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil in Airteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, déantar foráil le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseoidh an crios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh.

(3)

Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún (4) ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin. Go sonrach, déantar foráil le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 maidir leis na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú ag an mBallstát sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh na criosanna sin ar a laghad na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, tar éis ráig den ghalar sin.

(4)

Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ann, thug an Rómáin fógra don Choimisiún an 8 Meitheamh 2026 faoi ráig bhreise amháin d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag i mbunaíocht ina gcoimeádtar ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair, bunaíochtaí atá lonnaithe i gcontae Mureș. I gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, bhunaigh an Rómáin criosanna srianta, ina gcuimsítear criosanna cosanta agus faireachais, ina gcuirtear i bhfeidhm na bearta rialaithe galar a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, chun leathadh breise an ghalair sin a chosc. Tá an galar ag tarlú arís, agus tuairiscíodh an ráig dheireanach d’ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin an 5 Márta 2025, cé gurb í sin an chéad ráig a tuairiscíodh i gcontae Mureș.

(5)

Chun leathadh an ghalair a rialú, chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun bacainní gan údar ar thrádáil ó thríú tíortha a sheachaint, maidir leis na criosanna srianta i dtaca leis an ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag, ar crios é lena gcuimsítear na criosanna cosanta agus faireachais, mar aon leis an gcrios srianta breise, sa Rómáin, ní mór an crios sin a leagan síos go tapa ar leibhéal an Aontais.

(6)

Dá bhrí sin, na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta, criosanna faireachais agus criosanna srianta breise le haghaidh na Rómáine san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, chomh maith le fad na mbeart is infheidhme iontu, ba cheart iad a choigeartú chun an ráig nua a chur san áireamh. Dá réir sin, is gá liosta na gcriosanna srianta, agus fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin a leasú.

(7)

Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar síos in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Sna critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le méid agus líon na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise a roghnú, chomh maith le fad na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, déantar breithniú ní hamháin ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann le plá na n-athchogantach beag sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán phlá na n-athchogantach beag i gcríoch iomlán an Bhallstáit lena mbaineann an galar sin freisin, chomh maith leis an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Ina theannta sin, maidir le fad na mbeart dá bhforáiltear leis an gCinneadh seo, rinneadh é a chinneadh i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta a leagtar amach sa Chód um Shláinte na nAinmhithe Talún de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe (WOAH) (5).

(8)

Ina theannta sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 bunaítear na limistéir i gcríoch na Rómáine limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II, nach mór feidhm a bheith ag bearta breise, amhail na bearta is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, a chur i bhfeidhm, agus na háiteanna ina bhfuil gluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar sin le toirmeasc, ar feadh tréimhse áirithe ama, tar éis dhul in éag na dtréimhsí dá bhforáiltear le haghaidh na mbeart is infheidhme sna criosanna cosanta agus faireachais. Is iomchuí fad na mbeart is infheidhme sna limistéir sin a shonrú in Iarscríbhinn II.

(9)

Thairis sin, le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638, toirmisctear gluaiseachtaí ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach ó chríoch iomlán na Rómáine chuig ceann scríbe atá suite i mBallstát eile nó atá ar idirthuras trí Bhallstát eile ar feadh tréimhse áirithe.

(10)

De réir na faisnéise a chuir údarás inniúil na Rómáine ar fáil, Tá ionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag ag tarlú arís i limistéar nach raibh riamh buailte ag an ngalar roimhe sin, níos mó ná 12 mhí tar éis na ráige deireanaí sa Rómáin a thuairisciú ar bheagán faisnéise faoi thionscnamh na ráige. Dá bhrí sin, tá ardriosca ann go leathfaidh an galar a thuilleadh, ní hamháin laistigh den Rómáin agus chuig an gcuid eile den Aontas, ach chuig tríú tíortha freisin.

(11)

Dá bhrí sin, is gá síneadh a chur leis an toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó chríoch iomlán na Rómáine chuig aon cheann scríbe atá suite i mBallstát eile, nó atá ar idirthuras trí Bhallstát eile, go dtí an 31 Nollaig 2026 agus an toirmeasc sin a leathnú chun aon cheann scríbe atá suite i dtríú tíortha a chumhdach.

(12)

I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag agus an ghá atá le cosc a chur ar leathadh an ghalair sin ón Rómáin go Ballstáit eile, ba cheart feidhm a bheith ag na bearta a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir.

(13)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 mar a leanas:

In Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c):

‘(c)

gluaiseachtaí ainmhithe den chineál gabhair agus den chineál caorach ó chríoch iomlán na Rómáine chuig ceann scríbe atá suite lasmuigh den Rómáin i mBallstát eile nó i dtríú tír, beidh toirmeasc orthu go dtí an 31 Nollaig 2026.’

Airteagal 2

Cuirtear an téacs a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638.

Airteagal 3

Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 17 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

Olivér VÁRHELYI

Comhalta den Choimisiún


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/638 ón gCoimisiún an 25 Márta 2025 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú le plá na n-athchogantach beag sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/525 (IO L, 2025/638, 28.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/638/oj).

(5)   https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/.


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN I

Cuid A:   Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig deimhnithe

Tír

Limistéar riaracháin agus uimhir thagartha ADIS na ráige

Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é

Romania

Mureș county

RO-PPR-2026-00001

Protection zone:

Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1).

1.7.2026

Surveillance zone:

Those parts of Mureș, County, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1), excluding the areas contained in the protection zone.

10.7.2026

Surveillance zone:

Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.314, Long. 24.578 (2026/1), excluding the areas contained in the protection zone.

2.7.2026 – 10.7.2026

Cuid B:   Crios srianta breise

Tír

Limistéar riaracháin

Limistéir a bhunaítear mar chrios srianta breise, dá dtagraítear in Airteagal 1

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é

Romania

Mureș County

The entire territory of Mureș County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone.

10.7.2026

Sibiu County

The entire territory of Sibiu County excluding the areas contained in any protection or surveillance zone.

10.7.2026

IARSCRÍBHINN II

Tír

Limistéar riaracháin

Limistéir dá dtagraítear in Airteagal 2

An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é

Romania

Mureș County

The entire territory of Mureș County

11.7.2026-30.7.2026

Sibiu County

The entire territory of Sibiu County

11.7.2026-30.7.2026


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1387/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)