|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1381 |
18.6.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1381 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Meitheamh 2026
maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena leagtar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha Cheanada agus táirgí de thionscnamh Cheanada sa soláthar faoi Ionstraim SAFE
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212 i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa (1),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Cinneadh (AE) 2026/444 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena leagtar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha Cheanada agus táirgí de thionscnamh Cheanada sa soláthar faoi Ionstraim SAFE (‘Comhaontú SAFE’) an 14 Feabhra 2026, faoi réir a thabhairt i gcrích ar dháta níos déanaí, agus cuireadh i bhfeidhm ar bhonn sealadach é ón 13 Aibreán 2026, go dtí go dtiocfaidh sé i bhfeidhm. |
|
(2) |
Le tabhairt i gcrích Chomhaontú SAFE, cumasaítear comhar tionsclaíoch cosanta méadaithe agus léirítear an mhian chomhroinnte an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus Ceanada a dhoimhniú i réimse na slándála agus na cosanta agus comhpháirtíocht níos dlúithe, níos cothroime agus a rachaidh chun tairbhe don dá thaobh a chothú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada chun tacú le comhar cosanta praiticiúil. |
|
(3) |
Ba cheart Comhaontú SAFE a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leis seo, déantar an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena leagtar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha Cheanada agus táirgí de thionscnamh Cheanada sa soláthar faoi Ionstraim SAFE a fhormheas.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha (3).
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 15 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) Toiliú ón 20 Bealtaine 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Cinneadh (AE) 2026/444 ón gComhairle an 11 Feabhra 2026 maidir le síniú agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Ceanada lena leagtar síos na coinníollacha maidir le rannpháirtíocht eintitis dhlítheanacha Cheanada agus táirgí de thionscnamh Cheanada sa soláthar faoin Ionstraim SAFE (IO L, 2026/444, 3.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/444/oj).
(3) Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle dáta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1381/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)