European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1378

24.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1378 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a mhéid a bhaineann le coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh eithní Jatropha curcas L. (cineál inite)

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le bianna núíosacha, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 258/97 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1852/2001 ón gCoimisiún (1), agus go háirithe Airteagal 12(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2015/2283 nach bhféadfar ach bianna núíosacha a údaraítear agus a áirítear ar liosta an Aontais de bhianna núíosacha a chur ar an margadh laistigh den Aontas.

(2)

De bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2015/2283, bunaíodh liosta an Aontais de bhianna núíosacha le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún (2).

(3)

Ar liosta an Aontais a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470, cuimsítear eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) mar bhia núíosach údaraithe.

(4)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/965 ón gCoimisiún (3) údaraíodh eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) a chur ar an margadh mar bhia núíosach, lena n-áirítear cosaint sonraí agus eisiachas margaidh a deonaíodh don chuideachta JatroSolutions GmbH agus a fuair an chuideachta Chuta Nut GmbH ina dhiaidh sin i mí Dheireadh Fómhair 2022.

(5)

An 9 Bealtaine 2023, chuir an chuideachta Chuta Nut GmbH (‘an t-iarratasóir’) iarratas faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (AE) 2015/2283 chun coinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) a athrú. D’iarr an t-iarratasóir dhá fhoirm bhreise den bhia núíosach a chuimsiú, is iad sin eithní i bhfoirm plúir agus eithní i bhfoirm taois, agus is eithní meilte 100 % atá sa dá cheann. D’iarr an t-iarratasóir méadú freisin ar uasleibhéil úsáide an bhia núíosaigh sna catagóirí bia a údaraíodh roimhe seo ó 5 g/100 g go 30 g/100 g. Ina theannta sin, d’iarr an t-iarratasóir athrú ar na sonraíochtaí maidir le méadú ar an raon cion saille sa bhia núíosach deiridh ó 54 %-61 % go 54 %-64 %.

(6)

An 9 Bealtaine 2023, chuir an t-iarratasóir iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis na sonraí dílseánaigh seo a leanas a chosaint: an próiseas táirgthe (4), sonraí comhdhéanaimh (5), faisnéis chothaitheach (6) agus faisnéis thocsaineolaíoch (7).

(7)

An 19 Eanáir 2024, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) tuairim eolaíoch a thabhairt maidir leis an athrú ar choinníollacha úsáide agus sonraíochtaí an bhia núíosaigh eithní Jatropha curcas L. (cineál inite).

(8)

An 29 Meán Fómhair 2025, ghlac an tÚdarás an tuairim eolaíoch uaidh maidir le Safety of changes in the conditions of use and the specifications of edible Jatropha curcas L. (Chuta) as a novel food pursuant to Regulation (EU) 2015/2283 (8) [Sábháilteacht na n-athruithe ar choinníollacha úsáide agus ar shonraíochtaí Jatropha curcas L. (Chuta) inite mar bhia núíosach de bhun Rialachán (AE) 2015/2283] i gcomhréir le hAirteagal 11 de Rialachán (AE) 2015/2283.)

(9)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go bhfuil an bia núíosach, eithní, plúr agus taos Jatropha curcas L. (cineál inite), sábháilte faoi na coinníollacha úsáide nua atá beartaithe agus faoi na sonraíochtaí.

(10)

Sa tuairim eolaíoch uaidh, thug an tÚdarás dá aire freisin go raibh a chonclúid i ndáil le sábháilteacht an bhia núíosaigh bunaithe ar na sonraí dílseánaigh maidir leis an bpróiseas táirgthe, sonraí comhdhéanaimh, faisnéis chothaitheach agus faisnéis thocsaineolaíoch nach bhféadfadh sé measúnú a dhéanamh ar an mbia núíosach ná teacht ar a chonclúid dá n-uireasa.

(11)

D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir soiléiriú breise a thabhairt maidir leis an údar a soláthraíodh i dtaca lena éileamh dílseánaigh ar na sonraí agus na staidéir sin, agus soiléiriú a thabhairt maidir lena éileamh ar cheart eisiach tagartha orthu i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(b) de Rialachán (AE) 2015/2283.

(12)

Dhearbhaigh an t-iarratasóir go raibh cearta tagartha dílseánaigh agus eisiacha aige ar na staidéir ábhartha, tráth a chuir sé an t-iarratas isteach, agus dhearbhaigh sé nach féidir le tríú páirtithe rochtain dhlíthiúil a fháil ar na sonraí sin ná iad a úsáid ná tagairt a dhéanamh dóibh.

(13)

Rinne an Coimisiún measúnú ar an bhfaisnéis uile a sholáthair an t-iarratasóir agus measann sé go bhfuil bunús leordhóthanach tugtha aige gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá bhrí sin, sonraí maidir leis an bpróiseas táirgthe, sonraí comhdhéanaimh, faisnéis chothaitheach agus faisnéis thocsaineolaíoch, ba cheart iad a chosaint i gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2015/2283. Dá réir sin, níor cheart ach an t-iarratasóir a údarú chun eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) a chur ar an margadh faoi na coinníollacha úsáide leathnaithe laistigh den Aontas ar feadh tréimhse 5 bliana ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(14)

Mar sin féin, maidir leis an údarú agus an tagairt do na sonraí atá i gcomhad an iarratasóra a shrianadh d’úsáid an iarratasóra amháin, ní chuirfidh an srianadh sin cosc ar iarratasóirí eile ina dhiaidh sin cur isteach ar údarú chun an bia núíosach céanna a chur ar an margadh ar choinníoll gur ar fhaisnéis a fuarthas go dlíthiúil agus atá ina taca leis an údarú sin atá a n-iarratas bunaithe.

(15)

Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gcatagóir bia ‘eithní ina gcáil féin, eithní criostalaithe nó leasaithe i siúcra agus mar chnónna próiseáilte’ a údaraíodh roimhe seo chun soiléireacht a áirithiú maidir leis na bianna a chumhdaítear leis an gcatagóir sin. Dá bhrí sin, is iomchuí an chatagóir bia sin a shainiú mar ‘eithní ina gcáil féin, nó eithní iomlána próiseáilte lena gcaitheamh mar shneaiceanna (e.g. rósta, criostalaithe, saillte nó a leithéidí), lena n-áirítear meascáin le cnónna, síolta agus/nó torthaí triomaithe eile’.

(16)

Dá bhrí sin, ba cheart an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 a leasú dá réir sin.

(17)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ní údaraítear ach an chuideachta Chuta Nut GmbH (9) an bia núíosach eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) a chur ar an margadh laistigh den Aontas faoi na coinníollacha úsáide leathnaithe, ar feadh tréimhse 5 bliana ón 14 Iúil 2026, ach amháin má fhaigheann iarratasóir údarú ina dhiaidh sin don bhia núíosach gan tagairt do na sonraí eolaíocha atá á gcosaint de bhun Airteagal 3 nó le comhaontú ón gcuideachta Chuta Nut GmbH.

Airteagal 3

Na sonraí eolaíocha atá sa chomhad iarratais agus a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 26(2) de Rialachán (AE) 2015/2283, ní úsáidfear iad chun tairbhe iarratasóra ina dhiaidh sin ar feadh tréimhse 5 bliana ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo gan comhaontú ón gcuideachta Chuta Nut GmbH.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 327, 11.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2283/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 lena mbunaítear liosta an Aontais de bhianna núíosacha i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/2283 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bianna núíosacha (IO L 351, 30.12.2017, lch. 72, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2017/2470/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/965 ón gCoimisiún an 21 Meitheamh 2022 lena n-údaraítear eithní ón gcineál inite de Jatropha curcas L. a chur ar an margadh mar bhia núíosach agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470 (IO L 166, 22.6.2022, lch. 118, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/965/oj).

(4)  Deimhniú ‘Fíorú Tionscnaimh’ (Iarscríbhinní 56-57), Caighdeáin agus nósanna imeachta bainistithe cáilíochta (Iarscríbhinní 58, 64, 80), Deimhnithe anailíse (Iarscríbhinn 60).

(5)  Deimhnithe anailíse (Iarscríbhinní 1–7, 9, 11–13, 15, 16, 18–27, 32, 35–37, 39, 62, 73, 74, 76–79), Modh anailíseach (Iarscríbhinní 65–66), Ullmhúchán samplaí (Iarscríbhinn 75), Anailís ar an gcion aicriolaimíde (Iarscríbhinn 80).

(6)  Deimhnithe anailíse (Iarscríbhinní 28-31).

(7)  Tuarascálacha staidéir (Iarscríbhinní 47-54).

(8)   EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9706.

(9)  Seoladh: Hans-Lorenser-Str. 20 89079 Ulm, an Ghearmáin.


IARSCRÍBHINN

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le heithní Jatropha curcas L. (cineál inite) i dTábla 1 (Bianna nuíosacha údaraithe) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia núíosach údaraithe

Coinníollacha faoina bhféadfar an bia núíosach a úsáid

Ceanglais lipéadaithe shonracha bhreise

Ceanglais eile

Cosaint sonraí

Eithní Jatropha curcas L. (cineál inite)

Catagóir shonraithe bhia

Uasleibhéil (g/100g)

Is é “eithní ó Jatropha curcas L. Inite” ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

 

Arna údarú an 12 Iúil 2022. Is ar fhianaise eolaíoch dhílseánaigh agus ar shonraí eolaíocha atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 atá an t-áireamh seo bunaithe.

Iarratasóir: “JatroSolutions GmbH”, Echterdinger Strasse 30, 70599 Stuttgart, an Ghearmáin. Is é “JatroSolutions GmbH” amháin atá údaraithe chun na heithní núíosacha ón gcineál inite de Jatropha curcas L. a chur ar an margadh laistigh den Aontas le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó “JatroSolutions GmbH”.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 12 Iúil 2027.

Eithní ina gcáil féin, nó eithní iomlána próiseáilte lena gcaitheamh mar shneaiceanna (e.g. rósta, criostalaithe, saillte nó a leithéidí), lena n-áirítear meascáin le cnónna, síolta agus/nó torthaí triomaithe eile

 

Barraí gránaigh

5

Gránaigh bhricfeasta

5

Torthaí triomaithe

5

Barraí gránaigh

30

Is é “eithní ó Jatropha curcas L. Inite” ainmniú an bhia núíosaigh ar lipéadú earraí bia a bhfuil sé iontu.

 

Údaraithe an 14 Iúil 2026. Tá an t-áireamh sin bunaithe ar fhianaise eolaíoch dhílsithe agus ar shonraí eolaíocha dílseánaigh atá faoi chosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283.

Iarratasóir: Chuta Nut GmbH, Hans-Lorenser-Str. 20, 89079 Ulm, an Ghearmáin.

Is é Chuta Nut GmbH amháin atá údaraithe chun eithní Jatropha curcas L. (cineál inite) a chur ar an margadh laistigh den Aontas, faoi na coinníollacha úsáide leathnaithe agus le linn na tréimhse cosanta sonraí, ach amháin má fhaigheann iarratasóir ina dhiaidh sin údarú i dtaobh an bhia núíosaigh gan tagairt don fhianaise eolaíoch dhílseánaigh ná do na sonraí eolaíocha arna gcosaint i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 2015/2283 nó le comhaontú ó Chuta Nut GmbH.

Dáta deiridh na cosanta sonraí: an 14 Iúil 2031.’

Gránaigh bhricfeasta

30

Torthaí triomaithe

30

Taos/eibleacht cnónna/síolta

 

Plúr/púdar/cnónna/síolta triomaithe

 

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le heithní Jatropha curcas L. (cineál inite) i dTábla 2 (Sonraíochtaí) den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2470:

Bia Núíosach Údaraithe

Sonraíochtaí

Eithní Jatropha curcas L. (cineál inite)

Tuairisc:

Faightear na heithní ó shíolta thorthaí aibí na bplandaí Jatropha curcas L. den chineál inite, plandaí a thugann eithní ina bhfuil leibhéil dho-bhraite d’eistir forbóil, tar éis sraith céimeanna lena n-áirítear na torthaí a ghlanadh agus a scilligeadh chun na síolta a fháil, na síolta a thriomú, na síolta a ghlanadh chun smionagar agus iarmhair eile a bhaint díobh, na síolta a scilligeadh go meicniúil chun na heithní a fháil, agus cóireáil hidriteirmeach a dhéanamh ar na heithní (> 120 °C le haghaidh 40 nóiméad) chun frithchothaithigh agus an t-ualach micribhitheolaíoch a laghdú.

Ós rud é nach féidir idirdhealú feinitíopach a dhéanamh idir plandaí Jatropha curcas L. den chineál inite, plandaí a thugann eithní ina bhfuil leibhéil dho-bhraite d’eistir forbóil, agus an cineál do-ite, níor cheart ach an cineál iomchuí inite de phlandaí Jatropha curcas L. a úsáid agus an bia núíosach á tháirgeadh. Ní mór a áirithiú leis an bpróiseas táirgthe iomlán nach dtarlaíonn meascadh idir eithní inite agus eithní do-ite.

Deimhneofar nár meascadh eithní inite agus eithní do-ite trí bhíthin rialuithe anailíseacha le haghaidh eistir forbóil a dhéanfar ar gach baisc síolta tar éis chéim triomaithe na síolta agus roimh chéim a scilligthe de réir an nóis imeachta samplála i dTábla A. Déantar cúig shampla saotharlainne arna mbaint de gach sampla comhiomlán a scilligeadh, a mheilt, agus a anailísiú le haghaidh eistir forbóil trí bhíthin modh UHPLC-UV-MS (b) bailíochtaithe. Maidir le céimeanna scilligthe na síolta agus céimeanna chóireáil hidriteirmeach na n-eithní, ní dhéanfar tuilleadh próiseála ach amháin ar na baisceanna ina raibh na heistir forbóil do-bhraite i ngach aon cheann de na cúig shampla.

Tábla A

Meáchan na baisce (tonnaí)

Meáchan nó líon na bhfo-luchtóg

An líon samplaí incriminteacha

≥ 500

100 tonna

100

> 100 agus < 500

5 fho-luchtóg

100

> 10 agus ≤ 100

5 fho-luchtóg

100

> 5,0 agus ≤ 10

80

> 1 agus ≤ 5,0

60

> 0,1 agus ≤ 1,0

30

≤ 0,1

10

Déanfar sampláil faoi leith ar gach fo-luchtóg. 10 sampla incriminteacha ar a laghad a chomhdhéanann gach sampla comhiomlán. Is é 3,5 kg íosmhéid an tsampla chomhiomláin. Féadfar an méid sin a mhéadú go comhréireach de réir an lín samplaí incriminteacha a thógtar.

Saintréithe/Comhdhéanamh:

Taise: ≤ 3 %

Iomlán na saille: 54-64 %

Iomlán na próitéine: 21-32 %

Iomlán an tsnáithín: 6-10 %

Luaith: 3-5 %

Éilleáin:

Eistir forbóil (μg cóibhéis TPA (a)/g eithne) (b): ≤ 0,75 (LOD) (c)

Luaidhe: ≤ 0,20 mg/kg

Caidmiam: ≤ 0,20 mg/kg

Suim na n-aflatocsainí B1, B2, G1, G2: ≤ 4,0 μg/kg

Critéir mhicribhitheolaíocha:

Áireamh coilíneachtaí aeróbacha: ≤ 1 000 ADC/g

Áireamh iomlán na ngiostaí agus na múscán: ≤ 100 ADC/g

Enterobacteriaceae: ≤ 10 ADC/g

Salmonella sp.: Gan bheith ann in 25 g

Listeria monocytogenes: ≤ 100 ADC/g

 

(a) TPA coibhéis 12-O-teitrideacánól-forból-13-aicéatáite; (b) Modh bailíochtaithe Crómatagrafaíochta Leachta Ultra-Ardfheidhmíochta in éineacht le Speictreafótaiméadracht Ultraivialait agus Mais-Speictriméadracht (CLAF-UV-MS) chun buaiceanna eistir forbóil a bhrath; (c) Teorainn Braite (Ní féidir próiseáil iomlán a dhéanamh ach amháin ar na baisceanna ina bhfuil tiúchan na n-eistear forbóil faoi bhun na teorann braite); ADC: Aonaid Déanta Coilíneachta.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1378/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)