European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1362

15.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1362 ÓN gCOMHAIRLE

an 15 Meitheamh 2026

lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 2024/1485 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2024/1485 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Rúis (1), agus go háirithe Airteagal 17(1) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 27 Bealtaine 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/1485.

(2)

An 14 Feabhra 2026, d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe, an tSualainn, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Ísiltír ráiteas comhpháirteach inar dhearbhaigh siad go bhfuil siad muiníneach gur nimhíodh Alexei Navalny le tocsain mharfach ar a dtugtar eipeabaitidín, in ainneoin gur mhaígh Cónaidhm na Rúise go bhfuair sé bás ar chúiseanna nádúrtha. Is tocsain é eipeabaitidín a fhaightear i bhfroganna i Meiriceá Theas agus níl sé le fáil ó nádúr sa Rúis.

(3)

Dearbhaíonn an tAontas an athuair go gcáineann sé go géar na sáruithe ar chearta an duine agus an cos ar bolg sa Rúis.

(4)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, measann an Chomhairle gur cheart eintiteas amháin agus 15 dhuine nádúrtha a raibh baint acu le géarleanúint, nimhiú agus bás Alexei Navalny a chur le liosta na ndaoine nádúrtha agus dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485.

(5)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/1485 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 15 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2024/1485, 27.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1485/oj.


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/1485 mar a leanas:

(1)

cuirtear na hiontrálacha seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘A. Daoine nádúrtha’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘73.

Vasily Anatolevich KALASHNIKOV

(Rúisis: Василий Анатольевич КАЛАНИКОВ)

Post: Oibrí in Forensic Science Institute of the Federal Security Service of the Russian Federation (FSB) Special Equipment Center (Institiúid na hEolaíochta Fóiréinsí i Lárionad Trealaimh Speisialta Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB))

Dáta breithe: 11.1.1975

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Oibrí in Institiúid na hEolaíochta Fóiréinsí i Lárionad Trealaimh Speisialta Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) agus saineolaí ar an gcrómatagrafaíocht gháis-mais-speictriméadracht atá in Vasily Kalashnikov, a bhí ina phearsa ríthábhachtach san iarracht a rinne foireann FSB an fhianaise fhóiréinseach uile i leith nimhiú Alexei Navalny a scriosadh. A bhuí le saineolas teicniúil Vasily Kalashnikov, bhíothas in ann a áirithiú nár fhan aon rian ceimiceach inbhraite ar ghiuirléidí Navalny.

Dá bhrí sin, tá Vasily Kalashnikov freagrach as tacaíocht theicniúil agus ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

74.

Mikhail Mikhailovich SHVETS

(Rúisis: Михаил Михайлович ШВЕЦ)

ar a dtugtar freisin Mikhail STEPANOV

(Rúisis: Михаил СТЕПАНОВ)

Post: Oibrí in Federal Security Service of the Russian Federation (FSB) Special Operations Center (Lárionad Oibríochtaí Speisialta Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB))

Dáta breithe: 3.5.1977 (15.4.1974 i gcás an ailias Mikhail Stepanov)

Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oibrí ardchéime é Mikhail Shvets i Lárionad Oibríochtaí Speisialta Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB). Sna himscrúduithe ar nimhiú Alexei Navalny, sainaithnítear Mikhail Shvets mar chomhalta lárnach den “fhoireann nimhithe” líomhnaithe, agus déantar cur síos ar an úsáid a bhain sé as an ailias “Mikhail Stepanov” chun imscaradh ceilte néaroibreáin a éascú. Chuidigh Mikhail Shvets leis an iarracht feallmharaithe trí thacaíocht lóistíochta agus faireachais a sholáthar.

Dá bhrí sin, tá Mikhail Shvets freagrach as tacaíocht ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

75.

Alexei Leonidovich KRIVOSHCHEKOV

(Rúisis: Алексей Леонидович КРИВОЩЕКОВ)

Post: Oifigeach sa Service for the Protection of the Constitutional Order and Countering Terrorism of the Federal Security Service of the Russian Federation (FSB) (an tSeirbhís um an Ord Bunreachtúil a Chosaint agus um Sceimhlitheoireacht a Chomhrac de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB))

Dáta breithe: 11.4.1979

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oifigeach den tSeirbhís um an Ord Bunreachtúil a Chosaint agus um Sceimhlitheoireacht a Chomhrac de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) é Alexei Krivoshchekov ó 2008 i leith. Sa phost sin, bhí sé ina bhall de ghrúpa oifigeach FSB a bhí ag feidhmiú faoi chéannacht bhréagach chun faireachas leanúnach a dhéanamh ar Alexei Navalny i gcaitheamh roinnt turas laistigh den Rúis, ó 2017 go 2019. Bhí Alexei Krivoshchekov agus beirt oifigeach eile ag déanamh faireachán ar Alexei Navalny le linn an chéad iarrachta nimhithe go luath in 2017, tráth a bhí sé ag taisteal go Kirov.

Dá bhrí sin, tá Alexei Krivoshchekov freagrachas tacaíocht theicniúil agus ábhartha a chur ar fáil chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

76.

Valery Nikolaevich SUKHAREV

(Rúisis: Валерий Николаевич СУХАРЕВ)

ar a dtugtar freisin Nikolai Aleksandrovich GOROKHOV

(Rúisis: Николай Александрович ГОРОХОВ)

Post: Oifigeach Sinsearach in Service for the Protection of the Constitutional Order and Countering Terrorism of the Federal Security Service of the Russian Federation (FSB) (an tSeirbhís um an Ord Bunreachtúil a Chosaint agus um Sceimhlitheoireacht a Chomhrac de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB))

Dáta breithe: 2.4.1956

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oifigeach sinsearach é Valery Sukharev sa tSeirbhís um an Ord Bunreachtúil a Chosaint agus Sceimhlitheoireacht a Chomhrac de chuid Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB). Sa phost sin, bhí sé ina bhall de ghrúpa oifigeach FSB a bhí ag feidhmiú faoi chéannacht bhréagach chun faireachas leanúnach a dhéanamh ar Alexei Navalny i gcaitheamh roinnt turas laistigh den Rúis, ó 2017 go 2019. Bhí Valery Sukharev agus beirt oifigeach eile ag déanamh faireachán ar Alexei Navalny le linn an chéad iarrachta nimhithe go luath in 2017, tráth a bhí sé ag taisteal go Kirov.

Dá bhrí sin, tá Valery Sukharev freagrach as tacaíocht theicniúil agus ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

77.

Oleg Borisovich TAYAKIN

(Rúisis: Олег Борисович ТАЯКИН)

ar a dtugtar freisin Oleg TARASOV

(Rúisis: Олег ТАРАСОВ)

Post: Oifigeach in Institiúid Eolaíochta Fóiréinsí Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) (Federal Security Service of the Russian Federation (FSB))

Dáta breithe: 6.12.1980 (6.6.1980 i gcás an ailias Oleg Tarasov)

Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is oifigeach é Oleg Tayakin in Institiúid Eolaíochta Fóiréinsí Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) a raibh ról lárnach aige sna hoibríochtaí faireachais agus cumarsáide a bhain le nimhiú ceimiceach Alexei Navalny. De réir na dtorthaí maidir leis an nimhiú sin, ba é Oleg Tayakin an príomh-chomhordaitheoir don mhisean, ba eisean a bhainistigh an chumarsáid agus an tacaíocht lóistíochta ó ionad ceannais de chuid FSB atá lonnaithe i Moscó.

Dá brí sin, tá Oleg Tayakin freagrach as tacaíocht theicniúil agus ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

78.

Alexander Grigorievich MURAKHOVSKY

(Rúisis: Александр Григорьевич МУРАХОВСКИЙ)

Post: Iar-Phríomh-Dhochtúir in Omsk Emergency Hospital No.1; Ceann ar ospidéal míleata in Omsk faoi láthair

Dáta breithe: 1.7.1971

Áit bhreithe: Omsk, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Alexander Murakhovsky an tIar-Phríomh-Dhochtúir in Omsk Emergency Hospital No.1. Sa phost sin, shéan sé gur nimhíodh Alexei Navalny, dúirt gur “neamhoird mheitibileacha” ba chúis le tinneas Alexei Navalny agus dhiúltaigh sé é a aistriú chuig an nGearmáin lena chóireáil. Ina dhiaidh sin, deimhníodh in anailísí a rinneadh sa Ghearmáin gurbh amhlaidh a nimhíodh Alexei Navalny le substaint ón ngrúpa Novichok. Tá Alexander Murakhovsky ina Cheann ar ospidéal míleata in Omsk faoi láthair.

Dá bhrí sin, tá Alexander Murakhovsky freagrach as tacaíocht theicniúil agus ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

79.

Aleksandr Vladimirovich SABAEV

(Rúisis: Александр Владимирович САБАЕВ)

Post: Príomh-Thocsaineolaí agus Ceann Roinn an Ghéarnimhithe in Omsk Emergency Hospital No.1

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Aleksandr Sabaev an Príomh-Thocsaineolaí san ospidéal inar cuireadh cóireáil leighis ar Alexei Navalny, sular aslonnaíodh é go dtí an Ghearmáin tar éis na hiarrachta ar é a fheallmharú trí nimhiú. Rinne Aleksandr Sabaev beag is fiú arís agus arís eile de nimhiú Alexei Navalny, dúirt sé gur neamhord meitibileach ba chúis lena dhrochshláinte agus dhiúltaigh sé faisnéis faoi riocht Alexei Navalny a scaoileadh le comhghleacaithe Alexei Navalny.

Dá bhrí sin, tá Aleksandr Sabaev freagrach as tacaíocht theicniúil agus ábhartha a thabhairt chun an freasúra daonlathach a chur faoi chois trí chúnamh a thabhairt do na gníomhartha sin agus iad a éascú.

15.6.2026

80.

Anatolii Vyacheslavovich RAZINKIN

(Rúisis: Анатолий Вячеславович РАЗИНКИН)

Post: An Chéad Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir de chuid Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 24.1.1977

Áit bhreithe: Samara Region, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Is é Anatolii Razinkin an Chéad Leas-Phríomh-Ionchúisitheoir de chuid Chónaidhm na Rúise. Sa phost sin, d’fhormheas sé díotáil Alexei Navalny i gcás coiriúil ar chúisimh maidir le calaois agus díspeagadh cúirte. I mí an Mhárta 2022, fuair an chúirt Alexei Navalny ciontach i gcalaois agus i ndíspreagadh cúirte agus ghearr sí téarma príosúnachta 9 mbliana air i gcoilíneacht phionósach, agus na pianbhreitheanna uile á gcur san áireamh.

Dá bhrí sin, tá Anatolii Razinkin freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine, lena n-áirítear an tsaoirse tuairimíochta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a shárú, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den smacht reachta sa Rúis.

15.6.2026

81.

Alexei Anatolievich ALEKSANDROV

(Rúisis: Алексей Анатольевич АЛЕКСАНДРОВ)

Post: Maorghinearál Dlí agus Cirt agus Ceann Roinn Imscrúdaithe Idir-Réigiúnach Iompair Oirthearach Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise; iarCheann Roinn Imscrúdaithe Iompair na Sibéire Thiar Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise.

Dáta breithe: 22.12.1975

Áit bhreithe: Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

INN (Uimhir Aitheantais Cánach Rúiseach): 220408759681

Is Ard-Ghinearál Dlí agus Cirt é Alexei Aleksandrov a bhí ina Cheann ar Roinn Imscrúdaithe Iompair na Sibéire Thiar de Choiste Fiosrúcháin Chónaidhm na Rúise tráth nimhiú Alexei Navalny. Sa cháil sin, dhiúltaigh Alexei Aleksandrov imscrúdú a dhéanamh ar nimhiú Alexei Navalny.

In 2022, tugadh ardú céime do Alexei Aleksandrov agus rinneadh Ceann ar Roinn Imscrúdaitheach Idir-Réigiúnach Iompair Oirthearach Choiste Imscrúdaitheach Chónaidhm na Rúise, agus tá sé ag obair sa ról sin ó shin.

Dá bhrí sin, tá Alexei Aleksandrov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois.

15.6.2026

82.

Natalia Vladimirovna KONOVALOVA

(Rúisis: Наталья Владимировна КОНОВАЛОВА)

Post: Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó

Dáta breithe: 15.12.1972

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is Breitheamh de Chúirt Chathair Mhoscó í Natalia Konovalova. Sheas sí le cinneadh Chúirt Dúiche Lefortovo, a dhiúltaigh don ghearán i gcoinne Stiúrthóireacht Imscrúdaitheach Sheirbhís Slándála Cónaidhme Chónaidhm na Rúise (FSB) as a neamhghníomhaíocht maidir le nimhiú Alexei Navalny.

Ina theannta sin, chuir Natalia Konovalova síneadh roimhe sin le coinneáil bhaill an bhanna ceoil Pussy Riot agus sheas sí le gabháil an iriseora Mheiriceánaigh Evan Gershkovich, an iriseora Rúisigh Ivan Safronov agus an mhic léinn Rúisigh Ibragim Orudzhey.

Dá bhrí sin, tá Natalia Konovalova freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois.

15.6.2026

83.

Marina Andreeva BOBEK

(Rúisis: Марина Андреева БОБЕК)

Post: Ionchúisitheoir i Roinn Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 12.8.1986

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is Ionchúisitheoir i Roinn Oifig Phríomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise í Marina Bobek. Sa ról sin, bhí sí freagrach as roinnt cásanna d’ionchúiseamh coiriúil a bhain le saoránaigh de Chónaidhm na Rúise a chuir i gcoinne an réimis pholaitiúil atá ann faoi láthair, lena n-áirítear cásanna a bhaineann le Alexei Navalny.

Dá bhrí sin, tá Marina Bobek freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha i réimse chearta an duine agus as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois.

15.6.2026

84.

Ekaterina Petrovna IVANNIKOVA

(Rúisis: Екатерина Петровна ИВАННИКОВА)

Post: Ionchúisitheoir i Roinn Achomhairc Roinn Choiriúil agus Bhreithiúnach Oifig an Ionchúisitheora, Moscó

Dáta breithe: 6.4.1988

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: baineann

Is Ionchúisitheoir i Roinn Achomhairc Roinn Choiriúil agus Bhreithiúnach Oifig an Ionchúisitheora Chónaidhm na Rúise í Ekaterina Ivannikova. Sa ról sin, bhí sí freagrach as ionchúiseamh coiriúil a bhain le saoránaigh de chuid Chónaidhm na Rúise a chuir i gcoinne an réimis pholaitiúil atá ann faoi láthair. Bhí baint ag Ekaterina Ivannikova leis an tsabaitéireacht a rinneadh ar an imscrúdú ar nimhiú Alexei Navalny. Ina theannta sin, bhí baint ag Ekaterina Ivannikova le cás Serebrennikov trí dhiúltú do Alexei Malobrodsky a aistriú ó choinneáil go braighdeanas baile.

Dá bhrí sin, tá Ekaterina Ivannikova freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas nó den smacht reachta sa Rúis.

15.6.2026

85.

Aleksandr Vladimirovich GUTSAN

(Rúisis: Александр Владимирович ГУЦАН)

Post: Príomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 6.7.1960

Áit bhreithe: Siversky settlement, Gatchinsky District, Leningrad Region, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

INN (Uimhir Aitheantais Cánach Rúiseach): 781610240809

Is é Aleksandr Gutsan Príomh-Ionchúisitheoir Chónaidhm na Rúise ó mhí Mheán Fómhair 2025 i leith. Sa ról sin, bhí sé freagrach as an achainí chun eagraíocht Alexei Navalny, an Fhondúireacht in aghaidh an Éillithe (ACF) a dhearbhú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta, agus ar an gcaoi sin aon chomhlachas le ACF a choiriúlú. Mar thoradh ar an gcoiriúlú sin, gabhadh líon mór daoine ó lucht tacaíochta ACF ar chúisimh maidir le “maoiniú sceimhlitheoireachta”.

Dá bhrí sin, tá Aleksandr Gutsan freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis.

15.6.2026

86.

Oleg Nikolaevich NEFEDOV

(Rúisis: Олег Николаевич НЕФЕДОВ)

Post: Breitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise; Cathaoirleach ar an gComhdhéanamh Breithiúnach Céadchéime den Choláiste Breithiúnach um Chásanna Riaracháin i gCúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise

Dáta breithe: 1.8.1974

Áit bhreithe: Kuznetsk, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

SNILS: 07750947803

Tá Oleg Nefedov ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise ó bhí 2017 ann agus tá sé ina Chathaoirleach ar an gComhdhéanamh Breithiúnach Céadchéime den Choláiste Breithiúnach um Chásanna Riaracháin i gCúirt Uachtarach Chónaidhm na Rúise ó bhí 2023 ann.

Ina ról mar Bhreitheamh den Chúirt Uachtarach, bhí Oleg Nefedov i gceannas ar roinnt rialuithe a chuir srian ar an tsaoirse eagrúcháin, ar an bhfreasúra polaitiúil agus ar chearta an duine, lena n-áirítear eagraíocht Alexei Navalny, an Fhondúireacht Frith-Éillithe, a ainmniú mar eagraíocht sceimhlitheoireachta. Rialaigh Oleg Nefedov cosc a chur ar an “gluaiseacht idirnáisiúnta LADT”.

Dá bhrí sin, tá Oleg Nefedov freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine, as cos ar bolg a dhéanamh ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra daonlathach, as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn go tromchúiseach den daonlathas agus den smacht reachta sa Rúis.

15.6.2026

87.

Roman Yurievich PLUGIN

(Rúisis: Роман Юрьевич ПЛУГИН)

Post: Leifteanant-Ghinearál na bPóilíní; Coimisinéir Phóilíní Chathair Pheadair; Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht na hAireachta Gnóthaí Baile do Chathair Pheadair agus do Réigiún Leningrad

Dáta breithe: 10.3.1975

Áit bhreithe: Stavropol, Poblacht Shóivéadach Shóisialach na Rúise (Cónaidhm na Rúise anois)

Náisiúntacht: Rúiseach

Inscne: fireann

Uimhir aitheantais chánach: 502719429607

SNILS: 10906646049

Is é Roman Plugin Ceann Phríomh-Stiúrthóireacht na hAireachta Gnóthaí Baile do Chathair Pheadair agus do Réigiún Leningrad, ar a dtugtar Póilíní Chathair Pheadair freisin.

Sa ról sin, tá sé freagrach as an tsaoirse cainte a theorannú trí ordú a thabhairt go ndéanfaí lucht caointe Alexei Navalny a ghabháil agus a choinneáil ar chothrom lae a bháis, agus go ndéanfaí ceoltóirí sráide síochánta a ghabháil i gCathair Pheadair a chan amhráin a measadh gur léirigh siad tacaíocht don fhreasúra.

Dá bhrí sin, tá Roman Plugin freagrach as sáruithe nó mí-úsáidí tromchúiseacha ar chearta an duine agus as gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn den daonlathas nó den smacht reachta sa Rúis.

15.6.2026’;

(2)

cuirtear an iontráil seo a leanas leis faoin gceannteideal ‘B. Daoine dlítheanacha, eintitis agus comhlachtaí’:

 

Ainm

Faisnéis aitheantais

Ráiteas ar chúiseanna

Dáta an liostaithe

‘2.

IPJSC NTK

ar a dtugtar freisin International Public Joint-Stock Company NTK

ar a dtugtar freisin NTH International Joint Stock Company

(Rúisis: МКАО NTKh, MKAO НТХ, MKAO NTH, MKAO NTKh)

Seoladh: 236004, Kaliningrad region, Kaliningrad, Okyabrskaya street 71-73, room 25

Ríomhphost: info@ntechlab.ru

Suíomh gréasáin Rúiseach: www.ntechlab.ru

Suíomh gréasáin idirnáisiúnta: www.ntechlab.com

INN: 3900040153

KPP: 390001001

OGRN: 1253900004412

OKPO: 87427827

Is é IPJSC NTK cuideachta sealbhaíochta NtechLab. Is cuideachta teicneolaíocht aghaidh-aitheanta Rúiseach é NtechLab, atá faoi réir smachtbhannaí an Aontais. Chomhoibrigh sé le Roinn Teicneolaíochtaí Faisnéise Chathair Mhoscó maidir le forbairt an chórais aghaidh-aitheanta i Moscó.

Bhain Príomh-Stiúrthóireacht Gnóthaí Inmheánacha Chathair Mhoscó úsáid as an gcóras aghaidh-aitheanta i Moscó mar uirlis cos ar bolg chun faireachán a dhéanamh ar iriseoirí neamhspleácha, ar ghníomhaithe freasúra agus ar rannpháirtithe in agóidí síochánta a thacaigh le Alexei Navalny agus a bhí i gcoinne ionradh na Rúise ar an Úcráin, agus chun iad a choinneáil. Bunaíodh IPJSC NTK chun oibríochtaí NtechLab a ghlacadh ar láimh nuair a d’aistrigh an chuideachta go dtí an Rúis.

Dá bhrí sin, tá IPJSC NTK freagrach as tacaíocht theicniúil nó ábhartha a thabhairt chun sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine sa Rúis, lena n-áirítear gabhálacha nó coinneáil threallach, agus as sáruithe nó mí-úsáid na saoirse comhthionóil síochánta agus na saoirse comhlachais.

15.6.2026’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1362/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)