European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1350

12.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1350 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2026

lena gceaptar comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 8 Meitheamh 2026 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 300(3) agus Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Portaingéile,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 300(3) den Chonradh go bhfuil Coiste na Réigiún le bheith comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

Foráiltear le hAirteagal 305 den Chonradh go ndéanfaidh an Chomhairle comhaltaí de Choiste na Réigiún mar aon lena chomhlíon de chomhaltaí malartacha a cheapadh go ceann téarma 5 bliana i gcomhréir leis na moltaí arna ndéanamh ag gach Ballstát.

(3)

Ós rud é go ndeachaigh téarma oifige chomhaltaí agus chomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún in éag an 25 Eanáir 2025, ba cheart comhaltaí nua agus comhaltaí malartacha nua a cheapadh.

(4)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2). Leis an gCinneadh sin, cheap sí na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún arna moladh ag rialtas na hEastóine, na hÉireann, na Cróite, na Cipire, na Laitvia, Lucsamburg, Mhálta, na hÍsiltíre, na hOstaire, na Portaingéile, na Slóivéine, na Slóvaice, na Fionlainne, agus na Sualainne don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Le Cinneadh (AE) 2025/71, cheap an Chomhairle don tréimhse chéanna, 12 chomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Seice, 7 gcomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Danmhairge, 23 chomhalta agus 19 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Gearmáine, 11 chomhalta agus 12 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Gréige, 20 comhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Spáinne, 22 chomhalta agus 24 chomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na hIodáile, 21 chomhalta agus 20 comhalta malartach arna moladh ag Rialtas na Polainne, agus 9 gcomhalta agus 9 gcomhalta mhalartacha arna moladh ag Rialtas na Rómáine. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 22 Samhain 2024 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/71.

(5)

An 21 Eanáir 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/201 (3). Leis an gCinneadh sin, cheap sí, don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030, na comhaltaí agus na comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtais na Bulgáire, na Liotuáine agus na hUngáire, mar aon le 10 gcomhalta agus 10 gcomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Beilge, agus 24 chomhalta agus 23 chomhalta mhalartacha a mhol Rialtas na Fraince. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2025/201, cheap an Chomhairle beirt chomhaltaí agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Danmhairge, agus ceapadh duine de na comhaltaí sin mar chomhalta malartach ar dtús le Cinneadh (AE) 2025/71. Cheap sí freisin comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na hIodáile tar éis do chomhalta malartach arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2025/71 éirí as oifig. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 31 Nollaig 2024 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/201.

(6)

An 18 Feabhra 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/378 (4). Leis an gCinneadh sin, cheap sí, don tréimhse ón 18 Feabhra 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030, beirt chomhaltaí agus beirt chomhaltaí mhalartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtas na Beilge, beirt chomhaltaí mhalartacha a mhol Rialtas na Gearmáine, comhalta amháin a mhol Rialtas na Gréige, comhalta amháin agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Spáinne, beirt chomhaltaí a mhol Rialtas na hIodáile, seisear comhaltaí agus seisear comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Rómáine, agus comhalta malartach amháin a mhol Rialtas na Polainne. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2025/378, cheap an Chomhairle aon chomhalta amháin a mhol Rialtas na Gearmáine tar éis do chomhalta arna cheapadh le Cinneadh (AE) 2025/71 éirí as oifig. Ní fhéadfaí na comhaltaí ná na comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 7 Feabhra 2025 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/378.

(7)

An 13 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/954 (5). Leis an gCinneadh sin ceapadh, don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030, aon chomhalta amháin agus aon chomhalta malartach amháin de Choiste na Réigiún a mhol Rialtas na Gearmáine, mar aon le triúr comhaltaí malartacha a mhol Rialtas na Seice. Thairis sin, le Cinneadh (AE) 2025/954, agus tar éis dheireadh an tsainordaithe, roimh thús an téarma oifige reatha, ar dá bhun a moladh comhalta Gearmánach a cheapadh agus a ceapadh é le Cinneadh (AE) 2025/71, cheap an Chomhairle comhalta amháin a mhol Rialtas na Gearmáine. Le Cinneadh (AE) 2025/954, agus tar éis dheireadh an tsainordaithe, roimh thús an téarma oifige reatha, ar dá bhun a moladh comhalta Ostarach a cheapadh agus a ceapadh é le Cinneadh (AE) 2025/71, cheap an Chomhairle comhalta amháin freisin arna mholadh ag Rialtas na hOstaire. Ní fhéadfaí comhaltaí malartacha ina leith siúd nár cuireadh moltaí lena gceapadh in iúl don Chomhairle roimh an 30 Aibreán 2025 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/954.

(8)

An 10 Deireadh Fómhair 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/2119 (6). Leis an gCinneadh sin, cheap sí beirt chomhaltaí mhalartacha de Choiste na Réigiún a mhol Rialtas na Gearmáine don tréimhse ón 10 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Ní fhéadfaí an comhalta malartach ina leith siúd nár cuireadh an moladh lena cheapadh in iúl don Chomhairle roimh an 15 Meán Fómhair 2025 a chur san áireamh i gCinneadh (AE) 2025/2119.

(9)

Ceapadh Rogério David SÁDIO DA SILVA agus Cristina de Fátima SILVA CALISTO le Cinneadh (AE) 2025/71 ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030. Mar sin féin, tháinig deireadh leis an sainordú ar dá bhun a moladh iad a cheapadh chuig Choiste na Réigiún sular cuireadh tús le téarma oifige reatha Choiste na Réigiún. Tar éis dheireadh na sainorduithe sin, mhol Rialtas na Portaingéile go gceapfaí Sónia Isabel FERNANDES SANFONA CRUZ MENDES agus Filomena PASCOAL SINTRA ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún. Dá bhrí sin, ba cheart Sónia Isabel FERNANDES SANFONA CRUZ MENDES agus Filomena PASCOAL SINTRA a cheapadh ina gcomhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún agus ba cheart liosta na gcomhaltaí malartacha don Phortaingéil i gCinneadh (AE) 2025/71 a oiriúnú dá réir.

(10)

Nuair a cheapfar an bheirt chomhaltaí mhalartacha de Choiste na Réigiún trí bhíthin an Chinnidh seo, leanfar, ar dháta níos faide anonn, de chomhalta malartach eile a cheapadh, nár cuireadh an moladh lena cheapadh in iúl don Chomhairle faoin 1 Bealtaine 2026,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, déantar na daoine a liostaítear san Iarscríbhinn a cheapadh ar Choiste na Réigiún ina gcomhaltaí malartacha don tréimhse ón 8 Meitheamh 2026 go dtí an 25 Eanáir 2030.

Airteagal 2

Sa liosta don Phortaingéil a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh (AE) 2025/71, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

 

‘Rogério David SÁDIO DA SILVA

Presidente da Câmara Municipal de Fronteira (Méara Fronteira)

 

Cristina de Fátima SILVA CALISTO

Presidente da Câmara Municipal de Lagoa (Méara Lagoa)’.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).

(3)  Cinneadh (AE) 2025/201 ón gComhairle an 21 Eanáir 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/201, 31.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/201/oj).

(4)  Cinneadh (AE) 2025/378 ón gComhairle an 18 Feabhra 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 18 Feabhra 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/378, 6.3.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/378/oj).

(5)  Cinneadh (AE) 2025/954 ón gComhairle an 13 Bealtaine 2025 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 13 Bealtaine 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 agus lena leasaítear Cinneadh (AE) 2025/71 (IO L, 2025/954, 22.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/954/oj).

(6)  Cinneadh (AE) 2025/2119 ón gComhairle an 10 Deireadh Fómhair 2025 lena gceaptar comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 10 Deireadh Fómhair 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/2119, 16.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/2119/oj).


IARSCRÍBHINN

ПРИЛОЖЕНИЕ – ANEXO – PŘÍLOHA – BILAG – ANHANG – LISA – ΠΑΡΑΡΤΗΜΑ – ANNEX – ANNEXE – IARSCRÍBHINN – PRILOG – ALLEGATO – PIELIKUMS – PRIEDAS – MELLÉKLET – ANNESS – BIJLAGE – ZAŁĄCZNIK – ANEXO – ANEXA – PRÍLOHA – PRILOGA – LIITE – BILAGA

Заместник-членове / Suplentes / Náhradníci / Suppleanter / Stellvertreter / Asendusliikmed / Αναπληρωτές / Alternate members / Suppléants / Comhaltaí malartacha / Zamjenici članova / Supplenti / Aizstājēji / Pakaitiniai nariai / Póttagok / Membri Supplenti / Plaatsvervangers / Zastępcy członków / Suplentes / Supleanți / Náhradníci / Nadomestni člani / Varajäsenet / Suppleanter

AN PHORTAINGÉIL

 

Sónia Isabel FERNANDES SANFONA CRUZ MENDES

Presidente da Câmara Municipal de Alpiarça (Méara Alpiarça)

 

Filomena PASCOAL SINTRA

Presidente da Câmara Municipal de Castro Marim (Méara Castro Marim)


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1350/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)