European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1343

12.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1343 ÓN gCOMHAIRLE

an 8 Meitheamh 2026

lena gceaptar comhalta, arna mholadh ag Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, de Choiste na Réigiún

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 305 de,

Ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/852 ón gComhairle an 21 Bealtaine 2019 lena gcinntear comhdhéanamh Choiste na Réigiún (1),

Ag féachaint don togra ó Rialtas na Gearmáine,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 300(3) den Chonradh, beidh Coiste na Réigiún comhdhéanta d’ionadaithe do chomhlachtaí réigiúnacha agus áitiúla a bhfuil acu sainordú toghchánach in údarás réigiúnach nó áitiúil nó atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa.

(2)

An 10 Nollaig 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2025/71 (2), lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030.

(3)

Tá suíochán comhalta ar Choiste na Réigiún tagtha chun bheith folamh tar éis deireadh a theacht leis an sainordú náisiúnta ar dá bhun a moladh Sven SCHULZE a cheapadh.

(4)

Mhol Rialtas na Gearmáine Simone GROẞNER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretärin für Bundes- und Europaangelegenheiten und Bevollmächtigte des Landes Sachsen-Anhalt beim Bund (an Státrúnaí do Ghnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus Ionadaí thar ceann Sachsen-Anhalt chuig an gCónaidhm), mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha don téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leis seo, ceaptar Simone GROẞNER, ar ionadaí do chomhlacht réigiúnach í atá freagrach go polaitiúil do thionól tofa, Staatssekretärin für Bundes- und Europaangelegenheiten und Bevollmächtigte des Landes Sachsen-Anhalt beim Bund (an Státrúnaí do Ghnóthaí Cónaidhme agus Eorpacha agus Ionadaí thar ceann Sachsen-Anhalt chuig an gCónaidhm) mar chomhalta de Choiste na Réigiún ar feadh a bhfuil fágtha den téarma oifige reatha, a leanfaidh go dtí an 25 Eanáir 2030.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. VAFEADES


(1)   IO L 139, 27.5.2019, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2019/852/oj.

(2)  Cinneadh (AE) 2025/71 ón gComhairle an 10 Nollaig 2024 lena gceaptar comhaltaí agus comhaltaí malartacha de Choiste na Réigiún don tréimhse ón 26 Eanáir 2025 go dtí an 25 Eanáir 2030 (IO L, 2025/71, 16.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/71/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1343/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)