European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1340

12.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1340 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Meitheamh 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus ionstraimí comhchosúla a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle agus ionstraimí comhchosúla maidir le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Trí bhíthin Chinneadh 94/800/CE ón gComhairle (1), d’fhormheas an tAontas an Comhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme (an Comhaontú maidir le Luacháil Chustaim) agus an Comhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(2)

Le hAirteagal 18(2) den Chomhaontú maidir le Luacháil Chustaim bunaítear, faoi choimirce na Comhairle um Chomhar Custaim, Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim, d’fhonn, aonfhoirmeacht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim a áirithiú ar an leibhéal teicniúil.

(3)

De bhun phointe 2(a) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla sonracha a eascraíonn as córas luachála custaim a Chomhaltaí a riar ó lá go lá agus tá sé freagrach as tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le réitigh iomchuí bunaithe ar na fíricí a chuirtear ina láthair.

(4)

De bhun phointe 2(b) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as staidéar a dhéanamh, arna iarraidh sin, ar dhlíthe, nósanna imeachta agus cleachtais luachála a mhéid a bhaineann siad leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus as tuarascálacha a ullmhú maidir le torthaí na staidéar sin.

(5)

De bhun phointe 2(d) d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, tá an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim freagrach as faisnéis agus comhairle a sholáthar maidir le haon ábhar a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim arna iarraidh sin d’aon Chomhalta den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó don Coiste um Luacháil Chustaim arna bhunú le hAirteagal 18(1) den Chomhaontú maidir le Luacháil Chustaim. Féadfaidh an fhaisnéis nó an chomhairle sin a bheith i bhfoirm tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir nó ionstraimí comhchosúla.

(6)

Le hAirteagal 4(2) den Chomhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh bunaítear, faoi choimirce na Comhairle um Chomhar Custaim, Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh atá leis an obair theicniúil a dhéanamh a iarrtar i gCuid IV agus a fhorordaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(7)

De bhun phointe 1(a) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, tá an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh freagrach as scrúdú a dhéanamh ar fhadhbanna teicniúla sonracha a eascraíonn as rialacha tionscnaimh a Chomhaltaí a riar ó lá go lá agus tá sé freagrach as tuairimí comhairleacha a thabhairt maidir le réitigh iomchuí bunaithe ar na fíricí a chuirtear ina láthair.

(8)

De bhun phointe 1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, tá an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh freagrach as faisnéis agus comhairle a sholáthar i dtaobh aon ábhar a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh arna iarraidh sin d’aon Chomhalta den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh nó don Choiste um Rialacha Tionscnaimh arna bhunú faoi Airteagal 4(1) den Chomhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

(9)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim a bhunú i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus ionstraimí comhchosúla maidir le haon ábhar a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim, chun aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim, os rud é go bhféadfadh ionstraimí den sórt sin tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 (3) ón gCoimisiún agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 (4) ón gCoimisiún, a mhéid a bhaineann le luacháil custaim earraí agus leis an luach a chinneadh.

(10)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh a bhunú i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí agus faisnéis agus ionstraimí comhchosúla a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh, d’fhonn aonfhoirmeacht a áirithiú maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh, os rud é go bhféadfadh ionstraimí den sórt sin tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, go háirithe, Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447, a mhéid a bhaineann le tionscnamh earraí agus leis an tionscnamh a chinneadh.

(11)

Is chun leas an Aontais go ndéanfaí na seasaimh a léirítear thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim a bhunú de réir prionsabail, critéir agus treoirlínte lena rialaítear luacháil earraí allmhairithe chun críoch custaim, agus na seasaimh a atá le glacadh sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh de réir prionsabail, critéir agus treoirlínte lena rialaítear cinneadh tionscnaimh earraí. Is chun leas an Aontais freisin go ndéanfaí seasaimh den chineál sin a bhunú go tapa chun go gceadaítear don Aontas a chearta a fheidhmiú sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

(12)

I bhfianaise a theicniúla atá ábhair a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus a theicniúla atá ábhair a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh, i bhfianaise líon na gceisteanna a scrúdaítear gach bliain i gcruinnithe an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh, agus i bhfianaise na tréimhse giorra a bhíonn ar fáil chun na doiciméid a eisíonn Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Custaim agus comhaltaí an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim nó an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh a mheasúnú mar ullmhúchán le haghaidh na cruinnithe sin, agus i bhfianaise an ghá a bhíonn ann, dá bhrí sin, an fhaisnéis nua a chuirtear i láthair roimh na cruinnithe sin agus lena linn a chur san áireamh i seasamh an Aontais agus aghaidh a thabhairt uirthi go héifeachtach, is iomchuí na socruithe is gá a bhunú, i gcomhréir le prionsabal an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais mar a chumhdaítear in Airteagal 13(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), chun seasamh an Aontais a shonrú a thuilleadh.

(13)

Ó tharla gur go déanach, arís agus arís eile, a bhíonn fáil ar na doiciméid oibre roimh chruinnithe den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, agus chun cearta agus leasanna an Aontais sna coistí sin a choimirciú, ba cheart don Choimisiún féachaint lena iarraidh ar Rúnaíocht na hEagraíochta Domhanda Custaim a áirithiú go gcuirfear doiciméid oibre ar fáil i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh faoi seach, ionas go scaipfear na doiciméid sin 30 lá ar a laghad roimh thús an chruinnithe ábhartha.

(14)

Chun a áirithiú go mbeidh an Chomhairle in ann, measúnú rialta a dhéanamh ar an mbeartas a leagtar amach sa Chinneadh seo agus, i gcás inarb iomchuí, é a athbhreithniú, agus de réir mheon an chomhair dhílis idir institiúidí an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 13(2) CAE, ba cheart teorainn a chur le tréimhse chur i bhfeidhm an Chinnidh seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim, arna bhunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim i ndáil le glacadh agus ullmhú tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus ionstraimí comhchosúla a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, beidh sé bunaithe i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoirlínte a leagtar síos i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste Teicniúil maidir le Rialacha Tionscnaimh, arna bhunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh agus ullmhú tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus ionstraimí comhchosúla a bhaineann le tionscnamh earraí faoin gComhaotú maidir le Rialacha Tionscnaimh, beidh sé bunaithe i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoirlínte a leagtar síos i Roinn 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo.

Airteagal3

Maidir le sonrú sheasamh an Aontais atá le glacadh faoi Airteagail 1 agus 2, déanfar an sonrú sin i gcomhréir le Roinn 2 den Iarscríbhinn.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2030.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. FITIRIS


(1)  Cinneadh 94/800/CE ón gComhairle an 22 Nollaig 1994 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, na gcomhaontuithe a baineadh amach i mBabhta Uragua den chaibidlíocht iltaobhach (1986-1994), a mhéid a bhaineann leis na hábhair laistigh dá inniúlacht féin, (IO L 336, 23.12.1994, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1994/800/oj).

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún an 28 Iúil 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Chód Custaim an Aontais, ( IO L 343, 29.12.2015, lch. 1,ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2015/2446/oj).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais ( IO L 343, 29.12.2015, lch. 558, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj)


IARSCRÍBHINN

ROINN 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, maidir le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme, agus maidir le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle agus gníomhartha den sórt sin maidir le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

1.1.   Prionsabail

Faoi chuimsiú na gCoistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, déanfaidh an tAontas mar a leanas:

(a)

luacháil earraí allmhairithe chun críoch custaim agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe maidir le hAirteagal VII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Thrádáil 1994 a Chur chun Feidhme (an Comhaontú maidir le Luacháil Chustaim) a chur chun cinn agus a éascú agus rannchuideoidh sé leis an méid sin;

(b)

cuirfidh sé chun cinn agus éascóidh sé cinneadh tionscnaimh earraí, agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh agus rannchuideoidh sé leis an méid sin;

(c)

oibreoidh sé i dtreo rannpháirtíocht iomchuí na ngeallsealbhóirí sa tréimhse ullmhúcháin le haghaidh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis nó comhairle maidir le haon ábhar a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim nó le tionscnamh earraí a chinneadh, nó gníomhartha eile den sórt sin ón gCoiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus ón gCoiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, agus a áirithiú go bhfuil gníomhartha den sórt sin i gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus leis an gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh, faoi seach;

(d)

áiritheoidh sé go mbeidh na bearta a ghlacfar sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim comhsheasmhach leis an Réamhthráchtaireacht Ghinearálta a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim agus leis na Nótaí Léirmhínitheacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim;

(e)

seasaimh atá comhsheasmhach le beartais agus dea-chleachtais an Aontais a chur chun cinn, lena n-áirítear an cuspóir maidir le leasanna airgeadais an Aontais chomh maith le gealltanais idirnáisiúnta eile an Aontais sa réimse lena mbaineann a chosaint.

1.2.   Critéir

Na seasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais:

(a)

bunófar iad de réir an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim, an Réamhthráchtaireacht Ghinearálta a ghabhann leis agus na Nótaí Léirmhínitheacha a leagtar síos in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, a mhéid a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim;

(b)

bunófar iad de réir an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh, a mhéid a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh;

(c)

i gcás inarb infheidhme, cuirfear an méid seo a leanas san áireamh:

(i)

cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus le tionscnamh earraí a chinneadh,

(ii)

ionstraimí a ghlac an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh cheana agus atá infheidhme fós,

(iii)

creat dlíthiúil an Aontais maidir le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim agus maidir le tionscnamh earraí a chinneadh,

(iv)

na hionstraimí treoraíochta a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim arna bhforbairt faoi chuimsiú Rannóg Luachála an tSainghrúpa Custaim,

(v)

na hionstraimí treoraíochta a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh arna bhforbairt faoi chuimsiú Rannóg Tionscnaimh an tSainghrúpa Custaim,

(vi)

aon ghníomh dlí nó treoirlíne eile a bhaineann le hearraí a luacháil chun críoch custaim agus tionscnamh earraí a chinneadh arna bhforbairt ag an gComhairle nó ag an gCoimisiún.

1.3.   Treoshuíomhanna

I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an tAontas an méid seo a leanas:

(a)

féachfaidh an tAontas le tacaíocht a thabhairt don Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus don Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis agus comhairle, nó gníomhartha den sórt sin a bhaineann le luacháil earraí allmhairithe chun críoch custaim nó le cinneadh tionscnaimh earraí a ghlacadh, chun aonfhoirmeacht maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe maidir le Luacháil Chustaim agus an Chomhaontaithe maidir le Rialacha Tionscnaimh a áirithiú ar an leibhéal teicniúil;

(b)

molfaidh agus ullmhóidh an tAontas ionstraimí dá dtagraítear i bpointe (a).

ROINN 2

Sonrú an tseasaimh atá le glacadh thar ceann an Aontais sna Coistí Teicniúla um Luacháil Chustaim agus um Rialacha Tionscnaimh, arna mbunú faoi choimirce na hEagraíochta Domhanda Custaim, i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar agus gníomhartha den sórt sin a bhaineann le hearraí allmhairithe a luacháil chun críoch custaim faoin gComhaontú maidir le Luacháil Chustaim, agus i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a bhaineann le tionscnamh earraí a chinneadh faoin gComhaontú maidir le Rialacha Tionscnaimh.

2.1

Roimh gach cruinniú den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh a n-iarrfar ar an gCoiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó ar an gCoiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh lena linn tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéir, staidéir, faisnéis agus comhairle, nó gníomhartha den sórt sin, a bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo ar an Aontas a ghlacadh, déanfar na bearta is gá ionas go gcuirfear san áireamh sa seasamh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais an fhaisnéis theicniúil agus an fhaisnéis ábhartha eile is déanaí a tarchuireadh chuig an gCoimisiún, i gcomhréir leis na prionsabail, na critéir agus na treoshuíomhanna a leagtar amach i Roinn 1. Chun cearta agus leasanna an Aontais san Eagraíocht Dhomhanda Custaim a chaomhnú, tabharfaidh an Coimisiún dá aire go háirithe go mbeidh fáil ar dhoiciméid oibre i gcomhréir le rialacha nós imeachta an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

2.2

Chuige sin agus bunaithe ar an bhfaisnéis a tarchuireadh chuig an gCoimisiún faoi phointe 2.1, tarchuirfidh an Coimisiún chuig an gComhairle, in am trátha roimh gach cruinniú den Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim agus den Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh dá dtagraítear i bpointe 2.1, doiciméad i scríbhinn ina leagfar amach sonraí na sonraíochta atá beartaithe maidir leis an seasamh ón Aontas chun go bpléifear agus go bhformhuineofar sonraí an tseasaimh atá le cur in iúl thar ceann an Aontais. Scrúdóidh an Chomhairle na doiciméid ón gCoimisiún a luaithe agus is féidir. Mura bhformhuineoidh an Chomhairle cuid shonrach den togra, ní thíolacfaidh an Coimisiún seasamh thar ceann an Aontais maidir leis an gcuid sin sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim ná sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

2.3

I gcás ina mbeidh difear, ó thaobh substainte de, idir an seasamh ón Aontas agus na tuairimí comhairleacha, na tráchtaireachtaí, na nótaí míniúcháin, na cás-staidéir, na staidéir agus gníomhartha den sórt sin a mholtar sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó idir seasamh an Aontais agus tuairimí comhairleacha, faisnéis agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, a mholtar sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh, is é an seasamh a chuirfidh an Coimisiún in iúl, thar ceann an Aontais, nach gcomhlíonann an gníomh i gceist an chomhthoil is gá le go nglacfadh an Coiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó an Coiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh é.

2.4

Chun cearta an Aontais a chaomhnú agus chun cinneadh a sheachaint maidir le hábhar nach féidir leis an gComhairle seasamh a ghlacadh ina leith sula n-iarrtar ar chomhaltaí an Choiste Theicniúil um Luacháil Chustaim agus ar chomhaltaí an Choiste Theicniúil um Rialacha Tionscnaimh a seasamh críochnaitheach a chur in iúl i ndáil le glacadh tuairimí comhairleacha, tráchtaireachtaí, nótaí míniúcháin, cás-staidéar, staidéar, faisnéise agus comhairle, agus gníomhartha den sórt sin, iarrfaidh an Coimisiún thar ceann an Aontais go leanfar den ghníomh atá beartaithe a phlé sa Choiste Teicniúil um Luacháil Chustaim nó sa Choiste Teicniúil um Rialacha Tionscnaimh.

ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1340/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)