European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1321

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 73/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1321]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2345 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2025 lena ndéantar athnuachan ar an bhformheas maidir le dasaimeit mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE..

(2)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2279 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14, 18 agus 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2280 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh Speed Easy Clean i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2282 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2283 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le lambda-ciahalaitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2284 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(7)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2297 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh Saltidin 20 % Outdoor i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(8)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2309 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh ERO MP i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(9)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2299 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis Séiritíopa H14, Tréithchineál AM65-52 lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(10)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2301 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(11)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2344 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2025 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(12)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2344 aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 ón gCoimisiún (12), cinneadh atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE.

(13)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caibidil XV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:

1.

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 12nnna (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/816 ón gCoimisiún):

‘12nnnb.

32025 R 2345: Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2345 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2025 lena ndéantar athnuachan ar an bhformheas maidir le dasaimeit mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2345, 20.11.2025).

12nnnc.

32025 D 2279: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2279 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd alúmanaim lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineálacha táirgí 14, 18 agus 20 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2279, 14.11.2025).

12nnnd.

32025 D 2280: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2280 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh Speed Easy Clean i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2280, 17.11.2025).

12nnne.

32025 D 2282: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2282 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le colacailciféaról lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 14 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2282, 17.11.2025).

12nnnf.

32025 D 2283: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2283 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le lambda-ciahalaitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2283, 17.11.2025).

12nnng.

32025 D 2284: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2284 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le foisfín lena scaoiltear foisfíd mhaignéisiam lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2284, 17.11.2025).

12nnnh.

32025 D 2297: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2297 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh Saltidin 20 % Outdoor i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2297, 17.11.2025).

12nnni.

32025 D 2309: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2309 ón gCoimisiún an 13 Samhain 2025 maidir leis na hagóidí nach bhfuil réitithe i ndáil leis na coinníollacha maidir le húdarú a dheonú le haghaidh an táirge bhithicídigh ERO MP i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2309, 17.11.2025).

12nnnj.

32025 D 2299: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2299 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le Bacillus thuringiensis fospeiceas israelensis Séiritíopa H14, Tréithchineál AM65-52 lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2299, 18.11.2025).

12nnnk.

32025 D 2301: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2301 ón gCoimisiún an 14 Samhain 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le deiltemheitrin lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 18 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2301, 17.11.2025).

12nnnl.

32025 D 2344: Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2344 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2025 lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le dasaimeit lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/2344, 20.11.2025).’

2.

Scriostar téacs phointe 12zzzzzzzzzzzn (Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2930).

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2345 agus Chinntí Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2279, (AE) 2025/2280, (AE) 2025/2282, (AE) 2025/2283, (AE) 2025/2284, (AE) 2025/2297, (AE) 2025/2309, (AE) 2025/2299, (AE) 2025/2301 agus (AE) 2025/2344 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/2345, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2345/oj.

(2)   IO L, 2025/2279, 14.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2279/oj.

(3)   IO L, 2025/2280, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2280/oj.

(4)   IO L, 2025/2282, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2282/oj.

(5)   IO L, 2025/2283, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2283/oj.

(6)   IO L, 2025/2284, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2284/oj.

(7)   IO L, 2025/2297, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2297/oj.

(8)   IO L, 2025/2309, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2309/oj.

(9)   IO L, 2025/2299, 18.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2299/oj.

(10)   IO L, 2025/2301, 17.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2301/oj.

(11)   IO L, 2025/2344, 20.11.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/2344/oj.

(12)   IO L, 2024/2930, 2.12.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/2930/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1321/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)