European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1305

12.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1305 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2026

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 maidir le hallmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí lena gcaitheamh ag an duine, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 126(3) agus Airteagal 129(1) de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (2), agus go háirithe Airteagal 238(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 ón gCoimisiún (3) suitear rialacha agus deimhniú caighdeánach le haghaidh allmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, a theacht isteach san Aontas ó na Stáit Aontaithe.

(2)

Le hAirteagal 118(1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 107(2) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) suitear nach bhfuil oibreoirí i dtríú tíortha le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáid in ainmhithe chun an fás a chur chun cinn nó chun an táirgeacht a mhéadú. Fágann Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6 nach n-úsáidfear táirgí íocshláinte ina bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha atá i liosta na n-ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, ar liosta é a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún (5), nach n-úsáidfear na táirgí sin i leith ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas.

(3)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún (6) forlíontar Rialachán (AE) 2019/6 trí choinníollacha a shuí maidir le teacht isteach coinsíneachtaí de bhia-ainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch san Aontas atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, arna n-onnmhairiú ó thríú tíortha chuig an Aontas.

(4)

Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905, i measc nithe eile, nach dtiocfaidh coinsíneachtaí de bhia-ainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine isteach san Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leo lena bhfianaítear comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha a úsáid a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán Tarmligthe céanna.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart fianú maidir le comhlíonadh rialacha sin an Aontais a chur isteach sa deimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht rialacha an Aontais, ba cheart an deimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear tagairtí, nótaí agus eilimintí struchtúracha a thabhairt cothrom le dáta, agus ba cheart an deimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo a chur ina ionad.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 a leasú dá réir.

(8)

Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, a theacht isteach san Aontas ó na Stáit Aontaithe, de bharr na leasuithe a dhéantar ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 leis an Rialachán seo, ba cheart leanúint d’úsáid deimhnithe oifigiúla arna n-eisiúint i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo a údarú ar feadh idirthréimhse, faoi réir coinníollacha áirithe.

(9)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641.

Airteagal 2

Ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Nollaig 2026, maidir le deimhnithe oifigiúla arna n-eisiúint i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641, de réir mar ab infheidhme roimh na leasuithe a dhéantar ar an Rialachán sin leis an Rialachán seo, leanfaidh siad d’údarú a bheith acu chun coinsíneachtaí de mhoilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí lena gcaitheamh ag an duine, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, a theacht isteach san Aontas ó Stáit Aontaithe Mheiriceá ar choinníoll gur eisíodh na deimhnithe sin tráth nach déanaí ná an 3 Meán Fómhair 2026.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.

(2)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1641 ón gCoimisiún an 5 Samhain 2020 maidir le hallmhairí moileasc débhlaoscach, eicínideirmeach, túiniceach agus gastrapód muirí lena gcaitheamh ag an duine, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 370, 6.11.2020, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2020/1641/oj).

(4)  Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena n-ainmnítear frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 20.7.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1255/oj).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha isteach san Aontas (IO L 116, 4.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/905/oj).


IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN

DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE MOILISC DHÉBHLAOSCACHA BHEO, EICÍNIDEIRMIGH BHEO, TÚINICIGH BHEO AGUS GASTRAPÓID MHUIRÍ BHEO, AGUS TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH Ó NA hAINMHITHE SIN ATÁ BEARTAITHE LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE A THEACHT ISTEACH SAN AONTAS Ó STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ

Cuid I:   Tuairisc ar an gcoinsíneacht

TÍR

Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil don Aontas Eorpach


I.1

Coinsíneoir/Onnmhaireoir

 

I.2

Tagairt an deimhnithe

I.2a

Tagairt CBFRO

 

Ainm

 

CÓD QR

 

Seoladh

 

I.3

Údarás Inniúil Lárnach

 

Tír

Cód tíre ISO

I.4

Údarás Inniúil Áitiúil

I.5

Coinsíní/Allmhaireoir

 

I.6

An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht

 

 

Ainm

 

 

Ainm

 

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.7

Tír thionscnaimh

Cód tíre ISO

I.9

Tír cinn scríbe

Cód tíre ISO

I.8

Réigiún tionscnaimh

Cód

I.10

Réigiún cinn scríbe

Cód

I.11

Áit seolta

 

I.12

Ceann scríbe

 

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Ainm

Uimh. Chlárúcháin/Formheasa

 

Seoladh

 

 

Seoladh

 

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tír

Cód tíre ISO

I.13

Ionad luchtaithe

I.14

Dáta agus am imeachta


I.15

Modh iompair

I.16

Post Rialaithe Teorann um Theacht Isteach

 

Aerárthach

Soitheach

I.17

Doiciméid tionlacain

 

Iarnród

Feithicil bhóthair

 

Cineál

Cód

 

Sainaitheantas

 

Tír

Cód tíre ISO

 

Tagairt doiciméid tráchtála

 

I.18

Dálaí an iompair

☐ Comhthimpeallach

Fuaraithe

Reoite

I.19

Uimhir an choimeádáin/Uimhir an tséala

 

Uimh. an choimeádáin

Uimh. an tséala

 

I.20

An cineál deimhniúcháin

 

☐ Táirgí lena gcaitheamh ag an duine

☐ Ainmhithe uisceacha beo lena gcaitheamh ag an duine

Lárionad seolta

Tuilleadh próiseála

I.21

☐ Le haghaidh idirthurais

I.22

☐ Le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh

Tríú tír

Cód tíre ISO

I.23

 


I.24

An líon iomlán pacáistí

I.25

An chainníocht iomlán

I.26

Glanmheáchan iomlán/ollmheáchan (kg)


I.27

Tuairisc ar an gcoinsíneacht

Cód AC

Speiceas

 

 

 

 

 

 

 

 

Fuarstóras

 

 

Cineál pacáistíochta

 

Glanmheáchan

 

 

An cineál cóireála

 

An cineál tráchtearra

An líon pacáistí

 

Baiscuimhir

☐ Tomhaltóir deiridh

An dáta bailithe/táirgthe

 

Monarcha mhonaraíochta

 

 

 

Cuid II:   Deimhniú

TÍR

Deimhniú caighdeánach US-LBM-HC

 

II.

Faisnéis sláinte

II.a

Tagairt an deimhnithe

II.b

Tagairt CBFRO

II.1.

Fianú sláinte poiblí

Deimhnímse, a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo an méid seo a leanas:

II.1.1.

Na táirgí a thuairiscítear anseo, comhlíonann siad na caighdeáin agus ceanglais ábhartha SAM de chuid chlár rialaithe rialála iasc sliogáin moileascach SAM agus táirgeadh iad i gcomhréir leis na caighdeán agus na ceanglais sin.

II.1.2.

Tá na táirgí a thuairiscítear anseo lipéadaithe mar tháirgí nach bhfuil le tumadh in aon uisce san Aontas ná le teagmháil a dhéanamh leis.

II.1.3.

An t-ábhar sliogéisc ar fad ó fhoinse eachtrach a úsáidtear sna táirgí seo, is de thionscnamh tríú tíortha nó réigiún díobh a liostaítear in Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405 ón gCoimisiún é, agus de thionscnamh bunaíochtaí/limistéir shaothrúcháin a údaraítear maidir le moilisc dhébhlaoscacha, eicínideirmigh, túinicigh agus gastrapóid mhuirí, bídís beo, fuaraithe, reoite nó próiseáilte, a theacht isteach san Aontas.

(1)(7) II.2.

Fianú a mhéid a bhaineann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún

Dearbhaímse, a bhfuil mo shíniú anseo thíos, go bhfuil mé feasach ar cheanglais ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 agus deimhním leis seo gur táirgeadh na [moilisc dhébhlaoscacha bheo] (1) [eicínideirmigh bheo] (1) [túinicigh bheo] (1) [gastrapóid mhuirí bheo] (1) de bhunadh dobharshaothraithe ar talamh agus na táirgí de bhunadh ainmhíoch a dhíorthaítear uathu a dtugtar tuairisc orthu i gCuid I, gur táirgeadh iad i gcomhréir leis na ceanglais sin, agus go háirithe, maidir leis na hainmhithe dobharshaothraithe óna ndíorthaítear na táirgí, nach bhfuil táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha tugtha dóibh chun an fás a spreagadh nó chun an táirgeacht a mhéadú, ná táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha ina bhfuil ábhar frithmhiocróbach atá i liosta na n-ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, ar liosta é a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905, agus gur de thionscnamh tríú tír nó réigiúin di iad a liostaítear sa Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/2598 ón gCoimisiún(8).

(2) (3) [II.3.

Fianú sláinte ainmhithe le haghaidh moilisc dhébhlaoscacha bheo (4) de speicis liostaithe atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine

Deimhnímse, an tréidlia oifigiúil a bhfuil m’ainm anseo thíos, leis seo go gcomhlíonann na hainmhithe uisceacha dá dtagraítear i mbosca I.27 de Chuid I na gnéithe seo a leanas:

II.3.1.

na ceanglais ghinearálta sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach san Aontas, a leagtar amach in Airteagal 6(1), i bpointí (a) (5), agus (b), Airteagal 6(2) agus Airteagal 7(1) agus Airteagal 8 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692;ón gCoimisiún;

II.3.2.

na ceanglais shonracha sláinte ainmhithe maidir le teacht isteach na dtráchtearraí lena mbaineann an deimhniú seo san Aontas, a leagtar amach in Airteagal 167, pointí (a), (c)(ii), (c)(iii) agus (d), agus Airteagal 169(1) agus (2) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.]

Nótaí

I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, baineann tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo leis an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann.

Cuid I:

Tagairt bhosca I.8

:

Réigiún tionscnaimh: Luaigh stát an tsaothraithe i SAM agus cód an limistéir táirgthe fhormheasta.

Cuid II:

(1)

Coimeád mar is iomchuí/scrios murab infheidhme.

(2)

Níl feidhm ag Cuid II.3 den deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo ach amháin maidir leis na tráchtearraí seo a leanas de mhoilisc dhébhlaoscacha bheo atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine:

(a)

moilisc de speicis liostaithe a iompraítear gan uisce agus a dhéantar a phacáistiú agus a lipéadú lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir leis na ceanglais shonracha maidir leis na hainmhithe sin mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus nach féidir leo maireachtáil mar ainmhithe beo a thuilleadh má chuirtear ar ais sa timpeallacht uisceach iad;

(b)

moilisc de speicis liostaithe a iompraítear gan uisce atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine gan tuilleadh próiseála, ar choinníoll go ndéantar iad a phacáistiú lena miondíol i gcomhréir leis na ceanglais shonracha maidir leis na pacáistí sin mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004;

(c)

moilisc de speicis liostaithe a iompraítear gan uisce agus a dhéantar a phacáistiú agus a lipéadú lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir leis na ceanglais shonracha maidir leis na hainmhithe sin mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 853/2004 agus a bhfuil sé beartaithe tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu gan stóráil shealadach ag an áit phróiseála.

(3)

Níl feidhm ag Cuid II.3 den deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo agus scriosfar í i gcás inarb éard atá i gcoinsíneacht ainmhithe uisceacha fiáine a thugtar i dtír le soithí iascaireachta.

(4)

Speicis a liostaítear i gcolúin 3 agus 4 den tábla san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún. Ní mheasfar gur veicteoirí iad na speicis a liostaítear i gcolún 4 den tábla sin ach amháin faoi na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 171(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692.

(5)

I gcás ina bhfuil an galar ábhartha agus intuairiscithe.

(6)

Le síniú ag:

tréidlia oifigiúil i gcás ina líontar isteach fianú sláinte ainmhithe Chuid II.3;

oifigeach deimhniúchán nó tréidlia oifigiúil i gcás ina scriostar an fianú sláinte ainmhithe i gCuid II.3.

(7)

Is infheidhme maidir le coinsíneachtaí a thagann isteach san Aontas ón 3 Meán Fómhair 2026 ar aghaidh.

(8)

Nó a liostaítear i ngníomhartha cur chun feidhme eile a glacadh i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905.

[Tréidlia oifigiúil] (1) (6)/[Oifigeach deimhniúcháin] (1) (6)

Ainm (i gceannlitreacha)

 

 

 

Dáta

 

Cáilíocht agus teideal

 

Stampa

 

Síniú

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1305/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)