European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1296

10.6.2026

CINNEADH (AE, Euratom) 2026/1296 ÓN gCOMHAIRLE

an 26 Bealtaine 2026

lena leasaítear an Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH:

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 223(1) de,

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a(1) de,

Ag féachaint don togra ó Pharlaimint na hEorpa,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint do thoiliú Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

De bharr an méid seo a leanas:

(1)

Ba cheart le beartais maidir le cothromaíocht oibre is saoil rannchuidiú le comhionannas inscne a bhaint amach trí rannpháirtíocht máithreacha sa pholaitíocht a chur chun cinn.

(2)

Trí chóras seachvótála a thabhairt isteach i seisiúin iomlánacha Pharlaimint na hEorpa, beidh na feisirí in ann a sainorduithe a fheidhmiú go hiomlán sna tréimhsí díreach roimh leanbh a shaolú agus ina dhiaidh sin.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, an Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (2), atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle (3) a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 6 den Ionstraim maidir le toghadh feisirí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach, cuirtear na míreanna seo a leanas isteach:

‘1a.   De mhaolú ar mhír 1, feisire ó Pharlaimint na hEorpa atá torrach nó atá tar éis leanbh a shaolú, féadfaidh feisire ó Pharlaimint na hEorpa eile, ag gníomhú dó mar sheachvótálaí, a vóta a chaitheamh ar feadh uastréimhse trí mhí roimh dháta breithe measta an linbh agus ar feadh uastréimhse sé mhí tar éis na breithe sin.

1b.   Déanfar na coinníollacha ginearálta lena rialaítear an maolú dá bhforáiltear i mír 1a a leagan síos i Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh le Cinneadh 2005/684/CÉ, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa (*1), agus déanfar a áirithiú go gcomhlíonfar prionsabail na trédhearcachta, na cuntasachta, na hinrianaitheachta, na deimhneachta dlíthiúla agus shláine na vótála.

1c.   Déanfar socruithe mionsonraithe maidir leis an maolú dá bhforáiltear i mír 1a a leagan síos i Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa.’.

(*1)  Cinneadh 2005/684/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (IO L 262, 7.10.2005, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2005/684/oj).’."

Airteagal 2

1.   Beidh an Cinneadh seo faoi réir a fhormheasa ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach. Tabharfaidh gach Ballstát fógra d’Ardrúnaíocht na Comhairle faoi chur i gcrích na nósanna imeachta is gá chun na críche sin.

2.   Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an chéad lá tar éis an dáta a gheofar an fógra deireanach dá dtagraítear i mír 1.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Toiliú ón 29 Aibreán 2026 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

(2)   IO L 278, 8.10.1976, lch. 5, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(2)/oj.

(3)  Cinneadh 76/787/CEGC, CEE, Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976, ó ionadaithe na mBallstát ag teacht le chéile dóibh sa chomhairle maidir leis an Ionstraim a bhaineann le toghadh ionadaithe an Tionóil trí vótáil chomhchoiteann dhíreach (IO L 278, 8.10.1976, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1976/787(1)/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1296/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)