European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1295

9.6.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1295 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Meitheamh 2026

lena n-údaraítear don tSualainn rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (1), agus go háirithe Airteagal 19(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna seachtainí roimh ghlacadh an Chinnidh seo, tugadh faoi deara arduithe géara leanúnacha ar phraghsanna mórdhíola agus miondíola táirgí fuinnimh ar fud an Aontais, arna spreagadh ag na forbairtí geopholaitiúla sa Mheánoirthear, a rinne difear do shlabhraí soláthair ola agus táirgí ola ar fud an domhain. Bhí éifeachtaí díobhálacha suntasacha ag na forbairtí sin ar theaghlaigh, go háirithe ar thomhaltóirí leochaileacha, agus ar ghnóthais, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus ar an gcaoi sin tá riosca tromchúiseach ag baint leo don chomhtháthú sóisialta, don chobhsaíocht eacnamaíoch agus d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

(2)

Sna conclúidí uaithi an 19 Márta 2026, d’aithin an Chomhairle Eorpach cineál urghnách na staide sa mhargadh fuinnimh agus na himpleachtaí maicreacnamaíocha a bhaineann leis. D’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún Eorpach oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun bearta náisiúnta sealadacha agus spriocdhírithe a cheapadh chun tionchair shuntasacha breoslaí agus comhchodanna gaolmhara den chostas a ghearrtar ar chostais giniúna leictreachais a mhaolú, agus leagadh béim, go háirithe, ar an gá atá le freagairt chomhordaithe, ós rud é gur imir an choinbhleacht sa Mheánoirthear tionchar láithreach ar phraghsanna fuinnimh do shaoránaigh agus do ghnólachtaí san Eoraip.

(3)

Dleachtanna máil arna mbunú le Treoir 2003/96/CE, cuireann siad le costas deiridh na dtáirgí fuinnimh a sholáthraítear san Aontas. Le laghdú ar dhleachtanna máil faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais a leagtar amach sa Treoir sin, is féidir cuid de na harduithe ar chostais fuinnimh atá roimh na Ballstáit faoi láthair a mhaolú.

(4)

Leis na solúbthachtaí dá bhforáiltear faoi Threoir 2003/96/CE, is féidir leis na Ballstáit, laistigh de theorainneacha sainithe, an t-ualach cánach ar tháirgí sonracha fuinnimh a laghdú ar bhealach spriocdhírithe sealadach. I bhfianaise chineál eisceachtúil práinneach na staide reatha, is gá foráil a dhéanamh maidir le solúbthachtaí sonracha a bhfuil teorainn ama leo agus atá dírithe go sainráite ar thionchar an tsuaite i bpraghsanna fuinnimh a mhaolú.

(5)

Le laghduithe sealadacha ar chánachas ar tháirgí fuinnimh spriocdhírithe, is féidir faoiseamh tapa a thabhairt do theaghlaigh agus do ghnóthais trí phraghsanna úsáideoirí deiridh a laghdú go díreach. Sa staid reatha, is ionstraim oiriúnach agus riachtanach iad na laghduithe urghnácha sin chun aghaidh a thabhairt ar an suaitheadh eacnamaíoch tromchúiseach a eascraíonn as an suaitheadh i bpraghsanna fuinnimh.

(6)

Le litir dar dáta an 26 Márta 2026, i gcomhréir le hAirteagal 19 de Threoir 2003/96/CE, d’iarr údaráis na Sualainne údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí, a thagann faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais is infheidhme maidir le breoslaí d’fheithiclí dá dtagraítear in Airteagal 7 den Treoir sin faoi 2,4 SEK in aghaidh an lítir breosla. Iarradh an t-údarú le haghaidh tréimhse 5 mhí.

(7)

De réir údaráis na Sualainne, is é is aidhm do ráta laghdaithe dleachta máil a chur i bhfeidhm tionchair shóisialta agus eacnamaíocha praghsanna arda miondíola peitril agus díosail a mhaolú, ar praghsanna iad atá mar thoradh ar an staid gheopholaitiúil agus a dhéanann difear díreach do theaghlaigh agus do chuideachtaí araon.

(8)

Rinne an Coimisiún athbhreithniú ar an údarú a iarradh agus meastar nach dhócha go ndéanfaidh sé saobhadh míchuí ar iomaíocht ná go gcuirfidh sé bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. I bhfianaise a ghiorra atá an maolú a iarradh agus na n-imthosca eisceachtúla atá nasctha leis an staid gheopholaitiúil mar aon le praghas margaidh thar a bheith ard ar ola, meastar go bhfuil an maolú a iarradh leordhóthanach agus comhréireach i bhfianaise an ghá atá le cothromaíocht idir na cuspóirí sonracha beartais a liostaítear in Airteagal 19(1), an tríú mír, de Threoir 2003/96/CE, agus go háirithe beartas comhshaoil an Aontais agus an riachtanas éigeandála atá ann inacmhainneacht fuinnimh a áirithiú le haghaidh gnólachtaí agus teaghlach.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart an tSualainn a údarú chun rátaí laghdaithe dleachta máil atá faoi bhun íosleibhéil an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí.

(10)

De bhun Airteagal 19(2) de Threoir 2003/96/CE, tá gach údarú a dheonaítear faoi mhír 1 den Airteagal sin le bheith teoranta go docht ó thaobh ama de. Mar sin féin, chun nach ndéanfar dochar d’fhorbairtí a dhéanfar amach anseo ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, is iomchuí a fhoráil gur cheart, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) nó aon fhoráil ábhartha eile de CFAE, íosleibhéil nua chánachais a thabhairt isteach dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE le haghaidh gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí, arb ina leith nach n-oiriúnófaí an t-údarú seo, go scoirfeadh an t-údarú sin d’fheidhm a bheith aige ar an dáta a thiocfaidh na híosleibhéil nua chánachais sin chun bheith infheidhme.

(11)

An tráth céanna, bíonn costais fhioscacha mhóra i gceist le laghduithe cánach neamh-spriocdhírithe agus is gnách go méadaíonn siad an t-éileamh ar bhreoslaí iontaise, rud a chuireann leis an éagothroime idir soláthar agus éileamh. Dá bhrí sin, ba cheart an beart a bheith teoranta go docht ó thaobh ama de.

(12)

Tá an Cinneadh seo gan dochar do chur i bhfeidhm rialacha an Aontais maidir leis an Státchabhair,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údaraítear don tSualainn laghdú a chur i bhfeidhm ar na rátaí suas le 2,4 SEK in aghaidh an lítir faoi bhun na n-íosleibhéal cánachais dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE le haghaidh gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí.

Airteagal 2

Beidh feidhm ag an gCinneadh seo ón 1 Iúil 2026 go dtí an 30 Samhain 2026.

Mar sin féin, i gcás ina ndéanfadh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 CFAE nó aon fhorála ábhartha eile de CFAE, íosleibhéil nua chánachais a thabhairt isteach dá dtagraítear in Airteagal 7 de Threoir 2003/96/CE le haghaidh gás-ola agus peitreal gan luaidhe a úsáidtear mar bhreoslaí d’fheithiclí nach ndéanfaí an t-údarú arna dheonú in Airteagal 1 den Chinneadh seo a oiriúnú dóibh, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige ar an dáta a thiocfaidh na híosleibhéil nua chánachais sin chun bheith infheidhme.

Airteagal 3

Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.

Airteagal 4

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht na Sualainne.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. FITIRIS


(1)   IO L 283, 31.10.2003, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/96/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1295/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)