|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1289 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 94/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1289]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena bhforlíontar Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha ginearálta maidir le feidhmiú na gcoláistí maoirseoirí, agus lena n-aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 ón gCoimisiún an 23 Aibreán 2025 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le feidhmiú oibríochtúil na gcoláistí maoirseoirí (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún (3), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(4) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 14v (Rialachán Tarmligthe (AE) 2024/857 ón gCoimisiún):
|
|
2. |
Scriostar téacs phointe 14e (Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/98 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/791 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/790 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/791, 8.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/791/oj.
(2) IO L 2025/790, 8.8.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/790/oj.
(3) IO L 21, 28.1.2016, lch. 2.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1289/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)