European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1279

16.6.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1279 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Meitheamh 2026

maidir le caighdeáin chomhchuibhithe le haghaidh trealamh cosanta pearsanta arna ndréachtú chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 10(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), trealamh cosanta pearsanta atá i gcomhréir leis na caighdeáin chomhchuibhithe, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, nó le codanna de na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil sé i gcomhréir leis na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin, ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin nó na codanna sin díobh.

(2)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún (3), d’iarr an Coimisiún ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil (CENELEC) athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 agus an obair sin a thabhairt chun críche chun a áirithiú go leanfaidh siad de léiriú a thabhairt ar an úrscothacht a nglactar léi i gcoitinne chun na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin a chomhlíonadh.

(3)

Leasaíodh Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 le Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)2750 ón gCoimisiún (4) chun raon feidhme na hiarrata a oiriúnú trí chaighdeáin áirithe a chur leis agus a bhaint de chun an dul chun cinn teicniúil agus eolaíoch is déanaí a chur san áireamh, chomh maith leis na forbairtí is déanaí ar ghníomhaíochtaí caighdeánaithe ar an leibhéal idirnáisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach, agus chun síneadh a chur le sprioc-am na ngníomhaíochtaí caighdeánaithe i ndáil le caighdeáin agus dréachtchaighdeáin áirithe toisc nárbh fhéidir an obair ar chuid díobh a thabhairt chun críche faoi na sprioc-amanna a leagadh síos i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020) 7924.

(4)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, dhréachtaigh CEN na caighdeáin chomhchuibhithe nua seo a leanas chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425: EN ISO 10256-1:2024 maidir le trealamh cosanta lena úsáid sa haca oighir (ceanglais ghinearálta), EN ISO 10256-2:2024 maidir le cosantóirí cinn le haghaidh scátálaithe, EN ISO 10256-3:2024 maidir le cosantóirí aghaidhe agus súl le haghaidh scátálaithe, EN ISO 10256-4:2024 maidir le cosantóirí cinn agus aghaidhe le haghaidh báireoirí, EN 17961:2025 maidir le gairis comhroinnte ualaigh le haghaidh sléibhteoireachta agus EN 18100:2025 maidir le clogaid le haghaidh sléibhteoirí sciála.

(5)

Ar bhonn na hiarrata a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924, rinne CEN athbhreithniú ar na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas, ar foilsíodh na tagairtí dóibh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún (5): EN 397:2012+A1:2012 maidir le clogaid sábháilteachta tionsclaíocha, EN 420:2003+A1:2009 maidir le lámhainní cosanta, EN ISO 12312-1:2013 agus EN ISO 12312-1:2013/A1:2015 maidir le spéaclaí gréine le haghaidh úsáid ghinearálta, EN 12492:2012 maidir le clogaid le haghaidh sléibhteoirí agus EN 17353:2020 maidir le trealamh infheictheachta feabhsaithe.

(6)

Mar thoradh air sin, ghlac CEN na caighdeáin seo a leanas, mar aon leis na leasuithe orthu: EN 397:2025 agus EN 397:2025/AC:2025, EN ISO 12312-1:2022 agus EN ISO 12312-1:2022/A11:2024, EN 12492:2025, EN 17353:2020+A1:2025, EN ISO 21420:2020 agus EN ISO 21420:2020/A1:2024.

(7)

Rinne an Coimisiún measúnú i gcomhar le CEN féachaint an gcomhlíonann EN 397:2025, EN 397:2025/AC:2025, EN ISO 10256-1:2024, EN ISO 10256-2:2024, EN ISO 10256-3:2024, EN ISO 10256-4:2024, EN ISO 12312-1:2022, EN ISO 12312-1:2022/A11:2024, EN 12492:2025, EN 17353:2020+A1:2025, EN 17961:2025, EN 18100:2025, EN ISO 21420:2020, agus EN ISO 21420:2020/A1:2024 an iarraidh a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924.

(8)

Leis na caighdeáin chomhchuibhithe seo a leanas agus na leasuithe orthu, comhlíontar na ceanglais fhíor-riachtanacha sláinte agus sábháilteachta is aidhm dóibh a chumhdach agus a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425: EN 397:2025/AC:2025, EN ISO 10256-1:2024, EN ISO 10256-2:2024, EN ISO 10256-3:2024, EN ISO 10256-4:2024, EN ISO 12312-1:2022, EN ISO 12312-1:2022/A11:2024, EN 12492:2025, EN 17353:2020+A1:2025, EN 17961:2025, EN 18100:2025, EN ISO 21420:2020, agus EN ISO 21420:2020/A1:2024. Dá bhrí sin, is iomchuí na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe sin agus na leasuithe orthu a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(9)

Tar éis don Choimisiún scrúdú a dhéanamh ar chaighdeán comhchuibhithe EN 397:2025, tháinig sé ar an gconclúid gur tagraíodh i gclásal 4.2.7.5.2.5 den chaighdeán sin do chlásal 5.13 seachas do chlásal 5.13.5, agus go raibh an nasc idir clásal 4.2.7.4 den chaighdeán sin agus ceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta 3.6.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425 in easnamh. Dá bhrí sin, ba cheart an caighdeán comhchuibhithe sin a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maille le srian.

(10)

Rinneadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 a leasú roinnt uaireanta. Ós rud é go bhfuil tuilleadh leasuithe le déanamh air, ba cheart, ar mhaithe le soiléireacht, an Cinneadh Cur Chun Feidhme sin a ionadú.

(11)

Ar mhaithe le soiléireacht, na tagairtí uile do chaighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425, ba cheart iad a liostú in aon ghníomh amháin. Dá bhrí sin, cuimsítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo na tagairtí a foilsíodh le déanaí leis an gCinneadh seo chomh maith leis na tagairtí a foilsíodh roimhe sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941.

(12)

Is gá na tagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe EN 397:2012+A1:2012, EN 420:2003+A1:2009, EN ISO 12312-1:2013, EN ISO 12312-1:2013/A1:2015, EN 12492:2012 agus EN 17353:2020 a tharraingt siar ó Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, ós rud é go ndearnadh athbhreithniú ar na caighdeáin sin.

(13)

Chun a ndóthain ama a thabhairt do mhonaróirí a dtáirgí a oiriúnú do na caighdeáin athbhreithnithe, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le dátaí tarraingt siar iarchurtha na dtagairtí a ionadaítear leis an gCinneadh seo. Ba cheart, dá bhrí sin, na dátaí tarraingt siar sin a leagan amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo.

(14)

Ina theannta sin, ar mhaithe le soiléireacht, na tagairtí do na caighdeáin a leanfaidh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 d’fheidhm a bheith aige maidir leo, is gá freisin na tagairtí sin a chuimsiú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí dátaí a dtarraingt siar mar a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

(15)

Ón dáta a fhoilsítear an tagairt do chaighdeán comhchuibhithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, tugtar le fios le comhlíonadh an chaighdeáin sin go nglactar leis go bhfuil comhréir ann leis na ceanglais fhíor-riachtanacha chomhfhreagracha a leagtar amach i reachtaíocht chomhchuibhithe an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart an Cinneadh seo a theacht i bhfeidhm lá a fhoilsithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Caighdeáin chomhchuibhithe maidir le trealamh cosanta pearsanta, caighdeáin ar chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 a dréachtaíodh iad, arb in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo a liostaítear iad, déantar na tagairtí do na caighdeáin sin a fhoilsiú leis seo in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941.

Beidh feidhm aige go fóill, áfach, i leith na dtagairtí do na caighdeáin chomhchuibhithe a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo go dtí na dátaí a tharraingeofar siar na tagairtí sin a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 12 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 316, 14.11.2012, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/1025/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le trealamh cosanta pearsanta agus lena n-aisghairtear Treoir 89/686/CEE ón gComhairle ( IO L 81, 31.3.2016, lch. 51, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/425/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 ón gCoimisiún an 19 Samhain 2020 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2024)2750 ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2024 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme C(2020)7924 maidir le hiarraidh um chaighdeánú ar an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú agus ar Choiste Eorpach na gCaighdeán Leictriteicniúil a mhéid a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/941 ón gCoimisiún an 2 Bealtaine 2023 maidir le caighdeáin chomhchuibhithe i ndáil le trealamh cosanta pearsanta a dréachtaíodh chun tacú le Rialachán (AE) 2016/425 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( IO L 125, 11.5.2023, lch. 37, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/941/oj).


IARSCRÍBHINN I

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

1.

EN 136:1998

Feistí cosanta riospráide - Maisc aghaidhe iomláine - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 136:1998/AC:2003

2.

EN 137:2006

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte cuimsitheach le masc aghaidhe iomlán - Ceanglais, tástáil, marcáil

3.

EN 140:1998

Feistí cosanta riospráide - Leathmhaisc agus ceathrú-mhaisc - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 140:1998/AC:1999

4.

EN 142:2002

Feistí cosanta riospráide - Cóimeáil bhéalóige - Ceanglais, tástáil, marcáil

5.

EN 143:2021

Feistí cosanta riospráide - Scagairí cáithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

6.

EN 144-1:2000

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 1: Naisc snáithe do nascóir ionsáiteáin

EN 144-1:2000/A1:2003

EN 144-1:2000/A2:2005

7.

EN 144-2:1998

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 2: Naisc asraoin

8.

EN 144-3:2003

Feistí cosanta riospráide - Comhlaí sorcóra gáis - Cuid 3: Ceangail asraoin le haghaidh na ngás tumadóireachta, Nitrox agus ocsaigin

EN 144-3:2003/AC:2003

9.

EN 145:1997

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe ciorcaid dúnta cuimsitheach de chineál ocsaigine comhbhrúite nó ocsaigine-nítrigine comhbhrúite - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 145:1997/A1:2000

10.

EN 148-1:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáithí le haghaidh béalóg - Cuid 1: Nasc snáithe caighdeánach

11.

EN 148-2:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáithí le haghaidh béalóg - Cuid 2: Ceangal lárshnáithe

12.

EN 148-3:1999

Feistí cosanta riospráide - Snáithí le haghaidh béalóg - Cuid 3: Ceangal snáithí M 45 x 3

13.

EN 149:2001+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Leathmhaisc scagúcháin chun cosaint a thabhairt ar cháithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

14.

EN 207:2017

Trealamh cosanta súl pearsanta - Scagairí agus cosantóirí súl i gcoinne radaíochta léasair (cosantóirí súl ar léasair)

15.

EN 208:2009

Cosaint súl phearsanta - Cosantóirí súl le haghaidh obair choigeartaithe ar léasair agus ar chórais léasair (cosantóirí súl um choigeartú léasair)

16.

EN 250:2014

Trealamh riospráide - Feiste tumadóireachta aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte chuimsitheach - Ceanglais, tástáil, marcáil

17.

EN 342:2017

Éadaí cosanta - Cultacha agus baill éadaigh mar chosaint in aghaidh fuachta

18.

EN 343:2019

Éadaí cosanta - Cosaint ar bháisteach

19.

EN 352-1:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 1: Cosaintí cluas

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

20.

EN 352-2:2020+A1:2024

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 2: Plugaí cluaise

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

21.

EN 352-3:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 3: Cosaintí Cluas ceangailte d’fheistí cosanta cinn agus/nó cosanta aghaidhe

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

22.

EN 352-4:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 4: Cosaintí cluas a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

23.

EN 352-5:2020

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 5: Cosaintí cluas um laghdú gníomhach torann

24.

EN 352-6:2020+A1:2024

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

25.

EN 352-7:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais sábháilteachta - Cuid 7: Plugaí cluaise a fheidhmíonn de réir leibhéal na fuaime

26.

EN 352-8:2020+A1:2024

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 8: Cosaintí cluas siamsaíochta

27.

EN 352-9:2020+A1:2024

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 9: Plugaí cluaise maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

28.

EN 352-10:2020+A1:2024

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 10: Plugaí cluaise ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta

29.

EN 353-1:2014+A1:2017

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime - Gléasanna treoraithe in aghaidh titime lena n-áirítear líne ancaire - Cuid 1: Gléasanna treoraithe in aghaidh titime lena n-áirítear líne dhocht ancaire

30.

EN 353-2:2024

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime - Cuid 2: Gléasanna treoraithe chun titim a stopadh lena n-áirítear líne ancaire solúbtha

31.

EN 354:2010

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime - Láinnéir

32.

EN 355:2002

Trealamh cosanta pearsanta i gcoinne titim ó áit ard - Ionsúirí fuinnimh

33.

EN 358:2018

Trealamh cosanta pearsanta chun duine a choinneáil san ionad oibre agus titim ó áit ard a chosc – Criosanna agus láinnéir le haghaidh suíomhanna nó srianta oibre

34.

EN 360:2023

Trealamh pearsanta cosanta ar thitim - Stopadóirí titime de chineál in-astarraingthe

35.

EN 361:2002

Trealamh cosanta pearsanta i gcoinne titim ó áit ard – Úmacha don cholainn iomlán

36.

EN 362:2004

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titim ó áit ard - Nascóirí

37.

EN 365:2004

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titim ó áit ard - Ceanglais ghinearálta maidir le treoracha maidir le húsáid, cothabháil, scrúdú tréimhsiúil, deisiú, marcáil agus pacáistiú

EN 365:2004/AC:2006

38.

EN ISO 374-1:2016

Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceáin chontúirteacha agus miocrorgánaigh - Cuid 1: Ceanglais téarmaíochta agus feidhmíochta maidir le rioscaí ceimiceacha (ISO 374-1:2016)

39.

EN ISO 374-5:2016

Lámhainní cosanta in aghaidh ceimiceáin chontúirteacha agus miocrorgánaigh - Cuid 5: Ceanglais téarmaíochta agus feidhmíochta ó thaobh rioscaí maidir le miocrorgánaigh (ISO 374-5:2016)

40.

EN 388:2016+A1:2018

Lámhainní cosanta in aghaidh rioscaí meicniúla

41.

EN 397:2025

Clogaid chosanta thionsclaíocha

EN 397:2025/AC:2025

Fógra: I gclásal 4.2.7.5.2.5 den chaighdeán, ina léitear ‘5.13’, is é a léifear ina ionad sin ‘5.13.5’.

Comhlíonadh chlásal 4.2.7.4 den chaighdeán, is rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le ceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta 3.6.1.

42.

EN 402:2003

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte éilimh cuimsitheach faoi rialú na scamhóg le masc aghaidhe iomlán nó cóimeáil bhéalóige d’éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

43.

EN 403:2004

Feistí cosanta riospráide le haghaidh féintarrthála - Feistí scagúcháin le cochall d’éalú ó dhóiteán - Ceanglais, tástáil, marcáil

44.

EN 404:2005

Feistí cosanta riospráide le haghaidh féintarrthála - Féintarrtháil scagaire ó aonocsaíd charbóin le cóimeáil bhéalóige

45.

EN 405:2001+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Leathmhaisc scagúcháin chomhla chun cosaint a thabhairt ar gháis nó ar gháis agus ar cháithníní - Ceanglais, tástáil, marcáil

46.

EN 407:2004

Lámhainní cosanta i gcoinne rioscaí teirmeacha (teas nó dóiteán nó an dá rud araon)

47.

EN 421:2010

Lámhainní cosanta in aghaidh radaíocht ianúcháin agus éilliú radaighníomhach

48.

EN 443:2008

Clogaid le haghaidh comhrac dóiteáin i bhfoirgnimh agus i struchtúir eile

49.

EN 469:2020

Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta chun tinte a mhúchadh

50.

EN 510:2019

Sonraíocht maidir le héadaí cosanta lena n-úsáid i gcás go mbeadh baol fostaithe le páirteanna a bhogann

51.

EN 511:2006

Lámhainní cosanta in aghaidh fuachta

52.

EN 564:2023

Trealamh sléibhteoireachta – Corda cúnta – Riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála

53.

EN 565:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Téip - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

54.

EN 566:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Irisí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

55.

EN 567:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Teanntáin rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

56.

EN 568:2015

Trealamh sléibhteoireachta - Ancairí oighir - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

57.

EN 569:2007

Trealamh sléibhteoireachta - Piotóin - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

58.

EN 659:2003+A1:2008

Lámhainní cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin

EN 659:2003+A1:2008/AC:2009

59.

EN 795:2012

Trealamh cosanta pearsanta i gcoinne titime - Feistí ancaire

Rabhadh: Ní bhaineann an foilseachán seo leis an trealamh a dtugtar tuairisc air sna clásail seo a leanas:

— cineál A (feistí ancaire ag a bhfuil ceann amháin nó níos mó de na pointí ancaire seasta agus an gá atá le hancairí struchtúracha nó eilimintí suí chun an struchtúr a shuí) dá dtagraítear i gclásail 3.2.1, 4.4.1, 5.3;

— cineál C (feistí ancaire ina n-úsáidtear línte ancaire solúbtha cothrománacha) dá dtagraítear i gclásail 3.2.3, 4.4.3 agus 5.5;

— cineál D (feistí ancaire ina n-úsáidtear línte ancaire dochta cothrománacha) dá dtagraítear i gclásail 3.2.4, 4.4.4 agus 5.6;

— aon teaglaim díobh sin thuasluaite. Maidir le cineálacha A, C agus D, ní bhaineann an foilseachán seo le ceachtar clásal: 4.5, 5.2.2, 6, 7; Iarscríbhinn A nó Iarscríbhinn ZA. Dá réir sin, maidir leis an trealamh thuasluaite, ní ghlacfar leis go bhfuil comhréir ann le forálacha Rialachán (AE) 2016/425 toisc nach meastar gur trealamh cosanta pearsanta é.

60.

EN 812:2012

Caipíní tionsclaíocha in aghaidh buillí agus buailtí

61.

EN 813:2024

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime – Úmacha ar féidir suí iontu

62.

EN 892:2012+A3:2023

Trealamh sléibhteoireachta - Rópaí dinimiciúla sléibhteoireachta - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

63.

EN 893:2019

Trealamh sléibhteoireachta - Crampóin - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

64.

EN 943-1:2015+A1:2019

Éadaí cosanta i gcoinne ceimiceán contúirteach soladach, leachtach agus gásach, lena n-áirítear aerasóil leachtacha agus soladacha - Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta maidir le cultacha cosanta ceimiceacha de Chineál 1 (cultacha gás-obacha)

65.

EN 943-2:2019

Éadaí cosanta i gcoinne ceimiceán contúirteach soladach, leachtach agus gásach, lena n-áirítear aerasóil leachtacha agus soladacha - Cuid 2: Ceanglais feidhmíochta maidir le cultacha (gás-obacha) cosanta de Chineál 1 ina aghaidh ceimicí d’fhoirne éigeandála

66.

EN 958:2024

Trealamh sléibhteoireachta - Córais ionsúite fuinnimh le húsáid i ndreapadh klettersteig (via ferrata) - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

67.

EN 966:2012+A1:2012

Clogaid do spóirt ar eitilt

68.

EN 1073-1:2016+A1:2018

Éadaí cosanta in aghaidh cáithníní soladacha aeriompartha lena n-áirítear éilliú radaighníomhach - Cuid 1: Ceanglais agus modhanna tástála maidir le héadaí cosanta atá aeráilte le píobán comhbhrúite aeir, a chosnaíonn an corp agus an chonair riospráide

69.

EN 1073-2:2002

Éadaí cosanta in aghaidh éilliú radaighníomhach - Cuid 2: Ceanglais agus modhanna tástála maidir le héadaí cosanta neamh-aeráilte in aghaidh éilliú radaighníomhach cáithníneach

70.

EN 1077:2007

Clogaid do sciálaithe Alpacha agus do chlárscimeálaithe sneachta

71.

EN 1078:2012+A1:2012

Clogaid le haghaidh rothaithe agus le haghaidh úsáideoirí clár scátála agus scátaí rothacha

72.

EN 1080:2013

Clogaid chosanta in aghaidh imbhuailtí do leanaí óga

73.

EN 1082-1:1996

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí lámh mar chosaint in aghaidh gearrthacha agus sáite le sceana láimhe - Cuid 1: Lámhainní agus gardaí lámh déanta de mháille na lúb

74.

EN 1082-2:2000

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí lámh mar chosaint in aghaidh gearrthacha agus sáite le sceana láimhe - Cuid 2: Lámhainní agus gardaí lámh déanta d’ábhar eile seachas máille na lúb

75.

EN 1146:2005

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte cuimsitheach ina gcuimsítear cochall d’éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

76.

EN 1149-5:2018

Éadaí cosanta - Airíonna leictreastatacha - Cuid 5: Ceanglais maidir le feidhmíocht agus dearadh ábhair

77.

EN 1384:2023

Clogaid le haghaidh gníomhaíochtaí eachaíochta

78.

EN 1385:2012

Clogaid le haghaidh spóirt curachóireachta agus bánuisce

79.

EN 1486:2007

Éadaí cosanta do chomhraiceoirí dóiteáin - Modhanna tástála agus riachtanais maidir le héadaí frithchaiteacha le haghaidh comhrac dóiteáin speisialaithe

80.

EN 1497:2007

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime - Úmacha tarrthála

81.

EN 1827:1999+A1:2009

Feistí cosanta riospráide - Leathmhaisc gan comhlaí ionanálaithe agus le scagairí indeighilte chun cosaint a thabhairt ar gháis nó ar gháis agus cáithníní nó ar cháithníní amháin - Ceanglais, tástáil, marcáil

82.

EN 1891:1998

Trealamh cosanta pearsanta chun titim ó áit ard a chosc - Rópaí kernmantel ar dheacair iad a shíneadh

83.

EN 1938:2010

Cosaint phearsanta súl - Spéaclaí cosanta do dhaoine a úsáideann gluaisrothair agus móipéidí

84.

EN ISO 10256-1:2024

Trealamh cosanta lena úsáid sa haca oighir - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta (ISO 10256-1:2024)

85.

EN ISO 10256-2:2024

Trealamh cosanta lena úsáid sa haca oighir - Cuid 2: Cosantóirí cinn le haghaidh scátálaithe (ISO 10256-2:2024)

86.

EN ISO 10256-3:2024

Trealamh cosanta lena úsáid sa haca oighir - Cuid 3: Cosantóirí aghaidhe agus súl le haghaidh scátálaithe (ISO 10256-3:2024)

87.

EN ISO 10256-4:2024

Trealamh cosanta lena úsáid sa haca oighir - Cuid 4: Cosantóirí cinn agus aghaidhe le haghaidh báireoirí (ISO 10256-4:2024)

88.

EN ISO 10819:2013

Creathadh meicniúil agus turraing - Creathadh láimhe - Tomhas agus meastóireacht ar in-tarchurthacht tonnchreathanna lámhainní ag bos na láimhe (ISO 10819:2013)

EN ISO 10819:2013/A1:2019

EN ISO 10819:2013/A2:2022

89.

EN ISO 10862:2009

Árthaí beaga - Córas scaoilte thapa le haghaidh úim traipéise (ISO 10862:2009)

90.

EN ISO 11393-2:2019

Éadaí cosanta d’úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 2: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh cosantóirí cos (ISO 11393-2:2018)

91.

EN ISO 11393-4:2019

Éadaí cosanta d’úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 4: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh lámhainní cosanta (ISO 11393-4:2018)

92.

EN ISO 11393-5:2019

Éadaí cosanta d’úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 5: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála le haghaidh loirgneáin chosanta (ISO 11393-5:2018)

93.

EN ISO 11393-6:2019

Éadaí cosanta d’úsáideoirí sábh slabhrach láimhe - Cuid 6: Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála do chosantóirí an choirp uachtair (ISO 11393-6:2018)

94.

EN 12021:2014

Trealamh riospráide - Gáis chomhbhrúite le haghaidh gaireas análaithe

95.

EN 12083:1998

Feistí cosanta riospráide - Scagairí le hosáin análaithe (Scagairí feistithe gan mhasc) - Scagairí cáithníní, scagairí gáis, agus scagairí comhcheangailte - Ceanglais, tástáil, marcáil

EN 12083:1998/AC:2000

96.

EN 12270:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Dingeacha - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

97.

EN 12275:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Nascóirí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

98.

EN 12276:2013

Trealamh sléibhteoireachta - Ancairí frithchuimilte - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

99.

EN 12277:2015+A1:2018

Trealamh sléibhteoireachta - Úmacha - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

100.

EN 12278:2007

Trealamh sléibhteoireachta - Ulóga - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

101.

EN ISO 12312-1:2022

Cosaint súl agus aghaidhe - Spéaclaí gréine agus spéaclaí gaolmhara - Cuid 1: Spéaclaí gréine le haghaidh úsáid ghinearálta (ISO 12312-1:2022)

EN ISO 12312-1:2022/A11:2024

102.

EN ISO 12312-2:2015

Cosaint súl agus aghaidhe - Spéaclaí gréine agus spéaclaí gaolmhara - Cuid 2: Scagairí le haghaidh an ghrian a bhreathnú go díreach (ISO 12312-2:2015)

103.

EN ISO 12401:2009

Árthaí beaga - Úim shábháilteachta agus líne shábháilteacht deice - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12401:2009)

104.

EN ISO 12402-2:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 2: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 275 - Riachtanais sábháilteachta (ISO 12402-2:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

105.

EN ISO 12402-3:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 3: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 150 - Riachtanais sábháilteachta (ISO 12402-3:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

106.

EN ISO 12402-4:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 4: Seaicéid tarrthála, leibhéal feidhmíochta 100 - Riachtanais sábháilteachta (ISO 12402-4:2020)

Fógra:

Cur i bhfeidhm chlásal 5.6 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.1.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.1.3, 5.1.5, 5.1.7, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.1.2, 5.3.2.2, 5.3.2.3, 5.3.4.3, 5.3.4.4, 5.6.1.4, 5.6.1.7, 5.6.1.8, 5.6.1.9, 5.6.1.10 agus 5.6.1.11 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 1.2.1 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

Cur i bhfeidhm chlásail 5.1.2, 5.2, 5.3.1.1, 5.3.2.2, 5.3.4.2, 5.3.4.4, 5.6.3 agus 5.7 den chaighdeán seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach sláinte agus sábháilteachta a leagtar amach i bpointe 3.4 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

107.

EN ISO 12402-5:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 5: Áiseanna snámhachta (leibhéal 50) - Ceanglais sábháilteachta (ISO 12402-5:2020)

108.

EN ISO 12402-6:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 6: Seaicéid tarrthála agus áiseanna snámhachta feidhme speisialta - Riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála breise (ISO 12402-6:2020)

109.

EN ISO 12402-8:2020

Gairis snámhachta phearsanta - Cuid 8: Oiriúintí - Riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála (ISO 12402-8:2020)

110.

EN 12477:2001

Lámhainní cosanta do tháthairí

EN 12477:2001/A1:2005

111.

EN 12492:2025

Trealamh sléibhteoireachta - Clogaid le haghaidh sléibhteoirí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

112.

EN 12841:2024

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime – Córais rochtana rópaí – Feistí um choigeartú rópaí

113.

EN 12941:2023

Feistí cosanta riospráide - Gairis scagúcháin chumhachtaithe ina gcuimsítear coimhéadan riospráide scaoilte - Ceanglais, tástáil agus marcáil

114.

EN 12942:2023

Feistí cosanta riospráide - Gairis scagúcháin chumhachtaithe ina gcuimsítear maisc aghaidhe iomlána, leathmhaisc nó ceathrú-mhaisc - Ceanglais, tástáil agus marcáil

115.

EN 13034:2005+A1:2009

Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta in aghaidh ceimiceán a thairgeann cosaint theoranta in aghaidh ceimiceán leachtach (trealamh de Chineál 6 agus de Chineál PB [6])

116.

EN 13061:2009

Éadaí cosanta - cosantóirí lorgaí d’imreoirí sacair - Ceanglais agus modhanna tástála

117.

EN 13089:2011+A3:2023

Trealamh sléibhteoireachta - Uirlisí oighir - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

118.

EN 13138-1:2021

Áiseanna buacacha do theagasc snámha - Cuid 1: Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála le haghaidh áiseanna snámhacha atá le caitheamh

EN 13138-1:2021/AC:2022

119.

EN 13158:2018

Éadaí cosanta - Seaicéid chosanta, cosantóirí coirp agus gualainne le haghaidh úsáide eachaíochta, le haghaidh marcaigh agus iad siúd a bhíonn ag obair le capaill, agus le haghaidh tiománaithe capall - Ceanglais agus modhanna tástála

120.

EN 13178:2000

Cosaint phearsanta súl - Cosantóirí súl d'úsáideoirí mótar sneachta

121.

EN 13277-1:2000

Trealamh cosanta le haghaidh ealaíona comhraic - Cuid 1: Ceanglais ghinearálta agus modhanna tástála

122.

EN 13277-2:2000

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 2: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála do chosantóirí ard na coise, cosantóirí lorgaí agus ríghardaí

123.

EN 13277-3:2013

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 3: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise do chosantóirí cabhlach

124.

EN 13277-4:2001

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 4: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála breise do chosantóirí cinn

EN 13277-4:2001/A1:2007

125.

EN 13277-5:2002

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 5: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála do chosantóirí ball giniúna agus cosantóirí bolg

126.

EN 13277-6:2003

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 6: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála do chosantóirí brollaigh le haghaidh mná

127.

EN 13277-7:2009

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 7: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála do chosantóirí láimhe agus coise

128.

EN 13277-8:2017

Trealamh cosanta do na healaíona comhraic - Cuid 8: Ceanglais bhreise agus modhanna tástála do chosantóirí aghaidhe cearáité

129.

EN 13484:2012

Clogaid le haghaidh úsáideoirí lúis

130.

EN 13546:2002+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí láimhe, cliabh, bolg, cos agus baill ghiniúna do chúl báirí haca agus cosantóirí lorgaí d’imreoirí haca eile - Ceanglais agus modhanna tástála

131.

EN 13567:2002+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí láimhe, cliabh, bolg, cos, baill ghiniúna agus aghaidh do phionsóirí - Riachtanais agus modhanna tástála

132.

EN 13594:2015

Lámhainní cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Ceanglais agus modhanna tástála

133.

EN 13634:2017

Coisbheart cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Ceanglais agus modhanna tástála

134.

EN ISO 13688:2013

Éadaí cosanta - Ceanglais ghinearálta (ISO 13688:2013)

EN ISO 13688:2013/A1:2021

135.

EN 13781:2012

Clogaid chosanta do thiománaithe agus do phaisinéirí mótar sneachta agus bobshleamhnán

136.

EN 13794:2002

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe ciorcaid dúnta cuimsitheach d’éalú - Ceanglais, tástáil, marcáil

137.

EN 13832-2:2018

Coisbheart mar chosaint ar cheimiceáin - Cuid 2: Riachtanais le haghaidh teagmháil theoranta le ceimiceáin

138.

EN 13832-3:2018

Coisbheart mar chosaint ar cheimiceáin - Cuid 3: Riachtanais le haghaidh teagmháil fhada le ceimiceáin

139.

EN 13949:2003

Feiste tumadóireachta ciorcaid oscailte chuimsitheach lena húsáid le Nitrox agus ocsaigin chomhbhrúite - Ceanglais, tástáil, marcáil

140.

EN ISO 13982-1:2004

Éadaí cosanta le húsáid in aghaidh cáithníní soladacha - Cuid 1: Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta ceimiceacha a sholáthraíonn cosaint don chorp iomlán in aghaidh cáithníní soladacha aeriompartha (éadaí de chineál 5) (ISO 13982-1:2004)

EN ISO 13982-1:2004/A1:2010

141.

EN ISO 13998:2003

Éadaí cosanta - Naprúin, brístí agus veisteanna mar chosaint in aghaidh gearrthacha agus sáite le sceana láimhe (ISO 13998:2003)

142.

EN 14021:2003

Sciatha cloiche le haghaidh gluaisrothaíocht eis-bhóthair chun rothaithe a chosaint ar chlocha agus ar smionagar - Ceanglais agus modhanna tástála

143.

EN 14052:2012+A1:2012

Clogaid thionsclaíocha ardfheidhmíochta

144.

EN 14058:2017+A1:2023

Éadaí cosanta – Éadaí mar chosaint in áiteanna fuara

145.

EN 14120:2003+A1:2007

Éadaí cosanta - Cosantóirí láimhe, bhos na láimhe, glún agus uillinn d’úsáideoirí trealaimh le haghaidh rollóirí spóirt - Ceanglais agus modhanna tástála

146.

EN 14126:2003

Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála d’éadaí cosanta in aghaidh oibreán tógálach

EN 14126:2003/AC:2004

147.

EN 14143:2013

Trealamh riospráide - Feiste tumadóireachta athanálaithe chuimsitheach

148.

EN 14225-1:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 1: Cultacha uisce - Riachtanais agus modhanna tástála

149.

EN 14225-2:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 2: Cultacha tirime - Riachtanais agus modhanna tástála

150.

EN 14225-3:2017

Cultacha tumadóireachta - Cuid 3: Córais agus comhpháirteanna culaithe a théitear nó a fhuaraítear go gníomhach - Riachtanais agus modhanna tástála

151.

EN 14328:2005

Éadaí cosanta - Lámhainní agus gardaí láimhe mar chosaint ar ghearrthacha ag sceana faoi chumhacht - Ceanglais agus modhanna tástála

152.

EN 14387:2004+A1:2008

Feistí cosanta riospráide - Scagairí gáis agus scagair(í) comhcheangailte - Ceanglais, tástáil, marcáil

153.

EN 14404-2:2024

Trealamh cosanta pearsanta - Cosantóirí glún chun oibriú ar ghlúine - Cuid 2: Riachtanais maidir le cosantóirí glún inchaite (cineál 1)

154.

EN 14404-3:2024

Trealamh cosanta pearsanta - Cosantóirí glún chun oibriú ar ghlúine - Cuid 3: Riachtanais maidir le comhcheangal aonair de chosantóirí glún agus éadaí (cineál 2)

Fógra: I dteannta chlásail 5.5.1.1, 5.5.1.2, 5.5.5.1 agus 5.5.5.2, is gá freisin clásal 5.5.1.3 a chomhlíonadh chun a thabhairt le fios go bhfuil comhréir ann leis an gceanglas fíor-riachtanach i bpointe 1.3.1. d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425

155.

EN 14404-4:2024

Trealamh cosanta pearsanta - Cosaintí glúine le haghaidh oibre a dhéantar ar na glúine - Cuid 4: Ceanglais maidir leis an teaglaim de phillíní glúine idir-inoibritheacha agus baill éadaigh (cineál 2)

156.

EN 14404-6:2024

Trealamh cosanta pearsanta - Cosantóirí glún chun oibriú ar ghlúine - Cuid 6: Ceanglais maidir le córais um obair ar ghlúine (cineál 4)

157.

EN 14435:2004

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte cuimsitheach le leathmhasc a dearadh lena úsáid le brú dearfach amháin - Ceanglais, tástáil, marcáil

158.

EN 14458:2018

Trealamh pearsanta súl - scáthláin ardfheidhmíochta gréine atá beartaithe le húsáid le clogaid chosanta agus leo siúd amháin

159.

EN ISO 14460:1999

Éadaí cosanta do thiománaithe gluaisteán rásaíochta - Cosaint ar theas agus lasair - Ceanglais feidhmíochta agus modhanna tástála (ISO 14460: 1999)

EN ISO 14460:1999/AC:1999

EN ISO 14460:1999/A1:2002

160.

EN 14529:2005

Feistí cosanta riospráide - Gaireas análaithe aeir chomhbhrúite ciorcaid oscailte cuimsitheach le leathmhasc a dearadh chun comhla éilimh faoi rialú brú scamhóg dearfach a chuimsiú chun críocha éalaithe amháin

161.

EN 14593-1:2005

Feistí cosanta riospráide - Fearas análaithe líne aeir chomhbhrúite le comhla éilimh - Cuid 1: Fearas le masc aghaidhe iomlán - Riachtanais, tástáil, marcáil

162.

EN 14594:2018

Feistí cosanta riospráide - Feistí análaithe líne aeir chomhbhrúite le sreabhadh leanúnach - Ceanglais, tástáil agus marcáil

163.

EN 14605:2005+A1:2009

Éadaí cosanta in aghaidh ceimiceán leachtach - ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí a bhfuil naisc leacht-obacha (Cineál 3) nó sprae-obacha (Cineál 4) acu, lena n-áirítear earraí a sholáthraíonn cosaint do chodanna áirithe den chorp agus dóibh siúd amháin (Cineálacha PB [3] agus PB [4])

164.

EN ISO 14877:2002

Éadaí cosanta le haghaidh oibríochtaí pléasctha scrábacha nuair a úsáidtear scríobaigh ghráinneacha (ISO 14877:2002)

165.

EN ISO 15027-1:2012

Tumchultacha - Cuid 1: Cultacha atá le caitheamh go seasta, riachtanais lena n-áirítear sábháilteacht (ISO 15027-1:2012)

166.

EN ISO 15027-2:2012

Tumchultacha - Cuid 2: Cultacha tréigthe, ceanglais lena n-áirítear sábháilteacht (ISO 15027-2:2012)

167.

EN 15090:2012

Coisbheart do chomhraiceoirí dóiteáin

168.

EN 15151-1:2012

Trealamh sléibhteoireachta - Feistí coscánaithe - Cuid 1: Feistí coscánaithe mar aon le glasáil de láimh, riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála

169.

EN 15333-1:2008

Trealamh riospráide - Feiste tumadóireachta gáis chomhbhrúite arna soláthar trí imleacán ciorcaid oscailte - Cuid 1: Gaireas éilimh

EN 15333-1:2008/AC:2009

170.

EN 15333-2:2009

Trealamh riospráide - Feiste tumadóireachta gáis chomhbhrúite arna soláthar trí imleacán ciorcaid oscailte - Cuid 2: Gaireas saorshreafa

171.

EN 15613:2008

Cosantóirí glúine agus uillinn le haghaidh spóirt faoi dhíon - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

172.

EN 16027:2011

Éadaí cosanta - Lámhainní a bhfuil éifeacht chosanta acu le haghaidh cúl báirí i gcluichí sacair

173.

EN ISO 16321-1:2022

Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 1: Riachtanais ghinearálta (ISO 16321-1:2021)

174.

EN ISO 16321-2:2021

Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 2: Riachtanais bhreise maidir le cosantóirí a úsáidtear le linn táthaithe agus teicnící gaolmhara (ISO 16321-2:2021)

Fógra: Déantar tagairt sa chaighdeán seo do thagairt normatach EN ISO 16321-1:2020, a bhfuil a dháta mícheart. Léifear é mar EN ISO 16321-1:2022 ina ionad sin.

175.

EN ISO 16321-3:2022

Cosaint súl agus aghaidhe le haghaidh úsáid cheirde - Cuid 3: Riachtanais bhreise maidir le cosantóirí mogaill (ISO 16321-3:2021)

Fógra: Déantar tagairt sa chaighdeán seo do thagairt normatach EN ISO 16321-1:2020, a bhfuil a dháta mícheart. Léifear é mar EN ISO 16321-1:2022 ina ionad sin.

176.

EN 16350:2014

Lámhainní cosanta - Airíonna leictreastatacha

177.

EN 16473:2014

Clogaid comhraiceoirí dóiteáin - Clogaid le haghaidh tarrtháil theicniúil

178.

EN 16716:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Córais málaí aeir i gcás maidhmeanna sneachta - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

179.

EN 17092-2:2020

Éadaí cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Cuid 2: Baill éadaigh d’Aicme AAA - Ceanglais

180.

EN 17092-3:2020

Éadaí cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Cuid 3: Baill éadaigh d’Aicme AA - Ceanglais

181.

EN 17092-4:2020

Éadaí cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Cuid 4: Baill éadaigh d’Aicme A - Ceanglais

182.

EN 17092-5:2020

Éadaí cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Cuid 5: Baill éadaigh d’Aicme B - Ceanglais

183.

EN 17092-6:2020

Éadaí cosanta do mharcaigh ghluaisrothar - Cuid 6: Baill éadaigh d’Aicme C - Ceanglais

184.

EN 17109:2020+A1:2024

Trealamh sléibhteoireachta - Córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

185.

EN ISO 17249:2013

Coisbheart sábháilteachta a sheasann in aghaidh gearradh le sábh slabhrach (ISO 17249:2013)

EN ISO 17249:2013/AC:2014

186.

EN 17353:2020+A1:2025

Éadaí cosanta - Trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca - Modhanna tástála agus ceanglais

187.

EN 17487:2024

Éadaí cosanta - Baill éadaigh le hearraí cóireáilte le sármheitrin chun tacú le cosaint ar ghreamanna sceartán

188.

EN 17520:2021

Trealamh sléibhteoireachta - Láinnéir ancaire phearsanta - Riachtanais sábháilteachta agus modhanna tástála

189.

EN 17961:2025

Trealamh sléibhteoireachta - Gairis comhroinnte ualaigh - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

190.

EN 18100:2025

Trealamh sléibhteoireachta - Clogaid le haghaidh sléibhteoirí sciála - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

191.

EN ISO 18527-1:2022

Cosaint súl agus aghaidhe le húsáid i spóirt - Cuid 1: Riachtanais maidir le spéaclaí cosanta do sciáil le fána agus do chlársciáil (ISO 18527-1:2021)

192.

EN ISO 18527-2:2021

Cosaint súl agus aghaidhe le húsáid i spóirt - Cuid 2: Riachtanais maidir le cosantóirí súl do scuais agus cosantóirí súl do liathróid raicéid agus do scuais 57 (ISO 18527-2:2021)

193.

EN ISO 20320:2020

Éadaí cosanta atá le húsáid i gClársciáil - Cosantóirí Rostaí - Ceanglais agus modhanna tástála (ISO 20320:2020)

194.

EN ISO 20345:2022

Trealamh cosanta pearsanta – Coisbheart sábháilteachta (ISO 20345:2021)

EN ISO 20345:2022/A1:2024

195.

EN ISO 20346:2022

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart cosanta (ISO 20346:2021)

EN ISO 20346:2022/A1:2024

196.

EN ISO 20347:2022

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart ceirde (ISO 20347:2021)

EN ISO 20347:2022/A1:2024

197.

EN ISO 20349-1:2017

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart a thugann cosaint i gcoinne rioscaí i dteilgcheártaí agus le linn táthaithe - Cuid 1: Ceanglais agus modhanna tástála chun cosaint a thabhairt ar rioscaí i dteilgcheártaí (ISO 20349-1:2017)

EN ISO 20349-1:2017/A1:2020

198.

EN ISO 20349-2:2017

Trealamh cosanta pearsanta - Coisbheart a thugann cosaint i gcoinne rioscaí i dteilgcheártaí agus le linn táthaithe - Cuid 2: Ceanglais agus modhanna tástála chun cosaint a thabhairt ar rioscaí le linn táthaithe agus próisis ghaolmhara (ISO 20349-2:2017)

EN ISO 20349-2:2017/A1:2020

199.

EN ISO 20471:2013

Éadaí sofheicthe - Modhanna agus ceanglais tástála (ISO 20471:2013, Leagan ceartaithe 2013-06-01)

EN ISO 20471:2013/A1:2016

200.

EN ISO 21420:2020

Lámhainní cosanta - Ceanglais ghinearálta agus modhanna tástála - Leasú 1 (ISO 21420:2020/Leasú 1:2022)

EN ISO 21420:2020/A1:2024

201.

EN ISO 27065:2017

Éadaí cosanta - Ceanglais feidhmíochta maidir le héadaí cosanta a chaitheann oibreoirí a chuireann lotnaidicídí i bhfeidhm agus le haghaidh oibrithe athiontrála (ISO 27065:2017)

EN ISO 27065:2017/A1:2019

202.

EN 50321-1:2018

Obair bheo - Coisbheart um chosaint leictreach - Coisbheart inslithe agus bhuataisí breise lasmuigh

EN 50321-1:2018/AC:2018-08

203.

EN 50365:2023

Obair Bheo - Clogaid inslithe leictreachais le húsáid ar shuiteálacha ísealvoltais agus meánvoltais

EN 50365:2023/AC:2024-09

204.

EN 61482-2:2020

Obair bheo - Éadaí cosanta i gcoinne guaiseacha teirmeacha stuanna leictreacha - Cuid 2: Ceanglais (IEC 61482-2:2018, Modhnaithe)


IARSCRÍBHINN II

Uimh.

Uimhir thagartha an chaighdeáin

Dáta an tarraingt siar

1.

EN 352-2:2020

Cosaintí éisteachta - Ceanglais ghinearálta - Cuid 2: Plugaí cluaise

Fógra: Ní caighdeán é seo lena gceanglaítear lipéadú a chur ar an táirge a chuirfeadh in iúl cén leibhéal maolaithe torainn is acmhainn dó. Dá bhrí sin, comhlíonadh an chaighdeáin seo, ní rud é a thugann le fios go bhfuil comhréir ann le pointe 3.5 den dara mír d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2016/425.

16.11.2026

2.

EN 352-6:2020

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 6: Cosaintí cluas maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

14.8.2026

3.

EN 352-8:2020

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 8: Cosaintí cluas siamsaíochta

14.8.2026

4.

EN 352-9:2020

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 9: Plugaí cluaise maille le hionchur fuaime a bhaineann leis an tsábháilteacht

14.8.2026

5.

EN 352-10:2020

Cosaintí éisteachta – Ceanglais sábháilteachta – Cuid 10: Plugaí cluaise ina seinntear fuaimeanna chun siamsaíochta

14.8.2026

6.

EN 353-2:2002

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titim ó áit ard - Cuid 2: Gléasanna treoraithe chun titim a stopadh lena n-áirítear líne ancaire solúbtha

16.11.2026

7.

EN 397:2012+A1:2012

Clogaid sábháilteachta thionsclaíocha

16.12.2027

8.

EN 420:2003+A1:2009

Lámhainní cosanta - Riachtanais ghinearálta agus modhanna tástála

16.12.2027

9.

EN 813:2008

Trealamh cosanta pearsanta in aghaidh titime – Úmacha ar féidir suí iontu

14.8.2026

10.

EN 958:2017

Trealamh sléibhteoireachta - Córais ionsúite fuinnimh le húsáid i ndreapadh klettersteig (via ferrata) - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

16.11.2026

11.

EN ISO 12312-1:2013

Cosaint súl agus aghaidhe - Spéaclaí gréine agus spéaclaí gaolmhara - Cuid 1: Spéaclaí gréine le haghaidh úsáid ghinearálta (ISO 12312-1:2013)

EN ISO 12312-1:2013/A1:2015

16.12.2027

12.

EN 12492:2012

Trealamh sléibhteoireachta - Clogaid le haghaidh sléibhteoirí - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

16.12.2027

13.

EN 12941:1998

Gairis scagúcháin chumhachtaithe ina gcuimsítear clogad nó cochall - Ceanglais, tástáil agus marcáil

EN 12941:1998/A1:2003

EN 12941:1998/A2:2008

8.10.2026

14.

EN 12942:1998

Feistí cosanta riospráide - Gairis scagúcháin chumhachtchúnta ina gcuimsítear maisc aghaidhe iomlána, leathmhaisc nó ceathrú-mhaisc - Ceanglais, tástáil agus marcáil

EN 12942:1998/A1:2002

EN 12942:1998/A2:2008

8.10.2026

15.

EN 17109:2020

Trealamh sléibhteoireachta - Córais sábháilteachta aonair le haghaidh cúrsaí rópa - Ceanglais sábháilteachta agus modhanna tástála

16.11.2026

16.

EN 17353:2020

Éadaí cosanta - Trealamh infheictheachta feabhsaithe le haghaidh cásanna meánriosca - Modhanna tástála agus ceanglais

16.12.2027


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1279/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)