European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1269

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 97/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1269]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1348 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharcanna neamhshuntasacha (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1349 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir maidir le measúnú comhlíontachta na n-údarás inniúil maidir leis an riarachán sainordaitheach ar thagarmharc criticiúil (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(3)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh socruithe rialachais riarthóra sách láidir (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(4)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe chun aon iompar, a bhféadfaidh cúbláil ar thagarmharc nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, a shainaithint agus a thuairisciú (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(5)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1352 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(6)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 31lu (Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/1818 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘31lv.

32021 R 1348: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1348 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharcanna neamhshuntasacha (IO L 291, 13.8.2021, lch. 1).

31lw.

32021 R 1349: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1349 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar na critéir maidir le measúnú comhlíontachta na n-údarás inniúil maidir leis an riarachán sainordaitheach ar thagarmharc criticiúil (IO L 291, 13.8.2021, lch. 4).

31lx.

32021 R 1350: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1350 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh socruithe rialachais riarthóra sách láidir (IO L 291, 13.8.2021, lch. 9).

31ly.

32021 R 1351: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1351 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar saintréithe na gcóras agus na rialuithe chun aon iompar, a bhféadfaidh cúbláil ar thagarmharc nó iarracht ar chúbláil ar thagarmharc a bheith ag baint leis, a shainaithint agus a thuairisciú (IO L 291, 13.8.2021, lch. 13).

31lz.

32021 R 1352: Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1352 ón gCoimisiún an 6 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta (IO L 291, 13.8.2021, lch. 16).’

Airteagal 2

Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2021/1348, (AE) 2021/1349, (AE) 2021/1350, (AE) 2021/1351 agus (AE) 2021/1352 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1), nó ar lá theacht i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 88/2026 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2026 (6), cibé acu is déanaí.

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L 291, 13.8.2021, lch. 1.

(2)   IO L 291, 13.8.2021, lch. 4.

(3)   IO L 291, 13.8.2021, lch. 9.

(4)   IO L 291, 13.8.2021, lch. 13.

(5)   IO L 291, 13.8.2021, lch. 16.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.

(6)   IO L , 2026/1230, 25.6.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1230/oj.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1269/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)