European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1265

25.6.2026

CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 72/2026

an 20 Márta 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II (Rialacháin theicniúla, caighdeáin, tástáil agus deimhniú) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1265]

TÁ COMHCHOISTE LEE,

Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1421 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na nósanna imeachta um measúnú comhréireachta le haghaidh táirgí leasacháin AE (1), arna cheartú le IO L 2025/91029, 15.12.2025, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Rialachán (AE) 2019/1009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) de Chaibidil XIV d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Comhaontú LEE:

‘—

32025 R 1421: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1421 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2025 (IO L, 2025/1421, 10.12.2025), arna cheartú le IO L, 2025/91029, 15.12.2025.’

Airteagal 2

Is téacs barántúil a bheidh i dtéacs Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1421, arna cheartú le IO L, 2025/91029, 15.12.2025, san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).

Airteagal 4

Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.

Thar ceann Chomhchoiste an LEE

An tUachtarán

Nicolas VON LINGEN


(1)   IO L, 2025/1421, 10.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1421/oj.

(*1)  Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1265/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)