|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1256 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 62/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn I (Ábhair thréidliachta agus fíteashláintíochta) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1256]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2491 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti 25-hiodrocsacolacailciféaról arna tháirgeadh le Saccharomyces cerevisiae CBS 146008 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas éanlaith chlóis, muca agus athchogantaigh (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2497 ón gCoimisiún an 10 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóidí arb é atá iontu Enterococcus faecium DSM 33761, Pediococcus acidilactici DSM 33758, Bifidobacterium animalis DSM 16284, Limosilactobacillus reuteri DSM 33751 agus Ligilactobacillus salivarius DSM 16351 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus a thógtar le bheith ina mbéaróga nó le haghaidh atáirgthe (sealbhóir an údaraithe: Biomin GmbH) (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2500 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti Bacillus velezensis NRRL B-67647, Bacillus pumilus NRRL B-67648 agus Bacillus licheniformis NRRL B-67649 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis lena ramhrú agus le haghaidh éin ornáideacha (sealbhóir an údaraithe: S.I.Lesaffre) (3), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2502 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide arb é atá inti próitéáis arna táirgeadh le Bacillus subtilis CBS 148232 agus spóir inmharthana Bacillus velezensis NRRL B-50508, Bacillus velezensis NRRL B-50509 agus Bacillus subtilis NRRL B-50510 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh muca lena ramhrú de gach speiceas Suidae agus bainbh scoite de mhionspeicis Suidae (sealbhóir an údaraithe: Genencor International B.V.) (4), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(5) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2503 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide d’ion-1,4-béite-xiolanáis, ion-1,4-béite-ghlúcanáis agus ion-béite-1,4-glúcanáis xileaglúcan-sonrach arna táirgeadh le Trichoderma citrinoviride DSM 33578 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh éanlaith chlóis seachas éanlaith chlóis lena ramhrú, éanlaith chlóis a thógtar le bheith ina mbéaróga agus a thógtar le haghaidh pórúcháin agus speicis mhucúla seachas cránacha de gach speiceas Suidae (sealbhóir an údaraithe: Huvepharma EOOD) (5), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(6) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2505 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú aigéid ghuainidíonaicéitigh agus ullmhóide arb é atá inti aigéad guainidíonaicéiteach mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh bainbh scoite agus muca lena ramhrú in uisce óil agus le haghaidh turcaithe lena ramhrú agus turcaithe a thógtar le haghaidh pórúcháin i mbeatha agus in uisce óil (sealbhóir an údaraithe: Alzchem Trostberg GmbH), agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 (6), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(7) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2511 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú ullmhóide de Bacillus paralicheniformis DSM 33902 agus Bacillus subtilis DSM 33903 mar bhreiseán beathaithe le haghaidh athchogantaigh a choimeádtar le haghaidh táirgeadh bainne/le haghaidh an atáirgthe (sealbhóir an údaraithe: Chr. Hansen A/S) (7), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(8) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2513 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir le húdarú coimpléisc copar(II)-béitín mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (8), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(9) |
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2543 ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2025 maidir leis an athnuachan ar Patent Blue V mar bhreiseán beathaithe a dhiúltú le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013 (9), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(10) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2543 aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 643/2013 (10), rialachán atá ionchorpraithe i gComhaontú LEE agus atá le haisghairm, dá réir sin, faoi Chomhaontú LEE. |
|
(11) |
Is le reachtaíocht maidir le hábhair bheatha a bhaineann an Cinneadh seo. An reachtaíocht a bhaineann le hábhair bheatha, ní bheidh feidhm aici maidir le Lichtinstéin fad a bheidh cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le trádáil i dtáirgí talmhaíochta leathnaithe chun Lichtinstéin a chumhdach, mar a shonraítear sna hoiriúnuithe earnála ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE. Dá bhrí sin, níl feidhm le bheith ag an gCinneadh seo maidir le Lichtinstéin. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Caibidil II d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Comhaontú LEE, leasaítear í mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach i bpointe 527 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2628 ón gCoimisiún): ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 687 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2176 ón gCoimisiún):
|
|
3. |
Scriostar téacs phointe 91 (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 643/2013 ón gCoimisiún). |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2491, (AE) 2025/2497, (AE) 2025/2500, (AE) 2025/2502, (AE) 2025/2503, (AE) 2025/2505, (AE) 2025/2511, (AE) 2025/2513 agus (AE) 2025/2543 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L, 2025/2491, 11.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2491/oj.
(2) IO L, 2025/2497, 11.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2497/oj.
(3) IO L, 2025/2500, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2500/oj.
(4) IO L, 2025/2502, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2502/oj.
(5) IO L, 2025/2503, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2503/oj.
(6) IO L, 2025/2505, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2505/oj.
(7) IO L, 2025/2511, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2511/oj.
(8) IO L, 2025/2513, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2513/oj.
(9) IO L, 2025/2543, 12.12.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/2543/oj.
(10) IO L 186, 5.7.2013, lch. 7.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1256/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)