|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1242 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 93/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1242]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1265 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an modh chun príomhthionscnóir riosca suímh a shainaithint agus chun a chinneadh cé acu suíomh fada nó suíomh gearr atá in idirbheart dá dtagraítear in Airteagail 94(3), 273a(3) agus 325a(2) (1), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1311 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus na n-athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear na pointí seo a leanas isteach i ndiaidh phointe 14azzv (Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/789 ón gCoimisiún) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘14azzw. |
32025 R 1265: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1265 ón gCoimisiún an 1 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear an modh chun príomhthionscnóir riosca suímh a shainaithint agus chun a chinneadh cé acu suíomh fada nó suíomh gearr atá in idirbheart dá dtagraítear in Airteagail 94(3), 273a(3) agus 325a(2) (IO L, 2025/1265, 14.10.2025). |
|
14azzx. |
32025 R 1311: Rialachán Tarmligthe (AE) 2025/1311 ón gCoimisiún an 3 Iúil 2025 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na coinníollacha chun measúnú a dhéanamh ar ábharthacht na síntí agus na n-athruithe ar úsáid samhlacha inmheánacha malartacha, agus na n-athruithe ar fhothacar na bhfachtóirí riosca insamhaltaithe (IO L, 2025/1311, 14.10.2025).’ |
Airteagal 2
Is téacsanna barántúla a bheidh i dtéacsanna Rialacháin Tharmligthe (AE) 2025/1265 agus (AE) 2025/1311 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile de réir Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 4
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 2025/1265, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1265/oj.
(2) IO L 2025/1311, 14.10.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2025/1311/oj.
(*1) Ní shonraítear aon cheanglas bunreachtúil.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1242/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)