European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1233

12.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1233 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2026

lena leagtar síos sonraíochtaí na seirbhíse comhchoitinne seolacháin le haghaidh na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1239 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear timpeallacht Eorpach Ionaid Ilfhreastail Mhuirí agus lena n-aisghairtear Treoir 2010/65/AE (1), agus go háirithe Airteagal 13, de,

I ndiaidh dul i gcomhairle leis an gCoiste maidir le hIompar Digiteach agus Éascú Trádála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhthéacs na timpeallachta Eorpaí Ionaid Ilfhreastail Mhuirí arna bhunú le Rialachán (AE) 2019/1239, féadfaidh dearbhóirí agus soláthraithe seirbhíse sonraí (seoltóirí) a n-oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh trí nasc idirchórasach leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú de na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta.

(2)

I dtaobh an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú, arna forbairt i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2790 ón gCoimisiún (2), cinntíonn sé idir-inoibritheacht theicniúil agus úsáid tacair chomhchuibhithe teachtaireachtaí le haghaidh malartú sonraí leis na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta. Sula malartaíonn seoltóirí sonraí le hIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta tríd an modúl comhéadain maidir le tuairisciú, ní mór na mionsonraí nasctha a chumrú de láimh. Is gá é sin a dhéanamh freisin i gcás go n-athraíonn na mionsonraí nasctha. Ba cheart go sárófaí an tsaincheist sin leis an tseirbhís chomhchoiteann seolacháin trí chumraíocht uathoibríoch an naisc dhírigh idirchórasaigh a éascú.

(3)

Ba cheart don tseirbhís chomhchoiteann seolacháin aimsiú dinimiciúil a áirithíonn solúbthacht agus inscálaitheacht líonra na n-Ionad Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta a úsáid. Ba cheart do sheoltóirí a bheith in ann an tseirbhís chomhchoiteann seolacháin a úsáid chun nasc sonraí díreach idirchórasach a thionscnamh idir a bpointe rochtana AS4 agus modúl comhéadain maidir le tuairisciú trí na mionsonraí nasctha is déanaí ó mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú a aisghabháil go huathoibríoch.

(4)

Ba cheart go n-íoslaghdódh an tseirbhís chomhchoiteann seolacháin an gá le hidirghabhálacha daonna agus, dá bhrí sin, ba cheart go laghdódh sí costais agus rioscaí earráide go comhréireach, agus an líonra a dhéanamh solúbtha nuair atá athrú i mionsonraí nasctha a rannpháirtithe, amhail faisnéis chríochphointe agus deimhniú poiblí.

(5)

Chun idir-inoibritheacht agus laghdú costas chur chun feidhme a áirithiú, ba cheart don tseirbhís chomhchoiteann seolacháin a bheith bunaithe ar na teicneolaíochtaí agus caighdeáin chéanna a úsáidtear le haghaidh an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú.

(6)

Ba cheart aitheantóirí na rannpháirtithe agus suíomh na nód foilsitheora a bheith sa nód aimsitheora lárnaigh, agus ba cheart é a óstáil go lárnach chun a áirithiú go gcoinnítear na sonraí sin cothrom le dáta sa Chóras Ainmneacha Fearainn (DNS) poiblí.

(7)

Chun athléimneacht na seirbhíse a fheabhsú agus chun riosca pointe aonair teipe a mhaolú, ba cheart do gach Ballstát a nód foilsitheora féin a óstáil ar cheart na mionsonraí nasctha uile is gá maidir leis an modúl comhéadain maidir le tuairisciú comhfhreagrach a bheith ann.

(8)

Chun inscálaitheacht agus solúbthacht údarás na mBallstát atá ag bainistiú na nIonad Ilfhreastail Muirí Náisiúnta a áirithiú freisin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann mionsonraí nasctha pointe rochtana AS4 na seoltóirí a stóráil ina nóid foilsitheora, mar rogha ar na mionsonraí nasctha a réamhchumrú ina modúl comhéadain maidir le tuairisciú.

(9)

Chun go mbeidh a nód foilsitheora inaimsithe d’úsáideoirí na seirbhíse comhchoitinn seolacháin, chun cruinneas agus infhaighteacht sheoladh an nóid foilsitheora sa DNS poiblí a áirithiú, agus chun cosc a chur ar úsáideoirí na seirbhíse comhchoitinn seolacháin nóid foilsitheora dhíchoimisiúnaithe nó nóid foilsitheora nach ann dóibh a aimsiú, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann a mionsonraí nóid foilsitheora a chlárú, a thabhairt cothrom le dáta agus a scriosadh tríd an nód aimsitheora lárnaigh.

(10)

Is seirbhís phoiblí dhigiteach trasteorann iad na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta de réir brí Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) (‘an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach’). Leis an Rialachán seo, tugtar isteach ceanglais cheangailteacha nua a dhéanann difear don tseirbhís phoiblí dhigiteach/na seirbhísí poiblí digiteacha thuasluaite, agus, dá réir sin, tá sé faoi réir na hoibleagáide measúnaithe idir-inoibritheachta faoi Airteagal 3 den Ghníomh um Eoraip Idir-inoibritheach. Dá réir sin, rinneadh measúnú idir-inoibritheachta, agus tá an tuarascáil a thiocfaidh as sin le foilsiú ar an Tairseach um Eoraip Idir-inoibritheach,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2790.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘aimsiú dinimiciúil’ sásra lena chuirtear ar a gcumas do phointí rochtana AS4 seoltóirí agus do mhodúil chomhéadain maidir le tuairisciú mionsonraí nasctha a fháil faoina chéile go huathoibríoch chun nasc díreach a thionscnamh.

(2)

ciallaíonn ‘r-Sheachadadh’ tacar sonraíochtaí teicniúla agus caighdeáin le haghaidh malartú teachtaireachtaí leictreonacha arna bhforbairt ag an gCoimisiún.

(3)

ciallaíonn ‘nód aimsitheora lárnaigh’ aimsitheoir meiteashonraí seirbhíse a chomhlíonann sonraíochtaí próifíle an r-Sheachadta (4) a éascaíonn aimsiú dinimiciúil tríd an gCóras Ainmneacha Fearainn poiblí (DNS).

(4)

ciallaíonn ‘nód foilsitheora’ foilsitheoir Meiteashonraí Seirbhíse a chomhlíonann sonraíochtaí próifíle an r-Sheachadta (5) a choinníonn mionsonraí nasctha na modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus pointí rochtana AS4 na seoltóirí.

(5)

ciallaíonn ‘seirbhís chomhchoiteann seolacháin’ an tseirbhís dá dtagraítear in Airteagal 2(10) de Rialachán (AE) 2019/1239.

Airteagal 2

Leagtar amach na sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla, sásraí rialaithe cáilíochta agus nósanna imeachta de chur in úsáid, cothabháil agus úsáid na seirbhíse comhchoitinne seolacháin san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 198, 25.7.2019, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1239/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2790 ón gCoimisiún an 14 Nollaig 2023 lena leagtar síos sonraíochtaí feidhmiúla agus teicniúla le haghaidh an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú de na hIonaid Ilfhreastail Mhuirí Náisiúnta (IO L, 2023/2790, 18.12.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/2790/oj).

(3)  Rialachán (AE) 2024/903 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2024 lena leagtar síos bearta le haghaidh ardleibhéal idir-inoibritheachta san earnáil phoiblí ar fud an Aontais (an Gníomh um Eoraip Idir-inoibritheach) (IO L, 2024/903, 22.3.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/903/oj).

(4)   https://ec.europa.eu/digital-building-blocks/sites/display/DIGITAL/SML+service.

(5)   https://ec.europa.eu/digital-building-blocks/sites/display/DIGITAL/SMP+software.


IARSCRÍBHINN

CUR IN ÚSÁID, COTHABHÁIL AGUS ÚSÁID NA SEIRBHÍSE COMHCHOITINNE SEOLACHÁIN

Is nód aimsitheora lárnaigh, arna oibriú agus arna choinneáil ar bun ag an gCoimisiún, agus nóid foilsitheora arna n-oibriú agus arna gcoinneáil ar bun ag gach Ballstát i gcomhréir le sonraíochtaí an r-Sheachadta a bheidh sa tseirbhís chomhchoiteann seolacháin.

Is féidir le seoltóirí an tseirbhís chomhchoiteann seolacháin a úsáid chun nasc sonraí díreach idirchórasach a thionscnamh idir a bpointe rochtana AS4 agus modúl comhéadain maidir le tuairisciú trí úsáid a bhaint as aimsiú dinimiciúil in ionad mionsonraí nasctha an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú a réamhchumrú de láimh ina bpointe rochtana AS4.

Chun mionsonraí nasctha modúil comhéadain maidir le tuairisciú a aisghabháil, rachaidh pointe rochtana AS4 an seoltóra i dteagmháil le nód foilsitheora, ina bhfuil an fhaisnéis nasctha ábhartha á stóráil. Beidh mionsonraí nasctha modúil comhéadain maidir le tuairisciú nó pointe rochtana AS4 ar leith á stóráil go heisiach i nód foilsitheora aonair. Éascóidh an nód aimsitheora lárnaigh an próiseas sin trí nóid foilsitheora sa DNS poiblí a bhainistiú agus trí aimsiú dinimiciúil a chumasú.

Mar rogha ar mhionsonraí nasctha pointe rochtana AS4 na seoltóirí sa mhodúl comhéadain maidir le tuairisciú a réamhchumrú de láimh, is féidir leis na Ballstáit a nód foilsitheora a úsáid chun mionsonraí nasctha pointe rochtana AS4 na seoltóirí a stóráil.

SONRAÍOCHTAÍ FEIDHMIÚLA AGUS TEICNIÚLA

Nód Aimsitheora Lárnaigh

Soláthróidh an nód aimsitheora lárnaigh na feidhmiúlachtaí seo a leanas:

Aitheantas

Ainm

Tuairisc

C1

Eolaire seolta líonra agus cuardach

Gníomhóidh an nód aimsitheora lárnaigh mar eolaire lárnach aitheantóirí modúl comhéadain maidir le tuairisciú agus aitheantóirí pointí rochtana AS4 agus a n-aitheantóirí nód foilsitheora faoi seach, agus chun go mbeidh siad inaimsithe trí DNS poiblí.

C2

Bainistiú lárnach nód foilsitheora

Déanfaidh an nód aimsitheora lárnaigh meiteashonraí nód foilsitheora sa DNS poiblí a chlárú, a thabhairt cothrom le dáta agus a scriosadh. Beidh na Ballstáit in ann a mionsonraí nóid foilsitheora a bhainistiú go díreach trí chomhéadan idirchórasach an nóid aimsitheora lárnaigh.

C3

An iontaoibh agus an tslándáil

Ní cheadófar an nód aimsitheora lárnaigh clárú agus cumarsáid trí nóid foilsitheora ach amháin má tá deimhniú bailí frithpháirteach slándála sraithe iompair acu arna eisiúint ag údarás deimhniúcháin poiblí iontaofa i gcomhréir le treoirlínte r-Sheachadta maidir le deimhnithe digiteacha.

Nóid foilsitheora

Soláthróidh nóid foilsitheora na feidhmiúlachtaí seo a leanas:

Aitheantas

Ainm

Tuairisc

D4

Soláthar meiteashonraí

Déanfaidh an nód foilsitheora mionsonraí nasctha modúil comhéadain maidir le tuairisciú nó mionsonraí nasctha pointe rochtana AS4 an seoltóra a stóráil agus a sholáthar arna iarraidh sin.

D5

An iontaoibh agus an tslándáil

Beidh rochtain ar nóid foilsitheora ar an Idirlíon trí úsáid a bhaint as deimhniú bailí slándála sraithe iompair arna eisiúint ag údarás deimhniúcháin poiblí iontaofa i gcomhréir le treoirlínte r-Sheachadta maidir le deimhnithe digiteacha.

D6

Taifid a bhainistiú

Soláthróidh nód foilsitheora an fhéidearthacht chun mionsonraí nasctha modúil comhéadain maidir le tuairisciú nó mionsonraí nasctha pointe rochtana AS4 an seoltóra a stóráiltear sa nód foilsitheora a bhainistiú (a chlárú, a thabhairt cothrom le dáta, a bhaint nó a aistriú). Beidh nuashonruithe a bhaineann leis an bhfaisnéis sin agus le nód foilsitheora ar gá modhnú a dhéanamh ar na taifid DNS ann comhordaithe leis an nód aimsitheora lárnaigh.

Sa nód foilsitheora déanfar ar a laghad an fhaisnéis seo a leanas a stóráil:

Aitheantas

Ainm

Tuairisc

E1

Faisnéis chríochphointe

Seoltaí teicniúla an mhodúil comhéadain maidir le tuairisciú nó an phointe rochtana AS4 ar chucu a sheoltar na teachtaireachtaí AS4.

E2

Deimhniú poiblí

An deimhniú poiblí iontaofa is gá le haghaidh criptiúchán teachtaireachtaí AS4.

SÁSRAÍ RIALAITHE CÁILÍOCHTA

Aitheantas

Ainm

Tuairisc

L1

Faisnéis logála agus faireacháin

Cuirfear na nóid aimsitheora lárnaigh agus foilsitheora cumais logála agus faireacháin ar fáil chun críche rialaithe cáilíochta.

L2

Eisceachtaí a láimhseáil

Beidh na nóid aimsitheora lárnaigh agus foilsitheora in ann eisceachtaí agus earráidí a bhrath agus a láimhseáil agus a thuairisciú nuair a tharlóidh siad.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1233/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)