|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1230 |
25.6.2026 |
CINNEADH Ó CHOMHCHOISTE LEE Uimh. 88/2026
an 20 Márta 2026
lena leasaítear Iarscríbhinn IX (Seirbhísí airgeadais) a ghabhann le Comhaontú LEE [2026/1230]
TÁ COMHCHOISTE LEE,
Ag féachaint don Chomhaontú ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (‘Comhaontú LEE’), agus go háirithe Airteagal 98 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (1), arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9, tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(2) |
Rialachán (AE) 2019/2176 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 maidir le formhaoirseacht stuamachta ar an macraileibhéal ag an Aontas Eorpach ar an gcóras airgeadais agus lena mbunaítear Bord Eorpach um Riosca Sistéamach (2), tá sé le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(3) |
Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Treoir 2009/138/CE maidir le dul i mbun ghnó an Árachais agus an Athárachais agus leanúint den ghnó sin (Sócmhainneacht II), Treoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc ar úsáid an chórais airgeadais chun críocha airgead a sciúradh nó sceimhlitheoireacht a mhaoiniú (3), tá sí le hionchorprú i gComhaontú LEE. |
|
(4) |
Aithníonn na Páirtithe Conarthacha go gcuirtear chun feidhme leis an gCinneadh seo an comhaontú a léiríodh i mír 2 de na Conclúidí ón gComhairle maidir le hAirí Airgeadais agus Geilleagair an Aontais Eorpaigh agus CSTE LEE an 14 Deireadh Fómhair 2014 maidir le Rialacháin na nÚdarás Maoirseachta Eorpach (ÚMEnna) de chuid an Aontais a ionchorprú i gComhaontú LEE (4) agus gur cheart, dá bhrí sin, é a léirmhíniú i gcomhréir leis na prionsabail a léiríonn na Conclúidí sin. |
|
(5) |
Ba cheart Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 1 (Treoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’ |
Airteagal 2
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 23b (Treoir (AE) 2015/849 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’ |
Airteagal 3
Cuirtear an fhleasc seo a leanas isteach i bpointe 31ba (Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE:
|
‘— |
32019 L 2177: Treoir (AE) 2019/2177 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 (IO L 334, 27.12.2019, lch. 155).’ |
Airteagal 4
Leasófar pointe 31baa (Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (a): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’ |
|
3. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (e):
|
|
4. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
|
|
5. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
|
|
6. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (j):
|
|
7. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (m):
|
Airteagal 5
Leasófar pointe 31f (Rialachán (AE) Uimh. 1092/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an méid seo a leanas isteach: ‘, arna leasú le:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’, ‘údaráis inniúla’, agus ‘údaráis mhaoirseachta’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla agus a n-údaráis mhaoirseachta ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán. Ní bheidh feidhm ag an méid sin a mhéid a bhaineann le hAirteagal 5(2), 9(5) agus 11(1) (c).’. |
|
3. |
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (c): ‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 6(2):
|
|
4. |
Cuirfear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (d): ‘Cuirfear an pointe seo a leanas isteach in Airteagal 13(1):
|
|
5. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (d):
|
|
6. |
Cuirfear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
|
|
7. |
In oiriúnú (g), scriostar na focail “Airteagal 17(1) agus (2) agus in”. |
Airteagal 6
Leasófar pointe 31g (Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí ‘Ballstát/Ballstáit’ agus ‘údaráis inniúla’, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán seo.’ |
|
3. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
|
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii): ‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír: “Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad. A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc. Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.”.’. |
|
5. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
|
|
6. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
|
|
7. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i): ‘In Airteagal 17:
|
|
8. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
|
|
9. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k): ‘In Airteagal 19:
|
|
10. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (o): ‘In Airteagal 22(4), cuirfear na focail “, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,” isteach i ndiaidh na bhfocal “Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún”.’ |
|
11. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
|
|
12. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (p):
|
|
13. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (r): “In Airteagal 36(5), a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, cuirfear na focail “Buanchoiste na Stát CSTE agus Údarás Faireacháin CSTE” a bheidh ann in ionad na bhfocal “Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, an Coimisiún”.’. |
|
14. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (t): ‘In Airteagal 39:
|
|
15. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (v): ‘In Airteagal 43:
|
|
16. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (z):
|
|
17. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (za): ‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67: “Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.”.’. |
Airteagal 7
Leasófar pointe 31h (Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí “Ballstát/Ballstáit” agus “údaráis inniúla”, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’. |
|
3. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
|
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii): ‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír: “Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad. A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc. Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.”.’. |
|
5. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
|
|
6. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
|
|
7. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(iv): ‘cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2: “I gcás ina leagfaidh an tÚdarás amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh le cás agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhainte nó ar neamhchur i bhfeidhm Chomhaontú LEE maidir le húdarás inniúil Stát CSTE, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas maidir le cineál agus cuspóir an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe is gá faoina bhráid go tráthrialta ina dhiaidh sin chun go ndéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chúraimí mar is cuí faoi mhíreanna 4 agus 6.”.’ |
|
8. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(vii): “a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail “Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú” in ionad na bhfocal “Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE”, agus cuirfear na focail “Údarás Faireacháin CSTE” in ionad na bhfocal “an tÚdarás”.’. |
|
9. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
|
|
10. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k): ‘In Airteagal 19:
|
|
11. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (n): “In Airteagal 22(4), cuirfear na focail“, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,”isteach i ndiaidh na bhfocal “Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún”.’. |
|
12. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (n):
|
|
13. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
|
|
14. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (q): ‘In Airteagal 39:
|
|
15. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (s): ‘In Airteagal 43:
|
|
16. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (w):
|
|
17. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (x): ‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67: “Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.”.’. |
Airteagal 8
Leasófar pointe 31i (Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (b): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí “Ballstát/Ballstáit” agus “údaráis inniúla”, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’. |
|
3. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (f):
|
|
4. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (g)(ii): ‘a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, is é an méid seo a leanas a bheidh sa dara agus sa tríú fomhír: “Glacfar cinntí ó Údarás Faireacháin CSTE, gan moill mhíchuí, ar bhonn dréachtaí arna n-ullmhú ag an Údarás ar a thionscnamh féin nó arna iarraidh sin d’Údarás Faireacháin CSTE. Déanfaidh Údarás Faireacháin CSTE athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír ag eatraimh iomchuí agus gach 6 mhí ar a laghad. A luaithe is féidir i ndiaidh ghlacadh an chinnidh dá dtagraítear sa chéad dá fhomhír, cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an dáta éaga in iúl don Údarás. In am trátha roimh dhul in éag na tréimhse 6 mhí dá dtagraítear sa tríú fomhír, cuirfidh an tÚdarás conclúidí faoi bhráid Údarás Faireacháin CSTE, agus, más gá, beidh dréacht ag gabháil leo. Féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE aon fhorbairt a mheasann sé a bheith ábhartha don athbhreithniú a chur in iúl don Údarás. Tar éis dhá athnuachan tar éis a chéile ar a laghad, agus iad bunaithe ar anailís chuí a fhéachann le measúnú a dhéanamh ar an tionchar ar an gcustaiméir nó an tomhaltóir, féadfaidh Údarás Faireacháin CSTE cinneadh a dhéanamh maidir le hathnuachan bliantúil an toirmisc. Féadfaidh Ballstát CSTE a iarraidh ar Údarás Faireacháin CSTE athmhachnamh a dhéanamh ar a chinneadh. Cuirfidh Údarás Faireacháin CSTE an iarraidh sin ar aghaidh chuig an Údarás. Sa chás sin, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 44(1), breithneoidh an tÚdarás dréacht nua a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE. I gcás ina ndéanfaidh an tÚdarás aon chinneadh atá comhthreomhar leis an gcinneadh arna ghlacadh ag Údarás Faireacháin CSTE a leasú nó a chúlghairm, déanfaidh an tÚdarás, gan moill mhíchuí, dréacht a ullmhú d’Údarás Faireacháin CSTE.”.’. |
|
5. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (g):
|
|
6. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (h):
|
|
7. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(iv): ‘cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i mír 2: “I gcás ina leagfaidh an tÚdarás amach an chaoi a bhfuil sé beartaithe aige leanúint ar aghaidh le cás agus, i gcás inarb iomchuí, ina ndéanfaidh sé imscrúdú ar shárú líomhainte nó ar neamhchur i bhfeidhm Chomhaontú LEE maidir le húdarás inniúil Stát CSTE, cuirfidh sé Údarás Faireacháin CSTE ar an eolas maidir le cineál agus cuspóir an imscrúdaithe agus cuirfidh sé an fhaisnéis nuashonraithe is gá faoina bhráid go tráthrialta ina dhiaidh sin chun go ndéanfaidh Údarás Faireacháin CSTE a chúraimí mar is cuí faoi mhíreanna 4 agus 6.”.’. |
|
8. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (i)(vii): “a mhéid a bhaineann le Stáit CSTE, sa chéad fhomhír de mhír 6, cuirfear na focail “Gan dochar do chumhachtaí Údarás Faireacháin CSTE de bhun Airteagal 31 den Chomhaontú idir Stáit CSTE maidir le hÚdarás Faireacháin agus Cúirt Bhreithiúnais a Bhunú” in ionad na bhfocal “Gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin de bhun Airteagal 258 CFAE”, agus cuirfear na focail “Údarás Faireacháin CSTE” in ionad na bhfocal “an tÚdarás”.’. |
|
9. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
|
|
10. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (k): ‘In Airteagal 19:
|
|
11. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (n): “In Airteagal 22(4), cuirfear na focail“, Údarás Faireacháin CSTE nó Buanchoiste na Stát CSTE,”isteach i ndiaidh na bhfocal “Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle nó an Coimisiún”.’. |
|
12. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (n):
|
|
13. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (o):
|
|
14. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (q): ‘In Airteagal 39:
|
|
15. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (s): ‘In Airteagal 43:
|
|
16. |
Cuirtear an t-oiriúnú seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (w):
|
|
17. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (x): ‘Cuirfear an méid seo a leanas isteach in Airteagal 67: “Deonóidh Stáit CSTE pribhléidí agus díolúintí don Údarás agus dá foireann, pribhléidí agus díolúintí is coibhéiseach leo siúd atá i bPrótacal (Uimh. 7) maidir le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE.”.’. |
Airteagal 9
Leasófar pointe 31l (Rialachán (AE) Uimh. 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle) d’Iarscríbhinn IX a ghabhann le Comhaontú LEE mar a leanas:
|
1. |
Cuirtear an fhleasc seo a leanas leis:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad théacs oiriúnú (a): ‘D’ainneoin fhorálacha Phrótacal 1 a ghabhann leis an gComhaontú seo, agus mura bhforáiltear a mhalairt sa Chomhaontú seo, maidir leis na téarmaí “Ballstát/Ballstáit” agus “údaráis inniúla”, tuigfear go bhfuil Stáit CSTE agus a n-údaráis inniúla ar áireamh iontu faoi seach, sa bhreis ar bhrí na dtéarmaí sin sa Rialachán.’. |
|
3. |
Athuimhrítear oiriúnuithe (b) go (e) mar oiriúnuithe (f) go (i), faoi seach. |
|
4. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (a):
|
|
5. |
Cuirtear na hoiriúnuithe seo a leanas isteach i ndiaidh oiriúnú (i):
|
Airteagal 10
Is téacs barántúil a bheidh i dtéacsanna Rialacháin (AE) 2019/2175, arna cheartú le IO L 131, 5.5.2022, lch. 9, agus (AE) 2019/2176 agus Treoir (AE) 2019/2177 san Íoslainnis agus san Ioruais, téacsanna atá le foilsiú i bhForlíonadh LEE d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Airteagal 11
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an 21 Márta 2026, ar choinníoll go mbeidh na fógraí uile dá bhforáiltear faoi Airteagal 103(1) de Chomhaontú LEE tugtha (*1).
Airteagal 12
Foilseofar an Cinneadh seo i Roinn LEE, agus i bhForlíonadh LEE, d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Márta 2026.
Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
Nicolas VON LINGEN
(1) IO L 334, 27.12.2019, lch. 1.
(2) IO L 334, 27.12.2019, lch. 146.
(3) IO L 334, 27.12.2019, lch. 155.
(4) Conclúidí ón gComhairle maidir le hAirí Airgeadais agus Geilleagair de chuid an Aontais Eorpaigh agus de chuid LEE CSTE, 14178/1/14 REV 1.
(*1) Sonraítear ceanglais bhunreachtúla.
Dearbhú Comhpháirteach ó na Páirtithe Conarthacha
a ghabhann le Cinneadh Uimh. 88/2026 ó Chomhchoiste LEE an 20 Márta 2026 lena n-ionchorpraítear sa Chomhaontú Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
Aithníonn na Páirtithe go bhfuil ionchorprú Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle gan dochar do chur i bhfeidhm díreach Phrótacal 7 i ndáil le pribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh maidir le náisiúnaigh Stáit CSTE ar chríoch gach Ballstáit den Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 11 den Phrótacal sin.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1230/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)