European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1228

12.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1228 ÓN gCOIMISIÚN

an 11 Meitheamh 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 chun Montainéagró agus an tSeirbia a chur leis an liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 253(1), pointe (d), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine, lena n-áirítear, i measc nithe eile, na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó thríú tír nó críoch.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí. Foráiltear le hAirteagal 17(1), pointe (b), den Rialachán Tarmligthe sin go bhféadfar peataí is madraí, cait nó firéid a thabhairt isteach san Aontas chun críoch neamhthráchtála gan tástáil toirtmheasctha antasubstainte a bheith déanta orthu ar choinníoll go n-aistrítear na hainmhithe ó thríú tír nó críoch a bhfuil sé léirithe aici, in iarratas chuig an gCoimisiún, go gcomhlíonann sí na critéir shonracha a bhaineann le confadh a leagtar síos san fhoráil sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún (3) bunaítear, in Iarscríbhinn II a ghabhann leis, an liosta de thríú tíortha nó críocha dá dtagraítear in Airteagal 17(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131.

(4)

Tá iarratas curtha isteach ag Montainéagró agus ag an tSeirbia araon maidir lena stádas i ndáil le confadh, chomh maith le faisnéis a bhaineann le comhlíonadh na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 17(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131. Ón measúnú ar na hiarratais sin, is féidir teacht ar an gconclúid go gcomhlíonann Montainéagró agus an tSeirbia na critéir ábhartha a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin agus, dá bhrí sin, gur cheart iad a chur leis an liosta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 a leasú dá réir.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 11 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2026/131 ón gCoimisiún an 20 Eanáir 2026 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/131, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2026/131/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636 ón gCoimisiún an 20 Márta 2026 lena nglactar liostaí de thríú tíortha nó críocha a chomhlíonann coinníollacha áirithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí (IO L, 2026/636, 27.3.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/636/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear mar a leanas Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2026/636:

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir an iontráil a bhaineann le Saint Lucia agus an iontráil a bhaineann le Montsarat:

‘ME

Montainéagró’;

 

(b)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach idir an iontráil a bhaineann le Saint Pierre et Miquelon agus an iontráil a bhaineann le Singeapór:

‘RS

an tSeirbia.’

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1228/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)