|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1227 |
9.6.2026 |
CINNEADH (CBES) 2026/1227 ÓN gCOMHAIRLE
an 8 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2015 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Ioslamach na Máratáine
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
An 22 Iúil 2024, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2024/2015 (1), lenar bunaíodh beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Ioslamach na Máratáine. |
|
(2) |
Tá moill ar sheachadadh cuid den trealamh chuig Fórsaí Armtha Phoblacht Ioslamach na Máratáine agus ní chuirfear i gcrích é go dtí deireadh thréimhse chur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2024/2015. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 15 mhí ón 22 Iúil 2027 go dtí an 22 Deireadh Fómhair 2028 a chur leis an tréimhse sin. |
|
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh (CBES) 2024/2015 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2024/2015, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
‘4. Mairfidh an beart cúnaimh 51 mhí ón dáta a ghlacfar an Cinneadh seo.’.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 8 Meitheamh 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. VAFEADES
(1) Cinneadh (CBES) 2024/2015 ón gComhairle an 22 Iúil 2024 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht Ioslamach na Máratáine (IO L, 2024/2015, 23.7.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2015/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1227/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)