|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1217 |
5.6.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1217 ÓN gCOIMISIÚN
an 2 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin
(a tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(2026) 3844)
(Is é an téacs Rómáinise amháin atá barántúil)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach é an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a bhíonn ar ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar an daonra ainmhithe lena mbaineann agus ar bhrabúsacht na feirmeoireachta, rud a chuirfeadh isteach ar ghluaiseacht choinsíneachtaí na n-ainmhithe sin agus a dtáirgí laistigh den Aontas agus ar onnmhairí go tríú tíortha. I gcás ráig den bholgach caorach agus den bholgach gabhar in ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair, tá baol tromchúiseach ann go leathfadh an galar sin go bunaíochtaí eile ainmhithe den chineál caorach nó den chineál gabhair a choimeád. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) forlíontar na rialacha maidir le rialú na ngalar liostaithe dá dtagraítear in Airteagal 9(1), pointí (a), (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/429, agus a shainmhínítear mar ghalair de chatagóirí A, B agus C i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (3). Go háirithe, déantar foráil le hAirteagail 21 agus 22 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 maidir le crios srianta a bhunú i gcás ráig de ghalar de chatagóir A, lena n-áirítear an bholgach caorach agus an bholgach gabhar, agus maidir le bearta áirithe a bheidh le cur i bhfeidhm ann. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 21(1) den Rialachán Tarmligthe sin go gcuimseofar leis an gcrios srianta crios cosanta, crios faireachais, agus, más gá, crios srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 ón gCoimisiún (4) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429 agus leagtar síos leis bearta éigeandála áirithe a bhaineann le hionfhabhtú leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin. |
|
(4) |
Go sonrach, foráiltear le hAirteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108, maidir leis an gcrios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus criosanna faireachais, atá le bunú ag an Rómáin, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go gcuimseoidh an crios sin ar a laghad na limistéir a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin, agus maidir leis na bearta is gá a chur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, go bhfuil na criosanna sin le cur i bhfeidhm ar a laghad go dtí na dátaí a liostaítear san Iarscríbhinn sin. |
|
(5) |
Ó bhí lá glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 ann, tá fógra tugtha ag an Rómáin don Choimisiún, an 15 agus an 18 Bealtaine 2026, faoi dhá ráig bhreise den bholgach caorach agus den bholgach gabhar i mbunaíochtaí inar coimeádadh ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair i gcontae Mureș atá lasmuigh de criosanna cosanta agus criosanna faireachais a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, an crios srianta, lena gcuimsítear criosanna cosanta agus criosanna faireachais, a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108, ba cheart é a choigeartú, ó thaobh spáis de agus ó thaobh ama de, chun leathadh breise an ghalair i gcríoch na Rómáine agus chuig an gcuid eile den Aontas a chosc. Ina theannta sin, i bhfianaise na mbreithnithe sin, nuair a chuirtear i bhfeidhm iad ar an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair maidir leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin, is gá crios srianta breise a bhunú i gcontaetha Mureș, Cluj agus Bistrița-Năsăud toisc gurb iad na contaetha faoi láthair ina bhfuil leibhéal níos airde riosca leata an ghalair. |
|
(7) |
Tá méid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise agus fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach in Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/429 agus ar na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 freisin. Ar na critéir a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le rogha mhéid na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise, chomh maith le fad tréimhse na mbeart atá le cur i bhfeidhm laistigh de na criosanna sin, tá breithniú ar an staid eipidéimeolaíoch a mhéid a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sna limistéir atá buailte ag an ngalar sin, agus ní hamháin sin ach ar staid eipidéimeolaíoch fhoriomlán na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar ar chríoch iomlán na Rómáine, agus ar an leibhéal riosca atá ann maidir le leathadh breise an ghalair. Tá caighdeáin idirnáisiúnta an Chóid um Shláinte na nAinmhithe Talún ón Eagraíocht Dhomhanda um Shláinte Ainmhithe (5) curtha san áireamh freisin agus fad na mbeart á chinneadh. |
|
(8) |
Ina theannta sin, sa staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, tá ardriosca ann go leathfaidh an bholgach caorach agus an bholgach gabhar a thuilleadh, laistigh den Rómáin agus chuig an gcuid eile den Aontas, go háirithe ós rud é, de réir na faisnéise a chuir an Rómáin ar fáil, go bhfuil an galar sin ag tarlú arís i limistéar nach raibh buailte riamh roimhe seo, gan mórán faisnéise faoi thionscnamh na ráige agus faoin leathadh a d’fhéadfadh a bheith ann idir na ráigeanna, rud a léiríonn go bhféadfadh sé gur scaipeadh an galar cheana féin i limistéir eile den Rómáin, gan bhrath agus gan aon bheart sriantach i bhfeidhm chun a leathadh a chosc nó a mhoilliú. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, is gá bearta éigeandála breise a ghlacadh chun an riosca go leathfadh an galar a thuilleadh laistigh de chríoch na Rómáine agus chuig Ballstáit eile a mhaolú, agus chun aon bhacainn gan údar ar thrádáil a sheachaint. Chuige sin, is gá a áirithiú go mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó na criosanna cosanta, na criosanna faireachais agus na criosanna srianta breise, arna mbunú i gcríoch na Rómáine, chuig cinn scríbe lasmuigh d’imlínte seachtracha an chreasa shrianta bhreise, agus maoluithe féideartha ón toirmeasc ar ghluaiseachtaí na n-ainmhithe sin a eisiamh mar a leagtar amach i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, go dtí an 26 Meitheamh 2026. |
|
(10) |
Dá réir sin, ba cheart na limistéir a shainaithnítear mar chriosanna cosanta, mar chriosanna faireachais agus mar chriosanna srianta breise sa Rómáin a leagan amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus ba cheart fad an réigiúnaithe sin a shocrú. Cuirtear san áireamh i bhfad an réigiúnaithe sin na híostréimhsí le haghaidh na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(11) |
I bhfianaise na staide eipidéimeolaíche, is gá freisin na limistéir i gcríoch na Rómáine a shainaithint inar cheart feidhm a bheith ag bearta breise amhail na bearta sin is infheidhme maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, agus ina mbeidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair lasmuigh d’imlínte seachtracha na limistéar sin, ón 27 Meitheamh go dtí an 31 Iúil 2026. |
|
(12) |
Ina theannta sin, i bhfianaise na héiginnteachta agus na heaspa faisnéise maidir leis an staid eipidéimeolaíoch atá ann faoi láthair, is gá toirmeasc a chur ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó chríoch iomlán na Rómáine go dtí Ballstáit eile, agus ar idirthuras tríothu, go dtí an 31 Iúil 2026. |
|
(13) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh na bolgaí caorach agus na bolgaí gabhar agus i bhfianaise an ghá cosc a chur ar leathadh an ghalair sin a thuilleadh ó bhunaíochtaí atá buailte sa Rómáin go codanna eile den Bhallstáit sin nó go dtí aon Bhallstát eile, is iomchuí go mbeadh feidhm ag na bearta éigeandála a leagtar síos sa Chinneadh Cur Chun Feidhme seo a luaithe is féidir. |
|
(14) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 mar a leanas:
|
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1: ‘Airteagal 1 Bunóidh an Rómáin criosanna srianta lena gcuimsítear criosanna cosanta, criosanna faireachais agus crios srianta breise, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 agus faoi na coinníollacha a leagtar amach san Airteagal sin.
|
|
2. |
Cuirtear na hAirteagail seo a leanas isteach: ‘Airteagal 1a Cuirfidh an Rómáin toirmeasc, go dtí na dátaí a leagtar amach le haghaidh na gcriosanna cosanta, na gcriosanna faireachais agus na gcriosanna srianta breise faoi seach a liostaítear i gCodanna A agus B d’Iarscríbhinn I, ar an méid seo a leanas:
Airteagal 1b Cuirfidh an Rómáin na bearta is infheidhme i bhfeidhm maidir le criosanna srianta breise, dá bhforáiltear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, sna limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, agus go dtí na dátaí a leagtar amach ann. Maidir le gluaiseachtaí caorach agus gabhar ó na limistéir a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo, beidh toirmeasc ar ghluaiseachtaí den sórt sin chuig aon cheann scríbe atá suite lasmuigh d’imlíne sheachtrach na limistéar sin go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. Airteagal 1c Cuirfidh an Rómáin toirmeasc ar ghluaiseachtaí ainmhithe den chineál caorach agus den chineál gabhair ó chríoch iomlán na Rómáine chuig ceann scríbe atá suite i mBallstát eile nó ar idirthuras trí Bhallstáit eile go dtí an 31 Iúil 2026.’ |
|
3. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne. |
Airteagal 2
Is chuig an Rómáin a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 2 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 maidir le rialacha áirithe coiscthe agus rialaithe galar a chur i bhfeidhm i leith catagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag gabháil leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21., ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2018/1882/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1108 ón gCoimisiún an 13 Bealtaine 2026 maidir le bearta éigeandála áirithe a bhaineann leis an mbolgach caorach agus leis an mbolgach gabhar sa Rómáin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1015 agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/2415 (IO L, 2026/1108, 20.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1108/oj).
(5) https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN I
Cuid A: Criosanna cosanta agus faireachais a bhunaítear timpeall ar an ráig deimhnithe
|
Réigiún agus uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéir a bhunaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais, cuid den chrios srianta sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é |
|
Mureș County RO-CAPRIPOX-2026-00001 RO-CAPRIPOX-2026-00002 RO-CAPRIPOX-2026-00003 RO-CAPRIPOX-2026-00004 |
Protection zone: Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1); Lat.46.958548, Long. 24.828615 (2026/2); Lat. 24.19311, Long. 46.582799 (2026/3); Lat. 24.704173, Long. 46.842038 (2026/4). |
16.6.2026 |
|
Surveillance zone: Those parts of Mureș, Bistrița-Năsăud and Cluj Counties, contained within a circle of a radius of 20 kilometres, centred on UTM 30 ETRS89 coordinates Lat. 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1); Lat. 46.958548, Long. 24.828615 (2026/2); Lat. 24.19311, Long. 46.582799 (2026/3); Lat. 24.704173, Long. 46.842038 (2026/4), excluding the areas contained in the protection zone. |
26.6.2026 |
|
|
Surveillance zone: Those parts of Mureș County, contained within a circle of a radius of 5 kilometres, centred on UTM 30, ETRS89 coordinates Lat. 46.712977, Long. 24.563362 (2026/1); Lat.46.958548, Long. 24.828615 (2026/2); Lat. 24.19311, Long. 46.582799 (2026/3); Lat. 24.704173, Long. 46.842038 (2026/4). |
17.6.2026-26.6.2026 |
Cuid B: Criosanna srianta breise
|
Crios srianta breise |
Réigiún |
Limistéir a áirítear sna criosanna srianta breise a bhunaítear sa Rómáin dá dtagraítear in Airteagal 1 |
An dáta a mbeidh siad infheidhme go dtí é |
|
Crios srianta breise Uimh. 1 |
Mureș County |
The entire Mureș, Cluj and Bistrița-Năsăud counties, excluding the areas included in any protection or surveillance zone |
26.6.2026 |
|
Cluj County |
|||
|
Bistrița-Năsăud County |
IARSCRÍBHINN II
|
Area |
Region |
Areas referred to in Article 1b |
Date until applicable |
|
Limistéar Uimh. 1 |
Mureș County |
The entire Mureș, Cluj and Bistrița-Năsăud counties. |
27.6.2026 - 31.7.2026 |
|
Cluj County |
|||
|
Bistrița-Năsăud County |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1217/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)