European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1213

4.6.2026

CINNEADH (AE) 2026/1213 ÓN gCOMHAIRLE

an 29 Bealtaine 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh i gCoiste na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige, a bhaineann le conclúidí i ndáil le moltaí i leith Páirtithe áirithe sa Choinbhinsiún sin a chur chun feidhme agus a bhaineann le comhaltaí an Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh a thoghadh, maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 78(2), Airteagal 82(2) agus Airteagal 84, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Thug an tAontas Eorpach Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle (1) maidir le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais, agus trí bhíthin Chinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle (2) i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement, a mhéid a thagann na hábhair sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Tháinig an Coinbhinsiún i bhfeidhm i leith an Aontais an 1 Deireadh Fómhair 2023.

(2)

De bhun Airteagal 66(1) den Choinbhinsiún, tá an Grúpa Saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh (‘GREVIO’) le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin ag na Páirtithe sa Choinbhinsiún (‘na Páirtithe’). I gcomhréir le hAirteagal 68(11) den Choinbhinsiún, tá GREVIO lena thuarascáil agus lena chonclúidí a ghlacadh maidir leis na bearta arna ndéanamh ag an bPáirtí lena mbaineann chun forálacha an Choinbhinsiúin a chur chun feidhme.

(3)

Glacann Coiste na bPáirtithe (‘an Coiste’) moltaí atá dírithe chuig an bPáirtí lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 68(12) den Choinbhinsiún, ar bhonn thuarascáil agus chonclúidí GREVIO. Déanann na moltaí sin idirdhealú idir bearta atá le déanamh a luaithe is féidir, agus ceanglas ann tuairisc a thabhairt don Choiste laistigh de thréimhse 3 bliana, agus bearta nach n-éilíonn an leibhéal céanna práinne, cé go bhfuil siad tábhachtach. Ag deireadh na tréimhse 3 bliana sin, tá an Páirtí lena mbaineann le tuairisc a thabhairt don Choiste maidir leis na bearta a rinneadh, laistigh de 10 réimse shonracha den Choinbhinsiún. Ar bhonn na tuarascála sin, agus aon fhaisnéis bhreise, tá an Coiste le conclúidí a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na moltaí sin, arna n-ullmhú ag rúnaíocht an Choiste.

(4)

Tá coinne leis go nglacfaidh an Coiste, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige an 2 Meitheamh 2026, na dréachtchonclúidí seo a leanas maidir le cur chun feidhme moltaí i leith 9 cinn de na Páirtithe (‘na dréachtchonclúidí’):

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)4 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Cipire arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)5 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEastóine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)6 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Seoirsia arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)7 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Gearmáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)8 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hÍoslainne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)9 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hIorua arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)10 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Rómáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)11 prov;

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEilvéise arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)12 prov.

(5)

Baineann na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin, ar forálacha iad a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, cuir i gcás ábhair a bhaineann le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chosaint agus le tacaíocht a thabhairt dóibh. Baineann na dréachtchonclúidí le cur chun feidhme fhorálacha an Choinbhinsiúin a bhaineann le tearmann agus non-refoulement freisin. Cumhdaítear na hábhair sin le acquis an Aontais, go háirithe Treoir 2003/86/CE ón gComhairle (3), Treoracha 2012/29/AE (4), (AE) 2024/1346 (5) agus (AE) 2024/1385 (6) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialacháin (AE) 2024/1347 (7) agus (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

(6)

Beidh éifeachtaí dlíthiúla ag na dréachtchonclúidí, ós rud é go bhféadfaidís tionchar cinntitheach a bheith acu ar inneachar dhlí an Aontais sa mhéid go bhféadfaidís difear a dhéanamh do léirmhíniú fhorálacha ábhartha an Choinbhinsiúin amach anseo. Dá bhrí sin, is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Choiste a bhunú maidir le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla, le tearmann agus non-refoulement.

(7)

Ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtagann na dréachtchonclúidí a bhaineann le hairteagail áirithe den Choinbhinsiún ach go páirteach faoi inniúlacht an Aontais. Maidir leis na hairteagail sin, ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát. Go háirithe, a mhéid a bhaineann leis na dréachtchonclúidí a bhaineann le hAirteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún, leis an gCinneadh seo níor cheart difear a dhéanamh d’inniúlacht na mBallstát maidir le heagrú agus riar inmheánach a gcóras ceartais agus a mhéid a bhaineann leis na dréachtchonclúidí a bhaineann le hAirteagal 31 den Choinbhinsiún, ba cheart an Cinneadh seo a bheith gan dochar d’inniúlacht na mBallstát i réimse an dlí teaghlaigh.

(8)

A mhéid a bhaineann leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí an gá atá leis an méid seo a leanas: beartais agus bearta arna nglacadh chun an Coinbhinsiún a chur chun feidhme a chomhchuibhiú trína áirithiú go gcumhdófar leo gach cineál foréigin in aghaidh na mban, agus gach cuid de chríoch an stáit agus go ndéanfar faireachán agus meastóireacht neamhspleách orthu (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); an líon comhlachtaí comhordúcháin atá ann cheana a chuíchóiriú agus acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); a áirithiú go n-eiseofar orduithe urchoisc éigeandála go tapa i gcásanna contúirte láithrí agus gur féidir iad a leathnú chuig leanaí an íospartaigh agus nach mbeidh aon bhearna idir na horduithe sin (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún); agus é a chur ar a gcumas do mhná imirceacha ar íospartaigh foréigin iad a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún iarratas a dhéanamh ar chead cónaithe uathrialach (Airteagal 59 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, an tearmainn agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(9)

A mhéid a bhaineann leis an gCipir, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme na moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfear forálacha an Choinbhinsiúin chun feidhme gan idirdhealú (Airteagal 4 den Choinbhinsiún); iarrachtaí a dhéanamh sonraí córasacha, inchomparáide agus imdhealaithe a bhailiú ó na hacmhainní ábhartha uile (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); é a chur ar a gcumas do na húdaráis inniúla ordú a thabhairt déantóir foréigin teaghlaigh a dhíbirt ón áit chónaithe chomhroinnte i gcásanna contúirte láithrí agus a áirithiú go ndéanfar faireachán ar orduithe den sórt sin agus go bhforfheidhmeofar iad, agus go gcuirfear smachtbhannaí i leith sáruithe i bhfeidhm go héifeachtach sa chleachtas (Airteagail 52 agus 53 den Choinbhinsiún); agus treoirlínte a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le nósanna imeachta glactha atá inscne-íogair agus maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní i gcóiríocht tearmainn a chosc (Airteagal 60 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, an tearmainn agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(10)

A mhéid a bhaineann leis an Eastóin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfaidh beartais agus bearta ábhartha aghaidh ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún agus go gcuirfear chun feidhme iad de réir tuiscint inscneach ar fhoréigean agus go bhfuil meastóireacht á déanamh ar a dtionchar (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go dtabharfar aird chuí ar shábháilteacht íospartach foréigin teaghlaigh ar mná iad agus ar shábháilteacht a leanaí in imeachtaí coimeádta agus cuairte (Airteagal 31 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbeidh an creat dlí agus an cleachtas maidir le horduithe urchoisc éigeandála i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(11)

A mhéid a bhaineann leis an Seoirsia, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go gcuirfidh na beartais agus na bearta ábhartha uile tuiscint inscneach ar fhoréigean chun feidhme agus go mbeidh a dtionchar faoi réir meastóireacht chórasach (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go gcuirfear maoiniú leordhóthanach agus inbhuanaithe ar fáil d’eagraíochtaí um chearta na mban agus go rachfar i gcomhairle leo go tráthrialta (Airteagal 9 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh struchtúir institiúidithe i bhfeidhm le haghaidh comhordú agus comhar idir gníomhaithe ábhartha chun freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a áirithiú ar gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 18 den Choinbhinsiún); líon agus acmhainneacht na n-ionad dídine a leathnú agus a áirithiú gur ann d’ionaid dídine chomhghnéis (Airteagal 23 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú gur féidir dliteanas coiriúil as éigniú a bhunú gan nósanna imeachta ná cleachtais nach bhfuil gá leo a bhféadfadh atrámú íospartach a bheith mar thoradh orthu (Airteagail 49 agus 50 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(12)

A mhéid a bhaineann leis an nGearmáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: sainmhínithe uile-náisiúin a ghlacadh i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún (Airteagal 3 den Choinbhinsiún); comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, agus freagairt ilghníomhaireachta chomhordaithe a sholáthar gan idirdhealú (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileoidh na hearnálacha ábhartha uile sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(13)

A mhéid a bhaineann leis an Íoslainn, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go dtabharfar sainordú soiléir don chomhlacht comhordúcháin náisiúnta chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh agus go soláthrófar acmhainní tiomnaithe (Airteagal 10 den Choinbhinsiún); agus acmhainneacht ionchúisimh agus imscrúdaitheach a threisiú i ndáil le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus measúnú riosca córasach inscne-íogair a áirithiú (Airteagail 49, 50 agus 51 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(14)

A mhéid a bhaineann leis an Iorua, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: a áirithiú go mbeidh doiciméid bheartais náisiúnta dea-chomhordaithe agus go dtabharfaidh siad freagairt iomlánaíoch ar gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus foréigin teaghlaigh (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go ndéanfar na sonraí a bhailíonn na páirtithe leasmhara ábhartha a imdhealú (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); agus bearta a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla ordú a thabhairt do dhéantóir foréigin teaghlaigh áit chónaithe an íospartaigh a fhágáil i gcásanna contúirte láithrí agus an t-am próiseála le haghaidh na horduithe sin a laghdú (Airteagal 52 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(15)

A mhéid a bhaineann leis an Rómáin, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: feabhas a chur ar chur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin maidir le gach cineál foréigin a chumhdaítear leis an gCoinbhinsiún, a áirithiú go gcuirfear forálacha an Choinbhinsiúin chun feidhme gan idirdhealú, bearta a dhéanamh chun an reachtaíocht ábhartha a ailíniú leis an sainmhíniú ar fhoréigean teaghlaigh, agus gné na hinscne a thabhairt isteach i nDlí na Rómáine maidir le Foréigean Teaghlaigh (Airteagail 3 agus 4 den Choinbhinsiún); comhordú agus comhar a áirithiú idir na gníomhaithe ábhartha uile maidir le beartais agus bearta a chur chun feidhme chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Airteagal 7 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh acmhainní airgeadais iomchuí ann chun beartais agus bearta ábhartha a chur chun feidhme, agus go mbeidh cistiú seasmhach inbhuanaithe ann d’eagraíochtaí neamhrialtasacha na mban a thacaíonn le híospartaigh (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); agus a áirithiú go mbaileofar sonraí imdhealaithe (Airteagal 11 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(16)

A mhéid a bhaineann leis an Eilvéis, cuimsítear sna dréachtchonclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí aici an gá atá leis an méid seo a leanas: comhthuiscint ar fhoréigean in aghaidh na mban a áirithiú i gcomhréir leis an gCoinbhinsiún agus iarrachtaí a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar fhoréigean in aghaidh íospartach atá neamhchosanta ar idirdhealú trasnach agus an foréigean sin a chomhrac (Airteagail 3 agus 4 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh cistiú iomchuí ann le haghaidh beartais agus bearta ábhartha mar aon le cistiú inbhuanaithe d’eagraíochtaí a sholáthraíonn sainseirbhísí tacaíochta d’íospartaigh foréigin ar mná iad (Airteagal 8 den Choinbhinsiún); leanúint d’iarrachtaí feabhas a chur ar bhailiú sonraí imdhealaithe sa chóras ceartais choiriúil (Airteagal 11 den Choinbhinsiún); a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh agus ag a leanaí ar shainionaid dídine ar fud na tíre (Airteagail 22 agus 23 den Choinbhinsiún); agus sábháilteacht íospartach agus a leanaí a áirithiú agus cearta cuairte á bhfeidhmiú (Airteagal 31 den Choinbhinsiún). Ós rud é go bhfuil na dréachtchonclúidí sin i gcomhréir le beartais agus cuspóirí an Aontais i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, tearmann agus non-refoulement agus nach bhfuil aon ábhar imní iontu maidir le dlí an Aontais, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh nach ndéanfar agóid in aghaidh a nglactha.

(17)

Tá coinne leis go dtoghfar an Coiste, le linn an 20ú cruinniú a bheidh aige an 2 Meitheamh 2026, cúigear comhaltaí GREVIO. Má thoghtar iad, beidh siad in oifig ón 1 Meán Fómhair 2026 go dtí an 31 Lúnasa 2030. De bhun Airteagal 66 den Choinbhinsiún, tá 15 chomhalta ag GREVIO. Toghann an Coiste a chomhaltaí as iarrthóirí arna n-ainmniú ag na Páirtithe ar feadh téarma oifige 4 bliana, ar féidir é a athnuachan aon uair amháin. Tá comhaltaí GREVIO le roghnú as náisiúnaigh na bPáirtithe, agus cothromaíocht inscne agus gheografach á cur san áireamh, chomh maith le saineolas ildisciplíneach i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac.

(18)

Mar chomhalta den Choiste, tá an tAontas i dteideal cúig vóta maidir leis an toghchán beartaithe le haghaidh an chúigear comhaltaí GREVIO. Tá an cúigear comhaltaí GREVIO sin le toghadh ag an gCoiste as na 15 iarrthóir arna n-ainmniú ag 13 Pháirtí. As na 13 thír ainmniúcháin, is Ballstáit den Aontas iad 11 díobh. Ós rud é go bhfuil cuid mhór taithí ildisciplíní ag na hiarrthóirí ainmnithe uile i réimse an fhoréigin in aghaidh na mban agus an fhoréigin teaghlaigh a chomhrac, mar a leagtar amach i ndoiciméad IC-CP(2026)2, ba cheart don Aontas an seasamh a ghlacadh staonadh ó vóta a chaitheamh sa toghchán sin.

(19)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus gan dochar d’Airteagal 4 den Phrótacal sin, níl Éire rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm.

(20)

I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gCoiste na bPáirtithe, arna bhunú faoi Airteagal 67 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, ag an 20ú cruinniú a bheidh aige:

(1)

nach ndéanfar agóid in aghaidh ghlacadh na ngníomhartha seo a leanas:

(a)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Boisnia agus na Heirseagaivéine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)4 prov;

(b)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Cipire arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)5 prov;

(c)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEastóine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)6 prov;

(d)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Seoirsia arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)7 prov.

(e)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Gearmáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)8 prov;

(f)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hÍoslainne arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)9 prov;

(g)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hIorua arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)10 prov;

(h)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na Rómáine arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)11 prov;

(i)

Conclúidí maidir le cur chun feidhme moltaí i leith na hEilvéise arna nglacadh ag Coiste na bPáirtithe, atá i ndoiciméad IC-CP(2026)12 prov;

(2)

staonadh ó vóta a chaitheamh sna toghcháin do chúigear comhaltaí den Ghrúpa saineolaithe um ghníomhaíocht in aghaidh foréigean ar mhná agus foréigean teaghlaigh (‘GREVIO’).

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 29 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. RAOUNA


(1)  Cinneadh (AE) 2023/1075 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hinstitiúidí agus riarachán poiblí an Aontais (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1075/oj).

(2)  Cinneadh (AE) 2023/1076 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2023 maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac i ndáil le hábhair a bhaineann le comhar breithiúnach in ábhair choiriúla agus le tearmann agus non-refoulement (IO L 143 I, 2.6.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2023/1076/oj).

(3)  Treoir 2003/86/CE ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir leis an gceart chun athaontú teaghlaigh (IO L 251, 3.10.2003, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2003/86/oj).

(4)  Treoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus a chuirtear in ionad Chinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle (IO L 315, 14.11.2012, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2012/29/oj).

(5)  Treoir (AE) 2024/1346 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena leagtar síos caighdeáin a bhaineann le hiarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a ghlacadh (IO L, 2024/1346, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1346/oj).

(6)  Treoir (AE) 2024/1385 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chomhrac (IO L, 2024/1385, 24.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2024/1385/oj).

(7)  Rialachán (AE) 2024/1347 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 maidir le caighdeáin i dtaca le cáilitheacht náisiúnach tríú tír nó daoine gan stát mar thairbhithe de chosaint idirnáisiúnta, i dtaca le stádas aonfhoirmeach do dhídeanaithe nó do dhaoine atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus i dtaca lena bhfuil sa chosaint a dheonaítear, lena leasaítear Treoir 2003/109/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 2011/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, IO L, 2024/1347, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1347/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1348 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Bealtaine 2024 lena mbunaítear nós imeachta coiteann le haghaidh cosaint idirnáisiúnta san Aontas agus lena n-aisghairtear Treoir 2013/32/AE (IO L, 2024/1348, 22.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1348/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1213/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)