|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1210 |
10.6.2026 |
MOLADH (AE) 2026/1210 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meitheamh 2026
maidir le faireachán a dhéanamh ar láithreacht alcalóideach pioróilisidín i mbeatha
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 292 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is tocsainí iad alcalóidigh phioróilisidín a fhaightear i réimse leathan speiceas plandaí go nádúrtha. Is dócha gurb iad alcalóidigh phioróilisidín na tocsainí nádúrtha is mó dáileadh agus déanann siad difear d’fhiadhúlra, do bheostoc agus do dhaoine. Meastar go bhféadfadh alcalóidigh phioróilisidín a bheith i thart ar 6 000 speiceas plandaí, cé gur cosúil nach bhfuil baint ach ag cúpla speiceas le teagmhais nimhithe dhírigh i ndaoine agus in ainmhithe. |
|
(2) |
D’fhéadfadh tomhailt foráiste agus gairbhsí atá éillithe le plandaí Senecioneae agus Boraginaceae spp (nó a gcodanna) beostoic agus ainmhithe clóis a nochtadh d’alcalóidigh phioróilisidín. Go háirithe, éillítear foráiste mheidic na mbó ó am go chéile le méideanna substaintiúla alcalóideach pioróilisidín. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh gur mó a nochtar capaill agus coiníní ná beostoic eile mar gheall ar a dtomhaltas ard meidic na mbó. Luibheanna, meascáin luibhe agus eastóscáin plandaí a úsáidtear mar bheatha atá comhdhéanta de phlandaí ina bhfuil alcalóidigh phioróilisidín (nó a gcodanna), nó a tháirgtear as na plandaí sin, nó atá éillithe leis na plandaí sin, d’fhéadfadh siad a bheith ina bhfoinse nochta do bheostoic d’alcalóidigh phioróilisidín, cé nach bhfuil sna bheathaí sin ach sciar beag den aiste bia. |
|
(3) |
Ghlac Painéal maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) measúnú riosca in 2011 maidir le halcalóidigh phioróilisidín i mbia agus i mbeatha (1). Thángthas ar an gconclúid ann go bhfuil riosca íseal nimhithe alcalóideach pioróilisidín ann go ginearálta i mbeostoic agus i bpeataí san Aontas, cé go bhfuil gach speiceas ainmhithe soghabhálach i leith géarmheisce agus meisce ainsealach alcalóideach pioróilisidín araon, toisc gur nochtadh timpisteach is cúis leis an gcuid is mó de theagmhais nimhithe alcalóideach pioróilisidín a tuairiscíodh le déanaí. |
|
(4) |
Níl ach sonraí teoranta minicíochta maidir le láithreacht alcalóideach pioróilisidín i mbeatha le fáil i mbunachar sonraí an Údaráis. Dá bhrí sin, mhol an tÚdarás gur cheart tuilleadh sonraí minicíochta maidir le halcalóidigh phioróilisidín a bheith i mbeatha a bhailiú i dtráchtearraí beatha ábhartha. |
|
(5) |
D’aithin an tÚdarás freisin go raibh gá le modh anailíse ar alcalóidigh phioróilisidín i mbeatha is féidir a chur i bhfeidhm go tráthrialta i saotharlanna dea-fheistithe chun torthaí anailíse iontaofa agus inchomparáide a áirithiú. |
|
(6) |
Idir an dá linn, d’fhoilsigh Saotharlann Tagartha an Aontais Eorpaigh modh anailíse in 2020 chun anailís a dhéanamh ar alcalóidigh phioróilisidín i mbeatha. Ina theannta sin, in 2023 d’fhorbair an Coiste Eorpach um Chaighdeánú caighdeán maidir le hanailís a dhéanamh ar alcalóidigh phioróilisidín i mbeatha (EN 17683). |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart a mholadh go ndéanfaí faireachán ar láithreacht alcalóideach pioróilisidín i mbeatha ar fud an Aontais sula ndéanfaí bearta féideartha bainistithe riosca ar gá leo chun ardleibhéal cosanta do shláinte ainmhithe agus do shláinte an duine a áirithiú a mheas, |
TAR ÉIS AN MOLADH SEO A GHLACADH:
|
1. |
Moltar do na Ballstáit, agus páirt ghníomhach á glacadh ag na hoibreoirí gnólachta beatha, faireachán a dhéanamh ar láithreacht alcalóideach pioróilisidín i mbeatha. |
|
2. |
Moltar anailís a dhéanamh ar na halcalóidigh phioróilisidín seo a leanas:
Maidir leis na 14 alcalóideach pioróilisidín breise seo a leanas is eol go gcomhionlann siad le ceann amháin nó níos mó de na 27 alcalóideach pioróilisidín aitheanta thuas, agus úsáid á baint as modhanna anailíse áirithe a úsáidtear faoi láthair, moltar go ndéanfar anailís orthu freisin:
|
|
3. |
Is é Crómatagrafaíocht leachta/mais-speictriméadracht sraithe an modh anailíse a mholtar. Féadfaidh modhanna anailíse eile a chur i bhfeidhm ar choinníoll go bhfuil fianaise ar fáil a léiríonn go ngineann siad torthaí iontaofa le haghaidh alcalóidigh phioróilisidín aonair. Is é 10 μg/kg an teorainn chainníochtaithe ba cheart a bhaint amach chun gach alcalóideach pioróilisidín a chinneadh. |
|
4. |
Go háirithe, moltar samplaí a thógáil de na beathaí seo a leanas:
|
|
5. |
Chun a áirithiú gur samplaí ionadaíocha iad na samplaí ar an luchtóg shampláilte, ba cheart do na Ballstáit an nós imeachta samplála a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún (2) a leanúint. |
|
6. |
Moltar do na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na torthaí anailíseacha a sholáthar don Údarás ar bhonn tráthrialta agus faoin 30 Meitheamh 2028, i bhformáid tíolactha sonraí an Údaráis i gcomhréir le ceanglais na Threoraíochta ón Údaráis maidir le Tuairisciú Caighdeánach ar Shamplaí (‘Standard Sample Description (SSD2)’) le haghaidh Bia agus Beatha (3) agus le ceanglais tuairiscithe shonracha bhreise an Údaráis. Tá sé tábhachtach an dáta gearrtha le haghaidh sadhlas féir, féar tirim, foráiste agus gairbhsí a thuairisciú toisc go mbraitheann láithreacht na n-alcalóideach pioróilisidín ar an dáta gearrtha. |
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) Painéal EFSA maidir le hÉilleáin sa Bhiashlabhra; Tuairim Eolaíoch maidir le halcalóidigh phioróilisidín i mbia agus i mbeatha. EFSA Journal [Iris EFSA] 2011; 9(11):2406. [134 lch.] https://doi.org/10.2903/j.efsa.2011.2406.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 152/2009 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2009 lena leagtar síos na modhanna samplála agus anailíse chun rialú oifigiúil a dhéanamh ar bheatha (IO L 54, 26.2.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/152/oj).
(3) https://www.efsa.europa.eu/en/call/annual-call-continuous-collection-chemical-contaminants-occurrence-data-food-and-feed.
ELI: http://data.europa.eu/eli/reco/2026/1210/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)