|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1205 |
10.6.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1205 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Meitheamh 2026
lena leasaítear Cinneadh 2006/199/CE ón gCoimisiún lena leagtar síos coinníollacha sonracha le haghaidh allmhairí táirgí iascaigh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 126(3) de,
Ag féachaint do Chinneadh 98/258/CE ón gComhairle an 16 Márta 1998 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le bearta sláintíochta chun an tsláinte phoiblí agus sláinte ainmhithe a chosaint i dtrádáil ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe (2), agus go háirithe Airteagal 3 de,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (3), agus go háirithe Airteagal 238(3) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le bearta sláintíochta chun an tsláinte phoiblí agus ainmhithe a chosaint i dtrádáil ainmhithe beo agus táirgí ainmhithe (4), rinneadh foráil, inter alia, maidir leis na bearta sláintíochta i ndáil le hiasc agus táirgí iascaigh agus roinnt táirgí ainmhithe eile arna dtrádáil leis na Stáit Aontaithe ar bunaíodh coibhéis ina leith. |
|
(2) |
I gCinneadh 2006/199/CE ón gCoimisiún (5) leagadh síos na coinníollacha sonracha maidir le hallmhairí táirgí iascaigh ó na Stáit Aontaithe isteach san Aontas agus an deimhniú sláinte caighdeánach a bheidh ag gabháil le gach coinsíneacht táirgí iascaigh a allmhairítear isteach san Aontas. |
|
(3) |
Le hAirteagal 118(1) arna léamh i gcomhar le hAirteagal 107(2) de Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) suitear maidir le hoibreoirí i dtríú tíortha, nach n-úsáidfidh siad táirgí íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe chun an fás a chur chun cinn nó an táirgeacht a mhéadú. Tuigtear ó Airteagal 118(1) de Rialachán (AE) 2019/6 freisin, maidir le táirgí íocshláinte ina bhfuil ábhair fhrithmhiocróbacha a áirítear i liosta na n-ábhar frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, ar liosta é a leagtar síos i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún (7), nach n-úsáidfear na táirgí sin i leith ainmhithe nó táirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas. |
|
(4) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 (8) ón gCoimisiún forlíontar Rialachán (AE) 2019/6 trí choinníollacha a bhunú maidir le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí bia-ainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine, a onnmhairítear ó thríú tíortha chuig an Aontas. |
|
(5) |
Ceanglaítear le hAirteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905, i measc nithe eile, nach dtiocfaidh coinsíneachtaí bia-ainmhithe beo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine isteach san Aontas ach amháin i gcás ina bhfuil deimhniú oifigiúil ag gabháil leo lena bhfianaítear comhlíonadh rialacha an Aontais a leagtar síos in Airteagal 3 den Rialachán tarmligthe céanna. |
|
(6) |
Dá bhrí sin, ba cheart fianú maidir le comhlíonadh rialacha sin an Aontais a chur isteach sa deimhniú caighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2006/199/CE. |
|
(7) |
Na fianuithe sláinte ainmhithe a áirítear sa deimhniú oifigiúil caighdeánach a bunaíodh i gCinneadh 2006/199/CE, ní mór iad a thabhairt cothrom le dáta chun na ceanglais maidir leis na táirgí céanna a theacht isteach san Aontas dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/429 agus ina rialachán forlíontach, Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (9) a chur san áireamh. |
|
(8) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus comhsheasmhacht rialacha an Aontais, na fianuithe sláinte ainmhithe a áirítear sa deimhniú oifigiúil caighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2006/199/CE, ba cheart iad a thabhairt cothrom le dáta, lena n-áirítear tagairtí, nótaí agus eilimintí struchtúracha, agus dá bhrí sin, ba cheart an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo a chur in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo. |
|
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh 2006/199/CE a leasú dá réir sin. |
|
(10) |
Chun aon chur isteach ar thrádáil a sheachaint a mhéid a bhaineann le teacht isteach san Aontas coinsíneachtaí táirgí iascaigh ó na Stáit Aontaithe mar gheall ar na leasuithe arna ndéanamh leis an gCinneadh seo ar Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2006/199/CE, úsáid deimhnithe sláinte a eisítear i gcomhréir le Cinneadh 2006/199/CE, mar ab infheidhme roimh na leasuithe arna ndéanamh leis an gCinneadh seo, ba cheart leanúint den úsáid sin a údarú ar feadh idirthréimhse faoi réir coinníollacha áirithe. |
|
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2006/199/CE.
Airteagal 2
Ar feadh idirthréimhse go dtí an 3 Nollaig 2026, úsáid deimhnithe sláinte oifigiúla, arna n-eisiúint i gcomhréir leis an deimhniú caighdeánach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2006/199/CE, mar ab infheidhme roimh na leasuithe arna ndéanamh ar an gCinneadh seo leis an gCinneadh sin, leanfaidh siad d’údarú a bheith acu maidir le coinsíneachtaí táirgí iascaigh lena gcaitheamh ag an duine ó na Stáit Aontaithe a theacht isteach san Aontas ar choinníoll gur eisíodh na deimhnithe sin tráth nach déanaí ná an 3 Meán Fómhair 2026.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 9 Meitheamh 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj.
(2) IO L 118, 21.4.1998, lch. 1, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/dec/1998/258/oj.
(3) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(4) IO L 118, 21.4.1998, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/agree_internation/1998/258/oj).
(5) Cinneadh 2006/199/EC ón gCoimisiún an 22 Feabhra 2006 lena leagtar síos coinníollacha sonracha le haghaidh allmhairí táirgí iascaigh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá (IO L 71, 10.3.2006, lch. 17, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2006/199/oj).
(6) Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le táirgí íocshláinte tréidliachta agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/82/CE (IO L 4, 7.1.2019, lch. 43, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/6/oj.
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1255 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2022 lena n-ainmnítear frithmhiocróbaigh nó grúpaí frithmhiocróbach arna bhforchoimeád chun ionfhabhtuithe áirithe i ndaoine a chóireáil, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 191, 20.7.2022, lch. 58, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2022/1255/oj).
(8) Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/905 ón gCoimisiún an 27 Feabhra 2023 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2019/6 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cur i bhfeidhm an toirmisc ar úsáid táirgí áirithe íocshláinte frithmhiocróbacha in ainmhithe nó i dtáirgí de bhunadh ainmhíoch a onnmhairítear ó thríú tíortha isteach san Aontas (IO L 116, 4.5.2023, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/905/oj.
(9) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
IARSCRÍBHINN
DEIMHNIÚ SLÁINTE AINMHITHE/OIFIGIÚIL CAIGHDEÁNACH LE hAGHAIDH TEACHT ISTEACH IASC BEO, CRÚSTACH BEO AGUS TÁIRGÍ DE BHUNADH AINMHÍOCH Ó NA hAINMHITHE SIN SAN AONTAS ATÁ BEARTAITHE LENA gCAITHEAMH AG AN DUINE Ó STÁIT AONTAITHE MHEIRICEÁ
Cuid I: Tuairisc ar an gcoinsíneacht
|
TÍR |
Deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil don Aontas Eorpach |
|
I.1 |
Coinsíneoir/Onnmhaireoir |
|
I.2 |
Tagairt an deimhnithe |
I.2a |
Tagairt CBFRO |
|
|
Ainm |
|
|
|
||
|
|
Seoladh |
|
I.3 |
Údarás Inniúil Lárnach |
|
CÓD QR |
|
|
|
|||||
|
|
Tír |
Cód tíre ISO |
I.4 |
Údarás Inniúil Áitiúil |
|
|
|
I.5 |
Coinsíní/Allmhaireoir |
|
I.6 |
An t-oibreoir atá freagrach as an gcoinsíneacht |
|
|
|
|
Ainm |
|
|
Ainm |
|
|
|
|
Seoladh |
|
|
Seoladh |
|
|
|
|
Tír |
Cód tíre ISO |
|
Tír |
Cód tíre ISO |
|
|
I.7 |
An tír thionscnaimh |
Cód tíre ISO |
I.9 |
An tír is ceann scríbe |
Cód tíre ISO |
|
|
I.8 |
An réigiún tionscnaimh |
Cód |
I.10 |
An réigiún is ceann scríbe |
Cód |
|
|
I.11 |
Áit seolta |
|
I.12 |
Ceann scríbe |
|
|
|
|
Ainm |
Uimh. Chlárúcháin/Formheasa |
|
Ainm |
Uimh. Chlárúcháin/Formheasa |
|
|
|
Seoladh |
|
|
Seoladh |
|
|
|
|
Tír |
Cód tíre ISO |
|
Tír |
Cód tíre ISO |
|
|
I.13 |
Áit luchtaithe |
I.14 |
Dáta agus am imeachta |
|||
|
I.15 |
Modh iompair |
|
I.16 |
Post Rialaithe Teorann um Theacht Isteach |
||
|
|
☐ Aerárthach |
☐ Soitheach |
I.17 |
Doiciméid tionlacain |
||
|
|
|
|||||
|
|
☐ Iarnród |
☐ Feithicil bhóthair |
|
Cineál |
Cód |
|
|
|
Aitheantas |
|
Tír |
Cód tíre ISO |
||
|
|
Tagairt doiciméid tráchtála |
|
||||
|
I.18 |
Dálaí iompair |
☐ Comhthimpeallach |
☐ Fuaraithe |
☐ Reoite |
||
|
I.19 |
Uimhir an choimeádáin/Uimhir an tséala |
|||||
|
|
Uimh. an choimeádáin |
Uimh. an tséala |
|
|||
|
I.20 |
An cineál deimhniúcháin |
||||
|
|
☐ Táirgí lena gcaitheamh ag an duine ☐ Ainmhithe uisceacha beo lena gcaitheamh ag an duine |
|
☐ Tionscal cannadóireachta |
☐ Tuilleadh próiseála |
|
|
I.21 |
☐ Le bheith faoi bhealach |
I.22 |
☐ Le haghaidh an mhargaidh inmheánaigh |
||
|
Tríú tír |
Cód tíre ISO |
I.23 |
|
||
|
I.24 |
An líon iomlán pacáistí |
I.25 |
Cainníocht iomlán |
I.26 |
Glanmheáchan/ollmheáchan iomlán (kg) |
|
I.27 |
Tuairisc ar an gcoinsíneacht |
||||||
|
Cód AC |
Speiceas |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
Fuarstóras |
|
|
Cineál pacáistíochta |
|
Glanmheáchan |
|
|
|
Cineál cóireála |
|
Cineál an tráchtearra |
An líon pacáistí |
|
Baiscuimhir |
|
☐ Tomhaltóir deiridh |
An dáta bailithe/táirgthe |
|
Monarcha mhonaraíochta |
|
|
|
|
Cuid II: Deimhniú
|
TÍR |
Deimhniú caighdeánach US-FISH-CRUST-HC |
||||
|
|
II. Faisnéis sláinte |
II.a |
Tagairt an deimhnithe |
II.b |
Tagairt CBFRO |
Nótaí I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) de Chreat Windsor (féach Dearbhú Comhpháirteach Uimh. 1/2023 ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach an 24 Márta 2023, IO L 102, 17.4.2023, lch. 87) i gcomhar le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gCreat sin, áirítear an Ríocht Aontaithe i ndáil le Tuaisceart Éireann sna tagairtí don Aontas Eorpach sa deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo. Tá an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo beartaithe maidir le héisc bheo, crústaigh bheo agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó na hainmhithe sin a theacht isteach san Aontas, lena n-áirítear nuair nach é an tAontas ceann scríbe críochnaitheach ainmhithe uisceacha den sórt sin agus a dtáirgí. Ciallaíonn ‘ainmhithe uisceacha’ ainmhithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (3), de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ciallaíonn ‘ainmhithe dobharshaothraithe’ ainmhithe uisceacha atá faoi réir dobharshaothrú faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (7) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/429. Ciallaíonn ‘tuilleadh próiseála’ aon chineál beart agus teicnící a dhéantar sula gcuirtear ar an margadh lena gcaitheamh ag an duine iad, a mbíonn tionchar acu ar fholláine anatamaíoch, amhail fuiliú, dí-inniú, dícheannadh, slisniú agus filléadú a tháirgeann dramhaíl nó seachtháirgí a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis leis an mbaol go leathfaí an galar. Maidir le hainmhithe uisceacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch ó ainmhithe uisceacha seachas ainmhithe uisceacha beo, a bhfuil feidhm ag pointe II.2.4 den deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil seo maidir leo, is de thionscnamh tríú tír nó críoch, nó crios nó deighleog de thríú tír nó de thríú críoch, iad, rud atá ar cholún 2 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XXI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún. Níl feidhm ag Pointe II.2.4 den deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil maidir leis na crústaigh agus na héisc seo a leanas, agus féadfaidh siad, dá bhrí sin, a bheith de thionscnamh tríú tír nó réigiún de thríú tír, a liostaítear in Iarscríbhinn IX a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/405:
Tá feidhm ag an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil sin maidir le táirgí ar de bhunadh ainmhíoch iad agus maidir le hainmhithe uisceacha beo lena n-áirítear iad siúd arb í bunaíocht rialaithe galar do bhia uisceach a gceann scríbe mar a shainmhínítear í in Airteagal 4, pointe 52, de Rialachán (AE) 2016/429 atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine i gcomhréir le Roinn VII d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 853/2004. Líonfar isteach an deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil sin i gcomhréir leis na nótaí maidir le deimhnithe a líonadh isteach dá bhforáiltear i gCaibidil 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2235 ón gCoimisiún. Cuid I:
Cuid II:
|
|
[Tréidlia oifigiúil] (4) (12)/[Oifigeach deimhniúcháin] (4) (12) |
|||
|
Ainm (i gceannlitreacha) |
|
|
|
|
Dáta |
|
Cáilíocht agus teideal |
|
|
Stampa |
|
Síniú |
|
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1205/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)