European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1201

5.6.2026

CINNEADH (CBES) 2026/1201 ÓN gCOMHAIRLE

an 4 Meitheamh 2026

lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2022/1093 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe Airteagal 28(1) agus Airteagal 41(2) de,

Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 30 Meitheamh 2022, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2022/1093 (1) lenar bunaíodh beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive.

(2)

Cuireadh moill ar sheachadadh trealaimh áirithe chuig Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive agus ní chuirfear i gcrích é go dtí tar éis dheireadh thréimhse cur chun feidhme Chinneadh (CBES) 2022/1093. Ba cheart, dá bhrí sin, síneadh 12 mhí breise go dtí an 12 Nollaig 2027 a chur leis an tréimhse sin.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh (CBES) 2022/1093 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

In Airteagal 1 de Chinneadh (CBES) 2022/1093, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:

‘4.   Mairfidh ré an bhirt cúnaimh go ceann 60 mhí ón dáta a thabharfar an chéad chonradh i gcrích idir an riarthóir um bearta cúnaimh, ag gníomhú dó ina cháil mar oifigeach údarúcháin, agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 4(2) den Chinneadh seo i gcomhréir le hAirteagal 32(2), pointe (a), de Chinneadh (CBES) 2021/509.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 4 Meitheamh 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

C. FITIRIS


(1)  Cinneadh (CBES) 2022/1093 ón gComhairle an 30 Meitheamh 2022 maidir le beart cúnaimh faoin tSaoráid Eorpach Síochána chun tacú le Fórsaí Armtha Phoblacht na Moldóive (IO L 176, 1.7.2022, lch. 22, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2022/1093/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1201/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)