|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1186 |
29.5.2026 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1186 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2026
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe
(tugadh fógra faoi leis an doiciméad C(26) 3642)
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 259(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is galar víreasach tógálach in éin é an fliú éanúil ardphataigineach agus d’fhéadfadh tionchar tromchúiseach a bheith aige ar bhrabúsacht na feirmeoireachta éanlaithe clóis, rud a chuirfeadh isteach ar thrádáil laistigh den Aontas agus ar onnmhairí chuig tríú tíortha. Is féidir le víris an fhliú éanúil ardphataiginigh éin imirceacha a ionfhabhtú, rud a fhágann gur féidir leo na víris sin a leathadh thar achair fhada le linn a n-imircí san fhómhar agus san earrach. Dá bhrí sin, is bagairt leanúnach é víris an fhliú éanúil ardphataiginigh a bheith in éin fhiáine maidir le tabhairt isteach na víreas sin go díreach agus go hindíreach i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. I gcás ráig den fhliú éanúil ardphataigineach i mbunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas, tá baol ann go bhféadfaidh an t-oibreán galair leathadh go bunaíochtaí eile den sórt sin. |
|
(2) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 bunaítear an creat reachtach chun galair a chosc agus a rialú, ar galair iad atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Tagann an fliú éanúil ardphataigineach faoin sainmhíniú ar ghalar liostaithe sa Rialachán sin, agus tá sé faoi réir na rialacha coisctheacha agus rialaithe galar a leagtar síos ann. Ina theannta sin, le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (2) déantar forlíonadh ar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú, lena n-áirítear an fliú éanúil ardphataigineach. Go háirithe, foráiltear le hAirteagal 21 den Rialachán Tarmligthe sin, i gcás ráig de ghalar de chatagóir A i mbunaíocht, go bhfuil an t-údarás inniúil le crios srianta a bhunú láithreach a chuimseoidh crios cosanta, crios faireachais, agus más gá, criosanna srianta breise timpeall na gcriosanna cosanta agus faireachais nó cóngarach dóibh. |
|
(3) |
Glacadh Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 (3) ón gCoimisiún ar bhonn Rialachán (AE) 2016/429, agus leagtar síos leis bearta éigeandála ar leibhéal an Aontais i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach. |
|
(4) |
Go háirithe, le hAirteagal 2, pointe (a), Airteagal 3, pointe (a), agus Airteagal 4, pointe (a) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, foráiltear, faoi seach, tar éis ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach, i ndáil leis na criosanna cosanta agus faireachais agus na criosanna srianta breise atá le bunú i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, nach mór do na criosanna sin na limistéir a liostaítear mar chriosanna cosanta agus faireachais agus criosanna srianta breise san Iarscríbhinn sin a chuimsiú ar a laghad. Foráiltear le hAirteagal 2, pointe (b), Airteagal 3, pointe (b), agus Airteagal 4, pointe (b), de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 freisin nach mór na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta, faireachais agus sna criosanna srianta breise sin, i gcomhréir leis an Rialachán Tarmligthe sin, a choinneáil ar bun go dtí na dátaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh Cur Chun Feidhme sin. |
|
(5) |
Leasaíodh an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 go deireanach le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1091 ón gCoimisiún (4) tar éis ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach sa Bhulgáir agus sa Pholainn i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis. |
|
(6) |
Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1091 ann, tá fógra tugtha ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an bPolainn don Choimisiún faoi ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach sna Ballstáit sin i mbunaíochtaí inar coimeádadh éanlaith chlóis nó éin i mbraighdeanas. Go háirithe, bhain na fógraí sin le ráig amháin i roinn Haute-Garonne sa Fhrainc, agus le ráig amháin i gcúige Flevoland san Ísiltír agus le 16 ráig i gcúigí Kujawsko-Pomorskie, Łódzkie, Lubelskie, Mazowieckie, Warmińsko-Mazurskie agus Wielkopolskie. |
|
(7) |
Tar éis na ráigeanna sin, tá na bearta rialaithe galar a cheanglaítear déanta ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an bPolainn i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687, lena n-áirítear bunú criosanna cosanta agus faireachais timpeall na ráigeanna. |
|
(8) |
Ina theannta sin, chinn údarás inniúil na Polainne na criosanna srianta breise atá bunaithe cheana féin i gcúigí Kujawsko-Pomorskie, Mazowieckie, Warmińsko-Mazurskie agus Wielkopolskie a mhéadú mar gheall ar ráigeanna breise sna limistéir sin agus a bhfuil ardriosca ann maidir le leathadh an fhliú éanúil ardphataiginigh. |
|
(9) |
Tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar na bearta rialaithe galar atá déanta ag an bhFrainc, ag an Ísiltír agus ag an bPolainn, agus tá sé sásta, maidir le teorainneacha na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Bhallstáit sin agus maidir leis an gcrios srianta breise arna bhunú ag an bPolainn le haghaidh na ráigeanna a dtugtar tuairisc orthu, go bhfuil siad fada go leor ó na bunaíochtaí inar deimhníodh na ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach. |
|
(10) |
Ina theannta sin, maidir leis na bearta a cheanglaítear le hAirteagail 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 i ndáil le ráig FR-HPAI(P)-2026-00017 atá lonnaithe i roinn Dordogne, chuir an Fhrainc in iúl don Choimisiún gur cuireadh i gcrích iad níos luaithe ná mar a measadh ar dtús, agus gur féidir fad na gcriosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an bhFrainc le haghaidh na ráige sin a laghdú. Dá bhrí sin, is iomchuí tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sin a ghiorrú sna criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an bhFrainc le haghaidh ráig FR-HPAI(P)-2026-00017, mar a luaitear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, i gcomhréir le hAirteagal 39 agus Airteagal 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(11) |
Chun aon chur isteach nach bhfuil gá leis ar thrádáil laistigh den Aontas a chosc agus chun nach bhforchuirfidh tríú tíortha aon bhacainn gan údar ar thrádáil, is gá a leagan síos go mear ar leibhéal an Aontais, i gcomhar leis an bhFrainc, leis an Ísiltír, agus leis an bPolainn, na criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag na Ballstáit sin agus na criosanna srianta breise arna mbunú ag an bPolainn, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(12) |
Dá bhrí sin, an liosta limistéar atá le bheith faoi réir criosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na Fraince agus na Polainne agus faoi réir criosanna srianta breise le haghaidh na Polainne, san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart é a leasú chun teorainneacha iomchuí na gcriosanna sin arna mbunú ag na Ballstáit sin a chur san áireamh, tar éis na ráigeanna nua den fhliú éanúil ardphataigineach a tharla le déanaí iontu, agus ní mór fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin a leagan amach, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(13) |
Ina theannta sin, na dátaí a bhfuil na bearta le cur i bhfeidhm go dtí iad sna criosanna cosanta agus faireachais arna mbunú ag an bhFrainc le haghaidh ráig FR-HPAI(P)-2026-00017, mar a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, ba cheart iad a leasú chun fad leasaithe na srianta a chur san áireamh. |
|
(14) |
San Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447, níl aon limistéar liostaithe faoi láthair mar chriosanna cosanta agus faireachais le haghaidh na hÍsiltíre. Dá bhrí sin, ba cheart na limistéir lena mbaineann a liostú feasta mar chriosanna cosanta agus faireachais san Ísiltír, chun teorainneacha na gcriosanna sin arna mbunú ag an Ísiltír a chur san áireamh, chomh maith le fad riachtanach na mbeart atá le cur i bhfeidhm sna criosanna sin, i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. |
|
(15) |
Le hAirteagail 2 agus 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 tagraítear do na bearta atá le cur i bhfeidhm sna criosanna cosanta agus faireachais, faoi seach, dá bhforáiltear in Airteagail 39 agus 55 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687. Mar sin féin, ba cheart tuilleadh soiléireachta a chur leis an téacs chun an tuiscint cheart ar na bearta is gá a áirithiú. |
|
(16) |
Le hAirteagal 4(c) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ceanglaítear go mbeidh fianú sa deimhniú sláinte ainmhithe nó sa deimhniú sláinte ainmhithe/oifigiúil a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 (5) a ghabhann le coinsíneachtaí a aistrítear chuig Ballstáit eile, fianú ina luaitear go gcomhlíonann na coinsíneachtaí na srianta a leagtar síos sa Chinneadh seo. Ó bhí dáta glactha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ann, cuireadh fianú comhchuibhithe leis na deimhnithe sláinte ainmhithe agus leis na deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí ainmhithe talún áirithe ar coimeád agus a dtáirgí geirmeacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1044 ón gCoimisiún (6), idir na Ballstáit, chun an deimhniú a shimpliú le haghaidh gluaiseachtaí ainmhithe talún ar coimeád agus a dtáirgí geirmeacha ó na bunaíochtaí nó ó na criosanna, nó iad araon faoi réir srianta gluaiseachta i gcás inar deonaíodh maoluithe uathu i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais. Dá bhrí sin, fágadh go raibh an ceanglas a leagtar síos in Airteagal 4(c) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 iomarcach. Dá réir sin, ba cheart pointe (c) d’Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a scriosadh. |
|
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 a leasú dá réir sin. |
|
(18) |
I bhfianaise phráinn na staide eipidéimeolaíche san Aontas a mhéid a bhaineann le leathadh an fhliú éanúil ardphataiginigh, tá sé tábhachtach go dtiocfaidh na leasuithe atá le déanamh ar Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 leis an gCinneadh seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
|
(19) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Chinneadh seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 mar a leanas:
|
1. |
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 go 4: ‘Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme Leis an gCinneadh seo, leagtar síos an méid seo a leanas ar leibhéal an Aontais:
Airteagal 2 Criosanna Cosanta Déanfaidh gach Ballstát dá dtagraítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an méid seo a leanas:
Airteagal 3 Criosanna faireachais Déanfaidh gach Ballstát dá dtagraítear i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an méid seo a leanas:
Airteagal 4 Criosanna srianta breise Déanfaidh gach Ballstát dá dtagraítear i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo an méid seo a leanas:
|
|
2. |
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447. |
Airteagal 2
Is chuig na Ballstáit a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
Olivér VÁRHELYI
Comhalta den Choimisiún
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2023 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2023/2447, 30.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2023/2447/oj).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2026/1091 ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2026 lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2023/2447 maidir le bearta éigeandála i ndáil le ráigeanna den fhliú éanúil ardphataigineach i mBallstáit áirithe (IO L, 2026/1091, 18.5.2026, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1091/oj.
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) 2016/429 agus (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha, maidir le coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha, deimhniúchán oifigiúil maidir leis na deimhnithe sin a thabhairt isteach san Aontas agus maidir lena ngluaiseachtaí idir na Ballstáit, agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2010/470/AE (IO L 113, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/403/oj).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2024/1044 ón gCoimisiún an 27 Márta 2024 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/403 a mhéid a bhaineann le deimhnithe sláinte ainmhithe caighdeánacha agus deimhnithe sláinte ainmhithe/oifigiúla caighdeánacha maidir le gluaiseachtaí coinsíneachtaí de chatagóirí áirithe ainmhithe talún agus a dtáirgí geirmeacha idir na Ballstáit (IO L, 2024/1044, 26.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2024/1044/oj ).
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN
Cuid A
Criosanna cosanta dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 2:
Ballstát: an tSeicia
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
CZ-HPAI(NON-P) -2026-00056 |
Region of South Bohemian: Albeř (600075); Blato u Hůrek (649597); Dobrá Voda u Číměře (623873); Hůrky (649601); Klášter (665461); Klenová u Hůrek (649627); Konrac (665479); Kunějov (624314); Nová Bystřice (704971); Pomezí pod Landštejnem (754579); Potočná u Číměře (623881); Senotín (649635); |
29.5.2026 |
Ballstát: an Fhrainc
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Département : Dordogne (24) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00017 |
COULOUNIEIX-CHAMIERS PÉRIGUEUX SANILHAC MARSAC SUR LISLE |
23.5.2026 |
|
Département : Haute Garonne (31) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00018 |
FRONTON |
23.5.2026 |
|
Département : Tarn-et-Garonne (82) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00018 |
NOHIC ORGUEIL |
23.5.2026 |
Ballstát: an Ísiltír
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
NL-HPAI(P)-2026-00017 |
Those parts of the Province Flevoland contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.43 / Longitude 5.68 |
5.6.2026 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00051 PL-HPAI(P)-2026-00055 PL-HPAI(P)-2026-00056 PL-HPAI(P)-2026-00062 PL-HPAI(P)-2026-00063 PL-HPAI(P)-2026-00064 PL-HPAI(P)-2026-00065 PL-HPAI(P)-2026-00071 PL-HPAI(P)-2026-00072 PL-HPAI(P)-2026-00074 PL-HPAI(P)-2026-00075 PL-HPAI(P)-2026-00076 PL-HPAI(P)-2026-00077 PL-HPAI(P)-2026-00079 PL-HPAI(P)-2026-00080 PL-HPAI(P)-2026-00086 PL-HPAI(P)-2026-00087 PL-HPAI(P)-2026-00090 PL-HPAI(P)-2026-00091 PL-HPAI(P)-2026-00093 PL-HPAI(P)-2026-00094 PL-HPAI(P)-2026-00095 PL-HPAI(P)-2026-00096 PL-HPAI(P)-2026-00097 PL-HPAI(P)-2026-00098 PL-HPAI(P)-2026-00099 PL-HPAI(P)-2026-00100 PL-HPAI(P)-2026-00104 PL-HPAI(P)-2026-00105 PL-HPAI(P)-2026-00108 PL-HPAI(P)-2026-00109 PL-HPAI(P)-2026-00110 PL-HPAI(P)-2026-00114 PL-HPAI(P)-2026-00115 PL-HPAI(P)-2026-00117 PL-HPAI(P)-2026-00120 PL-HPAI(P)-2026-00124 PL-HPAI(P)-2026-00125 |
W województwie mazowieckim:
W województwie kujawsko-pomorskim:
|
29.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00113 PL-HPAI(P)-2026-00118 PL-HPAI(P)-2026-00119 |
W województwie lubelskim: powiat bialski:
|
28.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00116 |
W województwie wielkopolskim:
|
30.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00121 PL-HPAI(P)-2026-00122 PL-HPAI(P)-2026-00123 |
W województwie wielkopolskim:
|
29.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00126 |
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.92791226/ Longitude 19.88359576 |
29.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00127 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.7470769/ Longitude 17.7583547 |
30.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00128 |
Those parts of the Kujawsko-Pomorskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.210692/ Longitude 19.4804229 |
1.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00129 |
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.71374983/ Longitude 20.6354009 |
4.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00130 |
Those parts of the Łódzkie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.8476335/ Longitude 19.3164956 |
2.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00131 |
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.10573191/ Longitude 19.87668249 |
2.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00132 |
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.3215343/ Longitude 19.9717592 |
3.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00133 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.76211625/ Longitude 17.90741444 |
6.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00134 |
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.0530239/ Longitude 19.87356202 |
3.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00135 |
Those parts of the Lubelskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.026294/ Longitude 22.7552872 |
5.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00136 |
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.40401438/ Longitude 19.54864834 |
5.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00137 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.9187634/ Longitude 17.6197289 |
6.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00138 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.8614/ Longitude 17.84643056 |
8.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00139 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.6855165/ Longitude 17.7615671 |
6.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00140 |
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.98881841/ Longitude 19.74686801 |
6.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00141 |
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.75729508/ Longitude 17.91007519 |
12.6.2026 |
Cuid B
Criosanna cosanta dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (a), agus Airteagal 3:
Ballstát: an tSeicia
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
CZ-HPAI(NON-P)-2026-00056 |
Region of South Bohemian: Artolec (704962); Bílá u Sedla (747017); Blažejov (605468); Budkov u Střížovic (758094); Číměř (623865); Člunek (624306); Dobrotín (754552); Dolní Lhota u Stráže nad Nežárkou (629456); Dolní Pěna (643653); Dolní Radíkov (737712); Horní Pěna (643661); Hospříz (645583); Hradiště u Nové Bystřice (705004); Hrutkov (645591); Kačlehy (645605); Kaproun (649619); Kunžak (677531); Lhota u Sedla (747025); Lomy u Kunžaku (624322); Malíkov nad Nežárkou (643670); Malý Ratmírov (605484); Matějovec (692301); Mnich u Nové Bystřice (798622); Mosty (677540); Návary (777404); Nová Ves u Sedla (705527); Nový Vojířov (708046); Otín u Jindřichova Hradce (716502); Podlesí pod Landštejnem (754561); Rajchéřov (798584); Romava (798592); Sedlo u Číměře (747033); Skalka u Nové Bystřice (754587); Stálkov (753459); Staré Hutě u Veclova (798606); Staré Město pod Landštejnem (754595); Stoječín (623130); Střížovice u Kunžaku (758108); Valtínov (776700); Veclov (777412); Vitíněves (754609); |
7.6.2026 |
|
Region of South Bohemian: Albeř (600075); Blato u Hůrek (649597); Dobrá Voda u Číměře (623873); Hůrky (649601); Klášter (665461); Klenová u Hůrek (649627); Konrac (665479); Kunějov (624314); Nová Bystřice (704971); Pomezí pod Landštejnem (754579); Potočná u Číměře (623881); Senotín (649635); |
30.5.2026 – 7.6.2026 |
Ballstát: an Eastóin
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Tartu county |
||
|
EE-HPAI(NON-P)-2026-00027 |
The parts of Tartu county, beyond the area described in the protection zone and within the circle of radius 10 km, centred on GPS coordinates N 58.459256; E 26.449406 |
25.5.2026 |
|
The parts of Tartu county, that are contained within a circle of radius 3 km, centered on GPS coordinates N 58.459256; E 26.449406 |
17.5.2026 – 25.5.2026 |
|
Ballstát: an Fhrainc
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
Département: Dordogne (24) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00017 |
AGONAC ANNESSE-ET-BEAULIEU BASSILLAC ET AUBEROCHE BOUZLAZAC ISLE MANOIRE CHALAGNAC CHAMPCEVINEL CHANCELADE LA CHAPELLE-GONAGUET CHATEAU L’EVEQUE CORNILLE COURSAC EGLISE NEUVE DE VERGT LEGUILLAC DE L’AUCHE MARSAC SUR LISLE MONTREM RAZAC SANILHAC TRÉLISSAC |
1.6.2026 |
|
COULOUNIEIX-CHAMIERS PÉRIGUEUX SANILHAC MARSAC SUR LISLE |
24.5.2026-1.6.2026 |
|
|
Département: Haute-Garonne (31) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00018 |
CASTELNAU-D’ESTRÉTEFONDS VILLAUDRIC VILLENEUVE-LÈS-BOULOC VILLEMUR-SUR-TARN LE BORN, BOULOC VILLEMATIER |
1.6.2026 |
|
FRONTON |
24.5.2026-1.6.2026 |
|
|
Département: Tarn-et-Garonne (82) |
||
|
FR-HPAI(P)-2026-00018 |
CAMPSAS CANALS CORBARIEU FABAS LABASTIDE-SAINT-PIERRE MONTAUBAN (TERRITOIRE SITUE ENTRE LE TARN A L'OUEST, A62 AU NORD, ET LE TESCOU A L'EST). POMPIGNAN REYNIES SAINT-NAUPHARY VARENNES VERLHAC-TESCOU VILLEBRUMIER |
1.6.2026 |
|
NOHIC ORGUEIL |
24.5.2026-1.6.2026 |
|
Ballstát: an Ísiltír
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
NL-HPAI(P)-2026-00017 |
Those parts of the Provinces Flevoland and Gelderland beyond the area described in the protection zone and within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.43 / Longitude 5.68 |
14.6.2026 |
|
Those parts of the Province Flevoland contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.43 / Longitude 5.68 |
6.6.2026 – 14.6.2026 |
Ballstát: an Ostair
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
|
CZ-HPAI(NON-P)-2026-00056 |
Bezirk Gmünd, Teile der Gemeinden Haugschlag, Litschau und Reingers innerhalb eines Kreises mit einem Radius von 10 km, dessen Mittelpunkt die WGS84- Koordinaten Breite 49,05; Länge 15,13 sind. |
7.6.2026 |
Ballstát: an Pholainn
|
Uimhir thagartha ADIS na ráige |
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00050 PL-HPAI(P)-2026-00052 PL-HPAI(P)-2026-00060 PL-HPAI(P)-2026-00070 PL-HPAI(P)-2026-00073 PL-HPAI(P)-2026-00083 PL-HPAI(P)-2026-00088 PL-HPAI(P)-2026-00089 PL-HPAI(P)-2026-00102 PL-HPAI(P)-2026-00111 PL-HPAI(P)-2026-00128 PL-HPAI(P)-2026-00132 PL-HPAI(P)-2026-00136 |
|
14.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie warmińsko-mazurskim: powiat iławski:
|
9.5.2026-30.5.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie warmińsko-mazurskim: powiat nowomiejski:
|
22.5.2026-30.5.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Kujawsko-Pomorskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.210692/ Longitude 19.4804229 |
2.6.2026 – 14.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.3215343/ Longitude 19.9717592 |
4.6.2026 – 14.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Kujawsko-Pomorskie and Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.40401438/ Longitude 19.54864834 |
6.6.2026 – 14.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(NON-P)-2026-00226 PL-HPAI(P)-2026-00051 PL-HPAI(P)-2026-00055 PL-HPAI(P)-2026-00056 PL-HPAI(P)-2026-00062 PL-HPAI(P)-2026-00063 PL-HPAI(P)-2026-00064 PL-HPAI(P)-2026-00065 PL-HPAI(P)-2026-00071 PL-HPAI(P)-2026-00072 PL-HPAI(P)-2026-00074 PL-HPAI(P)-2026-00075 PL-HPAI(P)-2026-00076 PL-HPAI(P)-2026-00077 PL-HPAI(P)-2026-00079 PL-HPAI(P)-2026-00080 PL-HPAI(P)-2026-00086 PL-HPAI(P)-2026-00087 PL-HPAI(P)-2026-00090 PL-HPAI(P)-2026-00091 PL-HPAI(P)-2026-00093 PL-HPAI(P)-2026-00094 PL-HPAI(P)-2026-00095 PL-HPAI(P)-2026-00096 PL-HPAI(P)-2026-00097 PL-HPAI(P)-2026-00098 PL-HPAI(P)-2026-00099 PL-HPAI(P)-2026-00100 PL-HPAI(P)-2026-00104 PL-HPAI(P)-2026-00105 PL-HPAI(P)-2026-00108 PL-HPAI(P)-2026-00109 PL-HPAI(P)-2026-00110 PL-HPAI(P)-2026-00114 PL-HPAI(P)-2026-00115 PL-HPAI(P)-2026-00117 PL-HPAI(P)-2026-00120 PL-HPAI(P)-2026-00124 PL-HPAI(P)-2026-00125 PL-HPAI(P)-2026-00126 PL-HPAI(P)-2026-00131 PL-HPAI(P)-2026-00134 PL-HPAI(P)-2026-00140 |
|
16.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie mazowieckim:
W województwie kujawsko-pomorskim:
|
29.5.2026-16.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.92791226/ Longitude 19.88359576 |
30.5.2026 – 16.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.10573191/ Longitude 19.87668249 |
3.6.2026 – 16.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.0530239/ Longitude 19.87356202 |
4.6.2026 – 16.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Mazowieckie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.98881841/ Longitude 19.74686801 |
7.6.2026 – 16.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00066 PL-HPAI(P)-2026-00067 PL-HPAI(P)-2026-00068 PL-HPAI(P)-2026-00069 PL-HPAI(P)-2026-00081 PL-HPAI(P)-2026-00082 PL-HPAI(P)-2026-00107 PL-HPAI(P)-2026-00112 PL-HPAI(P)-2026-00116 PL-HPAI(P)-2026-00121 PL-HPAI(P)-2026-00122 PL-HPAI(P)-2026-00123 PL-HPAI(P)-2026-00127 PL-HPAI(P)-2026-00133 PL-HPAI(P)-2026-00137 PL-HPAI(P)-2026-00138 PL-HPAI(P)-2026-00139 PL-HPAI(P)-2026-00141 |
W województwie wielkopolskim:
|
30.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie wielkopolskim:
|
1.5.2026-21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie wielkopolskim:
|
8.5.2026-8.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie wielkopolskim:
|
22.5.2026-8.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie wielkopolskim:
|
31.5.2026-8.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie wielkopolskim:
|
30.5.2026-8.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.7470769/ Longitude 17.7583547 |
30.5.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.76211625/ Longitude 17.90741444 |
7.6.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.9187634/ Longitude 17.6197289 |
7.6.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.8614/ Longitude 17.84643056 |
9.6.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.6855165/ Longitude 17.7615671 |
7.6.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Wielkopolskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.75729508/ Longitude 17.91007519 |
12.6.2026 – 21.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00078 PL-HPAI(P)-2026-00085 PL-HPAI(P)-2026-00103 |
W województwie mazowieckim:
W województwie łódzkim, w powiecie kutnowskim:
|
24.5.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
W województwie mazowieckim:
W województwie łódzkim, W województwie łódzkim, powiat kutnowski, w gminie Strzelce obręby: Długołęka, Holendry, Kozia Góra, Niedrzaków, Dąbkowice zawierające się w promieniu 3 km od współrzędnych GPS: 52.37146, 19.43274; 52.36319, 19.43950; 52.34331, 19.47942. |
16.5.2026-24.5.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00129 |
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship beyond the area described in the protection zone and within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.71374983/ Longitude 20.6354009 |
13.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Warmińsko-Mazurskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 53.71374983/ Longitude 20.6354009 |
5.6.2026 – 13.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00130 |
Those parts of the Łódzkie voivodeship beyond the area described in the protection zone and within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.8476335/ Longitude 19.3164956 |
11.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Łódzkie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 51.8476335/ Longitude 19.3164956 |
3.6.2026 – 11.6.2026 |
|||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
PL-HPAI(P)-2026-00135 |
Those parts of the Lubelskie voivodeship beyond the area described in the protection zone and within a circle of a radius of 10 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.026294/ Longitude 22.7552872 |
14.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
Those parts of the Lubelskie voivodeship contained within a circle of a radius of 3 kilometres, centered on WGS84 dec. coordinates Latitude 52.026294/ Longitude 22.7552872 |
6.6.2026 – 14.6.2026 |
Cuid C
Criosanna cosanta breise dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe (b), agus Airteagal 4:
Ballstát: an Pholainn
|
Limistéar arb é atá ann: |
An dáta a bheidh sé infheidhme go dtí |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
16.6.2026 |
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
21.6.2026 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1186/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)