|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1181 |
29.5.2026 |
RIALACHÁN (AE) 2026/1181 ÓN gCOMHAIRLE
an 22 Bealtaine 2026
lena gcuirtear ar fionraí na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, lena n-osclaítear bainistiú tharaif-chuótaí uathrialaitheacha le haghaidh leasacháin áirithe agus lena bhforáiltear maidir leis an mbainistiú sin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 31 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tá margadh an Aontais le haghaidh ionchuir áirithe leasachán nítriginbhunaithe ag brath go mór ar allmhairí ó thríú tíortha. In 2024, d’allmhairigh an tAontas 2 mhilliún tona amóinia agus 5,9 milliún tona úiré chun leasacháin nítriginbhunaithe a tháirgeadh go háirithe. Ina theannta sin, d’allmhairigh an tAontas 6,7 milliún tona leasachán nítriginbhunaithe agus meascán ina bhfuil nítrigin. Is ionchuir diancharbóin iad úiré agus amóinia le haghaidh leasachán a bhfuil sé deacair iad a éagsúlú agus a bhfuil am ag teastáil ina leith. Tá na leasacháin nítriginbhunaithe fíor-riachtanach freisin d’fheirmeoirí na hEorpa a bhfuil sreabhadh trádála slán tráthrialta leasachán ar phraghsanna iomaíocha de dhíth orthu chun táirgeadh talmhaíochta agus slándáil bia a ráthú. Tá méadú substaintiúil tagtha ar na praghsanna le haghaidh na n-earraí sin ó bhí 2021 ann. |
|
(2) |
Maidir le leasacháin nítriginbhunaithe faoi raon feidhme an Rialacháin seo, is glanallmhaireoir struchtúrach é an tAontas, agus an soláthar sin comhchruinnithe i roinnt tíortha, agus is í Cónaidhm na Rúise ceann dá phríomhsholáthróirí. |
|
(3) |
Faoi láthair, déantar cuid mhór de na hionchuir a úsáidtear chun leasachán nítriginbhunaithe a tháirgeadh, agus cuid mhór de leasacháin nítriginbhunaithe, a allmhairiú isteach san Aontas saor ó dhleacht ó thríú tíortha a thairbhíonn de rochtain fhabhrach ar mhargadh an Aontais. Mar sin féin, allmhairíonn an tAontas méid mór de na hearraí sin fós de thionscnamh tíortha atá faoi réir na Comhtharaife Custaim, agus tá rátaí taraife idir 5,5 agus 6,5 % ann faoi láthair. |
|
(4) |
Leis na dleachtanna custaim sin, méadaítear na costais do tháirgeoirí leasachán nítriginbhunaithe agus déantar difear do phraghas na leasachán, rud a dhéanann difear do phraghas an bhia, rud is cúis imní maidir le cumhacht cheannaigh na dtomhaltóirí, agus maidir le feirmeoirí na hEorpa. Le blianta beaga anuas, tá méadú mór tagtha ar phraghsanna leasachán san Aontas agus níor léirigh praghsanna earraí talmhaíochta áirithe an treocht chéanna go hiomlán. Cuireann an staid sin brú ar inmharthanacht tháirgeadh talmhaíochta an Aontais. |
|
(5) |
Chun fuinneamh láidir mhargadh leasacháin san Aontas a áirithiú agus chun slabhraí soláthair an táirgthe leasacháin a mhargú agus a éagsúlú, is gá éascú a dhéanamh maidir le hallmhairiú ionchuir a úsáidtear chun leasacháin nítriginbhunaithe, leasacháin áirithe nítriginbhunaithe, agus meascáin ina bhfuil nítrigin a tháirgeadh. Thairis sin, tá sé ríthábhachtach foinsí soláthair a éagsúlú go práinneach ó Chónaidhm na Rúise, go háirithe i bhfianaise na mbeart a bunaíodh le Rialachán (AE) 2025/1227 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) lena méadófar dleachtanna custaim de réir a chéile i gcás roinnt de na hearraí a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(6) |
Le blianta beaga anuas, tá tionchar diúltach ag costais arda fuinnimh ar tháirgeadh leasachán san Aontas, go háirithe ar leasacháin nítriginbhunaithe ós rud é gurb é an gás nádúrtha an phríomhfhoinse fuinnimh agus gur amhábhar é. Mar thoradh air sin, tá tionchar mór aige sin ar tháirgeadh agus ar dhíolacháin thionscal leasacháin an Aontais. Ní mór do tháirgeoirí leasacháin an Aontais oiriúnú fós don timpeallacht chasta sin ar tosca geopholaitiúla is cúis léi. Dá bhrí sin, le haon bheart a dhéantar chun feabhas a chur ar sholáthar leasachán déantar é sin chun tionchar diúltach ar tháirgeoirí leasacháin an Aontais a sheachaint. |
|
(7) |
Ós rud é gur gá leanúint de tháirgeadh leasachán an Aontais atá ann cheana a chosaint, is gá athléimneacht a shlabhra soláthair sin a mhéadú trí thús áite a thabhairt d’éagsúlú a ionchur agus trí riosca na spleáchas seachtrach a íoslaghdú a thuilleadh. |
|
(8) |
Is iomchuí freisin bearta a dhéanamh chun na costais a bhaineann le hionchuir a allmhairiú le haghaidh táirgeadh leasacháin nítriginbhunaithe, leasacháin áirithe nítriginbhunaithe, agus meascáin ina bhfuil nítrigin nach leor táirgeadh an Aontais ina leith. |
|
(9) |
Chun soláthar leordhóthanach gan bhriseadh de leasacháin nítriginbhunaithe áirithe a áirithiú, ar leasacháin iad nach dtáirgtear cainníocht leordhóthanach díobh san Aontas agus, ar an gcaoi sin, aon suaitheadh sa mhargadh i gcás na dtáirgí sin a sheachaint, is iomchuí dleacht na Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) a chur ar fionraí go sealadach i gcás úiré agus amóinia, i gcás leasacháin nítriginbhunaithe áirithe, agus i gcás meascáin ina bhfuil nítrigin suas le méid áirithe dá n-allmhairí. Chun leasanna tháirgeoirí an Aontais agus leasanna thomhaltóirí leasachán an Aontais a chothromú, tá fionraí shealadach na ndleachtanna Comhtharaife Custaim teoranta, le haghaidh gach earra, do mhéid allmhairí na náisiún barrfhabhair (NBF) de chuid an Aontais le haghaidh 2024, cé is moite d’allmhairí ó Chónaidhm na Rúise agus ó Phoblacht na Bealarúise, agus tháinig méadú 20 % ar an méid a allmhairíodh ón dá thír sin in 2024. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfionraí dleachta custaim shealadach ar feadh 1 bhliain amháin. Ba cheart don Coimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid ar an margadh leasacháin agus, más gá, ba cheart go molfadh sé go gcuirfear síneadh leis an fhionraí dleachta custaim nó í a mhodhnú chun éagsúlú leormhaith a dhéanamh agus chun feabhas a chur ar infhaighteacht leasachán ar phraghas iomaíoch d’fheirmeoirí na hEorpa. |
|
(10) |
Is gá allmhairí ionchuir a úsáidtear chun leasacháin nítriginbhunaithe, leasacháin áirithe nítriginbhunaithe, agus meascáin ina bhfuil nítrigin a tháirgeadh ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad, nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach uathu, a eisiamh ó raon feidhme na fionraí dleachta custaim sealadaí a leagtar síos sa Rialachán seo. Tá eisiamh allmhairí earraí ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad, nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach uathu, ón bhfionraí shealadach a leagtar síos sa Rialachán seo comhsheasmhach le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais i réimsí eile, mar a leagtar amach in Airteagal 21(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). |
|
(11) |
Tá meath mór tagtha ar staid an chaidrimh idir an tAontas agus Cónaidhm na Rúise le blianta beaga anuas, go háirithe ó bhí 2022 ann. Is é is cúis leis an meath sin ar an gcaidreamh neamhaird fhollasach Chónaidhm na Rúise ar an dlí idirnáisiúnta agus a cogadh foghach gan chúis gan údar ar an Úcráin. Ó bhí mí Iúil 2014 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar thrádáil le Cónaidhm na Rúise mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine. Tá dleachtanna custaim níos airde forchurtha ag an Aontas freisin ar allmhairí leasachán nítriginbhunaithe ó Chónaidhm na Rúise a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(12) |
Tá Cónaidhm na Rúise ina ball den Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT). Mar sin féin, de bhua na n-eisceachtaí a bhfuil feidhm acu faoin gComhaontú lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (‘Comhaontú EDT’), agus go háirithe Airteagal XXI de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (eisceachtaí slándála), scaoiltear an tAontas ón oibleagáid na buntáistí a dheonaítear d’earraí comhchosúla a allmhairítear ó thíortha eile a thabhairt d’earraí a allmhairítear ó Chónaidhm na Rúise (‘cóir NBF’) i gcás ina measann an tAontas go bhfuil gá le bearta den sórt sin chun leasanna bunúsacha slándála an Aontais a chosaint. |
|
(13) |
Tá meath tagtha ar an gcaidreamh idir an tAontas agus Poblacht na Bealarúise freisin le blianta beaga anuas mar gheall ar neamhaird Phoblacht na Bealarúise ar an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear ar shaoirsí bunúsacha agus ar chearta an duine, agus mar gheall ar a tacaíocht do chogadh foghach na Rúise ar an Úcráin. Ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2020 ann, tá bearta sriantacha á bhforchur de réir a chéile ag an Aontas ar Phoblacht na Bealarúise. Tá dleachtanna custaim níos airde forchurtha ag an Aontas freisin ar allmhairí leasachán nítriginbhunaithe ón mBealarúis a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin seo. |
|
(14) |
Níl Poblacht na Bealarúise ina ball de EDT. Dá bhrí sin, níl sé d’oibleagáid ar an Aontas, de bhua Chomhaontú EDT, cóir NBF agus cóir eile a thabhairt d’earraí ó Phoblacht na Bealarúise i gcomhréir leis an gComhaontú sin. Ina theannta sin, leis na comhaontuithe trádála idir an tAontas agus Poblacht na Bealarúise atá ann cheana, ceadaítear gníomhaíochtaí a bhfuil údar leo ar bhonn clásail eisceachta is infheidhme, go háirithe eisceachtaí slándála. |
|
(15) |
I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, is gá agus is iomchuí, chun an bunchuspóir a bhaint amach maidir le soláthar leordhóthanach leasachán nítriginbhunaithe a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, suaitheadh tromchúiseach i margadh an Aontais do na táirgí sin a sheachaint, chun rialacha maidir le fionraí sealadach ar na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, agus maidir le bainistiú na dtaraif-chuótaí uathrialaitheacha le haghaidh leasacháin áirithe a oscailt agus le foráil don bhainistiú sin. Ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí arna saothrú a bhaint amach, i gcomhréir le hAirteagal 5(4) CAE. |
|
(16) |
Chun éagsúlú na soláthairtí agus laghdú ar na costais táirgthe a chothú, roimh an séasúr plandála agus síolaithe atá ag teacht, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cuirfear ar fionraí iad i gcás na gcód AC seo a leanas, le haghaidh na méideanna comhiomlána foriomlána a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo:
|
(a) |
Cóid AC 2814 10 00 agus 2814 20 00 ; |
|
(b) |
Cóid AC 3102 10 12 , 3102 10 15 , 3102 10 19 agus 3102 10 90 ; |
|
(c) |
Cód AC 3102 21 00 ; |
|
(d) |
Cód AC 3102 60 00 ; |
|
(e) |
Cód AC 3102 80 00 ; |
|
(f) |
Cóid AC 3105 20 10 agus 3105 20 90 ; |
|
(g) |
Cód AC 3105 30 00 ; |
|
(h) |
Cód AC 3105 40 00 . |
2. Ní bheidh feidhm ag fionraí na ndleachtanna custaim ar earraí faoi na cóid AC dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), maidir le hallmhairí earraí faoi na cóid AC sin ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad, nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach, uathu.
3. Ní bheidh feidhm ag fionraí na ndleachtanna custaim ar earraí faoi na cóid AC dá dtagraítear i mír 1, pointí (b), (c), (d), (e), (f), (g) agus (h), maidir le hallmhairí earraí faoi na cóid AC sin ar de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise iad, nó a onnmhairítear go díreach nó go hindíreach uathu, a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2025/1227.
4. Osclófar sraithuimhreacha cuótaí nua leis na tagairtí a liostaítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit na cuótaí méideanna allmhairiúcháin a leagtar amach in Airteagal 1 den Rialachán seo a bhainistiú i gcomhréir leis an gcóras bainistíochta le haghaidh taraif-chuótaí dá bhforáiltear in Airteagail 49 go 54 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (3).
Airteagal 3
Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar an staid maidir le margadh na leasachán agus, más gá, molfaidh sé síneadh a chur leis an bhfionraí dá bhforáiltear in Airteagal 1, nó í a nó mhodhnú, nó síneadh a chur leis an tréimhse iarratais dá bhforáiltear in Airteagal 4, nó í a mhodhnú, nó an dá rud.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige go dtí an 31 Bealtaine 2027.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. DAMIANOS
(1) Rialachán (AE) 2025/1227 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2025 maidir le modhnú a dhéanamh ar na dleachtanna custaim is infheidhme i dtaca le hallmhairí earraí áirithe de thionscnamh Chónaidhm na Rúise nó Phoblacht na Bealarúise nó a onnmhairítear uathu (IO L, 2025/1227, 20.6.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/1227/oj).
(2) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/952/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme forálacha áirithe de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558 ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/2447/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Cód AC |
Méid an taraif-chuóta (tonaí) |
Sraithuimhir |
|
2814 10 00 , 2814 20 00 |
300 000 |
09.0172 |
|
3102 10 12 , 3102 10 15 , 3102 10 19 , 3102 10 90 |
890 000 |
09.0173 |
|
3102 21 00 |
413 000 |
09.0174 |
|
3102 60 00 |
27 000 |
09.0175 |
|
3102 80 00 |
583 000 |
09.0176 |
|
3105 20 10 , 3105 20 90 |
360 000 |
09.0177 |
|
3105 30 00 |
87 000 |
09.0178 |
|
3105 40 00 |
83 000 |
09.0179 |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1181/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)