|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1172 |
29.5.2026 |
CINNEADH (AE) 2026/1172 ÓN gCOMHAIRLE
an 24 Feabhra 2026
maidir le síniú Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(3) agus Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(5) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is Páirtí Conarthach é an tAontas sa Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2007 (‘Comhaontú 2007’) agus is comhalta é den Eagraíocht Idirnáisiúnta Caife (ICO). Thug an tAontas Comhaontú 2007 i gcrích le Cinneadh 2008/579/CE ón gComhairle (1) agus tháinig sé i bhfeidhm an 2 Feabhra 2011. |
|
(2) |
An 28 Iúil 2021, d’údaraigh an Chomhairle an Coimisiún tús a chur leis an gcaibidlíocht maidir le leasuithe ar Chomhaontú 2007. |
|
(3) |
Tugadh an chaibidlíocht i gcrích go rathúil agus d’fhormheas an Chomhairle Idirnáisiúnta Caife téacs Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022 (‘Comhaontú 2022’) ag an 133ú Seisiún Speisialta dá cuid an 9 Meitheamh 2022. |
|
(4) |
Le Comhaontú 2022, nuashonraítear cothromaíocht na gcóras vótála agus rannchuidithe agus tugtar aghaidh ar chomhtháthú na hearnála príobháidí agus na sochaí sibhialta in obair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife. Cuirtear san áireamh i gComhaontú 2022 cuspóirí an tsimplithe agus an chuíchóirithe agus cineál idir-rialtasach na hEagraíochta Idirnáisiúnta Caife á choinneáil ag an am céanna. |
|
(5) |
Rinneadh an Comhaontú chun teacht in ionad Chomhaontú 2007, ar cuireadh síneadh leis go dtí an 1 Feabhra 2028. Tá an tAontas ina pháirtí Conarthach i gComhaontú 2007, is chun a leasa é, dá bhrí sin, Comhaontú 2022 a shíniú agus a thabhairt i gcrích. |
|
(6) |
De bhun Chomhaontú 2022, ba cheart don Aontas, tar éis a shínithe agus a dhaingnithe, a inniúlacht eisiach ar ábhair a rialaítear le Comhaontú 2022 a dhearbhú agus dearbhú a thaisceadh leis an Taiscí. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Comhaontú 2022 a shíniú agus an Dearbhú Inniúlachta atá i gceangal leis an gCinneadh seo a fhormheas, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Údaraítear leis seo síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022, faoi réir thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe sin (2) .
Airteagal 2
Formheastar leis seo an Dearbhú Inniúlachta, atá i gceangal leis an gCinneadh seo, a cheanglaítear le hAirteagal 44(4) de Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 24 Feabhra 2026.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
M. RAOUNA
(1) Cinneadh 2008/579/CE ón gComhairle an 16 Meitheamh 2008 maidir le síniú agus tabhairt i gcrích, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, an Chomhaontaithe Idirnáisiúnta Caife 2007 (IO L 186, 15.7.2008, lch. 12, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2008/579/oj).
(2) Níor foilsíodh téacs Chomhaontú 2022 fós san Iris Oifigiúil.
DEARBHÚ INNIÚLACHTA ÓN AONTAS EORPACH I gCOMHRÉIR LE hAIRTEAGAL 44(4) DE CHOMHAONTÚ IDIRNÁISIÚNTA CAIFE 2022
I gcomhréir le hAirteagal 44(4) de Chomhaontú Idirnáisiúnta Caife 2022, dearbhaíonn an tAontas Eorpach, i gcomhréir leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go dtagann na hábhair a rialaítear leis an gComhaontú faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh faoin gcomhbheartas tráchtála agus, dá bhrí sin, ní bheidh an Comhaontú á dhaingniú ag na Ballstáit.
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1172/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)