European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1169

12.6.2026

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1169 ÓN gCOIMISIÚN

an 1 Meitheamh 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis na hiontrálacha a bhaineann le Montainéagró agus leis an tSeirbia ar an liosta de thríú tíortha, de chríocha nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór do choinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch teacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha, nó ó chríocha, nó ó chriosanna de thríú tír, nó ó dheighleoga de thríú tír i gcás ainmhithe uisceacha. Go háirithe, leagtar amach in Airteagal 76 den Rialachán Tarmligthe sin na ceanglais shonracha a mhéid a bhaineann le coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad atá beartaithe lena dteacht isteach san Aontas, lena n-áirítear i mír (1), pointe (b) den Airteagal sin, na ceanglais um an tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh ar ainmhithe den chineál sin.

(3)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, nó de chríocha nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí sonracha ainmhithe, táirgí geirmeacha sonracha agus táirgí sonracha de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní I go XXII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin.

(4)

Sa tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó de chríocha, nó de chriosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí madraí, cat agus firéad a theacht isteach san Aontas. Tá Montainéagró agus an tSeirbia le feiceáil ar an liosta sin agus coinníoll shonrach curtha i gcolún 5 den tábla sin ina leith, Tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh’. Leis an gcoinníoll sin, ní mór tástáil le haghaidh thoirtmheascadh antasubstainte an chonfaidh a bheith déanta ar mhadraí, cait nó firéid ó aon choinsíneacht ó na tríú tíortha sin i gcomhréir le hAirteagal 76(1), pointe (b) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 sula dtiocfaidh siad isteach san Aontas. Tá iarrtha anois ag Montainéagró agus ag an tSeirbia a bheith liostaithe gan an coinníoll sonrach sin i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 agus tá fianaise agus ráthaíochtaí leordhóthanacha tugtha acu don Choimisiún a thugann bunús leis an iarraidh sin. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an seachtú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 1 Meitheamh 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí d’ainmhithe áirithe, de tháirgí geirmeacha áirithe agus de tháirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus a láimhseáil tar éis a dteacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2021/404/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn VIII, Cuid 1 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Montainéagró:

ME

Montainéagró

ME-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS’,

 

 

 

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an tSeirbia:

RS

an tSeirbia

RS-0

Madraí, cait agus firéid chun críoch tráchtála

CANIS-FELIS-FERRETS’.

 

 

 

 


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1169/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)