|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2026/1148 |
29.5.2026 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1148 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Bealtaine 2026
maidir le húdarú béite-caraitéine agus údarú ullmhóide ard é atá inti béite-charaitéin a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán a bhfuiltear lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta chun údarú den sórt sin a dheonú agus a athnuachan. |
|
(2) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103 ón gCoimisiún (2), údaraíodh béite-caraitéin ar feadh 10 mbliana mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Le téarmaí an údaraithe ceadaítear béite-caraitéin a úsáid mar bhreiseán a bhfuil ullmhóid ann. |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh iarratas isteach chun údarú béite-caraitéine agus údarú ullmhóide arb é atá inti béite-caraitéin a athnuachan mar bhreiseáin bheathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, iarratas inar iarradh go n-aicmeofaí na breiseáin i gcatagóir na mbreiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus san fheidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(4) |
Tháinig an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (‘an tÚdarás’) ar an gconclúid sa tuairim uaidh an 25 Meitheamh 2025 (3) gur sholáthair an t-iarratasóir fianaise go bhfuil úsáid béite-caraitéine agus na hullmhóide arb é atá inti béite-caraitéin arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach fós sábháilte do gach speiceas ainmhíoch agus do thomhaltóirí agus don chomhshaol faoi na coinníollacha a údaraítear faoi láthair. Ina theannta sin, luaigh an tÚdarás, i measc bia-ainmhithe, go bhféadfadh nochtadh breise a bheith mar thoradh ar ae ó laonna laofheola a ithe, mar sin d’fhéadfadh úsáid neamhtheoranta béite-caraitéine mar bhreiseán i mbainne púdrach a bheith ina hábhar imní maidir le sábháilteacht tomhaltóirí. Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid freisin nach greannaitheoir craicinn agus súl ná íogróir craicinn é béite-caraitéin. Léiríodh nach íogróir craicinn é ceann de na hullmhóidí a ndearnadh meastóireacht orthu agus ina raibh 10 % béite-caraitéin. Mar sin féin, níorbh fhéidir teacht ar chonclúidí maidir le sábháilteacht úsáideoirí i gcás ullmhóidí eile. Luaigh an tÚdarás nach n-áirítear san iarratas ar athnuachan an údaraithe togra maidir le coinníollacha an údaraithe bunaidh a leasú ná a fhorlíonadh, ar togra é a mbeadh tionchar aige ar éifeachtúlacht na mbreiseán. Dá bhrí sin, tháinig sé ar an gconclúid nach gá measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na mbreiseán i gcomhthéacs na hathnuachana ar an údarú. Mheas an tÚdarás nach bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. |
|
(5) |
Maidir leis na conclúidí agus na moltaí ar ar thángthas le linn an mheasúnaithe a rinneadh i ndáil leis an modh a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar bhéite-caraitéin mar bhreiseán beathaithe i gcomhthéacs an údaraithe roimhe seo, ba é meas na Saotharlainne Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 go bhfuil na conclúidí agus na moltaí sin bailí agus infheidhme maidir leis an iarratas atá ann faoi láthair. I gcomhréir le hAirteagal 5(4), pointe (c), de Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún (4), níl gá le tuarascáil mheastóireachta ón tSaotharlann Tagartha dá bhrí sin. |
|
(6) |
I bhfianaise an mhéid thuas, measann an Coimisiún go gcomhlíonann béite-caraitéin agus an ullmhóid arb é atá inti béite-caraitéin na coinníollacha dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart údarú na mbreiseán sin a athnuachan. Ina theannta sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte úsáideoirí na mbreiseán a chosc. Measann an Coimisiún freisin, mar gheall ar an riosca do shábháilteacht tomhaltóirí ó ae ó laonna laofheola a ithe, gur cheart uasleibhéal a shocrú le haghaidh laonna. Ba cheart na bearta cosanta sin a bheith gan dochar do cheanglais eile sábháilteachta oibrithe faoi dhlí an Aontais. |
|
(7) |
Mar thoradh ar athnuachan an údaraithe maidir le béite-caraitéin agus an ullmhóid arb é atá inti béite-caraitéin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103 a aisghairm. |
|
(8) |
Ós rud é gur modhnaíodh uimhir aitheantais na mbreiseán agus gur údaraíodh uasleibhéal ciona le haghaidh laonna (bainne púdrach), is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le hidirthréimhse do na páirtithe leasmhara chun iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a eascraíonn as athnuachan an údaraithe a chomhlíonadh. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Athnuachan an Údaraithe
Údarú na substainte agus na hullmhóide a shonraítear san Iarscríbhinn, agus a bhaineann leis an gcatagóir breiseán ‘breiseáin chothaitheacha’ agus leis an bhfeidhmghrúpa ‘vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu’, athnuaitear é faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Aisghairm
Aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103.
Airteagal 3
Bearta idirthréimhseacha
1. An breiseán beathaithe béite-caraitéin, mar a údaraítear é le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103, agus réamh-mheascáin a bhfuil an breiseán sin iontu atá beartaithe lena n-úsáid le haghaidh gach speicis ainmhíoch, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Nollaig 2026 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe.
2. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Meitheamh 2027 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh bia-ainmhithe.
3. Beatha chumaisc agus ábhair bheatha a bhfuil an breiseán beathaithe dá dtagraítear i mír 1 iontu, nithe a tháirgtear agus a lipéadaítear roimh an 18 Meitheamh 2028 i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme roimh an 18 Meitheamh 2026, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh agus dá n-úsáid go dtí go mbeidh na stoic lena mbaineann ídithe i gcás ina mbeidh sé beartaithe iad a úsáid le haghaidh ainmhithe nach bia-ainmhithe iad.
Airteagal 4
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 28 Bealtaine 2026.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2003/1831/oj.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1103 ón gCoimisiún an 8 Iúil 2015 maidir le béite-caraitéin a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch (IO L 181, 9.7.2025, lch. 57, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2015/1103/oj).
(3) EFSA Journal [Iris EFSA] 2025;23:e9549, https://doi.org/10.2903/j.efsa.2025.9549.
(4) Rialachán (CE) Uimh. 378/2005 ón gCoimisiún an 4 Márta 2005 maidir le rialacha mionsonraithe chun Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur chun feidhme a mhéid a bhaineann le dualgais agus cúraimí Shaotharlann Tagartha an Chomhphobail maidir le hiarratais ar údaruithe breiseán beathaithe (IO L 59, 5.3.2005, lch. 8, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2005/378/oj).
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||||||
|
3a160 |
Béite-caraitéin |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Béite-caraitéin Foirm sholadach Ocsaíd trífheiniolfoisfín (TPPO) ≤ 100 mg/kg den bhreiseán. Saintréithriú na substainte gníomhaí Béite-caraitéin C40H56 Uimhir CAS: 7235-40-7 Béite-caraitéin, foirm sholadach, arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach. Critéir íonachta:
Modh anailíse (1) Maidir le béite-caraitéin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le béite-caraitéin i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Laonna (bainne púdrach) |
— |
— |
50 |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe |
— |
— |
— |
|||||||||||||||
|
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
||||||||||||||||||
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm an bhreiseáin |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhíoch |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údarúcháin |
||||||||||||
|
mg de shubstaint ghníomhach/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
||||||||||||||||||||
|
Catagóir na mbreiseán cothaitheach. Feidhmghrúpa: vitimíní, próivitimíní agus substaintí atá dea-shainithe ó thaobh ceimiceán de, a bhfuil éifeacht chomhchosúil acu |
||||||||||||||||||||
|
3a160i |
Béite-caraitéin |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Ullmhóid arb é atá inti béite-caraitéine ina a bhfuil 10 % béite-caraitéine ar a laghad. Foirm sholadach Ocsaíd trífheiniolfoisfín (TPPO) ≤ 100 mg/kg den bhreiseán. Saintréithriú na substainte gníomhaí Béite-caraitéin C40H56 Uimhir CAS: 7235-40-7 Béite-caraitéin, foirm sholadach, arna táirgeadh trí shintéis cheimiceach. Critéir íonachta:
Modh anailíse (2) Maidir le béite-caraitéin sa bhreiseán beathaithe a chinneadh:
Maidir le béite-caraitéin i réamh-mheascáin agus i mbeatha chumaisc a chinneadh:
|
Laonna (bainne púdrach) |
— |
— |
50 |
|
an 18 Meitheamh 2036 |
||||||||||||
|
Speicis agus catagóirí eile ainmhithe |
— |
— |
— |
|||||||||||||||||
|
(2) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse le fáil ar shuíomh na Saotharlainne Tagartha ag an seoladh seo a leanas: https://joint-research-centre.ec.europa.eu/eurl-fa-eurl-feed-additives/eurl-fa-authorisation/eurl-fa-evaluation-reports_ga. |
||||||||||||||||||||
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2026/1148/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)