European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1129

26.5.2026

CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2026/1129 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Bealtaine 2026

lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (1), agus go háirithe Airteagal 14(5) de,

Tar éis dul i gcomhairle leis an mBuanchoiste um Tháirgí Bithicídeacha,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Cuireadh IPBC le hIarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) mar shubstaint ghníomhach lena húsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, de bhun Airteagal 86 de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, measadh é a bheith formheasta go dtí an 30 Meitheamh 2020 faoin Rialachán sin faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE.

(2)

An 20 Nollaig 2018 cuireadh isteach iarratas i gcomhréir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 chun athnuachan a dhéanamh ar an bhformheas maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (‘an t-iarratas’).

(3)

An 11 Aibreán 2019 chuir údarás inniúil meastóireachta na Danmhairge an Coimisiún ar an eolas gur chinn sé, de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, go raibh gá le meastóireacht iomlán ar an iarratas. De bhun Airteagal 8(1) den Rialachán sin, tá an t-údarás inniúil meastóireachta le meastóireacht iomlán a dhéanamh ar an iarratas laistigh de 365 lá tar éis a bhailíochtaithe.

(4)

Féadfaidh an t-údarás inniúil meastóireachta, de réir mar is iomchuí, é a chur de cheangal ar an iarratasóir sonraí leordhóthanacha a sholáthar chun an mheastóireacht a dhéanamh, i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012. Sa chás sin, cuirtear an tréimhse 365 lá ar fionraí ar feadh tréimhse nach faide ná 180 lá ar an iomlán ach amháin má tá údar maith le fionraí níos faide mar gheall ar chineál na sonraí a iarrtar nó mar gheall ar imthosca eisceachtúla.

(5)

Laistigh de 270 lá tar éis don Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (‘an Ghníomhaireacht’) moladh a fháil ón údarás inniúil meastóireachta, tá sí le tuairim maidir le hathnuachan fhormheas na substainte gníomhaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin i gcomhréir le hAirteagal 14(3) de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012.

(6)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1969 ón gCoimisiún (3), cuireadh ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2022 dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 chun go mbeadh am leordhóthanach ann chun scrúdú a dhéanamh ar an iarratas.

(7)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1485 ón gCoimisiún (4), cuireadh ar atráth an athuair go dtí an 31 Iúil 2025 dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 toisc gur ghá don údarás inniúil meastóireachta measúnú a dhéanamh ar shonraí breise a iarradh ar an iarratasóir i ndáil leis na critéir chun airíonna réabtha inchrínigh a chinneadh i gcás orgánaigh nach spriocorgánaigh iad.

(8)

An 25 Feabhra 2025 ghlac an Coiste um Tháirgí Bithicídeacha an tuairim ón nGníomhaireacht (5), ag féachaint do chonclúidí an údaráis inniúil meastóireachta.

(9)

Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/970 ón gCoimisiún (6), cuireadh ar atráth an athuair go dtí an 31 Iúil 2026 dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 agus an t-am is gá chun go ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 á chur san áireamh.

(10)

Le linn an phróisis cinnteoireachta, shainaithin an Coimisiún saincheisteanna maidir le soiléireacht chonclúidí na tuairime ón nGníomhaireacht a mhéid a bhaineann le hairíonna réabtha inchrínigh na substainte a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le héifeachtaí díobhálacha ar an gcomhshaol (orgánaigh nach spriocorgánaigh iad). De bhun Airteagal 75(1), an dara fomhír, pointe (g), de Rialachán (AE) Uimh. 528/2012, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún a iarraidh ar an nGníomhaireacht athbhreithniú a dhéanamh ar an tuairim uaithi agus na codanna a bhaineann leis an measúnú ar airíonna réabtha inchrínigh IPBC a shoiléiriú i ndáil le horgánaigh nach spriocorgánaigh iad.

(11)

Dá bhrí sin, ar chúiseanna nach bhfuil neart ag an iarratasóir orthu, is dócha go rachaidh an formheas in éag sula ndéanfar cinneadh maidir lena athnuachan. Dá bhrí sin, is iomchuí dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair go ceann tréimhse is gá chun dul i gcomhairle an athuair leis an nGníomhaireacht agus chun cinnteoireacht an Choimisiúin a thabhairt chun críche i dtaobh an ndéanfar athnuachan ar an bhformheas maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8. Dá bhrí sin, ba cheart an dáta éaga a chur ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2027.

(12)

Tar éis dáta éaga an fhormheasa a chur ar atráth an athuair, beidh IPBC formheasta go fóill lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 98/8/CE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 a leagtar amach i gCinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/970, cuirtear ar atráth go dtí an 31 Nollaig 2027 é.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 22 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj.

(2)  Treoir 98/8/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 1998 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar an margadh (IO L 123, 24.4.1998, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/1998/8/oj).

(3)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1969 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2019 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 (IO L 307, 28.11.2019, lch. 45; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2019/1969/oj).

(4)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1485 ón gCoimisiún an 7 Meán Fómhair 2022 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 233, 8.9.2022, lch. 81; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2022/1485/oj).

(5)  Tuairim ón gCoiste um Tháirgí Bithicídeacha ar an iarratas maidir le formheas na substainte gníomhaí a athnuachan: búitiolcarbamáit 3-iada-2-próipinile, Cineál táirge: 8, ECHA/BPC/459/2025, a glacadh an 25 Feabhra 2025.

(6)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2025/970 ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2025 lena gcuirtear ar atráth dáta éaga an fhormheasa maidir le IPBC lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 8 i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L, 2025/970, 23.5.2025; ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2025/970/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2026/1129/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)