European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1123

27.5.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1123 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Bealtaine 2026

lena leagtar síos ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 547/2011

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 65(1) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 ón gCoimisiún (2) tá ceanglais maidir le lipéadú táirgí cosanta plandaí, lena n-áirítear frásaí caighdeánacha maidir le rioscaí speisialta do shláinte an duine nó do shláinte ainmhithe agus maidir le réamhchúraimí sábháilteachta le haghaidh chosaint shláinte an duine nó sláinte ainmhithe nó an chomhshaoil chomh maith leis na critéir shannta le haghaidh na bhfrásaí caighdeánacha agus na réamhchúraimí sábháilteachta sin.

(2)

Tá leasú déanta ar na ceanglais lipéadaithe le haghaidh substaintí agus meascáin a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) le Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún (4) agus le Rialachán (AE) 2024/2865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5). Chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú Rialachán (CE) 1107/2009 agus Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) a éascú, ba cheart eilimintí áirithe de na ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí a ailíniú leis na ceanglais lipéadaithe nua is infheidhme faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(3)

De bhun Airteagal 65(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní mór do na Ballstáit fógra a thabhairt do na Ballstáit eile agus don Choimisiún faoi na frásaí lipéadaithe náisiúnta breise is gá chun sláinte an duine nó sláinte ainmhithe nó an comhshaol a chosaint ina gcríocha féin. Tá fógra tugtha ag na Ballstáit faoi fhrásaí breise lena gceanglaítear trealamh cosanta pearsanta agus trealamh teicniúil sonrach le haghaidh cúraimí sonracha. Ina theannta sin, tá fógra tugtha ag na Ballstáit faoi fhrásaí ina bhfuil bearta maolaithe riosca chun aghaidh a thabhairt ar a n-imthosca sonracha comhshaoil nó talmhaíochta de bhun Airteagal 36(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tá na frásaí breise mar a d’fhógair na Ballstáit tiomsaithe ag an gCoimisiún agus rinne sé iad a mheas lena n-áireamh sa Rialachán seo.

(4)

Ní raibh na critéir shannta a bhaineann le cuid de na frásaí caighdeánacha i Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 nasctha le toradh an mheasúnaithe riosca. Chun obair na mbainisteoirí riosca sna Ballstáit a éascú, ba cheart frásaí caighdeánacha a shannadh do lipéad na dtáirgí cosanta plandaí dá bhfuil sé léirithe sa mheasúnú riosca gur cheart srianta úsáide nó bearta sonracha maolaithe riosca a chur i bhfeidhm maidir leo chun sláinte an duine (oibreoirí, oibrithe, daoine atá ar an láthair agus cónaitheoirí) nó an comhshaol a chosaint. Ina theannta sin, frásaí eile a bhfuil sé d’aidhm acu dea-chleachtais talmhaíochta shonracha a chur in iúl agus toitreáin, creimiricídí nó táirgí le haghaidh úsáid cóireála síolta á n-úsáid, déantar na frásaí sin a chatagóiriú freisin. An tráth céanna, ba cheart do na Ballstáit beachtas forlíontach a sholáthar a bhaineann leis na bearta maolaithe riosca arna sainaithint ag na bainisteoirí riosca agus táirge cosanta plandaí á údarú acu de bhun Airteagal 36(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, i spásanna nó in ionadchoinneálaithe atá sna frásaí caighdeánacha sin chun na críche sin.

(5)

I gcás catagóirí áirithe táirgí cosanta plandaí, ba cheart frásaí réamhchúraim sonracha agus dea-chleachtais talmhaíochta a shannadh go córasach, agus ba cheart an méid sin a bheith neamhspleách ar thoradh an mheasúnaithe riosca.

(6)

D’fhéadfadh lipéid dhigiteacha feabhas a chur ar chur in iúl na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le táirgí cosanta plandaí agus d’fhéadfadh siad buntáistí a chur ar fáil d’úsáideoirí amhail clónna níos mó, uathchuardach, cúnamh gutha nó aistriúchán go teangacha eile. Thairis sin, d’fhéadfadh lipéid dhigiteacha ar tháirgí cosanta plandaí feabhas a chur ar an aistriú chuig talmhaíocht dhigiteach agus ar ghlacadh teicnící beachtleata, rud a d’fhágfadh go bhféadfaí na coinníollacha údaraithe úsáide a aistriú chun innealra leata, léarscáileanna áitiúla, nó stáisiúin aimsire a chumhdach, chomh maith leis an tuairisciú a shimpliú i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/564 ón gCoimisiún (7). Dá bhrí sin, is iomchuí lipéad digiteach a cheangal le haghaidh táirgí cosanta plandaí, sa bhreis ar an lipéad fisiceach, agus ceanglais a leagan síos a mhéid a bhaineann leis na lipéid dhigiteacha.

(7)

Mar riail ghinearálta, ba cheart na heilimintí céanna a bheith ar lipéad fisiceach agus digiteach táirge cosanta plandaí, rud a léireodh inneachar an údaraithe a deonaíodh, agus ba cheart solúbthacht theoranta a bheith ann le linn tréimhsí cairde de bhun Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(8)

Is iomchuí úsáid lipéad aisfhillteach a cheadú le haghaidh táirgí cosanta plandaí, agus, i gcás pacáistí beaga, an fhéidearthacht an lipéad a sholáthar i bhformáid bhileoige a ghabhann leis an bpacáiste. I gcás lipéid aisfhillteacha, ba cheart feidhm a bheith ag na rialacha is infheidhme maidir le cur i láthair na lipéad aisfhillteach faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

(9)

Tar éis theacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2024/1487 ón gCoimisiún (8), beidh teorantóirí agus sineirgígh atá ar an margadh faoi réir formheas ar leibhéal an Aontais faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Is iomchuí, dá bhrí sin, go sonrófaí ar an lipéad ainm an teorantóra/na dteorantóirí agus an tsineirgígh/na sineirgíoch atá formheasta faoin Rialachán sin agus atá i dtáirge cosanta plandaí, mar aon le hainm a dtiúchana faoi seach.

(10)

De bhun Airteagal 55 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní mór prionsabail na bainistíochta comhtháite lotnaidí a chur i bhfeidhm chun an úsáid cheart a bhaint as táirge cosanta plandaí. Dá bhrí sin, chun a mheabhrú d’úsáideoirí an oibleagáid prionsabail na bainistíochta comhtháite lotnaidí a chur i bhfeidhm, ba cheart frása caighdeánach sonrach a bheith ar lipéad na dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear d’úsáideoirí gairmiúla.

(11)

Ba cheart do lipéad an táirge úsáideoirí gairmiúla a chur ar an eolas faoi choinníollacha úsáide an táirge cosanta plandaí údaraithe, lena n-áirítear an fhéidearthacht teicnící beachtleata a úsáid. Leis na teicnící sin cuirtear ar a gcumas do na húsáideoirí na táirgí cosanta plandaí údaraithe a chur i bhfeidhm ar bhealach níos beaichte agus níos cruinne i gcomparáid le gnáth-threalamh leata. Leis na teicnící sin is féidir cion an táirge cosanta plandaí a leatar in aghaidh an heicteáir a laghdú, agus an ráta leata a údaraítear a choinneáil ar bun ar na spriocdhromchlaí an tráth céanna. D’fhéadfadh teicnící beachtleata cur le laghdú foriomlán ar nochtadh an chomhshaoil do tháirgí cosanta plandaí agus d’fhéadfadh siad úsáid níos éifeachtúla, níos spriocdhírithe agus níos inbhuanaithe na dtáirgí sin a spreagadh.

(12)

Chun dramhaíl ó dhiúscairt phacáistíocht na dtáirgí cosanta plandaí a chosc, agus ní hamháin ó dhiúscairt na dtáirgí cosanta plandaí iad féin, ba cheart frásaí caighdeánacha maidir lena ndiúscairt shábháilte a shuí.

(13)

Chun feabhas a chur ar an gcumarsáid leis an úsáideoir maidir le táirgí cosanta plandaí a d’fhéadfadh a bheith guaiseach do bheacha, ba cheart frása sonrach agus picteagram sonrach a shuí.

(14)

I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún (9) agus leis na prionsabail aonfhoirmeacha a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 ón gCoimisiún (10), measfar gur íogróirí féideartha iad na miocrorgánaigh uile go dtí go mbeidh tástálacha bailíochtaithe ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar a n-íogrú. Dá bhrí sin, ba cheart abairt réamhchúraim shonrach a shuí chun rabhadh a thabhairt maidir leis an bhféidearthacht go bhféadfadh miocrorgánaigh a bheith ina gcúis le frithghníomhuithe íogrúcháin.

(15)

Ní mór úsáideoirí deiridh síolta cóireáilte a chur ar an eolas faoi na rioscaí a d’fhéadfadh teacht as síolta cóireáilte a shíolú, arb é an táirge/na táirgí cosanta plandaí a úsáideadh chun na síolta a chóireáil is cúis leo. Ós rud é nach mbíonn rochtain i gcónaí ag úsáideoir deiridh na síolta cóireáilte ar lipéad an táirge/na dtáirgí cosanta plandaí lena gcóireáiltear na síolta, ba cheart frásaí caighdeánacha áirithe chun bearta maolaithe riosca a chur in iúl agus na síolta cóireáilte á láimhseáil nó á síolú a bheith ar lipéad an táirge/na dtáirgí cosanta plandaí agus ar an lipéad agus ar na doiciméid a ghabhann leis na síolta cóireáilte i gcomhréir le hAirteagal 49(4) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(16)

Chun uirlisí leordhóthanacha a sholáthar do na Ballstáit chun trádáil táirgí cosanta plandaí neamhdhleathacha a chomhrac, is iomchuí ceanglas lipéadaithe sonrach a shuí le haghaidh táirgí cosanta plandaí atá faoi réir cead trádála comhthreomhaire a dheonaítear faoi Airteagal 52 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. I gcomhréir leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i gCás C-830/21, Syngenta Agro (11), ba cheart a shoiléiriú gur cheart baiscuimhir an fhoirmlithe lena mbaineann arna leithdháileadh ag an monaróir tosaigh, uimhir an cheada agus ainm agus seoladh shealbhóir an cheada a bheith ar lipéad táirge arna thrádáil go comhthreomhar.

(17)

De bhun Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, is féidir táirgí cosanta plandaí a úsáid chun críocha taighde nó forbartha. Ós rud é nach bhfuil údarú ag teastáil le haghaidh na dtáirgí sin, agus chun treoracha sábháilteachta a sholáthar do thaighdeoirí, ba cheart ceanglais áirithe maidir le lipéadú táirgí cosanta plandaí atá le húsáid chun na gcríoch sin a choinneáil ar bun.

(18)

Chun a áirithiú go mbeidh am leordhóthanach ag údaráis inniúla, sealbhóirí údaruithe, soláthróirí agus úsáideoirí gairmiúla nó neamhghairmiúla oiriúnú do na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo, ba cheart dáta a chur i bhfeidhm a chur siar.

(19)

Ina theannta sin, ba cheart beart idirthréimhseach a thabhairt isteach chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme de réir a chéile na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo tráth a dhéanfar údaruithe nua ar tháirgí cosanta plandaí agus tráth a dhéanfar údaruithe ar tháirgí cosanta plandaí a athnuachan. Ós rud é nach mór dréachtlipéad a chur isteach in iarratais ar an gcineál sin údaraithe nó athnuachana, ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart idirthréimhseach seo i gcás inar cuireadh an t-iarratas ábhartha isteach roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. I gcás nach mór lipéad na dtáirgí cosanta plandaí sin a leasú nó a thabhairt cothrom le dáta, áfach, ba cheart feidhm a bheith ag cuid de na ceanglais nua a leagtar amach sa Rialachán seo maidir leis an lipéad leasaithe gan fanacht leis an gcéad athnuachan eile ar an údarú.

(20)

Mar gheall ar an líon ard leasuithe agus ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 a aisghairm agus Rialachán nua a chur ina ionad.

(21)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Rialacha ginearálta

1.   Soláthrófar na heilimintí lipéid dá dtagraítear in Airteagail 3, 4, 5, 6, 7 agus 10 den Rialachán seo ar lipéad i bhfoirm fhisiceach (‘lipéad fisiceach’) agus i bhfoirm dhigiteach (‘lipéad digiteach’).

2.   Áiritheoidh sealbhóir an údaraithe nó sealbhóir an cheada táirge cosanta plandaí go mbeidh na heilimintí céanna ar lipéad fisiceach agus digiteach an táirge cosanta plandaí. Leis na heilimintí sin léireofar inneachar an údaraithe lena mbaineann a deonaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

3.   De mhaolú ar mhír 2, i gcás ina leasaítear údarú táirge cosanta plandaí agus ina ndeonaítear tréimhse chairde faoi Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfar a lipéad digiteach a thabhairt cothrom le dáta i gcomhréir leis an údarú leasaithe roimh dheireadh na tréimhse cairde sin.

4.   Féadfar an lipéad fisiceach a chur i láthair mar lipéad aisfhillteach. Sa chás sin, beidh feidhm mutatis mutandis ag roinn 1.2.1.6 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

5.   I gcás pacáistí beaga, féadfar an fhaisnéis a cheanglaítear le pointe (j) go pointe (s) d’Iarscríbhinn I a léiriú ar bhileog ar leithligh a ghabhann leis an bpacáiste. Measfar gur cuid den lipéad fisiceach an bhileog sin.

6.   Féadfaidh sealbhóir an údaraithe nó sealbhóir an cheada táirge cosanta plandaí faisnéis bhreise a chur ar an lipéad fisiceach agus digiteach, ar choinníoll go bhfuil sí i gcomhréir le hinneachar an údaraithe lena mbaineann a deonaíodh i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 2

An lipéad digiteach

1.   Ar an lipéad fisiceach, priontálfar iompróir sonraí, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (39), de Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008, a nascann leis an lipéad digiteach.

2.   Beidh an lipéad digiteach inrochtana gan gá le cuntas agus beidh sé saor in aisce.

3.   Ar tháirge cosanta plandaí a tharraingt siar ón margadh nó, i gcás inarb infheidhme, ag deireadh na tréimhse cairde dá dtagraítear in Airteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, déanfar a lipéad digiteach a dhíghníomhachtú, nó beidh ráiteas soiléir le feiceáil ag an úsáideoir lena gcuirtear in iúl nach bhfuil an táirge údaraithe a thuilleadh sa Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 3

Faisnéis faoi shainaithint an táirge cosanta plandaí agus faoi choinníollacha a úsáide

Beidh faisnéis ar lipéad táirge cosanta plandaí faoi shainaithint an táirge cosanta plandaí agus faoi choinníollacha a úsáide mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Airteagal 4

Frásaí caighdeánacha maidir le diúscairt shábháilte

Beidh frásaí caighdeánacha ar lipéad táirge cosanta plandaí maidir le coimeádán an táirge cosanta plandaí a dhiúscairt go sábháilte mar a leagtar amach in Iarscríbhinn II, i gcás inar gá sin de réir na gcritéar sannta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

Airteagal 5

Frásaí caighdeánacha agus picteagram maidir le guaiseacha a chur in iúl

1.   Beidh frásaí caighdeánacha ar lipéad táirge cosanta plandaí maidir le guaiseacha a chur in iúl mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i gcás inar gá sin de réir na gcritéar sannta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   Beidh frása caighdeánach agus picteagram ar lipéad táirge cosanta plandaí chun an ghuais a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an táirge do bheacha a chur in iúl, mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III, i gcás inar gá sin de réir na gcritéar sannta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

3.   Beidh frása caighdeánach ar lipéad táirge cosanta plandaí ina bhfuil miocrorgánaigh mar shubstaint ghníomhach chun a chur in iúl go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhuithe íograithe mar a leagtar amach in Iarscríbhinn IV.

Airteagal 6

Frásaí caighdeánacha maidir le bearta maolaithe riosca

1.   Beidh frásaí caighdeánacha ar lipéad táirge cosanta plandaí maidir le bearta maolaithe riosca mar a leagtar amach in Iarscríbhinn V, i gcás inar gá sin de réir na gcritéar sannta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin.

2.   Éileoidh na húdaráis inniúla, más gá, beachtas breise sna frásaí caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V i gcás ina léiríonn na hionadchoinneálaithe nó na spásanna an rogha é sin a dhéanamh.

Airteagal 7

Frásaí caighdeánacha a bhaineann le síolta cóireáilte a shíolú

1.   Na frásaí caighdeánacha a bhaineann le síolta cóireáilte a shíolú agus atá i roinn 7.2 d’Iarscríbhinn V, cuirfear iad, i gcás inar gá sin de réir na gcritéar sannta a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ar lipéad an táirge cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáidí cóireála síolta agus ar an lipéad agus na doiciméid a ghabhann leis na síolta cóireáilte.

2.   I gcás inarb ábhartha, ar an lipéad agus ar na doiciméid a ghabhann leis na síolta cóireáilte beidh frásaí breise ó lipéad an táirge cosanta plandaí a bhaineann le bearta maolaithe riosca freisin.

3.   Éileoidh na húdaráis inniúla, más gá, beachtas breise sna frásaí caighdeánacha a leagtar amach in Iarscríbhinn V i gcás ina léiríonn na hionadchoinneálaithe nó na spásanna an rogha é sin a dhéanamh.

Airteagal 8

Faisnéis mhíthreorach ar an lipéad

Ní thaispeánfar ráitis mhíthreoracha ar lipéad táirge cosanta plandaí, go háirithe ráitis a thugann le tuiscint go bhfuil an táirge cosanta plandaí neamhghuaiseach nó ráitis nach bhfuil comhsheasmhach le haicmiú an táirge cosanta plandaí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 nó nach bhfuil comhsheasmhach le hinneachar an údaraithe a deonaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

Airteagal 9

Teanga

Beidh an lipéad scríofa i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla an Bhallstáit ina gcuirfear an táirge cosanta plandaí ar an margadh mura bhforálfaidh an Ballstát lena mbaineann a mhalairt.

Airteagal 10

Táirgí a thrádáiltear go comhthreomhar

1.   Beidh na heilimintí breise seo a leanas ar lipéad táirge cosanta plandaí ar deonaíodh cead trádála comhthreomhaire ina leith i mBallstát amháin (an Ballstát a thugann isteach an táirge) faoi Airteagal 52 de Rialachán (CE) 1107/2009:

(a)

uimhir an cheada;

(b)

ainm, seoladh agus uimhir theileafóin shealbhóir an cheada. Féadfar é sin a chur in ionad ainm, sheoladh agus uimhir theileafóin shealbhóir an údaraithe sa Bhallstát tionscnaimh.

2.   Is éard a bheidh i mbaiscuimhir an táirge cosanta plandaí an bhaiscuimhir a leithdháileann monaróir an táirge cosanta plandaí a údaraítear sa Bhallstát tionscnaimh.

Airteagal 11

Táirgí cosanta plandaí lena n-úsáid le haghaidh taighde agus forbartha

1.   De mhaolú ar Airteagail 1 go 7 den Rialachán seo, lipéad táirge cosanta plandaí atá le húsáid le haghaidh turgnamh nó tástálacha chun críoch taighde nó forbartha, dá bhforáiltear in Airteagal 54 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, ní chomhlíonfaidh sé, i gcás inarb ábhartha, ach pointí (c), (d), (e) agus (k) d’Iarscríbhinn I.

2.   Ar an lipéad beidh faisnéis maidir leis na coinníollacha sonracha a fhorchuirtear ar bhonn Airteagal 54(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus na focail ‘táirge atá beartaithe le haghaidh úsáid thurgnamhach, gan saintréithriú iomlán déanta air, bí an-chúramach leis’.

Airteagal 12

Bearta idirthréimhseacha

1.   Beidh feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 go fóill maidir le lipéad na dtáirgí cosanta plandaí ar deonaíodh an t-údarú nó an athnuachan is déanaí ar an údarú faoi Rialachán (CE) 1107/2009 ina leith ar bhonn iarratas a cuireadh isteach roimh an 1 Eanáir 2028.

2.   De mhaolú ar mhír 1, i gcás nach mór lipéad an táirge cosanta plandaí lena mbaineann a leasú tar éis an 1 Eanáir 2028, beidh lipéad digiteach dá dtagraítear in Airteagal 2 ar lipéad leasaithe an táirge cosanta plandaí sin.

3.   De mhaolú ar mhír 1, d’fhéadfadh lipéad táirgí cosanta plandaí roinnt de cheanglais an Rialacháin seo, nó iad ar fad, a chomhlíonadh cheana féin. Sa chás sin, ar an lipéad tugtha cothrom le dáta beidh lipéad digiteach ar a laghad dá dtagraítear in Airteagal 2.

4.   De mhaolú ar mhír 1, faoin 1 Eanáir 2030 ar a dhéanaí, beidh lipéad digiteach dá dtagraítear in Airteagal 2 ar gach lipéad táirgí cosanta plandaí.

Airteagal 13

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 547/2011.

Forléireofar tagairtí don Rialachán aisghairthe mar thagairtí don Rialachán seo.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2028.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 547/2011 ón gCoimisiún an 8 Meitheamh 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le ceanglais lipéadaithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí (IO L 155, 11.6.2011, lch. 176, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/547/oj).

(3)  Rialachán (CE) uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(4)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2023/707 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2022 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a mhéid a bhaineann le haicmí guaise agus critéir maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L 93, 31.3.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2023/707/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2024/2865 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2024 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán (IO L, 2024/2865, 20.11.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2865/oj).

(6)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2017/625/oj).

(7)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/564 ón gCoimisiún an 10 Márta 2023 a mhéid a bhaineann le hinneachar agus formáid na dtaifead a choinníonn úsáideoirí gairmiúla ar tháirgí cosanta plandaí de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 74, 13.3.2023, lch. 4, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/564/oj).

(8)  Rialachán (AE) 2024/1487 ón gCoimisiún an 29 Bealtaine 2024 lena sainmhínítear na ceanglais sonraí maidir le formheas teorantóirí agus sineirgíoch agus lena mbunaítear clár oibre chun athbhreithniú a dhéanamh de réir a chéile ar theorantóirí agus ar shineirgígh atá ar an margadh (IO L, 2024/1487, 30.5.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1487/oj).

(9)  Rialachán (AE) Uimh. 283/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le substaintí gníomhacha, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/283/oj).

(10)  Rialachán (AE) Uimh. 546/2011 ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le prionsabail aonfhoirmeacha chun measúnú agus údarú a dhéanamh ar tháirgí cosanta plandaí (IO L 155, 11.6.2011, lch. 127, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/546/oj).

(11)  Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 7 Nollaig 2023, Syngenta Agro, C-830/21, ECLI:EU:C:2023:959.


IARSCRÍBHINN I

FAISNÉIS FAOI SHAINAITHINT AN TÁIRGE COSANTA PLANDAÍ AGUS FAOI CHOINNÍOLLACHA A ÚSÁIDE

1.   FAISNÉIS FAOI SHAINAITHINT TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ

(a)

Trádainm nó an trádainm atá beartaithe.

(b)

Uimhir údaraithe an táirge cosanta plandaí.

(c)

Ainm, seoladh agus uimhir theileafóin shealbhóir an údaraithe agus, más éagsúil, ainm agus seoladh na cuideachta a chuireann an táirge ar an margadh.

(d)

An cineál foirmlithe (mar shampla: púdar infhliuchta, tiúchan ineiblithe).

(e)

Ainm agus tiúchan na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha atá sa táirge cosanta plandaí.

Ainm gach substainte gníomhaí mar ghnáthainm arna shloinneadh mar a fhoráiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (1) agus léiriú soiléir ar an bhfoirm cheimiceach, nó mura dtugtar sin, a gnáthainm ISO. Mura bhfuil an dara rogha ar fáil, ainmneofar an tsubstaint ghníomhach trína hainmniú ceimiceach de réir rialacha IUPAC.

I gcás inar miocrorgánach í an tsubstaint ghníomhach, ainm an tréithchineáil fhormheasta dá bhforáiltear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus aon ainmniúchán eile a d’fhéadfadh a bheith ábhartha chun an miocrorgánach a shainaithint (mar shampla, leibhéal aonraígh, más ábhartha do víris).

Tiúchan gach substainte gníomhaí arna sloinneadh mar a leanas:

i gcás substaintí gníomhacha ceimiceacha i bhfoirmlithe ar solaid, aerasóil, leachtanna so-ghalaithe (uasphointe fiuchta 50 °C) nó leachtanna slaodacha iad (íosteorainn 1 Pa s ag 20 °C), sloinnfear mar % w/w agus g/kg iad.

i gcás substaintí gníomhacha ceimiceacha i bhfoirmlithe leachtanna/glóthaí eile, sloinnfear mar % w/w agus g/l iad.

i gcás substaintí gníomhacha ceimiceacha i bhfoirmlithe ar gáis iad, sloinnfear mar % v/v (ag brú atmaisféarach) agus % w/w iad.

i gcás substaintí gníomhacha ar miocrorgánaigh iad:

an líon aonad gníomhach in aghaidh thoirt nó mheáchan an táirge cosanta plandaí, mar shampla, aonaid déanta coilíneachta nó aonaid idirnáisiúnta in aghaidh thoirt nó mheáchan an táirge, nó aon bhealach eile is ábhartha maidir leis an ngníomhaíocht cosanta plandaí

agus meáchan na substainte gníomhaí de réir thoirt nó mheáchan na dtáirgí cosanta plandaí, más infheidhme.

(f)

Ainm agus tiúchan an teorantóra/na dteorantóirí agus an tsineirgígh/ na sineirgíoch atá sa táirge cosanta plandaí.

(g)

Glanchainníocht an táirge cosanta plandaí arna tabhairt in:

g nó kg i gcás foirmlithe soladacha

ml nó l i gcás foirmlithe leachtacha (ag teocht an tseomra)

g, kg, ml nó l i gcás gás (arna dtomhas ag brú atmaisféarach agus ag teocht an tseomra).

(h)

Baiscuimhir an fhoirmlithe agus dáta a mhonaraithe.

Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a chur ach ar phacáistíocht an táirge cosanta plandaí.

Beidh an méid seo a leanas ar lipéad digiteach an táirge cosanta plandaí: ‘Féach baiscuimhir an fhoirmlithe agus an dáta monaraithe a shonraítear ar lipéad fisiceach nó ar phacáistíocht an táirge cosanta plandaí.’.

(i)

Faisnéis maidir le garchabhair.

Féadfar an fhaisnéis sin a chur ar phacáistíocht an táirge cosanta plandaí freisin.

2.   COINNÍOLLACHA ÚSÁIDE AN TÁIRGE COSANTA PLANDAÍ

(j)

Catagóirí na n-úsáideoirí a gceadaítear dóibh an táirge cosanta plandaí a úsáid, i gcás ina bhfuil a n-úsáid teoranta do chatagóirí áirithe.

(k)

Cineál gníomhaíochta an táirge cosanta plandaí (mar shampla: feithidicíd, rialtóir fáis, luibhicíd, fungaicíd) agus i gcás inarb ábhartha an lotnaid/na lotnaidí atá le rialú. Má tá sé ar fáil agus más ábhartha, modh gníomhaíochta na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha i gcomhréir le Cóid na gCoistí Frithsheasmhachta (2).

Féadfar téarmaí tuairisciúla a úsáid sa ráiteas sin amhail ‘maraíonn’, ‘rialaíonn’, ‘ruaigeann’, ‘díthíonn’.

(l)

Barr/barra, i gcás inarb ábhartha, céim/céimeanna fáis plandaí i gcomhréir leis an monagraf BBCH (3), nó cásanna/úsáid nó úsáidí talún (4) a bhfuil an táirge cosanta plandaí údaraithe ina leith.

(m)

Coinníollacha úsáide a bhfuil an táirge cosanta plandaí údaraithe ina leith. I gcás inarb ábhartha, ba cheart aon sonraíocht eile maidir leis an modh leata a cheanglaítear san údarú a lua.

Beidh an méid seo a leanas ar lipéad na dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear d’úsáideoirí gairmiúla:

‘Le húsáid i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta a bhaineann le bainistiú comhtháite lotnaidí’.

(n)

An ráta dáileoige lena n-áirítear an t-uasráta in aghaidh an leata, i gcás inarb infheidhme, an t-íosráta in aghaidh an leata freisin, an t-uaslíon leata, faisnéis maidir leis an séasúr tráth an leata agus an t-eatramh idir gach leathadh.

I gcás inarb ábhartha, beidh an méid seo a leanas ar lipéad an táirge cosanta plandaí atá teoranta d’úsáideoirí gairmiúla:

‘Nuair a úsáidtear trealamh lena méadaítear beachtas agus cruinneas an leata i gcomparáid le gnáth-threalamh leata, ceadaítear laghduithe ar an táirge cosanta plandaí a leatar in aghaidh an heicteáir má choinnítear an ráta leata údaraithe ar na spriocdhromchlaí.’

(o)

I gcás inarb ábhartha, sonrófar an t-eatramh sábháilteachta, an t-eatramh athiontrála agus an t-eatramh aistarraingthe is gá chun íoslaghdú a dhéanamh ar iarmhair a bheith i mbarra, i bplandaí agus i dtáirgí plandaí nó orthu, nó i limistéir nó spásanna cóireáilte, d’fhonn daoine, ainmhithe agus an comhshaol a chosaint, amhail:

an t-eatramh réamhbhuana

an t-eatramh athiontrála (i laethanta) le haghaidh beostoic chuig limistéir atá le hinnilt

an t-eatramh athiontrála (in uaireanta nó laethanta) le haghaidh daoine chuig barra, foirgnimh nó spásanna cóireáilte

an t-eatramh aistarraingthe (i laethanta) le haghaidh ábhar beatha d’ainmhithe agus le haghaidh úsáidí iarbhuana

an tréimhse feithimh (i laethanta) idir leathadh agus táirgí cóireáilte a láimhseáil.

(p)

Srianta/cleachtais feirmeoireachta shonracha arna socrú ag na húdaráis inniúla agus an táirge cosanta plandaí á údarú acu agus coinníollacha áitiúla sonracha á gcur san áireamh.

(q)

Mionsonraí maidir le fíteatocsaineacht fhéideartha, soghabháltacht chineáil, agus aon fho-éifeacht dhíobhálach dhíreach nó indíreach eile ar phlandaí nó ar tháirgí de bhunadh plandaí mar aon leis na heatraimh atá le hurramú idir leathadh agus síolú nó plandú na nithe seo a leanas:

an barr atá i gceist, nó

barra comharbais agus barra cóngaracha.

(r)

Dálaí stórála iomchuí (mar shampla: bogthaise, teocht stórála, nochtadh an phacáiste do sholas) agus diúscairt shábháilte an táirge cosanta plandaí agus na pacáistíochta de réir na bhforálacha sonracha arna socrú ag na Ballstáit má tá siad sin éagsúil leis na frásaí caighdeánacha in Iarscríbhinn II.

(s)

I gcás ina meastar gur gá sin, dáta éaga an táirge cosanta plandaí.

Ní fhéadfar an fhaisnéis sin a chur ach ar phacáistíocht an táirge cosanta plandaí.

Beidh an méid seo a leanas ar lipéad digiteach an táirge cosanta plandaí: ‘Féach an dáta éaga a shonraítear ar lipéad fisiceach nó ar phacáistíocht an táirge cosanta plandaí.’.


(1)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an liosta de shubstaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2011/540/oj).

(2)  An Coiste Gníomhaíochta Frithsheasmhachta um luibhicídí (HRAC), feithidicídí (IRAC) agus fungaicídí (FRAC).

(3)  Meier, Uwe, ed. Growth stages of mono- and dicotyledonous plants. Monagraf BBCH. Quedlinburg 2018. Open Agrar Repositorium. doi: 10.5073/20180906-074619 ISBN: 978-3-95547-071-5.

(4)  Tagraíonn sé do limistéir nach limistéir thalmhaíochta iad: foraoisí, spásanna poiblí, iarnróid, etc.


IARSCRÍBHINN II

FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LEIS NA TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ AGUS A gCOIMEÁDÁN (SD) A DHIÚSCAIRT GO SÁBHÁILTE AGUS CRITÉIR SHANNTA

SD 1: Ná húsáid an coimeádán an athuair.

Sannfar an frása seo do gach táirge cosanta plandaí.

SD 2: Chun an comhshaol uisceach a chosaint, lena n-áirítear screamhuisce, ná glan trealamh leata gar d’uisce dromchla.

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása seo don táirge cosanta plandaí. Sannfar an frása sin do tháirgí cosanta plandaí a aicmítear mar tháirgí guaiseacha don chomhshaol uisceach de réir Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008.

I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí faisnéis de réir na bhforálacha náisiúnta arna leagan síos ag na Ballstáit maidir le diúscairt táirgí agus a bpacáistíochta a chur leis an bhfrása.

SD 3: Rinseáil an coimeádán le huisce trí huaire roimh a dhiúscairt.

I gcás inarb ábhartha, ní shannfar an frása sin ach do tháirgí cosanta plandaí a sholáthraítear i gcoimeádáin in-nite.

I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí faisnéis de réir na bhforálacha náisiúnta arna leagan síos ag na Ballstáit maidir le diúscairt táirgí agus a bpacáistíochta a chur leis an bhfrása.


IARSCRÍBHINN III

FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE GUAISEACHA A CHUR IN IÚL AGUS CRITÉIR SHANNTA

1.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE GUAISEACHA DO SHLÁINTE AN DUINE (RSh) AGUS CRITÉIR SHANNTA

RSh 1: D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le fóta-íogrú.

Sannfar an frása i gcás ina mbíonn fianaise shoiléir ann ó chórais thurgnamhacha nó ó nochtadh daonna doiciméadaithe go léiríonn an táirge cosanta plandaí éifeachtaí fóta-íograithe. Beidh feidhm ag an bhfrása sin freisin maidir le táirgí cosanta plandaí a bhfuil substaint ghníomhach nó comhábhar foirmlithe iontu a léiríonn éifeachtaí fóta-íograithe i ndaoine má tá an comhábhar fóta-íograithe seo sa táirge ábhartha ag tiúchan 1 % (w/w) nó níos airde.

RSh 2: Bíonn teagmháil le gal ina cúis le dónna craicinn agus damáiste don tsúil agus bíonn teagmháil le leacht ina cúis le reo.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a fhoirmlítear mar ghás leachtaithe, i gcás inarb iomchuí, mura sanntar ráitis ghuaise H314 nó H281 dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 dó.

2.   FRÁSA CAIGHDEÁNACH MAIDIR LE GUAISEACHA DO BHEACHA (RShb), PICTEAGRAM AGUS CRITÉIR SHANNTA

RShb: Guaiseach do bheacha.

Image 1

Sannfar an frása agus an picteagram d’aon táirge cosanta plandaí:

a bhfuil gá le tástáil chaighdeánach (1) le haghaidh géarthocsaineacht teagmhála nó géarthocsaineacht bhéil ina leith maidir le beacha meala fásta, bumbóga nó beacha aonair de réir Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún (2) agus a léiríonn go bhfuil an géarluach LD50 (dáileog mharfach) cothrom le 11 μg d’fhoirmliú/beach nó faoina bhun sin. I gcás ina bhfuil níos mó ná luach LD50 amháin don fhoirmliú ar fáil, is é an ceann a léiríonn an LD50 is ísle a mheasfar, nó

dá bhfuil aon cheann de na frásaí Pb 1, SPb 2, SPb 3, SPb 4 agus SPb 5 de Roinn 4.1 d’Iarscríbhinn V sannta.

Taispeánfar an frása agus an picteagram ar an lipéad in éineacht leis na frásaí SPb mar a leagtar amach i Roinn 4.1 d’Iarscríbhinn V.

Formáid an phicteagraim guaise:

(a)

Beidh cruth triantáin chomhshleasaigh ar an bpicteagram.

(b)

Beidh toise íosta 10 × 10 milliméadar ag an bpicteagram, a chomhfhreagraíonn d’airde agus do leithead an triantáin chomhshleasaigh. Beidh fráma an triantáin 1,5 milliméadar ar leithead ar a laghad.

(c)

Is mar seo a leanas a bheidh dathanna an phicteagraim

(i)

CMYK – cian, maigeanta, buí agus dubh, agus an sampla seo á leanúint: 0,70,100,0: 0 % cian, 70 % maigeanta, 100 % buí, 0 % dubh.

(ii)

Fráma an triantáin - dearg (0,100,100,0).

(iii)

Cúlra an triantáin - 100 % bán.

(d)

Sa phicteagram beidh siombail dhubh (0,0,0,100) agus bhán de bheach mharbh i lár an triantáin. Is í siombail na beiche mairbhe an tsiombail san fhigiúr a thaispeántar sa phointe seo.


(1)  Prótacail tástála arna gcomhaontú ag ECFE.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 284/2013 ón gCoimisiún an 1 Márta 2013 lena leagtar amach na ceanglais sonraí i ndáil le táirgí cosanta plandaí, i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 93, 3.4.2013, lch. 85, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2013/284/oj).


IARSCRÍBHINN IV

FRASAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE TÁIRGÍ COSANTA PLANDAÍ INA BHFUIL MIOCRORGÁNAIGH (RSMo)

RSMo: Tá miocrorgánach ann. D’fhéadfadh sé a bheith ina chúis le frithghníomhuithe íograithe.

Sannfar an frása i gcónaí do gach táirge cosanta plandaí ina bhfuil miocrorgánaigh mar ráiteas réamhchúraim.


IARSCRÍBHINN V

FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE BEARTA MAOLAITHE RIOSCA AGUS CRITÉIR SHANNTA

1.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE SRIANTA AR ÚSÁID (SRu) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SRu 1: (Tá (ainm na substainte gníomhaí/substaintí gníomhacha le sonrú)/ foirmeacha den mheitibilít/de na meitibilítí ann (ainm na meitibilíte/na meitibilítí atá le sonrú) ann). Chun (sláinte an duine, meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas le sonrú) a chosaint,

(ná) úsáid/leath (an táirge seo nó aon táirge eile ina bhfuil (ainm na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha atá le sonrú)) (srianta ama, srianta ar chéimeanna fáis nó minicíocht na húsáide le sonrú), nó

cloígh le heatramh íosta (an t-am le sonrú) idir na leataí (agus (ainm an táirge cosanta plandaí/na dtáirgí cosanta plandaí ina bhfuil (substaint ghníomhach) le sonrú)).

Sannfar SRu 1 do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le srianta ama (mar shampla: tréimhse na bliana, an lá, an tréimhse athiontrála, blianta nach dtagann i ndiaidh a chéile – gach dara nó tríú bliain, níos mó ná dhá uair sa bhliain) nó le srianta ar chéimeanna fáis (roimh theacht chun cinn amháin, tréimhse nuair nach mbítear faoi bhláth, roimh fhás torthaí, etc.) nó le minicíocht úsáide chun sláinte an duine a chosaint agus/nó chun éifeachtaí do-ghlactha ar an gcomhshaol a chosc.

SRu 2: Chun (sláinte an duine, meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas le sonrú) a chosaint, ná húsáid é ar (limistéar le sonrú, mar shampla: dromchlaí sonracha, ithreacha draenáilte, ithreacha ag a bhfuil airíonna sonracha amhail pH, cion carbóin, cion cré, uigeacht, …).

SRu 3: Chun rith chun srutha a sheachaint, ná leath é ar limistéir ghéara/limistéir ag a bhfuil fána níos mó ná x%/dromchlaí neamhscagacha amhail asfalt, coincréit, doirneoga, rianta iarnróid.

Sannfar SRU 2 agus/nó SRU 3 do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le srianta ar an suíomh úsáide chun sláinte an duine a chosaint agus/nó chun éifeachtaí do-ghlactha ar an gcomhshaol a chosc.

2.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE hOIBREOIRÍ AGUS OIBRITHE A CHOSAINT (SPo) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SPo 1: Bain úsáid as (trealamh le sonrú) nuair atá (cúram/cúraimí le sonrú) ar siúl.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le trealamh cosanta pearsanta ar leith (1) (mar shampla: lámhainní, forchótaí nó spéaclaí cosanta) agus/nó teicneolaíocht (mar shampla: córais aistrithe dhúnta, cábáin dhúnta ag a bhfuil córais aerchóirithe agus/nó scagacháin aeir) chun sláinte an duine a chosaint agus cúram sonrach á dhéanamh (mar shampla: meascadh, luchtú nó láimhseáil an táirge thiubhaithe nó na síolta cóireáilte, leathadh nó spraeáil an táirge chaolaithe, glanadh an trealaimh leata).

SPo 2: Áirithigh go mbeidh an teocht agus an bhogthaise laistigh de raon (an raon le sonrú) le linn (an oibríocht le sonrú).

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha a d’fhéadfadh imoibriú go foirtil le huisce nó le haer tais, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le huath-adhaint le linn stórála, measctha/luchtaithe nó leata.

SPo 3: Tar éis an táirge a leathadh, ná hionanálaigh na gáis agus fág an limistéar cóireáilte láithreach.

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí arb é a mhodh gníomhaíochta múch nó gáis amhail toitreáin a ghiniúint.

SPo 4: Ní mór an coimeádán a oscailt lasmuigh agus/nó faoi dhálaí rialaithe de réir shonraíochtaí an mhonaróra.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha a d’fhéadfadh imoibriú go foirtil le huisce nó le haer tais, nó a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le huath-adhaint.

SPo 5: Sula dtéann tú isteach sa limistéar cóireáilte, áirithigh go bhfuil an spás aeráilte mar is ceart go dtí go mbeidh an spraeáil triomaithe/an gás scaipthe/ tiúchan an gháis faoi bhun (tiúchan le sonrú).

Sannfar an frása do táirgí cosanta plandaí a údaraítear lena n-úsáid i limistéir theoranta (mar shampla: seomraí stórála, tithe gloine).

SPo 6: Ná téigh isteach sa limistéar cóireáilte má tá tiúchan an gháis/an táirge os cionn (tiúchan le sonrú).

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí toitreáin.

3.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE DAOINE ATÁ AR AN LÁTHAIR AGUS CÓNAITHEOIRÍ A CHOSAINT (SPbr) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SPbr: Chun daoine atá ar an láthair agus cónaitheoirí a chosaint,

coimeád crios maolánach neamhchóireáilte/ stráice nó stráicí páirce fásra/ criosanna saor ó bharra de (leithead le sonrú) idir an (le sonrú, mar shampla: deireadh an spraeire bumaile, an ró deireanach cóireáilte, etc.) agus na limistéir ina bhféadfadh daoine a bheith i láthair nó

bain úsáid as teicneolaíocht laghdaithe síobtha (mionsonraí le sonrú) nó

bain úsáid as teicneolaíocht laghdaithe síobtha (mionsonraí le sonrú) agus coimeád crios maolánach neamhchóireáilte/ stráice nó stráicí páirce fásra/ criosanna saor ó bharra de (leithead le sonrú) idir an (le sonrú, mar shampla: deireadh an spraeire bumaile, an ró deireanach cóireáilte, etc.) agus na limistéir ina bhféadfadh daoine a bheith i láthair.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le criosanna maolánacha neamhchóireáilte nó stráice/stráicí páirce fásra, teicneolaíocht laghdaithe síobtha, nó an dá rud, chun daoine atá ar an láthair agus cónaitheoirí a chosaint ar leibhéal do-ghlactha nochta.

Féadfar tuilleadh faisnéise faoi na teicneolaíochtaí (mar shampla: an cineál buinní) agus faoi chineál an fhásra sna stráicí páirce a áireamh mar shonraíochtaí ar na coinníollacha úsáide mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

4.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LEIS AN GCOMHSHAOL A CHOSAINT (SPe) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SPe 1: Chun (meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas le sonrú) a chosaint,

coimeád crios maolánach neamhchóireáilte/ stráice nó stráicí páirce fásra/ criosanna saor ó bharra de (leithead le sonrú) go (mar shampla: uisce dromchla, stráicí páirce) nó

bain úsáid as teicneolaíocht laghdaithe síobtha (mionsonraí le sonrú) nó

coimeád crios maolánach neamhchóireáilte/ stráice nó stráicí páirce fásra/ criosanna saor ó bharra de (leithead le sonrú) go (mar shampla: uisce dromchla, stráicí páirce) agus bain úsáid as teicneolaíocht laghdaithe síobtha (mionsonraí le sonrú).

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca comhshaoil ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le criosanna maolánacha neamhchóireáilte nó stráice/stráicí páirce fásra, teicneolaíocht laghdaithe síobtha, nó an dá rud, chun meán comhthimpeallach áirithe agus/nó speicis áirithe nach spriocspeicis iad a chosaint ar leibhéal do-ghlactha nochta.

Féadfar tuilleadh faisnéise faoi na teicneolaíochtaí (mar shampla: an cineál buinní) agus faoi chineál an fhásra sna stráicí páirce a áireamh mar shonraíochtaí ar na coinníollacha úsáide mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

SPe 2: Ná déan síolta a bhfuil cóireáil déanta orthu a leathadh/a shíolú má tá luas na gaoithe níos airde ná (luas na gaoithe le sonrú).

I gcás inarb ábhartha, féadfar an frása a shannadh do tháirgí cosanta plandaí ina bhfuil substaintí gníomhacha so-ghalaithe nó do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

SPe 3: Chun éin/mamaigh fhiáine a chosaint, ní mór an táirge a ionchorprú go hiomlán san ithir, lena n-áirítear deireadh rónna. Faigh réidh le haon doirteadh.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a fhoirmlítear mar ghráinníní nó millíní chun nochtadh éan agus mamach a chosc.

SPe 4: Áirithigh go bhfuil an spás cóireáilte ag cur cosc ar scaoileadh an táirge isteach sa chomhshaol. Déan an limistéar cóireáilte a aeráil go maith nuair a bheidh gás/deatach imithe.

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí a údaraítear lena úsáid i limistéir theoranta (mar shampla: seomraí stórála, tithe gloine) a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do dhaoine daonna agus/nó do speicis nach spriocspeicis iad laistigh agus lasmuigh de na limistéir chóireáilte.

4.1.   Frásaí caighdeánacha maidir le beacha agus pailneoirí a chosaint (SPb)

SPb 1: Chun beacha a chosaint, ná húsáid nuair atá na beacha ar thóir foráiste go gníomhach. Ná leath é ach amháin tar éis na heitilte beach laethúla (an t-am le sonrú, mar shampla: sa tráthnóna, idir X agus X uair an chloig).

SPb 2: Chun beacha agus pailneoirí feithideacha a chosaint, ná leath é nuair atá fiailí bláthanna i láthair.

SPb 3: Chun beacha agus pailneoirí feithideacha a chosaint, ná leath é ar phlandaí barr agus iad faoi bhláth (ach amháin de réir na treorach maidir le – sonraigh an barr de réir mar is gá).

SPb 4: Chun beacha agus pailneoirí feithideacha a chosaint, déan coilíneachtaí beach a bhaint nó a chumhdach le linn an leata agus ar feadh (tréimhse ama le sonrú) tar éis na cóireála.

SPb 5: Chun beacha agus pailneoirí feithideacha a chosaint, bain fiailí sula mblathaíonn siad.

Sannfar ceann amháin, roinnt nó gach ceann de na frásaí seo a leanas, is é sin SPB 1, SPB 2, SPB 3, SPB 4 agus SPB 5, do tháirgí cosanta plandaí arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le bearta maolaithe riosca chun beacha nó pailneoirí feithideacha eile agus a n-ál a chosaint.

Ba cheart frásaí caighdeánacha SPb a thaispeáint ar an lipéad in éineacht leis an bhfrása RShb agus leis an bpicteagram guaise mar a leagtar amach in Iarscríbhinn III.

5.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE FRITHSHEASMHACHT A SHEACHAINT (SPa) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SPa: Chun forbairt frithsheasmhachta a chosc, ná déan an táirge seo ná aon táirge eile ina bhfuil (sonraigh an tsubstaint ghníomhach) a leathadh níos mó ná (an líon uaireanta leata in aghaidh an eatraimh ama le sonrú).

Sannfar an frása nuair a dhealraíonn sé go bhfuil gá le srian den sórt sin chun teorainn a chur leis an riosca go bhforbrófar frithsheasmhacht.

I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí faisnéis faoi chód firthsheasmhachta na substainte gníomhaí nó na substaintí gníomhacha atá sa táirge cosanta plandaí mar a mhínítear faoi phointe k) d’Iarscríbhinn I a chur leis an bhfrása.

6.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE CREIMIRICÍDÍ (SPr) AGUS CRITÉIR SHANNTA

SPr 1: Ní mór baoití a shíl-leagan go daingean chun an riosca go ndéanfaidh ainmhithe eile é a thomhailt a íoslaghdú. Déan na baoití a dhaingniú i mboscaí crioscaíldíonacha.

Sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí ar baoití creimiricídí iad.

SPr 2: Ní mór creimirí marbha a bhaint den limistéar cóireála gach lá le linn leathadh an táirge. Ná déan iad a dhiúscairt i mboscaí bruscair ná i líonadh talún.

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí ar creimiricídí iad agus a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le nimhiú tánaisteach maidir le scroblachóirí nó le hainmhithe eile.

I gcás inarb ábhartha, d’fhéadfaí faisnéis faoi láimhseáil creimirí marbha de réir na bhforálacha náisiúnta arna socrú ag na Ballstáit a chur leis an bhfrása.

7.   FRÁSAÍ CAIGHDEÁNACHA MAIDIR LE hÚSÁIDÍ CÓIREÁLA SÍOLTA AGUS CRITÉIR SHANNTA

7.1.   Frásaí caighdeánacha a bhaineann le cóireáil síolta le táirgí cosanta plandaí (Sts)

Sts 1: Ní dhéanfar an chóireáil síolta ach amháin i saoráidí gairmiúla cóireála síolta (atá cláraithe in …/a chomhlíonann …).

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Sts 2: Ní mór a áirithiú leis an bpróiseas cóireála go gcomhlíonann na síolta cóireáilte na caighdeáin cháilíochta síolta: (Luach Heubach X gram deannach/síol aonaid) (X gram deannach/100 cileagram síolta de réir mhodh Heubach).

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Sts 3: Chun (meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas le sonrú) a chosaint, níor cheart (níos mó ná X gram de dheannach in aghaidh an aonaid síl nó in aghaidh 100 cileagram de shíolta (de réir mhodh Heubach))/(níos mó ná X gram de shubstaint ghníomhach i ndeannach in aghaidh an aonaid síl nó in aghaidh 100 cileagram de shíolta (de réir mhodh Heubach) a bheith i bpacáistíocht síolta cóireáilte).

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Sts 4: Ba cheart deannach a bhaint de shíolta roimh chóireáil agus úsáid á baint as próisis ghlantacháin iomchuí.

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

7.2.   Frásaí caighdeánacha a bhaineann le síolta cóireáilte a shíolú (Sss)

Sss 1: Chun (meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas le sonrú) a chosaint, ní mór síolta cóireáilte a shíolú le trealamh lena n-áirithítear ardleibhéal cumhdaigh ithreach agus lena laghdaítear astaíochtaí deannaigh aeriompartha. Na déan síolta cóireáilte a shíolú leis an modh croite síolaithe.

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Féadfar tuilleadh faisnéise faoin trealamh síolaithe, lena n-áirítear céatadán an laghdaithe deannaigh i gcomparáid leis an méid a baineadh amach, a áireamh mar shonraíochtaí ar na coinníollacha úsáide mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Sss 2: Chun éin/ainmhithe fiáine a chosaint, ní mór síolta cóireáilte a shíolú ar bhealach lena n-íoslaghdófar an líon síolta cóireáilte a fhanann ar dhromchla na hithreach.

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Féadfar tuilleadh faisnéise faoin trealamh a áireamh mar shonraíochtaí ar na coinníollacha úsáide mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Sss 3: Chun (meán comhthimpeallach, grúpa orgánach nó speiceas atá le sonrú) a chosaint, ní mór síolta cóireáilte agus deannach a ionchorprú go héifeachtach san ithir agus ag deireadh rónna. Faigh réidh le haon doirteadh.

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh cóireáil síolta.

Sss 4: Chun (screamhuisce/orgánaigh uisceacha/orgánaigh ithreach) a chosaint, ní mór láisteadh a laghdú (síolta cóireáilte a dhruileáil/a shíolú ag doimhneacht íosta/uasta le sonrú/an t-ithirchiseal a chomhdhlúthú/an ráta/dlús síolaithe a theorannú go xx g de shíolta/ha nó xx aonad síl/ha).

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh cóireáil síolta.

Sss 5: Chun (screamhuisce/orgánaigh uisceacha/orgánaigh ithreach) a chosaint, ná déan síolta cóireáilte a shíolú/a dhruileáil ar (ithir ag a bhfuil airíonna nó lena mbaineann cás ar leith le sonrú).

I gcás inarb ábhartha, sannfar an frása do tháirgí cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh cóireáil síolta arb é conclúid an mheasúnaithe riosca ina leith de réir na bprionsabal aonfhoirmeach go bhfuil gá le srianta ar an suíomh úsáide chun éifeachtaí do-ghlactha ar an screamhuisce, ar na horgánaigh uisceacha agus/nó ar na horgánaigh ithreach a chosc.

Sss 6: Ná héilligh uisce le síolta cóireáilte, iarsmaí amhail gráinní briste nó deannach, ná coimeádán.

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.

Sss 7: Ná glan trealamh síolaithe gar d’uisce dromchla.

Sannfar an frása do gach táirge cosanta plandaí a údaraítear le haghaidh úsáid cóireála síolta.


(1)  Is féidir tagairtí do threalamh cosanta pearsanta deimhnithe a áireamh freisin.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1123/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)