European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1121

21.5.2026

CINNEADH (AE) 2026/1121 ÓN gCOMHAIRLE

an 5 Bealtaine 2026

maidir leis an seasamh atá le glacadh, thar ceann an Aontais Eorpaigh, i gcomhlachtaí Chomhairle na hEorpa a mhéid a bhaineann leis an bPáirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 212, i gcomhar le hAirteagal 218(9), de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sna conclúidí uaithi an 24 Feabhra 2022, cháin an Chomhairle Eorpach go neamhbhalbh an fogha míleata gan chúis gan údar atá á thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus dhearbhaigh sí go bhfuil freagracht iomlán ar an Rúis as an ngníomh foghach sin ar ina leith a thabharfar chun cuntais í.

(2)

I Rún A/RES/ES-11/1 an 2 Márta 2022, d’aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go raibh oibríochtaí míleata Chónaidhm na Rúise laistigh de chríoch cheannasach na hÚcráine ar méid nach raibh feicthe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta san Eoraip le blianta fada anuas, cháin sé go géar fogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin a sháraíonn Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe maidir leis an toirmeasc ar úsáid fornirt agus d’éiligh sé ar Chónaidhm na Rúise deireadh láithreach a chur leis an úsáid a bhí á baint aici as forneart i gcoinne na hÚcráine agus a cuid fórsaí míleata uile a tharraingt siar láithreach, go hiomlán agus gan choinníoll ó chríoch na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta.

(3)

An 2 Márta 2022, d’fhógair Oifig Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta go raibh tús curtha aici le himscrúdú ar an staid san Úcráin ar bhonn na gcomhairliúchán maidir leis an staid a fuarthas ó 39 Stát is Páirtithe sa Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus ar bhonn an chinnidh go bhfuil bonn réasúnach ann chun a chreidiúint go ndearnadh coireanna a thagann faoi dhlínse na Cúirte. Mar sin féin, cuirtear cosc faoi láthair ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, faoin gcóras dlínse maidir le coir an fhogha i Reacht na Róimhe, a dlínse a fheidhmiú i ndáil le coir an fhogha i staid na hÚcráine.

(4)

Sna conclúidí uaithi an 20 agus an 21 Deireadh Fómhair 2022, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (‘an tArdionadaí’) agus ar an gCoimisiún féachaint ar roghanna ionas gur féidir cuntasacht iomlán a áirithiú, lena n-áirítear maidir le coir an fhogha faoin Úcráin. Sna conclúidí uaithi an 15 Nollaig 2022, dúirt an Chomhairle Eorpach gur díol sásaimh di na hiarrachtaí atá á ndéanamh, agus mhol sí go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí, chun cuntasacht iomlán a áirithiú as coireanna cogaidh agus as na coireanna eile is tromchúisí dá bhfuil á ndéanamh i gcogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear bealaí chun cuntasacht a áirithiú as coir an fhogha é féin. D’iarr sí ar an gCoimisiún, ar an Ardionadaí agus ar an gComhairle leanúint leis an obair, i gcomhréir le dlí an Aontais agus leis an dlí idirnáisiúnta, agus é á chur i bhfios go láidir aici gur ceist é ionchúiseamh choir an fhogha a bhaineann leis an gcomhphobal idirnáisiúnta ina iomláine.

(5)

I Rún A/RES/ES-11/6 an 23 Feabhra 2023, chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i dtreis gur gá cuntasacht a áirithiú as na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta arna ndéanamh ar chríoch na hÚcráine trí imscrúduithe agus ionchúisimh iomchuí, chothroma agus neamhspleácha ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta agus a áirithiú go mbeidh ceartas ann do gach íospartach agus go gcoiscfear coireanna amach anseo.

(6)

Ag tosú i mí Eanáir 2023, tháinig ionadaithe ó thart ar 40 Stát, ó sheirbhísí an Choimisiúin Eorpaigh agus ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chomh maith le An Chomhairle Eorpach le chéile i gcomhthéacs an Chroíghrúpa maidir le Binse Speisialta a bhunú i dtaca le coir an fhogha faoin Úcráin (‘an Croíghrúpa’) agus phléigh siad na módúlachtaí chun Binse Speisialta a bhunú a mbeidh sé de chumhacht aige na daoine is mó atá freagrach as coir an fhogha faoin Úcráin a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a thriail.

(7)

An 3 Iúil 2023, seoladh an Lárionad Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust), ar mhaithe le comhar agus comhordú i ndáil leis na hiarrachtaí imscrúdaithe náisiúnta lena ndéantar imscrúdú iomchuí ar choir an fhogha faoin Úcráin a áirithiú, arna dtacú ag acmhainneachtaí feabhsaithe Eurojust ar bhonn Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) lena gcuirtear ar chumas Eurojust fianaise a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil.

(8)

Sna conclúidí uaithi i mí an Mheithimh, i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Nollag 2023, d’athdhearbhaigh an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn sí le bunú an Bhinse Speisialta. Sna conclúidí uaithi i mí an Mhárta 2024, chuir an Chomhairle Eorpach in iúl nach mór Cónaidhm na Rúise agus a ceannaireacht a thabhairt chun cuntais go hiomlán as an gcogadh foghach atá á fhearadh acu ar an Úcráin agus as coireanna tromchúiseacha eile faoin dlí idirnáisiúnta, agus as an damáiste ollmhór atá déanta ag a cogadh. Ina theanta sin, léirigh an Chomhairle Eorpach go dtacaíonn sí leis na hiarrachtaí, lena n-áirítear sa Chroíghrúpa, chun binse a bhunú chun coir an fhogha faoin Úcráin a ionchúiseamh, a mbeadh an tacaíocht agus an dlisteanacht trasréigiúnach is leithne aige.

(9)

An 21 Márta 2025, thug an Croíghrúpa a chuid oibre i gcrích ar an leibhéal teicniúil maidir leis na dréachtionstraimí dlí is gá chun an Binse Speisialta a bhunú, is é sin an Comhaontú idir an Úcráin agus An Chomhairle Eorpach maidir le Bunú an Bhinse Speisialta, Reacht an Bhinse Speisialta atá i gceangal leis an gComhaontú sin, agus an Páirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta.

(10)

An 9 Bealtaine 2025, tháinig na hAirí Gnóthaí Eachtracha agus ionadaithe eile do na rannpháirtithe sa Chroíghrúpa le chéile in Lviv agus ghlac siad ‘Ráiteas Lviv’ inar athdhearbhaigh siad a dtiomantas don phróiseas chun an Binse Speisialta a bhunú faoi chuimsiú Chomhairle na hEorpa, do thús tapa a chur lena oibriú, agus do thacú lena fheidhmiú éifeachtach.

(11)

An 24 Meitheamh 2025, ghlac Coiste Airí Chomhairle na hEorpa (‘an Coiste Airí’) na Cinntí lena n-údaraítear d’Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa an Comhaontú idir An Chomhairle Eorpach agus an Úcráin maidir le Bunú an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (‘an Comhaontú maidir le Bunú an Bhinse Speisialta’), a bhfuil Reacht an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (‘an Binse Speisialta’) i gceangal leis, a shíniú thar ceann Chomhairle na hEorpa. Thairis sin, d’údaraigh an Coiste Airí bunú Páirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (‘an Páirt-chomhaontú Méadaithe’).

(12)

An 25 Meitheamh 2025, shínigh Uachtarán na hÚcráine agus Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa an Comhaontú maidir le Bunú an Bhinse Speisialta.

(13)

I gcomhréir lena Reacht, is é is cuspóir don Bhinse Speisialta ceannairí polaitiúla agus míleata atá freagrach as gníomhartha foghacha i gcoinne na hÚcráine lena sáraítear Airteagal 2(4) de Chairt na Náisiún Aontaithe a ionchúiseamh agus a chur faoi thriail. Is é is aidhm do Choiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta atá le bunú leis an Rún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe na hacmhainní airgeadais a sholáthar don Bhinse Speisialta agus tacú le gnéithe riaracháin agus bainistíochta eile dá oibriú, d’fhonn a chur ar chumas an Bhinse Speisialta a shainordú a chomhlíonadh.

(14)

An 21 Eanáir 2026, ghlac an Coiste Airí Cinneadh inar cuireadh in iúl gur díol sásaimh dó bailchríoch a chur ar an dréachtrún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe agus gur díol sásaimh dó go raibh an Réamhfhoireann réidh chun a cúraimí a chur i gcrích ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, a bhuí le rannchuidiú deonach ón Aontas Eorpach. Dá réir sin, an 22 Eanáir 2026, shínigh An Chomhairle Eorpach agus an tAontas comhaontú ranníocaíochta maidir le ranníocaíocht a mhaoinítear trí Sheirbhís an Choimisiúin Eorpaigh um Ionstraimí Beartais Eachtraigh. Déantar foráil sa chomhaontú ranníocaíochta sin maidir le tionscadal dar fad suas le 24 mhí darb aidhm Réamhfhoireann a chur ar bun chun bonn institiúideach, lóistíochta agus eagraíochtúil na gcéad chéimeanna eile den Bhinse Speisialta a leagan.

(15)

Faoi Airteagal 3(5) agus Airteagal 21(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), tá an tAontas lena chuid luachanna a chumhdach agus a chur chun cinn agus tá sé le rannchuidiú leis an dlí idirnáisiúnta a urramú go docht agus a fhorbairt, lena n-áirítear an urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe.

(16)

Dá bhrí sin, is iomchuí don Aontas fógra a thabhairt d’Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa go bhfuil sé ar intinn aige páirt a ghlacadh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe, faoi réir na nósanna imeachta inmheánacha is gá a thabhairt chun críche chun a thoiliú a chur in iúl a bheith faoi cheangal, agus a bheith rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh, sa Choiste Airí, ó ionadaithe 16 Bhallstát ar a laghad de Chomhairle na hEorpa agus ó ionadaithe an Aontais lena nglactar an Rún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais i gcomhlachtaí Chomhairle na hEorpa i ndáil leis an bPáirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (‘an Páirt-chomhaontú Méadaithe’), fógra a thabhairt d’Ardrúnaí Chomhairle na hEorpa go bhfuil sé ar intinn ag an Aontas a bheith rannpháirteach sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe, agus an fógra á fhorchoimeád aige maidir le cur i gcrích na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun an Páirt-chomhaontú Méadaithe a thabhairt i gcrích, agus a bheith rannpháirteach i nglacadh an Chinnidh, sa Choise Airí, ó ionadaithe 16 Bhallstát ar a laghad de Chomhairle na hEorpa agus ó ionadaithe an Aontais lena nglactar an Rún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe.

Tá an dréachtchinneadh agus an dréachtrún dá dtagraítear sa chéad mhír i gceangal leis an gCinneadh seo.

Féadfaidh an Coimisiún, thar ceann an Aontais, gan cinneadh eile ón gComhairle, teacht ar chomhaontú maidir le hathruithe foirmiúla agus mionathruithe ar théacsanna an dréachtchinnidh agus an dréachtrúin dá dtagraítear sa chéad mhír, ar athruithe iad nach ndéanann difear do shubstaint na dtéacsanna sin.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 5 Bealtaine 2026.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

M. KERAVNOS


(1)  Rialachán (AE) 2022/838 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2022 lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1727 a mhéid a bhaineann le fianaise a chaomhnú, a anailísiú agus a stóráil ag Eurojust, ar fianaise í a bhaineann le cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna, coireanna cogaidh agus cionta coiriúla gaolmhara (IO L 148, 31.5.2022, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2022/838/oj).


DRÉACHT

Rún CM/Res(2026)…

lena mbunaítear an Páirt chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin

Ionadaithe .... sa Choiste Airí …, chomh maith le hionadaithe …,

Ag féachaint do Reacht Chomhairle na hEorpa (CETS Uimh. 1), ina gcuirtear i dtábhacht ina bhrollach go bhfuil saothrú na síochána bunaithe ar cheartas agus ar chomhar idirnáisiúnta ríthábhachtach chun sochaí agus sibhialtacht an duine a chaomhnú;

Ag meabhrú dóibh na hoibleagáidí atá ar gach Stát faoi Airteagal 2 de Chairt na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear na hoibleagáidí staonadh, ina gcaidreamh idirnáisiúnta, ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid in aghaidh iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon Stáit, nó ar aon slí eile ar neamhréir le cuspóirí na Náisiún Aontaithe, agus a ndíospóidí idirnáisiúnta a réiteach go síochánta;

Ag athdhearbhú a dtiomantas buanseasmhach do neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta;

Ag meabhrú dóibh gur iarr Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/68/262 uaidh an 27 Márta 2014, ar gach Stát staonadh ó ghníomhaíochtaí atá dírithe ar chur isteach páirteach nó iomlán ar aontacht náisiúnta agus ar iomláine chríochach na hÚcráine, lena n-áirítear aon iarracht chun teorainneacha na hÚcráine a mhodhnú trí fhorneart a bhagairt nó a úsáid nó trí mhodhanna neamhdhleathacha eile;

Ag meabhrú dóibh gur athdhearbhaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/71/205 uaidh an 19 Nollaig 2016, freagracht na Stát uile staonadh ó fhorneart a bhagairt nó a úsáid in aghaidh iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon Stáit agus gníomhú ar aon slí eile atá ar neamhréir le cuspóirí na Náisiún Aontaithe agus thathantaigh sé ar Chónaidhm na Rúise saoránaigh den Úcráin a coinníodh go neamhdhleathach agus a breithníodh gan aird a thabhairt ar bhunchaighdeáin an cheartais a shaoradh láithreach;

Ag meabhrú dóibh gur cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/73/194 uaidh an 17 Nollaig 2018, forghabháil shealadach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol, agus gur mheabhraigh sé go bhfuil an forghabháil shealadach sin agus bagairt nó úsáid fornirt ag Cónaidhm na Rúise in aghaidh iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil na hÚcráine ag sárú na ngealltanas a tugadh go n-urramófaí neamhspleáchas agus ceannasacht na hÚcráine agus teorainneacha na hÚcráine atá ann cheana;

Ag meabhrú dóibh gur thathantaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/76/70 uaidh an 9 Nollaig 2021, ar Chónaidhm na Rúise a fórsaí armtha a tharraingt siar go hiomlán agus gan choinníoll ón gCrimé agus deireadh a chur gan mhoill lena forghabháil shealadach ar chríoch na hÚcráine agus gur chuir sé i dtábhacht freisin go bhfuil trúpaí de chuid na Rúise sa Chrimé ag teacht salach ar cheannasacht náisiúnta, neamhspleáchas polaitiúil agus iomláine chríochach na hÚcráine agus go mbaineann sé an bonn de shlándáil agus de chobhsaíocht tíortha comharsanachta agus réigiúin na hEorpa;

Ag meabhrú dóibh gur shaoth le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe go géar, i Rún A/RES/ES-11/1 uaidh an 2 Márta 2022, ina n-aithnítear go raibh oibríochtaí míleata Chónaidhm na Rúise laistigh de chríoch cheannasach na hÚcráine ar scála nach raibh feicthe ag an gcomhphobal idirnáisiúnta san Eoraip le blianta fada anuas, an fogha a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin de shárú ar Airteagal 2, mír 4, de Chairt na Náisiún Aontaithe, gur éiligh sé go gcuirfeadh Cónaidhm na Rúise deireadh láithreach lena húsáid fornirt in aghaidh na hÚcráine agus gur cháin sé rannpháirtíocht na Bealarúise san úsáid neamhdhleathach fornirt sin in aghaidh na hÚcráine;

Ag mheabhrú dóibh gur chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe i dtábhacht, i Rún A/RES/ES-11/6 uaidh an 23 Feabhra 2023, an gá cuntasacht a áirithiú as na coireanna is tromchúisí faoin dlí idirnáisiúnta a dhéantar ar chríoch na hÚcráine trí imscrúduithe agus ionchúisimh iomchuí, chothroma agus neamhspleácha ar an leibhéal náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus an gá ceartas do gach íospartach a áirithiú agus coireanna amach anseo a chosc;

Ag meabhrú dóibh gur cháin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/79/184 uaidh an 17 Nollaig 2024, cogadh foghach Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin de shárú ar Airteagal 2, mír 4, de Chairt na Náisiún Aontaithe, agus úsáid na Crimé dó sin agus chun tacú leis an iarracht ar ionghabháil réigiúin Kherson, Zaporizhzhia, Donetsk agus Luhansk;

Ag meabhrú dóibh, gur cháin Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa trí Thuairim 300 (2022) go géar an fogha a thug Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin an 15 Márta 2022, ag tabhairt dá n-aire gur leanúint é géarú ar ghníomhaíochtaí míleata ón 24 Feabhra 2022 de chogadh foghach Chónaidhm na Rúise in aghaidh na hÚcráine ó bhí an 20 Feabhra 2014 ann;

Ag meabhrú dóibh, gur chinn an Coiste Airí, an 16 Márta 2022, Cónaidhm na Rúise a eisiamh ó Chomhairle na hEorpa mar thoradh ar an bhfogha a thug sé faoin Úcráin, ar sárú tromchúiseach é an fogha sin ag Cónaidhm na Rúise ar a hoibleagáidí faoi Airteagal 3 de Reacht Chomhairle na hEorpa agus faoin dlí idirnáisiúnta;

Ós deimhin leo go bhfuil géarghá cuntasacht chuimsitheach a áirithiú i gcomhthéacs an fhogha arna thabhairt ag Cónaidhm na Rúise faoin Úcráin agus ag aithint dóibh an ról atá ag Comhairle na hEorpa maidir le freagairt láidir a thabhairt ar an bhfogha sin, mar a luaitear é i nDearbhú Réicivíc a glacadh ag an 4ú Cruinniú Mullaigh de Cheannairí Stáit agus Rialtais Chomhairle na hEorpa an 16 agus an 17 Bealtaine 2023 agus i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis dar teideal ‘Dearbhú mar thaca leis an bPáirt-chomhaontú Méadaithe maidir leis an gClár Damáiste mar thoradh ar Fhogha Chónaidhm na Rúise faoin Úcráin’;

Ag meabhrú dóibh Cairt an Bhinse Mhíleata Idirnáisiúnta an 8 Lúnasa 1945, ar bunaíodh le hAirteagal 6.a di freagracht choiriúil aonair as coireanna in aghaidh na síochána;

Ag meabhrú dóibh Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus aitheantas á thabhairt do dhlínse na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta i ndáil leis an staid san Úcráin, ach á aithint dóibh freisin, d’ainneoin gur dhaingnigh an Úcráin é an 25 Deireadh Fómhair 2024 agus rinneadh Stát is Páirtí i Reacht na Róimhe di an 1 Eanáir 2025, go gcuireann an córas dlínse maidir le coir an fhogha i Reacht na Róimhe cosc ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta dlínse a fheidhmiú i ndáil le coir an fhogha sa chomhthéacs áirithe sin;

Ag aithint dóibh iarrachtaí an Lárionaid Idirnáisiúnta um Ionchúiseamh Choir an Fhogha faoin Úcráin imscrúduithe náisiúnta ar choir an fhogha in aghaidh na hÚcráine a chomhordú agus a neartú, chun a áirithiú go ndéanfar imscrúdú iomchuí ar choir an fhogha;

Ag meabhrú dóibh gur aithin Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, i Rún A/RES/79/284 uaidh an 16 Aibreán 2025, rannchuidiú Chomhairle na hEorpa le hobair an chroíghrúpa chun binse speisialta a bhunú maidir le coir an fhogha faoin Úcráin, agus a thoilteanas scrúdú a dhéanamh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun tacaíocht shaineolach agus theicniúil a chur ar fáil chun binse speisialta den sórt sin a bhunú agus, de réir mar is iomchuí, a oibriú;

Ag féachaint do Rún Reachtúil Res(93)28 ón gCoiste Airí maidir le páirt-chomhaontuithe agus comhaontuithe méadaithe;

Ag féachaint do Rún Res(96)36 ón gCoiste Airí lena mbunaítear na critéir do pháirt-chomhaontuithe agus comhaontuithe méadaithe Chomhairle na hEorpa, arna leasú le Rún CM/Res(2010)2;

Ós feasach dóibh gur gá fóram a chur ar fáil ina bhféadfaidh daoine nach comhaltaí de Chomhairle na hEorpa iad páirt a ghlacadh freisin i dtionscnaimh Chomhairle na hEorpa chun saoirse ó phionós i gcás coireanna idirnáisiúnta a chomhrac;

Ag féachaint do chinntí an 24 Meitheamh 2025 lenar údaraigh an Coiste Airí bunú Choiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (dá ngairtear ‘an Coiste Bainistíochta’ anseo feasta) i bhfoirm páirt-chomhaontú méadaithe faoi chreat Chomhairle na hEorpa agus lenar údaraigh sé Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa (dá ngairtear ‘an tArd-Rúnaí’ anseo feasta) an Comhaontú idir Comhairle na hEorpa agus an Úcráin i ndáil le Bunú an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (dá ngairtear ‘an Comhaontú’ anseo feasta) a shíniú thar ceann Chomhairle na hEorpa;

Tá rún acu an Páirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin atá faoi rialú Reacht Choiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (dá ngairtear ‘an Reacht’ anseo feasta) atá i gceangal leis seo a bhunú;

Tugann siad cuireadh do Bhallstáit agus do Stáit bhreathnóireachta uile de chuid Chomhairle na hEorpa, chomh maith le Stáit eile agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, a bheith ina gcomhaltaí den Pháirt-chomhaontú Méadaithe sin, i gcomhréir leis an Reacht sin;

Iarrann siad ar Bhallstáit agus ar Stáit bhreathnóireachta uile Chomhairle na hEorpa, ar an Aontas Eorpach, ar na Náisiúin Aontaithe agus ar Stáit eile agus ar eagraíochtaí idirnáisiúnta comhoibriú leis an gCoiste Bainistíochta agus leis an mBinse Speisialta chun a chuid oibre agus comhlíonadh a shainordaithe a éascú.

Foscríbhinn a ghabhann le Rún CM/Res(2026)…

Reacht Choiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin

Airteagal 1

Aidhm an Choiste Bainistíochta

1.   Bunaítear leis seo an Coiste Bainistíochta mar ardán don chomhar idir-rialtasach, ag gníomhú dó laistigh de chreat institiúideach Chomhairle na hEorpa.

2.   Is é is aidhm don Pháirt-chomhaontú Méadaithe i dtaca le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin an Binse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin (dá ngairtear ‘an Binse Speisialta’ anseo feasta) a mhaoiniú agus cúnamh a thabhairt maidir le gnéithe riaracháin agus bainistíochta eile dá oibriú chun go mbeidh an Binse Speisialta in ann a shainordú mar a leagtar amach i Reacht an Bhinse Speisialta a chomhlíonadh.

Airteagal 2

Feidhmeanna an Choiste Bainistíochta

Déanfaidh an Coiste Bainistíochta an méid seo a leanas:

a.

a áirithiú go gcuirfear an cistiú is gá ar fáil don Bhinse Speisialta agus don Choiste Bainistíochta, lena n-áirítear a rúnaíocht;

b.

buiséad bliantúil caiteachais an Bhinse Speisialta, arna ullmhú ag an Ard-Rúnaí i gcomhairle le Cláraitheoir an Bhinse Speisialta, a fhormheas;

c.

tuarascáil ar ghníomhaíochtaí an Bhinse Speisialta, arna hullmhú ag Uachtarán an Bhinse Speisialta, a ghlacadh;

d.

comhairle neamhbhreithiúnach agus treoir bheartais a sholáthar maidir le gach gné riaracháin d’oibriú an Bhinse Speisialta, lena n-áirítear ceisteanna maidir le héifeachtúlacht;

e.

bearta a mholadh do chomhaltaí agus do chomhaltaí comhlacha chun aidhmeanna an Bhinse Speisialta agus an Choiste Bainistíochta a chur chun cinn;

f.

rialacha nós imeachta a tharraingt suas lena rialófar obair an Choiste Bainistíochta, chomh maith le haon socrú eile is gá chun a ghníomhaíochtaí a chur chun feidhme, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta agus Fianaise arna nglacadh ag breithiúna an Bhinse Speisialta agus ar aon leasú orthu;

g.

straitéisí a mheas agus a ghlacadh, de réir mar is iomchuí, chun tacaíocht thrasréigiúnach don Bhinse Speisialta a chur chun cinn a thuilleadh;

h.

comhaltaí a cheapadh ar an bpainéal comhairleach agus breithiúna, Ionchúisitheoir an Bhinse Speisialta (dá ngairtear ‘an tIonchúisitheoir’ anseo feasta) agus Leas-Ionchúisitheoir a thoghadh i gcomhréir leis na nósanna imeachta a fhorordaítear le Reacht an Bhinse Speisialta;

i.

comhar éifeachtach na gcomhaltaí agus na gcomhaltaí comhlacha ar fud na n-earnálacha ábhartha uile a áirithiú, bunaithe ar chóras comhroinnte dualgas;

j.

rialacha a ghlacadh lena rialófar an t-aistriú chuig sásra iarmharach, go háirithe maidir le finnéithe a chosaint, maoirseacht a dhéanamh ar fhorghníomhú pianbhreitheanna, iarrataí ar scaoileadh luath, eatramhach agus críochnaitheach a phróiseáil, fianaise agus taifid de chuid an Bhinse Speisialta a chaomhnú, agus feidhmeanna iarmharacha den sórt sin a mhaoiniú;

k.

socruithe a mheas maidir le haistriú comhordaithe feidhmeanna iarmharacha neamhbhreithiúnacha áirithe de chuid an Bhinse Speisialta chuig Comhairle na hEorpa, go háirithe maidir le taifid agus cartlanna a bhainistiú;

l.

sásraí a mheas chun cúnamh a thabhairt do chomhaltaí agus do chomhaltaí comhlacha maidir le costais a bhaineann le pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú, le daoine faoi phianbhreith a scaoileadh agus le finnéithe a chosaint tar éis fhoirceannadh an Pháirt-Chomhaontaithe Mhéadaithe, lena n-áirítear, b’fhéidir, trí chiste iontaobhais a bhunú; agus

m.

aon fheidhm eile is gá a chomhlíonadh chun a shainordú a chomhlíonadh.

Airteagal 3

Rannpháirtíocht

1.   Aon chomhalta nó Stát breathnóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa agus de chuid an Aontais Eorpaigh, aon Stát eile a vótáil i bhfabhar Rún A/RES/ES-11/6 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 23 Feabhra 2023, agus aon Stát nó eagraíocht idirnáisiúnta a bhí rannpháirteach sa Chroíghrúpa i dtaca le Binse Speisialta a bhunú maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin, féadfaidh siad a bheith ina chomhalta nó ina chomhalta comhlach den Choiste Bainistíochta trí fhógra arna dhíriú chuig an Ard-Rúnaí.

2.   Féadfaidh an Coiste Bainistíochta údarú a thabhairt d’aon Stát nó d’aon eagraíocht idirnáisiúnta eile a d’iarr amhlaidh, dul isteach sa Choiste Bainistíochta mar chomhalta nó mar chomhalta comhlach.

3.   Féadfaidh comhaltaí comhlacha, tráth ar bith, a bheith ina gcomhaltaí trí fhógra a bheidh dírithe ar an Ard-Rúnaí.

Airteagal 4

Comhdhéanamh

1.   Déanfaidh gach comhalta, agus féadfaidh gach comhalta comhlach, toscaireacht a cheapadh ar an gCoiste Bainistíochta ar a mbeidh beirt ionadaithe ar a mhéad. Ceapfar duine de na hionadaithe mar cheann na toscaireachta.

2.   Toghfaidh an Coiste Bainistíochta cathaoirleach agus beirt leaschathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse neamh-inathnuaite 3 bliana.

Airteagal 5

Cruinnithe

1.   Tiocfaidh an Coiste Bainistíochta le chéile a mhinice is gá, ach uair amháin sa bhliain ar a laghad. Íocfaidh gach comhalta agus gach comhalta comhlach costais taistil agus chóiríochta a bhaineann le rannpháirtíocht i gcruinnithe an Choiste Bainistíochta. Féadfaidh an Coiste Bainistíochta a chinnteoireacht a fheidhmiú trí nós imeachta i scríbhinn agus trí mheán leictreonach.

2.   Is é an tArd-Rúnaí a chomórfaidh an chéad chruinniú den Choiste Bainistíochta. Is le cinneadh ón gCoiste Bainistíochta a chinnfear aon chruinniú eile agus suíomh na gcruinnithe sin.

3.   Glacfaidh an Coiste Bainistíochta a chinntí trí thromlach dhá thrian de na vótaí arna gcaitheamh, agus beidh vóta amháin ag gach comhalta. Socrófar ábhair nós imeachta le tromlach na vótaí arna gcaitheamh.

4.   Gan dochar do mhír 5 den airteagal seo, féadfaidh comhaltaí comhlacha páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Choiste Bainistíochta ach ní bheidh ceart vótála acu. Féadfaidh comhaltaí comhlacha ráitis ó bhéal nó i scríbhinn a dhéanamh i gcruinnithe an Choiste Bainistíochta.

5.   Na comhaltaí comhlacha a mbeidh ranníocaíochtaí saorálacha déanta acu leis an gCoiste Bainistíochta ar mhéid is comhionann leis an méid a chinnfidh an Coiste Bainistíochta i gcomhréir le hAirteagal 8 den Reacht sin, beidh raon iomlán ceart comhaltaí acu le linn na bliana airgeadais ar ina leith a rinne siad ranníocaíocht den sórt sin.

6.   Féadfaidh an tArd-Rúnaí páirt a ghlacadh i gcruinnithe an Choiste Bainistíochta nó féadfaidh ionadaíocht a bheith aige iontu ach ní bheidh ceart vótála aige. Féadfaidh an Coiste Bainistíochta cuireadh a thabhairt d’ionadaithe chomhlachtaí ábhartha Chomhairle na hEorpa nó eagraíochtaí idirnáisiúnta freastal ar a chruinnithe nó ar chuid dá chruinnithe, gan cearta vótála, de réir na míreanna atá ar a chlár oibre. Féadfaidh sé cuireadh a thabhairt freisin do shaineolaithe a bheith i láthair le haghaidh míreanna sonracha ar a chlár oibre, ní bheidh ceart vótála acu.

Airteagal 6

Rúnaíocht

1.   Tabharfaidh rúnaíocht arna soláthar ag an Ard-Rúnaí cúnamh don Choiste Bainistíochta. Beidh Rúnaí Feidhmiúcháin arna cheapadh ag an Ard-Rúnaí i gceannas ar an rúnaíocht.

2.   Beidh an Rúnaí Feidhmiúcháin i dteideal conarthaí agus socruithe a dhéanamh thar ceann an Choiste Bainistíochta ar fhormheas an Choiste Bainistíochta.

3.   Comhlíonfaidh an Rúnaí Feidhmiúcháin na feidhmeanna seo a leanas:

a.

cruinnithe den Choiste Bainistíochta a thionól, i gcomhairle leis an gcathaoirleach;

b.

freagracht laethúil a bheith air as maoirseacht agus riarachán a dhéanamh ar obair rúnaíocht an Choiste Bainistíochta;

c.

in éineacht leis an rúnaíocht, tacaíocht riaracháin agus eagraíochtúil a áirithiú d’obair an Choiste Bainistíochta, lena n-áirítear idirchaidreamh a dhéanamh go tráthrialta agus a chruinnithe a ullmhú;

d.

idirchaidreamh a dhéanamh le hUachtarán agus le Cláraitheoir an Bhinse Speisialta maidir le hábhair a bhaineann le hobair an Choiste Bainistíochta;

e.

a bheith freagrach as doiciméid a chur ar aghaidh ó Uachtarán agus ó Chláraitheoir an Bhinse Speisialta chuig an gCoiste Bainistíochta;

f.

idirchaidreamh a dhéanamh le comhlachtaí ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le saincheisteanna éagsúla a bhaineann le hobair an Choiste Bainistíochta;

g.

idirchaidreamh a dhéanamh le rialtas an Stáit óstaigh agus leis an Úcráin maidir le hábhair riaracháin éagsúla a bhaineann le hobair an Choiste Bainistíochta; agus

h.

aon fheidhm eile a dhílsítear dó nó di leis an Reacht sin a chomhlíonadh.

4.   Comhlíonfaidh an Rúnaí Feidhmiúcháin aon fheidhm eile a shannfaidh an Coiste Bainistíochta.

5.   Gan dochar do mhír 6 den Airteagal sin, beidh neamhspleáchas iomlán riaracháin ag an rúnaíocht ó Chomhairle na hEorpa agus óna comhlachtaí.

6.   Beidh feidhm ag Rialacháin Foirne Chomhairle na hEorpa maidir leis an rúnaíocht, faoi réir Airteagal 11 den Reacht sin.

Airteagal 7

Neamhspleáchas

1.   Mar a fhorordaítear le Reacht an Bhinse Speisialta, beidh na breithiúna, an tIonchúisitheoir, an Leas-Ionchúisitheoir/na Leas-Ionchúisitheoirí agus foireann an Bhinse Speisialta neamhspleách i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna.

2.   Geallann gach comhalta agus comhalta comhlach den Choiste Bainistíochta, chomh maith le Comhairle na hEorpa agus a comhlachtaí, go n-urramóidh siad neamhspleáchas an Bhinse Speisialta, lena n-áirítear a fhoireann, a bhreithiúna, an tIonchúisitheoir, na Leas-Ionchúisitheoir/na Leas-Ionchúisitheoirí agus na hoifigí, agus nach bhféachfaidh siad le tionchar a imirt orthu i gcomhlíonadh a bhfreagrachtaí. Geallann gach comhalta agus comhalta comhlach go n-urramóidh siad nádúr iomlán neamhspleách na rúnaíochta agus nach bhféachfaidh siad le tionchar a imirt air i gcomhlíonadh a freagrachtaí.

3.   I gcomhréir le Rialacháin Foirne Chomhairle na hEorpa, agus a ndualgais á gcomhlíonadh acu, ní lorgóidh ná ní ghlacfaidh comhaltaí den rúnaíocht treoracha ó aon rialtas, údarás, eagraíocht neamhrialtasach ná tríú páirtí eile.

Airteagal 8

Maoiniú agus buiséad

1.   Beidh a bhuiséad féin ag an bPáirt-Chomhaontú Méadaithe de réir Rún Reachtúil Res(93)28, a chuimsíonn buiséad caiteachais an Bhinse Speisialta agus an Choiste Bainistíochta. Maoineofar an buiséad trí ranníocaíochtaí bliantúla a chomhaltaí agus trí ranníocaíochtaí deonacha a chomhaltaí comhlacha.

2.   Cinnfidh an Coiste Bainistíochta méid ranníocaíochtaí bliantúla a chomhaltaí agus ranníocaíochtaí deonacha molta a chomhaltaí comhlacha. Ba cheart na ranníocaíochtaí sin a bheith bunaithe, de ghnáth, ar na critéir chun scála bliantúil na ranníocaíochtaí le buiséad ginearálta Chomhairle na hEorpa a chinneadh agus is féidir iad a choigeartú i gcomhréir leis na prionsabail ar a bhfuil an scála sin bunaithe, agus aon ranníocaíocht eile arna déanamh i gcomhréir le mír 3 den airteagal sin á gcur san áireamh freisin.

3.   Féadfaidh an Coiste Bainistíochta deontais dheonacha bhreise agus ranníocaíochtaí eile a bhaineann lena chuid oibre a fháil agus a úsáid, lena n-áirítear ranníocaíochtaí comhchineáil agus baill foirne ar iasacht. Beidh na ranníocaíochtaí sin comhsheasmhach le haidhmeanna agus le feidhmeanna an Choiste Bainistíochta.

4.   Formheasfaidh an Coiste Bainistíochta buiséad caiteachais an Bhinse Speisialta gach bliain, arna bheartú ag an Ard-Rúnaí i gcomhairle le Cláraitheoir an Bhinse Speisialta. Glacfaidh an Coiste Bainistíochta a bhuiséad caiteachais féin agus buiséad a rúnaíochta freisin, arna tharraingt suas ag an Ard-Rúnaí.

5.   Formheasfaidh an Coiste Bainistíochta cuntais bhliantúla an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe gach bliain, a tharraingeoidh an tArd-Rúnaí suas i gcomhréir le Rialacháin Airgeadais Chomhairle na hEorpa (dá ngairtear ‘Rialacháin Airgeadais’ anseo feasta) agus a chuirfear faoi bhráid an Choiste Bainistíochta agus beidh tuarascáil an iniúchóra sheachtraigh ag gabháil leo, mar a fhoráiltear sna Rialacháin Airgeadais.

6.   Chun an tArd-Rúnaí a urscaoileadh ón bhfreagracht as bainistiú na bliana airgeadais i dtrácht, tarchuirfidh an Rúnaí Feidhmiúcháin chuig an gCoiste Airí cuntais bhliantúla an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe, mar aon lena fhormheas nó aon bharúil, agus na tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an iniúchóir seachtrach, dá bhforáiltear sna Rialacháin Airgeadais.

7.   Beidh feidhm ag na Rialacháin Airgeadais maidir le glacadh agus bainistiú bhuiséad an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe, agus forálacha an Reachta sin á gcur san áireamh.

8.   Tairbheoidh acmhainní airgeadais an Choiste Bainistíochta d’fhorálacha an Chomhaontaithe Ghinearálta ar Phribhléidí agus ar Dhíolúintí Chomhairle na hEorpa (CETS Uimh. 2).

Airteagal 9

Comhar

1.   Féachfaidh an Coiste Bainistíochta le comhoibriú leis na comhpháirtithe ábhartha náisiúnta agus idirnáisiúnta chun a shainordú a chomhlíonadh.

2.   Féachfaidh gach comhalta nó comhalta comhlach le comhoibriú, laistigh de theorainneacha a reachtaíochta náisiúnta, leis an gCoiste Bainistíochta, leis an Úcráin agus leis an Stát óstach chun sainordú an Choiste Bainistíochta a chomhlíonadh.

3.   Féachfaidh an Coiste Bainistíochta le comhroinnt cothrom dualgas a áirithiú i ngach cineál comhair ábhartha leis an mBinse Speisialta agus pléifidh sé na módúlachtaí comhair is fearr idir an Binse Speisialta agus comhaltaí agus comhaltaí comhlacha den Choiste Bainistíochta. Féachfaidh comhaltaí agus comhaltaí comhlacha den Choiste Bainistíochta leis na comhaontuithe agus na socruithe is gá a thabhairt i gcrích chun oibriú éifeachtach an Bhinse Speisialta a éascú, lena n-áirítear maidir le hábhair amhail daoine a shainaithint agus a aimsiú; doiciméid a sheirbheáil; daoine a ghabháil, a aistriú nó a choinneáil; finnéithe a chosaint agus a athlonnú; agus pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú.

4.   Tugann comhaltaí agus comhaltaí comhlacha den Choiste Bainistíochta dá n-aire go mbeidh teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe Stáit óstaigh lena gceadaítear feidhmiú dhlínse an Bhinse Speisialta ar chríoch an Stáit óstaigh coinníollach ar thabhairt i gcrích na nithe seo a leanas:

a.

10 gcomhaontú comhair agus

b.

líon íosta gealltanas a bhaineann le comhar i ngach ceann de na réimsí seo a leanas:

i.

cosaint agus athlonnú finnéithe;

ii.

pianbhreitheanna a fhorfheidhmiú;

iii.

scaoileadh, lena n-áirítear scaoileadh eatramhach.

Airteagal 10

Rúndacht

Mura gcinnfidh an Coiste Bainistíochta a mhalairt, déileálfar lena chruinnithe agus lena dhoiciméid mar chruinnithe agus doiciméid rúnda.

Airteagal 11

Maoluithe ar rialacha agus rialacháin Chomhairle na hEorpa

Féadfaidh an Coiste Bainistíochta, le formheas an Choiste Airí, maolú ar na rialacha agus na rialacháin is infheidhme de chuid Chomhairle na hEorpa más gá sin a dhéanamh chun feidhmeanna an Choiste Bainistíochta a fheidhmiú go héifeachtúil.

Airteagal 12

Leasuithe

1.   Féadfaidh na comhaltaí leasuithe ar an Reacht seo a mholadh.

2.   Déanfaidh an Coiste Bainistíochta aon togra le haghaidh leasaithe a bhreithniú. Glacfaidh an Coiste Bainistíochta na leasuithe atá beartaithe trí thromlach dhá thrian a shonraítear in Airteagal 5, mír 3, den Reacht seo agus trí chinneadh a bhfuil an fhoclaíocht chéanna ann ón gCoiste Airí, ina chomhdhéanamh atá teoranta d’ionadaithe na Stát is comhaltaí den Choiste Bainistíochta, arna ghlacadh tríd an tromlach a shonraítear in Airteagal 20.d de Reacht Chomhairle na hEorpa.

3.   Téacs aon leasú a ghlacfaidh an Coiste Bainistíochta agus an Coiste Airí, cuirfidh Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa ar aghaidh é chuig na comhaltaí lena ghlacadh.

4.   Tiocfaidh aon leasú a ghlacfar i gcomhréir leis an airteagal seo i bhfeidhm an 30ú lá tar éis an dáta a chuirfidh na comhaltaí uile in iúl d’Ard-Rúnaí Chomhairle na hEorpa go bhfuil sé glactha acu mar a cheanglaítear lena nósanna imeachta intíre faoi seach.

Airteagal 13

Fad

1.   Chun neamhspleáchas breithiúnach an Bhinse Speisialta a chosaint agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar a shainordú go héifeachtach, ní bheidh an Páirt-chomhaontú Méadaithe faoi réir an cheanglais maidir le tréimhse thrialach 3 bliana a shonraítear i mír 6 de Rún Res(96)36 ón gCoiste Airí lena mbunaítear na critéir maidir le páirt-comhaontuithe agus comhaontuithe méadaithe Chomhairle na hEorpa.

2.   Féadfaidh an Coiste Airí a chinneadh, ar mholadh ón gCoiste Bainistíochta, an Páirt-chomhaontú Méadaithe a fhoirceannadh.

3.   Ar fhógra a fháil ó Uachtarán an Bhinse Speisialta i dtaca le comhlíonadh shainordú an Bhinse Speisialta, scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na módúlachtaí iomchuí chun sásra iarmharach a bhunú a thiocfaidh i gcomharbas ar an mBinse Speisialta trí ionstraim idirnáisiúnta ar leithligh. Féadfaidh an Coiste Bainistíochta a mholadh do na Páirtithe sa Chomhaontú an Binse Speisialta a lánscoir agus sásra iarmharach a bhunú.

4.   I gcás mar a thuairiscítear i mír 3 den airteagal sin, glacfaidh an Coiste Bainistíochta plean aistrithe mionsonraithe ar mholadh ó na Páirtithe sa Chomhaontú, ón Stát óstach agus ó Uachtarán an Bhinse Speisialta. Leis an bplean sin, cumhdófar, go háirithe, cosaint finnéithe; maoirseacht a dhéanamh ar fhorghníomhú pianbhreitheanna; iarrataí ar scaoileadh luath, eatramhach agus críochnaitheach a phróiseáil; fianaise agus taifid an Bhinse Speisialta a chaomhnú; agus maoiniú. Féachfaidh comhaltaí agus comhaltaí comhlacha den Choiste Bainistíochta le comhoibriú chun foirceannadh ordúil oibríochtaí an Bhinse Speisialta a áirithiú.

Airteagal 14

Díospóidí a Réiteach

Féachfaidh na comhaltaí agus na comhaltaí comhlacha le réiteach a fháil ar aon díospóid a d’fhéadfadh teacht chun cinn maidir le forálacha an Reachta seo a chur i bhfeidhm nó a léiriú trí chaibidlíocht nó trí aon mhodh eile réitigh shíochánta a nglactar leo trí chomhaontú frithpháirteach eatarthu.

Airteagal 15

Tarraingt siar agus díbirt

1.   Féadfaidh aon chomhalta nó comhalta comhlach tarraingt siar ón gCoiste Bainistíochta trí bhíthin fógra a chuirfear chuig an Ard-Rúnaí.

2.   Admhóidh an tArd-Rúnaí go bhfuarthas an fógra agus cuirfidh sé comhaltaí agus comhaltaí comhlacha den Choiste Bainistíochta ar an eolas.

3.   Tiocfaidh tarraingt siar comhalta i bhfeidhm ag deireadh na bliana airgeadais ina dtabharfar fógra ina leith, má thugtar an fógra sin roimh an 1 Meitheamh den bhliain airgeadais sin, nó ag deireadh na bliana airgeadais ina dhiaidh sin, má thugtar fógra faoin tarraingt siar an 1 Meitheamh den bhliain airgeadais nó dá éis sin. Tiocfaidh tarraingt siar comhalta chomhlaigh i bhfeidhm ar an bhfógra a fháil.

4.   I gcomhréir le forálacha infheidhme na Rialachán Airgeadais, scrúdóidh an Coiste Bainistíochta na hiarmhairtí airgeadais a bhaineann le comhalta nó comhalta comhlacha a tharraingt siar nó a dhíbirt agus déanfaidh sé na socruithe iomchuí.

5.   Cuirfidh an tArd-Rúnaí an comhalta lena mbaineann ar an eolas láithreach faoi iarmhairtí a tharraingt siar i gcomhréir le mír 3 den airteagal sin.

6.   Féadfaidh an Coiste Bainistíochta a chinneadh, maidir le haon chomhalta nó comhalta comhlach a bheidh ag gníomhú ar shlí nach mbeidh i gcomhréir le sainordú an Choiste Bainistíochta nó a chuirfidh bac ar a fheidhmeanna, go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta nó ina chomhalta comhlach den Choiste Bainistíochta ó cibé dáta a chinnfidh an Coiste Bainistíochta.


AISTRIÚCHÁN

DRÉACHT

Cinntí ó ionadaithe 16 Bhallstát ar a laghad de Chomhairle na hEorpa agus ó ionadaithe an Aontais Eorpaigh, sa Choiste Airí, lena nglactar an Rún lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe

Ionadaithe [16 Bhallstát ar a laghad] sa Choiste Airí, chomh maith le hionadaithe [an Aontais Eorpaigh]:

1.

ghlac siad Rún CM/Res(202x)x lena mbunaítear an Páirt-chomhaontú Méadaithe maidir le Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta maidir le Coir an Fhogha faoin Úcráin agus, dá bhrí sin, chuir siad in iúl go raibh rún acu páirt a ghlacadh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe, faoi réir thabhairt chun críche na nósanna imeachta inmheánacha is gá chun a dtoiliú a chur in iúl a bheith faoi cheangal i gcás inarb infheidhme;

2.

chomhaontaigh siad go ndéanfaidh an Coiste Airí, é teoranta ina chomhdhéanamh do Stáit/don Aontas Eorpach a bhfuil fógra tugtha acu faoina rún páirt a ghlacadh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe, agus faoi thabhairt chun críche a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal a chur in iúl i gcás inarb infheidhme, cinneadh maidir le teacht i bhfeidhm an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe a luaithe:

(i)

a thiocfaidh na Stáit thuasluaite/an tAontas Eorpach ar chomhaontú gur leor a líon iomlán, lena n-áirítear mór-ranníocóirí an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe, de réir scála ranníocaíochtaí an Chomhaontaithe, le haghaidh an teacht i bhfeidhm sin, ar an tuiscint go mbeidh an líon sin níos airde ná 16;

(ii)

a mheasfaidh siad, i gcomhréir lena nósanna imeachta inmheánacha, go bhfuil na paraiméadair bhuiséadacha leordhóthanach agus inghlactha agus an obair a rinne an Fhoireann Réamhchéime á cur san áireamh; agus

(iii)

go gcomhaontóidh na Stáit sin/an tAontas Eorpach, ar mór-ranníocóirí an Pháirt-chomhaontaithe Mhéadaithe iad de réir scála ranníocaíochtaí an Chomhaontaithe, go dtiocfaidh sé i bhfeidhm;

3.

d’iarr siad ar an Rúnaíocht tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn obair ullmhúcháin na Foirne Réamhchéime;

4.

luaigh siad go measfar gur comhalta bunaidh den Pháirt-chomhaontú Méadaithe é aon Bhallstát nó Stát breathnóireachta de chuid Chomhairle na hEorpa, aon Stát eile nó eagraíocht idirnáisiúnta eile a thugann fógra roimh an teacht i bhfeidhm faoina rún páirt a ghlacadh sa Pháirt-chomhaontú Méadaithe, mar chomhalta nó mar chomhalta comhlach, agus faoi thabhairt chun críche a nósanna imeachta inmheánacha is gá chun a dtoiliú a bheith faoi cheangal a chur in iúl i gcás inarb infheidhme, agus go mbeidh siad i dteideal a bheith rannpháirteach i nglacadh an chinnidh sin;

5.

chinn siad, i gcomhréir leis an gcur chuige céimnithe a ghlacfar chun an Binse Speisialta a bhunú, go ndéanfaidh Coiste Bainistíochta an Bhinse Speisialta athbhreithniú ar chur chun feidhme na chéad chéime den Bhinse Speisialta faoi Airteagal 53, mír 1, lit. a de Reacht an Bhinse Speisialta agus go gcinnfidh sé, trí thromlach dhá thrian dá chomhaltaí, lena n-áirítear vótaí dearfacha na mór-ranníocóirí uile, maidir leis an aistriú chuig céim 2 den Bhinse Speisialta faoi Airteagal 53, mír 1, lit. b de Reacht an Bhinse Speisialta, lena n-áirítear formheas na socruithe gaolmhara buiséadacha agus eagraíochtúla.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2026/1121/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)