European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2026/1120

27.5.2026

RIALACHÁN (AE) 2026/1120 ÓN gCOIMISIÚN

an 26 Bealtaine 2026

lena leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí 12 chomhfhoirmleach a chur léi ar comhfhoirmligh iad nach nglactar lena gcur i dtáirgí cosanta plandaí

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 27(2) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Is é an tuairisc a thugtar ar chomhfhoirmligh i bpointe (c) d’Airteagal 2(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 gurb é atá iontu substaintí nó ullmhóidí a úsáidtear nó a bheartaítear lena n-úsáid i dtáirge cosanta plandaí nó in aidiúvach, ach nach substaintí gníomhacha ná teorantóirí ná sineirgígh iad.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 27(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, tá comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí má tá éifeacht dhíobhálach ag a n-iarmhair, de dhroim leathadh na gcomhfhoirmleach i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do choinníollacha réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó ar screamhuisce nó má tá éifeacht neamh-inghlactha acu ar an gcomhshaol, nó má tá éifeacht dhíobhálach ag úsáid na gcomhfhoirmleach, de dhroim a leathadh i gcomhréir le dea-chleachtas cosanta plandaí, agus ag féachaint do choinníollacha réalaíocha úsáide, ar shláinte an duine nó ar shláinte ainmhithe nó má tá éifeacht neamh-inghlactha ag a n-úsáid ar phlandaí, ar tháirgí plandaí nó ar an gcomhshaol. Liostaítear na comhfhoirmligh neamh-inghlactha sin in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 27(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfaidh an Coimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhfhoirmligh tráth ar bith agus féadfaidh sé faisnéis ábhartha arna soláthar ag na Ballstáit a chur san áireamh. Go háirithe, fógraí a thug na Ballstáit i gcomhréir leis na rialacha maidir le sainaithint comhfhoirmleach neamh-inghlactha a leagtar amach i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 (2), féadfaidh an Coimisiún iad a chur san áireamh.

(4)

I gcomhréir le hAirteagail 3 agus 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574, tá 12 shubstaint nua sainaitheanta ag na Ballstáit ar substaintí iad a fuarthas amach go bhfuil siad neamh-inghlactha i ndáil lena n-úsáid mar chomhfhoirmligh i dtáirgí cosanta plandaí a údaraítear faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, toisc go gcomhlíonann siad ar a laghad ceann amháin de na critéir a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574.

(5)

I measc na gcomhfhoirmleach sin, tá substaintí ann a aicmítear de réir córas comhchuibhithe mar charcanaiginí, de chatagóir 1A nó 1B, mar shó-ghineacha, de chatagóir 1A nó 1B, nó mar shubstaintí atá tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1A nó 1B, i gcomhréir le hIarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), substaintí a shainaithnítear mar shubstaintí atá marthanach, bithcharnach agus tocsaineach nó an-mharthanach agus an-bhithcharnach i gcomhréir le hAirteagal 57, pointí (d) agus (e), de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), substaintí a liostaítear mar thruailleáin orgánacha mharthanacha (POPanna) faoi Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus substaintí nach bhformheastar lena n-úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil) faoi Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).

(6)

I gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574, liostaigh an Coimisiún na comhfhoirmligh neamh-inghlactha sin ar a shuíomh gréasáin.

(7)

Dá bhrí sin, is iomchuí Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE). 1107/2009 a leasú chun na substaintí breise a chuimsiú ar substaintí iad atá sainaitheanta ag na Ballstáit mar shubstaintí neamh-inghlactha i ndáil lena n-úsáid mar chomhfhoirmligh i dtáirgí cosanta plandaí nó mar aidiúvaigh.

(8)

Na comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, d’fhéadfaidís a bheith in aidiúvaigh a chuirtear ar an margadh freisin. Ós rud é nár leagadh síos rialacha mionsonraithe maidir le húdarú aidiúvach go fóill, féadfaidh na Ballstáit leanúint d’fhorálacha náisiúnta a chur i bhfeidhm a mhéid a bhaineann le haidiúvaigh i gcomhréir le hAirteagal 81(3) den Rialachán sin. Ós rud é go bhfuil sé d’aidhm ag an Rialachán sin cosc a chur ar aidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmligh thoirmiscthe a chur ar an margadh nó a úsáid, is gá a áirithiú freisin nach bhfuil aon cheann de na comhfhoirmligh neamh-inghlactha sin in aidiúvaigh a bhfuiltear lena meascadh le táirgí cosanta plandaí.

(9)

Ba cheart am a thabhairt do na Ballstáit chun athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh na dtáirgí cosanta plandaí agus na n-aidiúvach atá údaraithe faoi láthair laistigh dá gcríoch, chun a mheas an bhfuil aon cheann de na comhfhoirmligh iontu a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú leis an Rialachán seo, agus chun údaruithe le haghaidh táirgí cosanta plandaí agus aidiúvaigh ina bhfuil na comhfhoirmligh sin a tharraingt siar nó a leasú.

(10)

Chun gur féidir deireadh a chur le húsáid táirgí de réir a chéile ar bhealach ordúil, agus chun aon suaitheadh a d’fhéadfaí a dhéanamh i leith úsáideoirí nó slabhraí soláthair a íoslaghdú, i gcás táirgí cosanta plandaí nó aidiúvach ina bhfuil comhfhoirmleach a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, féadfar na Ballstáit tréimhse chairde a dheonú, i gcás inarb iomchuí agus i gcomhréir le hAirteagal 46, an chéad fhomhír de, den Rialachán sin nó, i gcás inarb infheidhme, faoi forálacha náisiúnta maidir le húdarú aidiúvach.

(11)

Comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú leis an Rialachán seo, d’fhéadfadh sé go mbeidís i láthair mar eisíontais neamhbheartaithe i gcomhfhoirmligh eile atá inghlactha astu féin lena n-úsáid i dtáirgí cosanta plandaí nó in aidiúvaigh. Dá bhrí sin, maidir le tiúchan na gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha ar leith sa táirge cosanta plandaí críochnaithe nó san aidiúvach, ba cheart an tiúchan sin a bheith níos lú ná 0,1 % meáchan ar mheáchan nó ba cheart é a bheith níos lú ná teorainn tiúchana shonrach a bhaineann le hairíonna CMR (carcanaigineach, só-ghineach agus tocsaineach don atáirgeadh), i gcás ina leagtar a leithéid síos in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 maidir leis an gcomhfhoirmleach neamh-inghlactha ag leibhéal níos ísle ná 0,1 % meáchan ar mheáchan, chun go measfaí gurb é atá ann eisíontas neamhbheartaithe inghlactha, mura bhforáiltear teorainn eile de dheasca teorannuithe teicniúla a bhaineann leis na modhanna anailíseacha ábhartha.

(12)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Ballstáit a bhfuil údaruithe deonaithe acu le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit sin na húdaruithe sin, nó tarraingeoidh siad siar iad, a luaithe is féidir ach tráth nach déanaí ná an 16 Meitheamh 2028.

Airteagal 3

Maidir le haidiúvaigh ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú leis an Rialachán seo, ní údaróidh na Ballstáit na haidiúvaigh sin a chur ar an margadh ná iad a úsáid.

Ballstáit a bhfuil aidiúvaigh údaraithe acu ina bhfuil comhfhoirmligh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 arna leasú leis an Rialachán seo, leasóidh na Ballstáit sin na húdaruithe sin, nó tarraingeoidh siad siar iad, a luaithe is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná an 16 Meitheamh 2028.

Airteagal 4

Aon tréimhse chairde arna deonú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó i gcomhréir le forálacha náisiúnta maidir le húdarú aidiúvach, beidh an tréimhse sin chomh gairid agus is féidir agus rachaidh sí in éag, i ndáil le díol agus dáileadh, 3 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta leasú nó tarraingt siar na n-údaruithe dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3. Aon tréimhse chairde maidir le diúscairt, stóráil agus úsáid, rachaidh sí in éag 12 mhí ar a dhéanaí tar éis dháta leasú nó tharraingt siar na n-údaruithe dá dtagraítear in Airteagail 2 agus 3.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 26 Bealtaine 2026.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 309, 24.11.2009, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2009/1107/oj.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/574 ón gCoimisiún an 13 Márta 2023 lena leagtar amach rialacha mionsonraithe maidir le comhfhoirmligh neamh-inghlactha i dtáirgí cosanta plandaí a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 75, 14.3.2023, lch. 7, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2023/574/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2008/1272/oj).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú, agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2006/1907/oj).

(5)  Rialachán (AE) 2019/1021 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le truailleáin orgánacha mharthanacha (IO L 169, 25.6.2019, lch. 45, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2019/1021/oj).

(6)  Rialachán (AE) Uimh. 528/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2012 maidir le táirgí bithicídeacha a chur ar fáil ar an margadh agus a úsáid (IO L 167, 27.6.2012, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2012/528/oj).


IARSCRÍBHINN

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 mar a leanas:

Cuirtear na rónna seo a leanas isteach tar éis ró 144:

‘145.

Aicéataildéad

Eatánal

75-07-0

200-836-8

Carcanaigineach de chatagóir 1B

146.

Ocsaíd phróipiléine

1,2-eapocsaprópán;

meitiolocsaíorán

75-56-9

200-879-2

Carcanaigineach de chatagóir 1B/

Só-ghineach de chatagóir 1B

147.

Cúiméin

(1-Meitileitil)beinséin

98-82-8

202-704-5

Carcanaigineach de chatagóir 1B

148.

Dóideacaimeitilcioglaiheicsisiolocsán; (D6)

 

540-97-6

208-762-8

Marthanach, bithbhailitheach agus tocsaineach (Airteagal 57(d) REACH);

An-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (Airteagal 57(e) REACH)

149.

Deacaimeitilcioglaipeintisiolocsán; (D5)

 

541-02-6

208-764-9

Marthanach, bithbhailitheach agus tocsaineach (Airteagal 57(d) REACH);

An-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (Airteagal 57(e) REACH)

150.

Ochtaimeitilcioglaiteitrisiolocsán; (D4)

 

556-67-2

209-136-7

Marthanach, bithbhailitheach agus tocsaineach (Airteagal 57(d) REACH);

An-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (Airteagal 57(e) REACH)

151.

2-(2’-hiodrocsa-3’-treas-búitil-5’-meitilfeinil)-5-clóraibeansaithrí-asól

Búimeitrí-asól

3896-11-5

223-445-4

An-mharthanach agus an-bhithbhailitheach (Airteagal 57(e) REACH)

152.

Driogáití éadroma (peitriliam), pairifíneacha, a díchiaradh le tuaslagóir, agus ina bhfuil cion ≥ 3,0 % d’eastóscán sulfocasíde démheitile (arna thomhas de réir IP 346)

 

64742-56-9

265-159-2

Carcanaigineach de chatagóir 1B

153.

3,5,7-Trí-asa-1-asóiniatríchioglai[3.3.1.1 3,7]deacán, 1-(3-clóra-2-próipéin-1-il)-, clóiríd

3-Clóraillileaclóiríd

mheitéanaimín

(CTAC)

4080-31-3

223-805-0

Ní fhormheastar é seo lena úsáid i dtáirgí bithicídeacha de chineál táirge 6 (leasaithigh do tháirgí le linn dóibh a bheith á stóráil)

154.

Aigéad foisfíneach, díorthaigh bis(sárfhluara-C6-12-alcail)

 

68412-69-1

270-206-5

Truailleán orgánach marthanach (POP)

155.

1,4-dé-ocsán

 

123-91-1

204-661-8

Carcanaigineach de chatagóir 1B

156.

2-(4-treas-búitilbeinsil)próipianaildéad

 

80-54-6

201-289-8

Tocsaineach don atáirgeadh, de chatagóir 1B’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2026/1120/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)